This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0309
Case C-309/22: Request for a preliminary ruling from the College van Beroep voor het bedrijfsleven (Netherlands) lodged on 11 May 2022 — Pesticide Action Network Europe (PAN Europe) v College voor de toelating van gewasbeschermingsmiddelen en biociden, in the presence of: Adama Registrations B.V. (Adama)
Cás C-309/22: Iarraidh ar réamhrialú ón College van Beroep voor het bedrijfsleven (an Ísiltír) arna taisceadh an 11 Bealtaine 2022 —– Pesticide Action Network Europe (PAN Europe) v College voor de toelating van gewasbeschermingsmiddelen en biociden, le hidiragairt ó Adama Registrations B.V. (Adama)
Cás C-309/22: Iarraidh ar réamhrialú ón College van Beroep voor het bedrijfsleven (an Ísiltír) arna taisceadh an 11 Bealtaine 2022 —– Pesticide Action Network Europe (PAN Europe) v College voor de toelating van gewasbeschermingsmiddelen en biociden, le hidiragairt ó Adama Registrations B.V. (Adama)
IO C 359, 19.9.2022, p. 21–22
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
19.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 359/21 |
Iarraidh ar réamhrialú ón College van Beroep voor het bedrijfsleven (an Ísiltír) arna taisceadh an 11 Bealtaine 2022 —– Pesticide Action Network Europe (PAN Europe) v College voor de toelating van gewasbeschermingsmiddelen en biociden, le hidiragairt ó Adama Registrations B.V. (Adama)
(Cás C-309/22)
(2022/C 359/22)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
College van Beroep voor het bedrijfsleven
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Pesticide Action Network Europe (PAN Europe)
Cosantóir: College voor de toelating van gewasbeschermingsmiddelen en biociden
Idiragraí: Adama Registrations B.V. (Adama)
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An dtugtar le tuiscint le hAirteagal 2 de Rialachán 2018/605 (1) nach mór don údarás inniúil na critéir nua a chur i bhfeidhm freisin chun airíonna réabtha iontálaigh a chinneadh sa phróiseas measúnaithe agus cinnteoireachta maidir le hiarratais ar údarú a bhí fós ar feitheamh an 10 Samhain 2018, i bhfianaise Airteagal 29(1)(e) freisin i gcomhar le hAirteagal 4(3) de Rialachán 1107/2009? (2) |
2. |
I gcás freagra diúltach ar an gcéad cheist, an ar an údarás inniúil atá sé bac a chur ar an bpróiseas measúnaithe agus cinnteoireachta maidir le hiarratais ar údarú go dtí go bhfaighfear torthaí an Choimisiúin Eorpaigh maidir le héifeachtaí Rialachán 2018/605 ar aon imeachtaí faoi Rialachán 1107/2009 atá ar feitheamh, ag féachaint d’aithris 8 sa bhrollach a ghabhann le Rialachán 2018/605? |
3. |
I gcás freagra diúltach ar an dara cheist, an leor é don údarás inniúil gan measúnú a dhéanamh ach amháin ar bhonn sonraí a bhí ar eolas tráth an iarratais, fiú mura bhfuil an t-eolas eolaíoch agus teicniúil a ionchorpraítear inti cothrom le dáta a thuilleadh tráth a dhéantar an cinneadh atá faoi chonspóid? |
(1) Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 lena leagtar síos critéir eolaíochta chun airíonna réabtha iontálaigh a chinneadh (IO 2018, L 101, lch. 33).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO 2009 L 309, lch. 1).