This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1855
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/1855 of 3 July 2024 laying down rules for the application of Directive 2009/103/EC of the European Parliament and of the Council as regards the template for the claims-history statement
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1855 ón gCoimisiún an 3 Iúil 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an teimpléad le haghaidh an ráitis faoi stair na n-éileamh
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1855 ón gCoimisiún an 3 Iúil 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an teimpléad le haghaidh an ráitis faoi stair na n-éileamh
C/2024/4429
IO L, 2024/1855, 4.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1855/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1855 |
4.7.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1855 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Iúil 2024
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an teimpléad le haghaidh an ráitis faoi stair na n-éileamh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas in aghaidh dliteanas sibhialta i leith úsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú in aghaidh an dliteanais sin (1), agus go háirithe Airteagal 16, an séú mír, de,
Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),
Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá sé de cheart ag sealbhóirí polasaí árachais i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí ráiteas a iarraidh tráth ar bith maidir leis na héilimh dliteanais tríú páirtí a bhaineann le haon fheithicil atá cumhdaithe ag an gconradh árachais le linn na 5 bliana roimhe sin ar a laghad den ghaol conarthach, nó maidir le heaspa éilimh den sórt sin a bheith ann (‘ráiteas faoi stair na n-éileamh’). |
|
(2) |
Leasaíodh Treoir 2009/103/CE le Treoir (AE) 2021/2118 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) chun, inter alia, cumhacht a thabhairt isteach don Choimisiún foirm agus ábhar an ráitis faoi stair na n-éileamh a shonrú trí bhíthin teimpléid. |
|
(3) |
Ba cheart foirm agus ábhar a bheith ag an ráiteas faoi stair na n-éileamh lenar féidir é a aithint go héasca ar fud an Aontais, rud a rachaidh chun tairbhe do ghnóthais árachais agus do shealbhóirí polasaí araon. Ba cheart an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 16 de Threoir 2009/103/CE a bheith ann, agus é teoranta don fhaisnéis is gá i ndáil leis na críocha ar chucu a eisítear é. Ós rud é go bhfuil sé de shaoirse i gcónaí ag na Ballstáit reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh maidir le lascainí, amhail córais ‘bonus-malus’, ba cheart a bheith in ann sainiúlachtaí den sórt sin a léiriú le foirm agus ábhar an ráitis faoi stair na n-éileamh. |
|
(4) |
Chun ábhar an ráitis faoi stair na n-éileamh a shocrú, reáchtáil an Coimisiún comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear trí cheardlann do pháirtithe leasmhara agus trí chomhairliúchán oscailte. Thairis sin, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit tríd an Sainghrúpa tiomnaithe maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas. Rinne an Coimisiún anailís ar na torthaí maidir le dlíthe agus cleachtais sna Ballstáit a bailíodh ó na comhairliúcháin sin a mhéid a bhaineann lena n-ábharthacht chun teimpléad comhchuibhithe a shocrú. Chuathas i gcomhairle freisin le saineolaithe agus ionadaithe na mBallstát maidir leis na conclúidí a bhain an Coimisiún as an gcleachtadh tosaigh um bhailiú faisnéise. Dá bhrí sin, bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha a thug na páirtithe ábhartha uile. |
|
(5) |
Chun ábhair imní maidir leis an gcomhshaol a chur san áireamh agus chun costais riaracháin a laghdú, ba cheart ráitis faoi stair na n-éileamh a eisiúint go leictreonach mar réamhshocrú. Mar sin féin, arna iarraidh sin don sealbhóir polasaí, ba cheart iad a sholáthar i bhfoirm páipéir freisin. |
|
(6) |
Maidir le gnóthais árachais agus na comhlachtaí arna gceapadh ag na Ballstáit chun árachas éigeantach a sholáthar nó chun ráitis faoi stair na n-éileamh a sholáthar, d’fhonn dóthain ama a thabhairt dóibh chun a gcleachtais reatha a bhaineann le ráitis faoi stair na n-éileamh a oiriúnú, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Eiseofar an ráiteas faoi stair na n-éileamh i bhfoirm an teimpléid a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn, agus líonfar isteach é i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn.
Cuirfear an ráiteas faoi stair na n-éileamh ar fáil go leictreonach. Arna iarraidh sin don sealbhóir polasaí, soláthrófar an ráiteas faoi stair na n-éileamh i bhfoirm páipéir freisin, saor in aisce.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 24 Iúil 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 263, 7.10.2009, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/103/oj.
(2) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(3) Treoir (AE) 2021/2118 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2021 lena leasaítear Treoir 2009/103/CE maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus maidir le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (IO L 430, 2.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2021/2118/oj).
IARSCRÍBHINN
CUID A
RÁITEAS FAOI STAIR NA nÉILEAMH
Eisítear an ráiteas faoi stair na n-éileamh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas in aghaidh dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin.
|
||||
|
|
|||
|
|
|||
|
|
|||
|
Seoladh |
|
||
|
Seoladh Ríomhphoist |
|
|||
|
Fón |
|
|||
|
|||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|||||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
|
||||||||
|
|||||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
|
||||||||
|
|||||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
|
||||||||
|
||
|
21. |
|
|||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
CUID B
Treoracha maidir leis an ráiteas faoi stair na n-éileamh a líonadh
Roinn A: Céannacht eisitheoir an ráitis faoi stair na n-éileamh
Déanfaidh an t-eintiteas a eiseoidh an ráiteas faisnéis atá ábhartha chun é a shainaithint a líonadh isteach faoi Roinn A.
Faoi mhír 1, cuirfidh an t-eisitheoir in iúl freisin an gnóthas árachais nó comhlacht eile é atá cumhachtaithe chun ráitis faoi stair na n-éileamh a eisiúint.
Faoi mhír 2, cuirfidh an t-eisitheoir an cód tíre in iúl, i bhfoirm chód tíre ISO-alpha-2, lena sainaithnítear an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe.
Faoi mhír 3, soláthróidh árachóir a uimhir chlárúcháin dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta nó ar bhealach is gnách sa Bhallstát ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe, agus cuirfidh comhlacht an bunús dlí ábhartha in iúl lena dtugtar an chumhacht dó ráitis faoi stair na n-éileamh a eisiúint.
Roinn B: Céannacht agus faisnéis teagmhála an tsealbhóra polasaí
Maidir le faisnéis faoin sealbhóir polasaí, ní líonfar ach réimsí a chomhfhreagraíonn do mhíreanna ábhartha.
I mír 5 beidh ainm agus sloinne na sealbhóirí polasaí ar daoine nádúrtha iad, agus ainm dlíthiúil na sealbhóirí polasaí ar daoine dlítheanacha iad.
Líonfar mír 6 i gcás daoine nádúrtha. Féadfar an fhaisnéis sin a fhágáil ar lár i gcás inar gnách uimhir aitheantais le haghaidh daoine nádúrtha a úsáid sa Bhallstát ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe agus ina soláthraítear an uimhir sin faoi mhír 7.
Ní dhéanfar mír 7 a líonadh ach amháin i gcás daoine dlítheanacha a bhfuil aitheantóir acu dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta nó ar bhealach is gnách sa Bhallstát ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe. Féadfar í a líonadh freisin i gcás daoine nádúrtha i gcás inar gnách uimhir aitheantais a úsáid sa Bhallstát ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe, i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a bhaineann le huimhir aitheantais náisiúnta a phróiseáil nó le haon aitheantóir eile a bhfuil feidhm ghinearálta aige a phróiseáil.
Faoi mhír 8, ceanglaítear ar an eisitheoir an fhaisnéis teagmhála a sholáthraíonn an sealbhóir polasaí a chur in iúl má iarrtar sin air.
Roinn C: Feithicil/Feithiclí faoi árachas
I Roinn C beidh faisnéis atá ábhartha maidir le sainaithint na feithicle nó na bhfeithiclí a bhfuil a húsáid nó a n-úsáid cumhdaithe ag an gconradh árachais nó ag na conarthaí árachais. Cuirfear gach feithicil in iúl i líne ar leithligh.
Líonfar mír 9 le catagóir na feithicle:
|
A: |
Carr |
|
B: |
Gluaisrothar |
|
C: |
Leoraí nó tarracóir |
|
D: |
Rothar atá feistithe le hinneall cúnta |
|
E: |
Bus |
|
F: |
Leantóir |
|
G: |
Eile |
Líonfar mír 10 le déantús na feithicle. Is féidir an tsamhail a chur in iúl freisin.
Líonfar mír 11 maidir leis an Uimhir Aitheantais Feithicle (VIN) nuair a bheidh sí ar fáil don eisitheoir.
Líonfar mír 12 maidir le huimhir chlárúcháin na feithicle nuair a bheidh sí ar fáil don eisitheoir. I gcás nach bhfuil uimhir chlárúcháin na feithicle ná an Uimhir Aitheantais Feithicle ar fáil, cuirfear aitheantóirí eile na feithicle in iúl ina n-ionad, mar atá an uimhir fonnaidh, an uimhir innill nó an tsraithuimhir.
Roinn D: Conradh/Conarthaí árachais
Leis an bhfaisnéis faoi Roinn D, sainaithneofar roinnt príomhghnéithe den chonradh/de na conarthaí. D’fhéadfadh roinnt conarthaí a bheith san áireamh ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil an t-eisitheoir ar an eolas fúthu. Cuirfear gach conradh in iúl i líne ar leithligh. I gcás nach gnóthas árachais é eisitheoir an ráitis faoi stair na n-éileamh, liostófar an t-árachóir ábhartha faoi mhír 13.
Ciallaíonn an dáta tosaigh an dáta a thosaíonn an cumhdach árachais arna sholáthar leis an gconradh. Ciallaíonn dáta deiridh an chonartha an dáta a thiocfaidh deireadh leis an gcumhdach árachais. In éagmais dáta deiridh aitheanta den chonradh, beidh an tagairt ‘anaithnid’ ann i mír 16.
Roinn E: Éilimh
Faoi mhír 17, cuirfidh an t-eisitheoir dáta/dátaí na timpiste/na dtimpistí in iúl, más ann dóibh.
Faoi mhír 18, cuirfidh an t-eisitheoir líon na n-éileamh in aghaidh na timpiste in iúl. I gcás nach bhfuil aon éileamh ann, cuirfear é sin in iúl go soiléir.
Faoi mhír 19, cuirfidh an t-eisitheoir líon na n-éileamh arna socrú in aghaidh na timpiste in iúl.
Áireofar i mír 20 faisnéis lena léirítear nach bhfuil an sealbhóir polasaí faoi dhliteanas iomlán i leith an damáiste a dhéantar i dtimpiste (i.e. go bhfuil an cóimheas dliteanais níos ísle ná 100 %) i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin i seilbh an árachóra.
Roinn F: Tosca ábhartha eile
Le Mír 21 is féidir le heisitheoirí faisnéis bhreise atá ábhartha faoi na rialacha nó na cleachtais is infheidhme i mBallstát a mhionsonrú. Áireofar leis sin aon fhaisnéis atá ar fáil don eisitheoir atá ábhartha chun lascainí préimhe nó pionóis phréimhe a mheas faoin dlí náisiúnta atá ann cheana, faoi chleachtais náisiúnta atá ann cheana nó faoi shocruithe conarthacha sonracha atá ann cheana a bhfuil tionchar acu ar an gcaoi a ríomhtar préimh. D’fhéadfaí a áireamh leis sin freisin faisnéis maidir le tiománaithe ainmnithe agus cé acu ba chúis nó nár chúis leis an tionóisc iad.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1855/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)