Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1546

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1546 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2023 lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint ‘Pancetta de l’Ile de Beauté/Panzetta de l’Ile de Beauté’ (TGFC), ‘Saucisson sec de l’Ile de Beauté/Salciccia de l’Ile de Beauté’ (TGFC), ‘Bulagna de l’Ile de Beauté’ (TGFC) agus ‘Figatelli de l’Ile de Beauté/Figatellu de l’Ile de Beauté’ (TGFC)

    C/2023/4908

    IO L 188, 27.7.2023, p. 24–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1546/oj

    27.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 188/24


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1546 ÓN gCOIMISIÚN

    an 26 Iúil 2023

    lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint ‘Pancetta de l’Ile de Beauté/Panzetta de l’Ile de Beauté’ (TGFC), ‘Saucisson sec de l’Ile de Beauté/Salciccia de l’Ile de Beauté’ (TGFC), ‘Bulagna de l’Ile de Beauté’ (TGFC) agus ‘Figatelli de l’Ile de Beauté/Figatellu de l’Ile de Beauté’ (TGFC)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(3)(b) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, maidir leis an iarratas ón bhFrainc ar chlárú na n-ainmneacha: Foilsíodh ‘Pancetta de l’Ile de Beauté/Panzetta de l’Ile de Beauté’ (PGI-FR-02427) (2), ‘Saucisson sec de l’Ile de Beauté/Salciccia de l’Ile de Beauté’ (PGI-FR-02431) (3), ‘Bulagna de l’Ile de Beauté’ (TGFC-FR-02429) (4) agus ‘Figatelli de l’Ile de Beauté/figatellu de l’Ile de Beauté’ (PGI-FR-02432) (5) mar Thásca Geografacha faoi Chosaint (TGFC) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (2)

    Fuarthas trí fhógra freasúra maidir leis na hiarratais thuas ón Iodáil, ón Spáinn agus ó eagraíocht idirnáisiúnta atá bunaithe san Eilvéis.

    (3)

    Tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar na ráitis freasúra réasúnaithe agus a chinneadh go raibh siad inghlactha, i gcomhréir le hAirteagal 51(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’iarr an Coimisiún ar na freasúróirí dul i mbun comhairliúcháin iomchuí d’fhonn teacht ar chomhaontú.

    (4)

    Tháinig deireadh leis na comhairliúcháin idir an Fhrainc agus na freasúróirí gan teacht ar chomhaontú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir leis an gclárú i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 52(3)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus torthaí na gcomhairliúchán sin á gcur san áireamh aige.

    (5)

    Ar an gcéad dul síos, d’agair na freasúróirí neamhchomhlíonadh na n-iarratas ar TGFC: ‘Pancetta de l’Ile de Beauté/Panzetta de l’Ile de Beauté’, ‘Saucisson sec de l’Ile de Beauté/Salciccia de l’Ile de Beauté’, ‘Bulagna de l’Ile de Beauté’ agus ‘Figatelli de l’Ile de Beauté/Figatellu de l’Ile de Beauté’ leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

    I ndáil leis sin, d’áitigh na freasúróirí nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sa sainmhíniú ar thásc geografach faoi chosaint faoin Airteagal thuasluaite, toisc, dar leo, nach mbaineann aon saintréithe sonracha leis na táirgí a chumhdaítear le hiarratais reatha TGFC a d’fhéadfadh a bheith nasctha leis an limistéar geografach lena mbaineann. Tugadh aird freisin ar mhodhanna táirgthe a líomhnaítear a bheith tionsclaíoch, amhail deatú a dhéantar ar na táirgí charcuterie i gceist, rud a léireodh, de réir na bhfreasúróirí, nach ann do nasc leis an limistéar geografach.

    (6)

    Thairis sin, mhaígh na freasúróirí nach raibh an t-ainm ‘Ile de Beauté’ in úsáid sa trádáil, tráth a cuireadh isteach na hiarratais ar TGFC, rud atá contrártha le ceanglais Airteagal 7(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

    (7)

    Thagair na freasúróirí freisin do shárú féideartha ar na rialacha maidir le comhainmneachas atá in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 i bhfianaise na ATFCanna ón gCorsaic atá ann cheana: ‘Lonzo de Corse’/‘Lonzo de Corse – Lonzu’, ‘Jambon sec de Corse’/‘Jambon sec de Corse – Prisuttu’ agus ‘Coppa de Corse’/‘Coppa de Corse – Coppa di Corsica’. Chun na críche sin, d’fhiafraigh na freasúróirí, ag féachaint don chuspóir sonrach atá á shaothrú ag an Airteagal thuas, an é nach bhféadfadh comhainmneachas a bheith ann ach amháin i gcás téarmaí comhionanna nó, chomh maith leis sin, i gcás nathanna atá comhchiallach.

    (8)

    Thairis sin, d’áitigh na freasúróirí go ndéanfadh clárú an TGFC atá beartaithe dochar do na ATFCanna thuas a bheith ann, mar a fhoráiltear in Airteagal 10(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Sa chomhthéacs sin, thug siad ar aird go dtagraíonn na hainmneacha faoi na ceithre iarratas ar TGFC do tháirgí a tháirgtear i limistéar geografach atá beagnach comhionann le limistéar táirgí charcuterie eile, a bhfuil a n-ainmneacha aitheanta cheana féin mar na ATFCanna thuasluaite. Cé go ndealraíonn sé go bhfuil na hainmneacha faoi na ceithre iarratas TGFC i gceist éagsúil leis na hainmneacha ATFC a léirítear thuas ó thaobh foclóireachta de, tuigtear do thomhaltóirí go bhfuil ‘Ile de Beauté’ comhchiallach le ‘Corse’ (an Chorsaic) ina chuid de na hainmneacha ATFC sin.

    Dá dheasca sin, creideann na freasúróirí go bhféadfadh an tuiscint mhíchuí a bheith ag na tomhaltóirí go bhfuil nasc idir ‘Pancetta de l’Ile de Beauté/Panzetta de l’Ile de Beauté’, ‘Saucisson sec de l’Ile de Beauté/Salciccia de l’Ile de Beauté’, ‘Bulagna de l’Ile de Beauté’ agus ‘Figatelli de l’Ile de Beauté/Figatellu de l’Ile de Beauté’ agus ATFCanna cláraithe: ‘Lonzo de Corse’/‘Lonzo de Corse – Lonzu’, ‘Jambon sec de Corse’/‘Jambon sec de Corse – Prisuttu’ agus ‘Coppa de Corse’/‘Coppa de Corse – Coppa di Corsica’. I dtuairim na bhfreasúróirí, d’fhéadfadh an mearbhall a bheith níos dóchúla toisc go mbaineann na táirgí a ainmnítear mar tháirgí TGFC agus ATFC leis an gcatagóir táirge chéanna (charcuterie).

    (9)

    Tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar na hargóintí a léirigh na freasúróirí i bhfianaise fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus tá torthaí na gcomhairliúchán iomchuí a rinneadh idir an t-iarratasóir agus na freasúróirí curtha san áireamh aige.

    (10)

    A mhéid a bhaineann le neamhchomhlíonadh líomhnaithe na n-iarratas ar TGFC leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 sa chomhthéacs nach bhfuil na saintréithe sonracha iontu a d’fhéadfadh a bheith nasctha leis an limistéar geografach lena mbaineann, ba cheart an méid seo a leanas a mheas:

     

    Maidir leis na sonraíochtaí táirge le haghaidh ‘Pancetta de l’Ile de Beauté/Panzetta de l’Ile de Beauté’, ‘Saucisson sec de l’Ile de Beauté/Salciccia de l’Ile de Beauté’, ‘Bulagna de l’Ile de Beauté’ agus ‘Figatelli de l’Ile de Beauté/Figatellu de l’Ile de Beauté’, léirítear cáilíochtaí na dtáirgí a ainmnítear mar na TGFCanna thuasluaite agus léirítear leo an chaoi a dtagann a saintréithe as an teaglaim de shaineolas teicniúil na dtáirgí áitiúla agus den tionscnamh geografach araon. Leagtar béim ar ról ar leith sa táirgeadh i gcás roinnt próiseas, amhail modh tirim-shaillte chun muiceoil a leigheas, modh mionaithe feola ar leith, deatú trí úsáid a bhaint as crua-adhmaid crann leathanduilleach áitiúil agus úsáid a bhaint as piobar dubh agus aeráil nádúrtha chun an fheoil a thriomú. Tá na teicnící seo á saothrú mar fhios gnó áitiúil sa Chorsaic agus tá nasc láidir idir iad agus tosca nádúrtha na Corsaice, amhail aeráid agus clúdach foraoise an oileáin. Trí theicnící den sórt sin a úsáid, in éineacht le comhábhair áirithe, cuirtear le saintréithe deiridh na dtáirgí, lena n-áirítear blas deataigh, blas piobair, nótaí a bhaineann le tirim-leasú nó le haosú, uigeacht/déine/míne ar leith, etc.

     

    Maidir le cineál tionsclaíoch measta an mhodha táirgthe, agus an deataithe go háirithe, chuir an t-iarratasóir in iúl go n-úsáidtear an modh seo go ginearálta sa Chorsaic, agus mar gheall ar úsáid crua-adhmaid áitiúil sa phróiseas deataithe is láidre fós an nasc leis an limistéar. An deatú crua-adhmaid sin a dhéantar le hadhmad ó chrainn áitiúla (castán, dair, feá etc.) is é sin a thugann ceann dá saintréithe deiridh do na táirgí. In aon chás, ní hé an deatú an t-aon eilimint a chinneann an nasc leis an gceantar. Os a choinne sin, léiríonn na táirgeoirí próisis éagsúla agus úsáid comhábhar éagsúil, a d’fhéadfaí a fháil i dtraidisiúin na Corsaice nó i bhfios gnó áitiúil agus an méid sin le chéile, cuireann sé le saintréithe deiridh na dtáirgí lena mbaineann.

     

    Dá bhrí sin, tá cáilíochtaí ag na táirgí a ainmnítear mar na TGFCanna i gceist arb é a dtionscnamh geografach is cúis leo. Dá bhrí sin, ní fhéadfar amhras a chaitheamh ar an nasc cúisíoch idir na táirgí lena mbaineann agus an limistéar geografach.

    (11)

    Maidir leis an maíomh nach ann d’aon fhianaise ar úsáid roimhe sin nó úsáid tráchtála an ainm ‘Ile de Beauté’ le haghaidh na dtáirgí charcuterie i gceist, ba cheart a athdhearbhú nach gceanglaítear le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 aon fhad sonrach a bhaineann le réamhúsáid na n-ainmneacha a chosaint ná nach dtoimhdítear sin leis.

    Thug an t-iarratasóir ar aird úsáid sheanbhunaithe na n-ainmneacha TGFC le blianta beaga anuas agus tharraing sé aird ar ghníomhaíochtaí éagsúla cumarsáide nó margaíochta a rinneadh chun úsáid na n-ainmneacha a chur chun cinn ó bhí 2015 ann.

    I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, i ndáil leis an gcoinníoll maidir le húsáid an ainm sa trádáil, dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart a mheas go bhfuil sé comhlíonta.

    (12)

    I gcás na n-éileamh a bhaineann le sárú líomhnaithe nó féideartha ar Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 i gcás chlárú na n-ainmneacha TGFC i gceist, ba cheart na héilimh sin a dhiúltú toisc nach dtagann an cás sa chás seo faoi raon feidhme na forála thuasluaite, lena leagtar síos na rialacha go heisiach le haghaidh comhainmneacha i bpáirt nó ina n-iomláine. Is é a thuigtear go coitianta gurb é atá i gcomhainmneacha focail a bhfuil an litriú nó fuaimniú céanna acu , ach bríonna agus bunúis éagsúla. Tá ‘Ile de Beauté’ agus ‘Corse/An Chorsaic’ litrithe agus fógartha ar bhealach éagsúil agus dá bhrí sin ní féidir a mheas gur comhainmneacha iad. Tá codanna de na hainmneacha a thagraíonn do na cineálacha charcuterie in ainmneacha TGFC agus ATFC araon go hiomlán difriúil freisin. Dá réir sin, níl na hainmneacha TGFC a mholtar a chlárú comhainmneach go hiomlán ná go páirteach leis na hainmneacha ATFC atá cláraithe, ‘Lonzo de Corse/Lonzo de Corse – Lonzu’, ‘Jambon sec de Corse/Jambon sec de Corse – Prisuttu’ agus ‘Coppa de Corse/Coppa de Corse – Coppa di Corsica’.

    (13)

    Maidir le háitiú na bhfreasúróirí go ndéanfadh clárú na TGFCanna atá beartaithe dochar do na ATFCanna thuas a bheith ann, mar a fhoráiltear in Airteagal 10(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, measann an Coimisiún nach dóchúil gurb ann do riosca éifeachtachta diúltaí den chineál sin. Tá na hainmneacha TGFC a chumhdaítear leis na hiarratais reatha éagsúil go leor leis na hainmneacha ATFC atá cláraithe, chomh maith leis na táirgí a bhaineann leo. Dá bhrí sin, dá mbeidís ar an margadh in éineacht ní bheadh sin míthreorach do thomhaltóirí ná ní bheadh tionchar diúltach acu ar na ATFCanna faoi chosaint.

    Go deimhin, is timchaint ghnách ar an gCorsaic é ‘Ile de Beauté’, de réir mar a thuigtear do thomhaltóirí Francacha é go háirithe, agus úsáidtear an téarma ‘Ile de Beauté’ chun tagairt a dhéanamh don Chorsaic, go háirithe ar na suíomhanna gréasáin turasóireachta. Dá bhrí sin, is féidir an dá théarma seo a mheas mar chomhchiallaigh in aigne na dtomhaltóirí.

    Mar sin féin, ó thaobh foclóireachta de, mar a mhínítear thuas, ní dócha go mbeidh aon mhearbhall in aigne an tomhaltóra. Maidir leis na hainmneacha TGFC agus na hainmneacha ATFC araon atá á mbreithniú, is comhainmneacha iad araon lena léirítear an áit tionscnaimh agus an cineál táirge. Baineann na téarmaí coincréiteacha pancetta/panzetta, saucisson sec/salciccia, bulagna, nó figatelli/figatellu le cineálacha sonracha charcuterie, atá éagsúil le táirgí a ainmnítear mar lonzo/lonzu, jambon sec/prisuttu nó coppa. Ba cheart do ghnáth-thomhaltóir, fiú mura saineolaí i gcineálacha charcuterie é, a bheith in ann teacht ar an gconclúid go dtagraíonn téarmaí éagsúla do tháirgí éagsúla, a bhfuil saintréithe éagsúla acu.

    Is ríthábhachtach gnéithe amhairc agus an fhoirm, ina gcuirtear táirgí ar an margadh (cur i láthair an táirge don tomhaltóir deiridh – cuma, méid, cruthanna, etc.) ó thaobh idirdhealú a dhéanamh idir na táirgí.

    I bhfianaise na ndifríochtaí idir táirgí TGFC agus táirgí ATFC agus idir a n-ainmneacha, tá an Coimisiún den tuairim nach mbeadh tionchar diúltach ag clárú na gceithre ainm TGFC atá á mbreithniú ar na táirgí a bhaineann leis na hainmneacha ATFC ‘Lonzo de Corse/Lonzo de Corse – Lonzu’, ‘Jambon sec de Corse/Jambon sec de Corse – Prisuttu’ agus ‘Coppa de Corse/Coppa de Corse – Coppa di Corsica’. D’fhéadfadh táirgí TGFC agus ATFC den sórt sin a bheith ann in éineacht, toisc go mbeadh na tomhaltóirí in ann idirdhealú eatarthu ar an margadh agus roghanna ceannaigh comhfhiosacha a dhéanamh. Dá thoradh sin, baintear de thátal as sin nach mbeadh clárú na n-ainmneacha TGFC atá beartaithe ina chúis leis an éifeacht a luaitear in Airteagal 10(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

    (14)

    I bhfianaise an mhéid sin thuas, ba cheart na hainmneacha ‘Pancetta de l’Ile de Beauté/Panzetta de l’Ile de Beauté’, ‘Saucisson sec de l’Ile de Beauté/Salciccia de l’Ile de Beauté’, ‘Bulagna de l’Ile de Beauté’ agus ‘Figatelli de l’Ile de Beauté/Figatellu de l’Ile de Beauté’ a iontráil sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint.

    (15)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Na hainmneacha ‘Pancetta de l’Ile de Beauté/Panzetta de l’Ile de Beauté’ (TGFC ), ‘Saucisson sec de l’Ile de Beauté/Salciccia de l’Ile de Beauté’ (TGFC ), ‘Bulagna de l’Ile de Beauté’ (TGFC ) agus ‘Figatelli de l’Ile de Beauté/Figatellu de l’Ile de Beauté’ (TGFC), tá siad cláraithe.

    Leis na hainmneacha sa chéad mhír, sainaithnítear táirge de chuid Aicme 1.2. Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.) a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (6).

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Iúil 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

    (2)  IO C 417, 14.10.2021, lch. 36.

    (3)  IO C 417, 14.10.2021, lch. 32.

    (4)  IO C 421, 18.10.2021, lch. 15.

    (5)  IO C 418, 15.10.2021, lch. 44.

    (6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


    Top