Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0194

    Cás T-194/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Iúil 2022 — JC v EUCAP Somalia (Clásal eadrána – Foireann idirnáisiúnta EUCAP Somalia ar conradh – Misean a bhaineann le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Neamh-athnuachan ar chonradh fostaíochta tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach – An ceart éisteacht a fháil – Cóir chomhionann – Neamh-idirdhealú ar fhorais náisiúntachta – An idirthréimhse dá bhforáiltear sa chomhaontú maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach – Caingean le haghaidh neamhniú – Caingean chun cúiteamh a ghnóthú – Gníomhartha doscartha ón gconradh – Neamh-inghlacthacht)

    IO C 359, 19.9.2022, p. 62–63 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    19.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 359/62


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Iúil 2022 — JC v EUCAP Somalia

    (Cás T-194/20) (1)

    (Clásal eadrána - Foireann idirnáisiúnta EUCAP Somalia ar conradh - Misean a bhaineann le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála - Neamh-athnuachan ar chonradh fostaíochta tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach - An ceart éisteacht a fháil - Cóir chomhionann - Neamh-idirdhealú ar fhorais náisiúntachta - An idirthréimhse dá bhforáiltear sa chomhaontú maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach - Caingean le haghaidh neamhniú - Caingean chun cúiteamh a ghnóthú - Gníomhartha doscartha ón gconradh - Neamh-inghlacthacht)

    (2022/C 359/74)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: JF (ionadaí: A. Kunst, Dlíodóir)

    Cosantóir: EUCAP Somalia (ionadaí: E. Raoult, Dlíodóir)

    Ábhar

    Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go ndéanfar nóta EUCAP Somalia an 18 Eanáir 2020 agus litir an 29 Eanáir 2020 inar chinn sé gan a chonradh fostaíochta a athnuachan a neamhniú, agus, ar an dara dul síos, de bhun Airteagal 268 CFAE, ar chúiteamh as an damáiste a bhain dó mar thoradh ar na gníomhartha sin, agus, mar mhalairt air sin, ar bhonn Airteagal 272 CFAE, go ndearbhófar na gníomhartha atá faoi chonspóid a bheith neamhdhleathach agus cúiteamh as an damáiste a bhain dó mar thoradh ar na gníomhartha sin.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Déantar an chaingean a dhíbhe.

    2)

    Ordaítear do JF na costais a íoc.


    (1)  IO C 201, 15.6.2020.


    Top