EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62018TB0200

Cás T-200/18: Ordú na Cúirte Ginearálta an 21 Iúil 2022 – Fersher Developments agus Lisin v an Coimisiún agus BCE (Caingean le haghaidh damáistí – Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Clár Tacaíochta Cobhsaíochta na Cipire – Meabhrán Tuisceana an 26 Aibreán 2013 maidir le coinníollacha sonracha beartais eacnamaíoch a tugadh i gcrích idir an Chipir agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach – Dlínse na Cúirte Ginearálta – Sárú tromchúiseach leordhóthanach ar riail an dlí lena dtugtar cearta do dhaoine aonair – Cóir chomhionann – Prionsabal na comhréireachta – Caingean nach bhfuil aon bhunús dlí ann go follasach)

IO C 359, 19.9.2022, p. 71–72 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/71


Ordú na Cúirte Ginearálta an 21 Iúil 2022 – Fersher Developments agus Lisin v an Coimisiún agus BCE

(Cás T-200/18) (1)

(Caingean le haghaidh damáistí - Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Clár Tacaíochta Cobhsaíochta na Cipire - Meabhrán Tuisceana an 26 Aibreán 2013 maidir le coinníollacha sonracha beartais eacnamaíoch a tugadh i gcrích idir an Chipir agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach - Dlínse na Cúirte Ginearálta - Sárú tromchúiseach leordhóthanach ar riail an dlí lena dtugtar cearta do dhaoine aonair - Cóir chomhionann - Prionsabal na comhréireachta - Caingean nach bhfuil aon bhunús dlí ann go follasach)

(2022/C 359/88)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Fersher Developments LTD (an Niocóis, an Chipir), Vladimir Lisin (Lipetsk, Rúis) (ionadaí: R. Nowinski, Dlíodóir)

Cosantóirí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, T. Materne agus S. Delaude, i gcáil Gníomhairí), an Banc Ceannais Eorpach (ionadaithe: O. Heinz, P. Papapaschalis, G. Várhelyi agus M. Szablewska, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó H.-G. Kamann, Dlíodóir)

Ábhar

Trína gcaingean faoi Airteagal 268 CFAE, iarrann na hiarratasóirí cúiteamh as díobháil a rinneadh dóibh mar thoradh ar chinneadh an Choimisiúin agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) chun saoráid cúnaimh airgeadais a dheonú do Phoblacht na Cipire faoi réir coinníollacha áirithe.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Fersher Developments LTD agus Vladimir Lisin na costais a íoc.


(1)  IO C 211, 18.6.2018.


Top