This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0835
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/835 of 19 April 2023 amending Implementing Regulation (EU) 2023/594 as regards special disease control measures for African swine fever (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/835 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 a mhéid a bhaineann le bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/835 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 a mhéid a bhaineann le bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/2698
IO L 105, 20.4.2023, p. 9–50
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32023R0594 | Cur le | airteagal 14 mír 4 | 21/04/2023 | |
Modifies | 32023R0594 | Cur le | airteagal 22 mír 3 | 21/04/2023 | |
Modifies | 32023R0594 | Cur le | airteagal 24 mír 4 | 21/04/2023 | |
Modifies | 32023R0594 | Athchur | iarscríbhinn I | 21/04/2023 |
20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 105/9 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/835 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Aibreán 2023
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 a mhéid a bhaineann le bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 71(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar a n-onnmhairí go tríú tíortha. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún (2) leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc, ar bearta iad atá le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta ama ag na Ballstáit (3), a liostaítear, nó a liostaítear a limistéir in Iarscríbhinní I agus II. |
(3) |
Le hAirteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 leagtar síos na coinníollacha ginearálta maidir le maoluithe ar thoirmisc shonracha ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I, II agus III laistigh agus lasmuigh de na criosanna srianta sin. In Airteagal 14(1), pointe (a), den Rialachán sin tagraítear do na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 43(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (4), lena gceanglaítear, inter alia, go ndéanfar gach gluaiseacht údaraithe sa chrios faireachais gan dí-ualú nó stopadh go dtí go ndéantar an dí-ualú sa bhunaíocht cinn scríbe. |
(4) |
Le hAirteagal 5(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 foráiltear gur limistéar é crios srianta I nár deimhníodh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann agus le hAirteagal 6(1) foráiltear gur limistéar é crios srianta II nár deimhníodh an galar sin ann ach amháin i muc-ainmhithe fiáine. |
(5) |
Níor deimhníodh fiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I agus II agus tá bearta maolaithe riosca ar bun cheana maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. Agus socruithe lóistíochta sonracha atá ar bun i mBallstáit áirithe maidir le haistriú muc-ainmhithe atá ar coimeád á gcur san áireamh agus chun srianta nach bhfuil gá leo a sheachaint, maidir leis an gcoinníoll ginearálta nach n-údaraítear muc-ainmhithe atá ar coimeád a aistriú ach amháin gan dí-ualú nó stopadh, go dtí go ndéantar an dí-ualú sa bhunaíocht cinn scríbe, níor cheart an coinníoll sin a bheith riachtanach i gcás aistriú údaraithe muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna cosanta I nó II laistigh den Bhallstát céanna lena marú láithreach. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagail 14, 22 agus 24 de Rialachán (AE) 2023/594 a leasú dá réir. |
(6) |
Thairis sin, tá an staid eipidéimeolaíoch san Aontas maidir le fiabhras Afracach na muc dinimiciúil agus bíonn sí ag síorathrú, agus tá athrú tagtha uirthi ón tréimhse roimh ghlacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. Dá réir sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a leasú ionas go mbeidh na limistéir a liostaítear inti mar chriosanna srianta I, II agus III ina léiriú ar staid eipidéimeolaíoch reatha an ghalair sin san Aontas. |
(7) |
Tá léiriú ar staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc san Aontas in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún (5), arna leasú le déanaí le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/685 ón gCoimisiún (6) tar éis athruithe a tháinig le déanaí ar an staid eipidéimeolaíoch maidir leis an ngalar sin sa Bhulgáir, san Iodáil, sa Pholainn agus sa tSlóvaic. Beidh feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 go dtí an 20 Aibreán 2023. |
(8) |
Dá bhrí sin, criosanna srianta I, II agus III a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta chun na limistéir a liostaítear faoi láthair in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 a chur san áireamh. Tá sé sin riachtanach freisin ar mhaithe le leanúnachas agus comhsheasmhacht tar éis aisghairm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. |
(9) |
Sa bhreis air sin, ó glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, tharla roinnt ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine sa Pholainn, san Iodáil agus sa Liotuáin agus ráig amháin i muc-ainmhithe atá ar coimeád sa Pholainn. |
(10) |
I mí an Mhárta 2023 tugadh faoi deara go raibh ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin i réigiún Opolskie na Polainne i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint léi, rud ba cheart a léiriú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. Dá réir sin, an limistéar sin den Pholainn a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I, limistéar atá buailte ag an ráig sin d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, agus ní mór teorainneacha reatha chrios srianta I a athshainiú chun an ráig sin a chur san áireamh. |
(11) |
Ina theannta sin, i mí an Mhárta 2023 tugadh faoi deara go raibh roinnt ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i réigiúin Wielkopolskie agus Mazowieckie na Polainne, i limistéir a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ar limistéir iad atá dlúth le limistéir a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta I san Iarscríbhinn sin. Na ráigeanna nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leo, rud ba cheart a léiriú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. Dá réir sin, na limistéir sin den Pholainn a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ar limistéir iad atá dlúth leis na limistéir a liostaítear mar chriosanna srianta II ar limistéir iad atá buailte ag na ráigeanna sin a tharla le déanaí, ba cheart iad a liostú mar chriosanna srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 agus ní mór teorainneacha reatha chriosanna srianta I a athshainiú chun na ráigeanna sin a chur san áireamh. |
(12) |
Sa bhreis air sin, i mí Aibreáin 2023 tugadh faoi deara go raibh ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin i réigiún Liguria na hIodáile, i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint léi, rud ba cheart a léiriú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. Dá réir sin, an limistéar sin den Iodáil a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ar limistéar é atá buailte ag an ráig sin d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, agus ní mór teorainneacha reatha chrios srianta I a athshainiú chun an ráig sin a chur san áireamh. |
(13) |
Ina theannta sin, i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin 2023 tugadh faoi deara go raibh roinnt ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i réigiún Piedmont na hIodáile, i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ar limistéar é atá dlúth le limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin. Na ráigeanna nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leo, rud ba cheart a léiriú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. Dá réir sin, an limistéar sin den Iodáil a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ar limistéar é atá dlúth leis an limistéar a liostaítear mar chrios srianta II atá buailte ag na ráigeanna sin a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 agus ní mór teorainneacha reatha chrios srianta I a athshainiú chun na ráigeanna sin a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
(14) |
Thairis sin, i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin 2023 tugadh faoi deara go raibh roinnt ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i gcontae Marijampolė sa Liotuáin, i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. Na ráigeanna nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leo, rud ba cheart a léiriú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. Dá réir sin, an limistéar sin den Liotuáin a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ar limistéar é atá buailte ag na ráigeanna sin a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, agus ní mór teorainneacha reatha chrios srianta I a athshainiú chun na ráigeanna sin a chur san áireamh. |
(15) |
Ar deireadh, i mí Aibreáin 2023 tugadh faoi deara go raibh ráig amháin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád i réigiún Dolnośląskie na Polainne, i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint léi, rud ba cheart a léiriú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. Dá réir sin, an limistéar sin den Pholainn a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ar limistéar é atá buailte ag an ráig sin a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú mar chrios srianta III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 agus ní mór teorainneacha reatha chrios srianta II a athshainiú chun an ráig sin a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
(16) |
Tar éis na ráigeanna sin d’fhiabhras Afracach na muc a bhí ann le déanaí i muc-ainmhithe fiáine san Iodáil agus sa Liotuáin agus i muc-ainmhithe fiáine agus muc-ainmhithe atá ar coimeád sa Pholainn agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair maidir le fiabhras Afracach na muc san Aontas á cur san áireamh, rinneadh criosú sna Ballstáit sin a athmheasúnú agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagail 5, 6 agus 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. Sa bhreis air sin, na bearta bainistithe riosca a bhí i bhfeidhm, rinneadh iad a athmheasúnú agus a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart na hathruithe sin a léiriú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. |
(17) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/594 a leasú dá réir. |
(18) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas maidir le leathadh fhiabhras Afracach na muc, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh an Rialachán Cur Chun Feidhme seo i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
(19) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 mar a leanas:
1. |
in Airteagal 14, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘4. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a chinneadh nach mbeidh feidhm ag an gcoinníoll ginearálta a leagtar síos in Airteagal 43(2), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le gluaiseachtaí údaraithe coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna cosanta I nó II ar choinníoll go n-aistreofar na muc-ainmhithe atá ar coimeád laistigh den Bhallstát céanna i gcomhréir le hAirteagail 22 agus 24 den Rialachán (AE) 2023/594 seo lena marú láithreach.’ |
2. |
in Airteagal 22, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a chinneadh nach mbeidh feidhm ag an gcoinníoll ginearálta a leagtar síos in Airteagal 43(2), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le gluaiseachtaí údaraithe coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios cosanta I ar choinníoll go n-aistreofar na muc-ainmhithe ar coimeád laistigh den Bhallstát céanna lena marú láithreach.’ |
3. |
In Airteagal 24, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘4. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a chinneadh nach mbeidh feidhm ag an gcoinníoll ginearálta a leagtar síos in Airteagal 43(2), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le gluaiseachtaí údaraithe coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios cosanta II ar choinníoll go n-aistreofar na muc-ainmhithe atá ar coimeád laistigh den Bhallstát céanna lena marú láithreach.’ |
4. |
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Aibreán 2023
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 (IO L 79, 17.3.2023, lch. 65).
(3) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha an Rialacháin seo, baineann tagairtí do na Ballstáit leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc (IO L 131, 16.4.2021, lch. 137).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/685 ón gCoimisiún an 27 Márta 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc (IO L 90, 28.3.2023, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN I
CRIOSANNA SRIANTA
CUID I
1. An Ghearmáin
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Ghearmáin:
Bundesland Brandenburg:
|
Bundesland Sachsen:
|
Bundesland Mecklenburg-Vorpommern:
|
2. An Eastóin
Na criosanna srianta I seo a leanas san Eastóin:
— |
Hiiu maakond. |
3. An Laitvia
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Laitvia:
— |
Dienvidkurzemes novada, Grobiņas pagasts, Nīcas pagasta daļa uz ziemeļiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Otaņķu pagasts, Grobiņas pilsēta, |
— |
Ropažu novada Stopiņu pagasta daļa, kas atrodas uz rietumiem no autoceļa V36, P4 un P5, Acones ielas, Dauguļupes ielas un Dauguļupītes. |
4. An Liotuáin
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Liotuáin:
— |
Klaipėdos rajono savivaldybė: Agluonėnų, Dovilų, Gargždų, Priekulės, Vėžaičių, Kretingalės ir Dauparų-Kvietinių seniūnijos, |
— |
Palangos miesto savivaldybė. |
5. An Ungáir
Na criosanna srianta I seo a leanas san Ungáir:
— |
Békés megye 950950, 950960, 950970, 951950, 952050, 952750, 952850, 952950, 953050, 953150, 953650, 953660, 953750, 953850, 953960, 954250, 954260, 954350, 954450, 954550, 954650, 954750, 954850, 954860, 954950, 955050, 955150, 955250, 955260, 955270, 955350, 955450, 955510, 955650, 955750, 955760, 955850, 955950, 956050, 956060, 956150 és 956160 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Bács-Kiskun megye 600150, 600850, 601550, 601650, 601660, 601750, 601850, 601950, 602050, 603250, 603750 és 603850 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Budapest 1 kódszámú, vadgazdálkodási tevékenységre nem alkalmas területe, |
— |
Csongrád-Csanád megye 800150, 800160, 800250, 802220, 802260, 802310 és 802450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Fejér megye 400150, 400250, 400351, 400352, 400450, 400550, 401150, 401250, 401350, 402050, 402350, 402360, 402850, 402950, 403050, 403450, 403550, 403650, 403750, 403950, 403960, 403970, 404650, 404750, 404850, 404950, 404960, 405050, 405750, 405850, 405950, |
— |
406050, 406150, 406550, 406650 és 406750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Győr-Moson-Sopron megye 100550, 100650, 100950, 101050, 101350, 101450, 101550, 101560 és 102150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Jász-Nagykun-Szolnok megye 750150, 750160, 750260, 750350, 750450, 750460, 754450, 754550, 754560, 754570, 754650, 754750, 754950, 755050, 755150, 755250, 755350 és 755450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Komárom-Esztergom megye 250150, 250250, 250450, 250460, 250550, 250650, 250750, 251050, 251150, 251250, 251350, 251360, 251650, 251750, 251850, 252250, kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Pest megye 571550, 572150, 572250, 572350, 572550, 572650, 572750, 572850, 572950, 573150, 573250, 573260, 573350, 573360, 573450, 573850, 573950, 573960, 574050, 574150, 574350, 574360, 574550, 574650, 574750, 574850, 574860, 574950, 575050, 575150, 575250, 575350, 575550, 575650, 575750, 575850, 575950, 576050, 576150, 576250, 576350, 576450, 576650, 576750, 576850, 576950, 577050, 577150, 577350, 577450, 577650, 577850, 577950, 578050, 578150, 578250, 578350, 578360, 578450, 578550, 578560, 578650, 578850, 578950, 579050, 579150, 579250, 579350, 579450, 579460, 579550, 579650, 579750, 580250 és 580450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe. |
6. An Pholainn
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Pholainn:
w województwie kujawsko - pomorskim:
|
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
w województwie podlaskim:
|
w województwie mazowieckim:
|
w województwie podkarpackim:
|
w województwie świętokrzyskim:
|
w województwie łódzkim:
|
w województwie pomorskim:
|
w województwie lubuskim:
|
w województwie dolnośląskim:
|
w województwie wielkopolskim:
|
w województwie opolskim:
|
w województwie zachodniopomorskim:
|
w województwie małopolskim:
|
w województwie śląskim:
|
7. An tSlóvaic
Na criosanna srianta I seo a leanas sa tSlóvaic:
— |
in the district of Nové Zámky, Sikenička, Pavlová, Bíňa, Kamenín, Kamenný Most, Malá nad Hronom, Belá, Ľubá, Šarkan, Gbelce, Bruty, Mužla, Obid, Štúrovo, Nána, Kamenica nad Hronom, Chľaba, Leľa, Bajtava, Salka, Malé Kosihy, |
— |
in the district of Veľký Krtíš, the municipalities of Ipeľské Predmostie, Veľká nad Ipľom, Hrušov, Kleňany, Sečianky, |
— |
in the district of Levice, the municipalities of Keť, Čata, Pohronský Ruskov, Hronovce, Želiezovce, Zalaba, Malé Ludince, Šalov, Sikenica, Pastovce, Bielovce, Ipeľský Sokolec, Lontov, Kubáňovo, Sazdice, Demandice, Dolné Semerovce, Vyškovce nad Ipľom, Preseľany nad Ipľom, Hrkovce, Tupá, Horné Semerovce, Hokovce, Slatina, Horné Turovce, Veľké Turovce, Šahy, Tešmak, Plášťovce, Ipeľské Uľany, Bátovce, Pečenice, Jabloňovce, Bohunice, Pukanec, Uhliská, Kalná nad Hronom, Nový Tekov, Malé Kozmálovce, Veľké Kozmálovce, Tlmače, Rybník, Hronské Kosihy, Čajkov, Nová Dedina, Devičany, |
— |
in the district of Krupina, the municipalities of Dudince, Terany, Hontianske Moravce, Sudince, Súdovce, Lišov, |
— |
the whole district of Ružomberok, |
— |
the whole district of Turčianske Teplice, except municipalities included in zone II, |
— |
in the district of Martin, municipalties of Blatnica, Folkušová, Necpaly, Belá-Dulice, Ďanová, Karlová, Laskár, Rakovo, Príbovce, Košťany nad Turcom, Socovce, Turčiansky Ďur, Kláštor pod Znievom, Slovany, Ležiachov, Benice, |
— |
in the district of Dolný Kubín, the municipalities of Kraľovany, Žaškov, Jasenová, Vyšný Kubín, Oravská Poruba, Leštiny, Osádka, Malatiná, Chlebnice, Krivá, |
— |
in the district of Tvrdošín, the municipalities of Oravský Biely Potok, Habovka, Zuberec, |
— |
in the district of Prievidza, the municipalities of Handlová, Cígeľ, Podhradie, Lehota pod Vtáčnikom, Kamenec pod Vtáčnikom, Bystričany, Čereňany, Oslany, Horná Ves, Radobica, Ráztočno, |
— |
in the district of Partizánske, the municipalities of Veľké Uherce, Pažiť, Kolačno, Veľký Klíž, Ješkova Ves, Klátová Nová Ves, |
— |
in the district of Topoľčany, the municipalities of Krnča, Prázdnovce, Solčany, Nitrianska Streda, Čeľadince, Kovarce, Súlovce, |
— |
in the district of Zlaté Moravce, the municipalities of Zlatno, Mankovce, Velčice, Kostoľany pod Tríbečom, Ladice, Sľažany, Neverice, Beladice, Choča, Vieska nad Žitavou, Slepčany, Červený Hrádok, Nevidzany, Malé Vozokany, |
— |
the whole district of Žiar nad Hronom, except municipalities included in zone II. |
8. An Iodáil
Na criosanna srianta I seo a leanas san Iodáil:
Piedmont Region:
|
Liguria Region:
|
Emilia-Romagna Region:
|
Lombardia Region:
|
Lazio Region:
|
Sardinia Region
|
9. An tSeicia
Na criosanna srianta I seo a leanas sa tSeicia:
Liberecký kraj:
|
10. An Ghréig
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Ghréig:
— |
in the regional unit of Drama:
|
— |
in the regional unit of Xanthi:
|
— |
in the regional unit of Rodopi:
|
— |
in the regional unit of Evros:
|
— |
in the regional unit of Serres:
|
— |
in the regional unit of Kilkis:
|
CUID II
1. An Bhulgáir
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Bhulgáir:
— |
the whole region of Haskovo, |
— |
the whole region of Yambol, |
— |
the whole region of Stara Zagora, |
— |
the whole region of Pernik, |
— |
the whole region of Kyustendil, |
— |
the whole region of Plovdiv, |
— |
the whole region of Pazardzhik, excluding the areas in Part III, |
— |
the whole region of Smolyan, |
— |
the whole region of Dobrich, |
— |
the whole region of Sofia city, |
— |
the whole region of Sofia Province, |
— |
the whole region of Blagoevgrad, |
— |
the whole region of Razgrad, |
— |
the whole region of Kardzhali, |
— |
the whole region of Burgas, |
— |
the whole region of Varna, |
— |
the whole region of Silistra, |
— |
the whole region of Ruse, |
— |
the whole region of Veliko Tarnovo, |
— |
the whole region of Pleven, |
— |
the whole region of Targovishte, |
— |
the whole region of Shumen, |
— |
the whole region of Sliven, |
— |
the whole region of Vidin, |
— |
the whole region of Gabrovo, |
— |
the whole region of Lovech, |
— |
the whole region of Montana, |
— |
the whole region of Vratza. |
2. An Ghearmáin
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Ghearmáin:
Bundesland Brandenburg:
|
Bundesland Sachsen:
|
Bundesland Mecklenburg-Vorpommern:
|
3. An Eastóin
Na criosanna srianta II seo a leanas san Eastóin:
— |
Eesti Vabariik (välja arvatud Hiiu maakond). |
4. An Laitvia
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Laitvia:
— |
Aizkraukles novads, |
— |
Alūksnes novads, |
— |
Augšdaugavas novads, |
— |
Ādažu novads, |
— |
Balvu novads, |
— |
Bauskas novads, |
— |
Cēsu novads, |
— |
Dienvidkurzemes novada Aizputes, Cīravas, Lažas, Durbes, Dunalkas, Tadaiķu, Vecpils, Bārtas, Sakas, Bunkas, Priekules, Gramzdas, Kalētu, Virgas, Dunikas, Vaiņodes, Gaviezes, Rucavas, Vērgales, Medzes pagasts, Nīcas pagasta daļa uz dienvidiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Embūtes pagasta daļa uz dienvidiem no autoceļa P116, P106, autoceļa no apdzīvotas vietas Dinsdurbe, Kalvenes pagasta daļa uz rietumiem no ceļa pie Vārtājas upes līdz autoceļam A9, uz dienvidiem no autoceļa A9, uz rietumiem no autoceļa V1200, Kazdangas pagasta daļa uz rietumiem no ceļa V1200, P115, P117, V1296, Aizputes, Durbes, Pāvilostas, Priekules pilsēta, |
— |
Dobeles novads, |
— |
Gulbenes novads, |
— |
Jelgavas novads, |
— |
Jēkabpils novads, |
— |
Krāslavas novads, |
— |
Kuldīgas novada Alsungas, Gudenieku, Kurmāles, Rendas, Kabiles, Vārmes, Pelču, Snēpeles, Turlavas, Ēdoles, Īvandes, Rumbas, Padures pagasts, Laidu pagasta daļa uz ziemeļiem no autoceļa V1296, Kuldīgas pilsēta, |
— |
Ķekavas novads, |
— |
Limbažu novads, |
— |
Līvānu novads, |
— |
Ludzas novads, |
— |
Madonas novads, |
— |
Mārupes novads, |
— |
Ogres novads, |
— |
Olaines novads, |
— |
Preiļu novads, |
— |
Rēzeknes novads, |
— |
Ropažu novada Garkalnes, Ropažu pagasts, Stopiņu pagasta daļa, kas atrodas uz austrumiem no autoceļa V36, P4 un P5, Acones ielas, Dauguļupes ielas un Dauguļupītes, Vangažu pilsēta, |
— |
Salaspils novads, |
— |
Saldus novads, |
— |
Saulkrastu novads, |
— |
Siguldas novads, |
— |
Smiltenes novads, |
— |
Talsu novads, |
— |
Tukuma novads, |
— |
Valkas novads, |
— |
Valmieras novads, |
— |
Varakļānu novads, |
— |
Ventspils novads, |
— |
Daugavpils valstspilsētas pašvaldība, |
— |
Jelgavas valstspilsētas pašvaldība, |
— |
Jūrmalas valstspilsētas pašvaldība, |
— |
Rēzeknes valstspilsētas pašvaldība. |
5. An Liotuáin
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Liotuáin:
— |
Alytaus miesto savivaldybė, |
— |
Alytaus rajono savivaldybė, |
— |
Anykščių rajono savivaldybė, |
— |
Akmenės rajono savivaldybė, |
— |
Birštono savivaldybė, |
— |
Biržų miesto savivaldybė, |
— |
Biržų rajono savivaldybė, |
— |
Druskininkų savivaldybė, |
— |
Elektrėnų savivaldybė, |
— |
Ignalinos rajono savivaldybė, |
— |
Jonavos rajono savivaldybė, |
— |
Joniškio rajono savivaldybė, |
— |
Jurbarko rajono savivaldybė: Eržvilko, Juodaičių, Seredžiaus, Smalininkų ir Viešvilės seniūnijos, |
— |
Kaišiadorių rajono savivaldybė, |
— |
Kauno miesto savivaldybė, |
— |
Kauno rajono savivaldybė, |
— |
Kalvarijos savivaldybė, |
— |
Kazlų rūdos savivaldybė: Kazlų Rūdos seniūnija, išskyrus vakarinė dalis iki kelio 2602 ir 183, Plutiškių seniūnija, |
— |
Kelmės rajono savivaldybė: Kelmės, Kražių, Liolių, Tytuvėnų, Tytuvėnų apylinkių, Pakražančio ir Vaiguvos seniūnijos, |
— |
Kėdainių rajono savivaldybė, |
— |
Klaipėdos rajono savivaldybė: Judrėnų, Endriejavo ir Veiviržėnų seniūnijos, |
— |
Kupiškio rajono savivaldybė, |
— |
Kretingos rajono savivaldybė, |
— |
Lazdijų rajono savivaldybė, |
— |
Mažeikių rajono savivaldybė, |
— |
Marijampolės savivaldybė, išskyrus Šumskų ir Sasnavos seniūnijos, |
— |
Molėtų rajono savivaldybė: Alantos, Balninkų, Čiulėnų, Inturkės, Joniškio, Luokesos, Mindūnų, Suginčių ir Videniškių seniūnijos, |
— |
Pagėgių savivaldybė, |
— |
Pakruojo rajono savivaldybė, |
— |
Panevėžio rajono savivaldybė, |
— |
Panevėžio miesto savivaldybė, |
— |
Pasvalio rajono savivaldybė, |
— |
Radviliškio rajono savivaldybė, |
— |
Rietavo savivaldybė, |
— |
Prienų rajono savivaldybė, |
— |
Plungės rajono savivaldybė, |
— |
Raseinių rajono savivaldybė, |
— |
Rokiškio rajono savivaldybė, |
— |
Skuodo rajono savivaldybė, |
— |
Šakių rajono savivaldybė: Kriūkų, Lekėčių ir Lukšių seniūnijos, |
— |
Šalčininkų rajono savivaldybė, |
— |
Šiaulių miesto savivaldybė, |
— |
Šiaulių rajono savivaldybė: Ginkūnų, Gruzdžių, Kairių, Kužių, Meškuičių, Raudėnų, Šakynos ir Šiaulių kaimiškosios seniūnijos, |
— |
Šilutės rajono savivaldybė, |
— |
Širvintų rajono savivaldybė: Čiobiškio, Gelvonų, Jauniūnų, Kernavės, Musninkų ir Širvintų seniūnijos, |
— |
Šilalės rajono savivaldybė, |
— |
Švenčionių rajono savivaldybė, |
— |
Tauragės rajono savivaldybė, |
— |
Telšių rajono savivaldybė, |
— |
Trakų rajono savivaldybė, |
— |
Ukmergės rajono savivaldybė: Deltuvos, Lyduokių, Pabaisko, Pivonijos, Siesikų, Šešuolių, Taujėnų, Ukmergės miesto, Veprių, Vidiškių ir Žemaitkiemo seniūnijos, |
— |
Utenos rajono savivaldybė, |
— |
Varėnos rajono savivaldybė, |
— |
Vilkaviškio rajono savivaldybė: Bartninkų, Gražiškių, Keturvalakių, Pajevonio, Virbalio ir Vištyčio seniūnijos, |
— |
Vilniaus miesto savivaldybė, |
— |
Vilniaus rajono savivaldybė: Avižienių, Bezdonių, Buivydžių, Dūkštų, Juodšilių, Kalvelių, Lavoriškių, Maišiagalos, Marijampolio, Medininkų, Mickūnų, Nemenčinės, Nemenčinės miesto, Nemėžio, Pagirių, Riešės, Rudaminos, Rukainių, Sudervės, Sužionių, Šatrininkų ir Zujūnų seniūnijos, |
— |
Visagino savivaldybė, |
— |
Zarasų rajono savivaldybė. |
6. An Ungáir
Na criosanna srianta II seo a leanas san Ungáir:
— |
Békés megye 950150, 950250, 950350, 950450, 950550, 950650, 950660, 950750, 950850, 950860, 951050, 951150, 951250, 951260, 951350, 951450, 951460, 951550, 951650, 951750, 952150, 952250, 952350, 952450, 952550, 952650, 953250, 953260, 953270, 953350, 953450, 953550, 953560, 953950, 954050, 954060, 954150, 956250, 956350, 956450, 956550, 956650 és 956750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Borsod-Abaúj-Zemplén megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
— |
Fejér megye 403150, 403160, 403250, 403260, 403350, 404250, 404550, 404560, 404570, 405450, 405550, 405650, 406450 és 407050 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Hajdú-Bihar megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
— |
Heves megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
— |
Jász-Nagykun-Szolnok megye 750250, 750550, 750650, 750750, 750850, 750970, 750980, 751050, 751150, 751160, 751250, 751260, 751350, 751360, 751450, 751460, 751470, 751550, 751650, 751750, 751850, 751950, 752150, 752250, 752350, 752450, 752460, 752550, 752560, 752650, 752750, 752850, 752950, 753060, 753070, 753150, 753250, 753310, 753450, 753550, 753650, 753660, 753750, 753850, 753950, 753960, 754050, 754150, 754250, 754360, 754370, 754850, 755550, 755650 és 755750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Komárom-Esztergom megye: 250350, 250850, 250950, 251450, 251550, 251950, 252050, 252150, 252350, 252450, 252460, 252550, 252650, 252750, 252850, 252860, 252950, 252960, 253050, 253150, 253250, 253350, 253450 és 253550 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Nógrád megye valamennyi vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Pest megye 570150, 570250, 570350, 570450, 570550, 570650, 570750, 570850, 570950, 571050, 571150, 571250, 571350, 571650, 571750, 571760, 571850, 571950, 572050, 573550, 573650, 574250, 577250, 580050 és 580150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Szabolcs-Szatmár-Bereg megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe. |
7. An Pholainn
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Pholainn:
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
w województwie podlaskim:
|
w województwie mazowieckim:
|
w województwie lubelskim:
|
w województwie podkarpackim:
|
w województwie małopolskim:
|
w województwie pomorskim:
|
w województwie świętokrzyskim:
|
w województwie lubuskim:
|
w województwie dolnośląskim:
|
w województwie wielkopolskim:
|
w województwie łódzkim:
|
w województwie zachodniopomorskim:
|
w województwie opolskim:
|
w województwie śląskim:
|
8. An tSlóvaic
Na criosanna srianta II seo a leanas sa tSlóvaic:
— |
the whole district of Gelnica, |
— |
the whole district of Poprad |
— |
the whole district of Spišská Nová Ves, |
— |
the whole district of Levoča, |
— |
the whole district of Kežmarok, |
— |
the whole district of Michalovce, except municipalities included in zone III, |
— |
the whole district of Medzilaborce |
— |
the whole district of Košice-okolie, |
— |
the whole district of Rožnava, |
— |
the whole city of Košice, |
— |
the whole district of Sobrance, except municipalities included in zone III, |
— |
the whole district of Vranov nad Topľou, |
— |
the whole district of Humenné, |
— |
the whole district of Snina, |
— |
the whole district of Prešov, |
— |
the whole district of Sabinov, |
— |
the whole district of Svidník, |
— |
the whole district of Stropkov, |
— |
the whole district of Bardejov, |
— |
the whole district of Stará Ľubovňa, |
— |
the whole district of Revúca, |
— |
the whole district of Rimavská Sobota, |
— |
in the district of Veľký Krtíš, the whole municipalities not included in part I, |
— |
the whole district of Lučenec, |
— |
the whole district of Poltár, |
— |
the whole district of Zvolen, |
— |
the whole district of Detva, |
— |
the whole district of Krupina, except municipalities included in zone I, |
— |
the whole district of Banska Stiavnica, |
— |
the whole district of Žarnovica, |
— |
in the district of Žiar nad Hronom the municipalities of Hronská Dúbrava, Trnavá Hora, Ihráč, Nevoľné, Kremnica, Kremnické Bane, Krahule, |
— |
the whole district of Banska Bystica, |
— |
the whole district of Brezno, |
— |
the whole district of Liptovsky Mikuláš, |
— |
the whole district of Trebišov’, |
— |
in the district of Zlaté Moravce, the whole municipalities not included in part I, |
— |
in the district of Levice the municipality of Kozárovce, |
— |
in the district of Turčianske Teplice, municipalties of Turček, Horná Štubňa, Čremošné, Háj, Rakša, Mošovce. |
9. An Iodáil
Na criosanna srianta II seo a leanas san Iodáil:
Piedmont Region:
|
Liguria Region:
|
Emilia-Romagna Region:
|
Lazio Region:
|
Sardinia Region:
|
10. An tSeicia
Na criosanna srianta II seo a leanas sa tSeicia:
Liberecký kraj:
|
11. An Ghréig
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Ghréig:
— |
in the regional unit of Serres:
|
— |
in the regional unit of Kilkis:
|
CUID III
1. An Bhulgáir
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Bhulgáir:
the Pazardzhik region:
|
2. An Iodáil
Na criosanna srianta III seo a leanas san Iodáil:
Sardinia Region:
|
3. An Laitvia
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Laitvia:
— |
Dienvidkurzemes novada Embūtes pagasta daļa uz ziemeļiem autoceļa P116, P106, autoceļa no apdzīvotas vietas Dinsdurbe, Kalvenes pagasta daļa uz austrumiem no ceļa pie Vārtājas upes līdz autoceļam A9, uz ziemeļiem no autoceļa A9, uz austrumiem no autoceļa V1200, Kazdangas pagasta daļa uz austrumiem no ceļa V1200, P115, P117, V1296, |
— |
Kuldīgas novada Rudbāržu, Nīkrāces, Raņķu, Skrundas pagasts, Laidu pagasta daļa uz dienvidiem no autoceļa V1296, Skrundas pilsēta. |
4. An Liotuáin
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Liotuáin:
— |
Jurbarko rajono savivaldybė: Jurbarko miesto seniūnija, Girdžių, Jurbarkų Raudonės, Skirsnemunės, Veliuonos ir Šimkaičių seniūnijos, |
— |
Molėtų rajono savivaldybė: Dubingių ir Giedraičių seniūnijos, |
— |
Marijampolės savivaldybė: Sasnavos ir Šunskų seniūnijos, |
— |
Šakių rajono savivaldybė: Barzdų, Gelgaudiškio, Griškabūdžio, Kidulių, Kudirkos Naumiesčio, Sintautų, Slavikų, Sudargo, Šakių, Plokščių ir Žvirgždaičių seniūnijos. |
— |
Kazlų rūdos savivaldybė: Antanavos, Jankų ir Kazlų Rūdos seniūnijos: vakarinė dalis iki kelio 2602 ir 183, |
— |
Kelmės rajono savivaldybė: Kelmės apylinkių, Kukečių, Šaukėnų ir Užvenčio seniūnijos, |
— |
Vilkaviškio rajono savivaldybė: Gižų, Kybartų, Klausučių, Pilviškių, Šeimenos ir Vilkaviškio miesto seniūnijos. |
— |
Širvintų rajono savivaldybė: Alionių ir Zibalų seniūnijos, |
— |
Šiaulių rajono savivaldybė: Bubių, Kuršėnų kaimiškoji ir Kuršėnų miesto seniūnijos, |
— |
Ukmergės rajono savivaldybė: Želvos seniūnija, |
— |
Vilniaus rajono savivaldybė: Paberžės seniūnija. |
5. An Pholainn
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Pholainn:
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
w województwie wielkopolskim:
|
w województwie dolnośląskim:
|
6. An Rómáin
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Rómáin:
— |
Zona orașului București, |
— |
Județul Constanța, |
— |
Județul Satu Mare, |
— |
Județul Tulcea, |
— |
Județul Bacău, |
— |
Județul Bihor, |
— |
Județul Bistrița Năsăud, |
— |
Județul Brăila, |
— |
Județul Buzău, |
— |
Județul Călărași, |
— |
Județul Dâmbovița, |
— |
Județul Galați, |
— |
Județul Giurgiu, |
— |
Județul Ialomița, |
— |
Județul Ilfov, |
— |
Județul Prahova, |
— |
Județul Sălaj, |
— |
Județul Suceava |
— |
Județul Vaslui, |
— |
Județul Vrancea, |
— |
Județul Teleorman, |
— |
Judeţul Mehedinţi, |
— |
Județul Gorj, |
— |
Județul Argeș, |
— |
Judeţul Olt, |
— |
Judeţul Dolj, |
— |
Județul Arad, |
— |
Județul Timiș, |
— |
Județul Covasna, |
— |
Județul Brașov, |
— |
Județul Botoșani, |
— |
Județul Vâlcea, |
— |
Județul Iași, |
— |
Județul Hunedoara, |
— |
Județul Alba, |
— |
Județul Sibiu, |
— |
Județul Caraș-Severin, |
— |
Județul Neamț, |
— |
Județul Harghita, |
— |
Județul Mureș, |
— |
Județul Cluj, |
— |
Județul Maramureş. |
7. An tSlóvaic
Na criosanna srianta III seo a leanas sa tSlóvaic:
— |
In the district of Michalovce: Iňačovce, Čečehov, Hažín, Hnojné, Lastomír, Lúčky, Michalovce, Palín, Pavlovce nad Uhom, Senné, Sliepkovce, Stretava, Stretavka, Vysoká nad Uhom, Zálužice, Závadka, Zemplínska Široká, Budkovce, Žbince, Jastrabie pri Michalovciach, Hatalov, |
— |
In the district of Sobrance: Blatné Remety, Blatné Revištia, Blatná Polianka, Bunkovce, Fekišovce, Ostrov, Porostov, Svätuš, Veľké Revištia, Bežovce, Tašuľa, Kristy, Nižná Rybnica. |
8. An Ghearmáin
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Ghearmáin:
Bundesland Brandenburg:
|