EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0150
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/150 of 20 January 2023 amending certain Annexes to Implementing Regulation (EU) 2021/620 as regards the approval or withdrawal of the disease-free status of certain Member States or zones or compartments thereof as regards certain listed diseases (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/150 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a mhéid a bhaineann le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalair atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/150 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a mhéid a bhaineann le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalair atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/368
IO L 20, 23.1.2023, p. 33–40
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32021R0620 | Athchur | iarscríbhinn II cuid I Téacs | 26/01/2023 | |
Modifies | 32021R0620 | Athchur | iarscríbhinn II cuid II Téacs | 26/01/2023 | |
Modifies | 32021R0620 | Athchur | iarscríbhinn III cuid I Téacs | 26/01/2023 | |
Modifies | 32021R0620 | Cur le | iarscríbhinn III cuid II Téacs | 26/01/2023 | |
Modifies | 32021R0620 | Athchur | iarscríbhinn VI cuid I Téacs | 26/01/2023 | |
Modifies | 32021R0620 | Athchur | iarscríbhinn VI cuid II Téacs | 26/01/2023 | |
Modifies | 32021R0620 | Athchur | iarscríbhinn VII cuid I Téacs | 26/01/2023 | |
Modifies | 32021R0620 | Athchur | iarscríbhinn VII cuid II Téacs | 26/01/2023 | |
Modifies | 32021R0620 | Athchur | iarscríbhinn VIII cuid I Téacs | 26/01/2023 | |
Modifies | 32021R0620 | Athchur | iarscríbhinn VIII cuid II | 26/01/2023 | |
Modifies | 32021R0620 | Athchur | iarscríbhinn XII cuid I Téacs | 26/01/2023 | |
Modifies | 32021R0620 | Athchur | iarscríbhinn XIII cuid I Téacs | 26/01/2023 |
23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 20/33 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/150 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Eanáir 2023
lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a mhéid a bhaineann le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalair atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagail 31(3), 36(4) agus 42(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha sonracha ó thaobh galair de maidir leis na galair a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de agus leagtar síos an chaoi a bhfuil na rialacha sin le cur i bhfeidhm maidir le catagóirí éagsúla de ghalair liostaithe. Déantar foráil i Rialachán (AE) 2016/429 go mbunóidh na Ballstáit cláir dhíothaithe éigeantacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b) de, agus déantar foráil ann maidir le cláir dhíothaithe roghnacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (c) de, agus maidir le formheas na gclár sin ag an gCoimisiún. Foráiltear leis an Rialachán sin freisin maidir leis an bhformheas nó an tarraingt siar a dhéanfaidh an Coimisiún ar stádas saor ó ghalar Ballstát nó criosanna nó deighleoga díobh a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (b) agus (c), de. |
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos na critéir maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú, a choinneáil, a chur ar fionraí agus a tharraingt siar i gcás Ballstát nó criosanna nó deighleog díobh, agus na ceanglais maidir le formheas clár díothaithe éigeantach nó roghnach le haghaidh Ballstát nó criosanna nó deighleog díobh. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún (3) leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir leis na galair liostaithe ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, a mhéid a bhaineann le stádas saor ó ghalair agus neamh-vacsaínithe Ballstát áirithe nó criosanna nó deighleog díobh, agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin. Go háirithe, liostaítear ann sna hIarscríbhinní a ghabhann leis, na Ballstáit nó na criosanna nó deighleoga díobh a bhfuil stádas saor ó ghalar acu. De thoradh na staide eipidéimeolaíche maidir le galair áirithe a bheith ag athrú, is gá anois iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú chun Ballstáit nua nó criosanna díobh atá saor ó ghalair a liostú agus chun limistéir nó deighleoga ina ndeimhnítear ráigeanna galair nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a choinneáil ar bun á gcomhlíonadh iontu a thuilleadh a scriosadh ó na liostaí. |
(4) |
Maidir le hionfhabhtú le coimpléasc Mycobacterium tuberculosis (Mycobacterium bovis, M. caprae agus M. tuberculosis) (MTBC), ionfhabhtú le víreas ghalar Aujeszky (ADV), ionfhabhtú le buinneach víreasach bhólachta (BVD), ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) (BTV), agus ionfhabhtú le seipticéime fhuilreatha víreasach (VHS), chuir roinnt Ballstát iarratas faoi bhráid an gCoimisiún le déanaí go ndeonófaí stádas saor ó ghalair do chuid dá gcríoch. Thug roinnt Ballstáit fógra freisin faoi ráigeanna d’ionfhabhtú le víreas an chonfaidh (RABV), BTV, agus ionfhabhtú le neacróis fhuilghinte (IHN), ráigeanna nach mór a chur in iúl in Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620. |
(5) |
Maidir le hionfhabhtú le MTBC, chuir an Spáinn faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar a aithint i leith ionfhabhtú le MTBC a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 i gComhphobail Uathrialacha na nOileán Bailéarach, an Chatalóin agus Murcia. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú i leith MTBC. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna sin a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chriosanna a bhfuil stádas saor ó ghalar acu i leith ionfhabhtú le MTBC. |
(6) |
Maidir le hionfhabhtú le ADV, chuir an Iodáil faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar a aithint i leith ADV, ar coinníollacha iad a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689, i réigiúin Trento agus Veneto. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin critéir Chuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú i leith ADV. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna sin a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chriosanna a bhfuil stádas saor ó ghalar acu i leith ionfhabhtú le ADV. |
(7) |
Maidir le hionfhabhtú le BVD, chuir an Ghearmáin faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar a aithint i leith BVD, ar coinníollacha iad a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689, maidir le Dachau, Straubing-Bogen agus Günzburg sa Bhaváir. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú i leith BVD. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna sin a liostú in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chriosanna a bhfuil stádas saor ó ghalar acu i leith ionfhabhtú le BVD. |
(8) |
Thug an Ungáir fógra don Choimisiún faoi roinnt ráigeanna d’ionfhabhtú le RABV i gcontae Szabolcs-Szatmár-Bereg. Ós rud é go bhfuil stádas saor ó ghalar i leith ionfhabhtú le RABV ag críoch iomlán na hUngáire, agus go liostaítear í i gCuid I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, ba cheart a stádas saor ó ghalar maidir le contae Szabolcs-Szatmár-Bereg a tharraingt siar, agus ba cheart an iontráil a bhaineann leis an Ungáir sa liosta sin a leasú dá réir. |
(9) |
Maidir le hionfhabhtú le RABV, tá iarratas curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Ungáir freisin ar chlár díothaithe a bheith formheasta do chontae Szabolcs-Szatmár-Bereg. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 2, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le cláir dhíothaithe le haghaidh ionfhabhtú le RABV a fhormheas. Dá bhrí sin, ba cheart contae Szabolcs-Szatmár-Bereg a liostú i gCuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chrios a bhfuil clár díothaithe formheasta aige le haghaidh ionfhabhtú le RABV. |
(10) |
Thug an Phortaingéil fógra don Choimisiún faoi ráigeanna d’ionfhabhtú le BTV séiritíopa 4 i gceantair Aveiro, Bragança, Coimbra, Guarda agus Viseu, ráigeanna a bhuail na ceantair máguaird freisin. Ós rud é go bhfuil stádas saor ó ghalar ag na ceantair sin, agus go liostaítear iad i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, ba cheart a stádas saor ó ghalar i leith ionfhabhtú le BTV a tharraingt siar, agus ba cheart an iontráil a bhaineann leis an bPortaingéil sa liosta sin a leasú dá réir. |
(11) |
Thug an Spáinn fógra don Choimisiún faoi ráigeanna d’ionfhabhtú le BTV séiritíopa 4 i gcúige Toledo i gComhphobal Uathrialach Castilla-La Mancha, agus i gcúige Salamanca i gComhphobal Uathrialach Castilla y Leon, ráigeanna a bhuail limistéir i gcúige Avila agus Zamora freisin. Ós rud é go bhfuil stádas saor ó ghalar ag na limistéir sin, agus go liostaítear iad i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, ba cheart a stádas saor ó ghalar i leith ionfhabhtú le BTV a tharraingt siar, agus ba cheart an iontráil a bhaineann leis an Spáinn sa liosta sin a leasú dá réir. |
(12) |
A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le BTV, chuir an Spáinn faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin freisin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar BTV a aithint i gcás réigiúin áirithe de Chomhphobail Uathrialacha Aragón agus Navarra agus i gcás réigiúin áirithe de Chomhphobal Uathrialach Thír na mBascach. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú i leith BTV. Ós rud é gur díothaíodh ionfhabhtú le BTV ó na Comhphobail Uathrialacha sin, ba cheart, dá bhrí sin, críoch iomlán na gComhphobal Uathrialacha sin a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar chríoch a bhfuil stádas saor ó ghalar aici i leith ionfhabhtú le BTV. |
(13) |
A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le BTV, chuir an Ghearmáin faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar i leith BTV a aithint i gcás Bundesland Saarland, agus i gcás codanna áirithe de Bundesland Rhineland-Palatinate. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú i leith BTV. Dá bhrí sin, ba cheart an crios sin a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chrios a bhfuil stádas saor ó ghalar aige i leith ionfhabhtú le BTV. |
(14) |
A mhéid a bhaineann le VHS, chuir an Fhionlainn faisnéis ar fáil lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar i leith VHS i gcás chúige Åland. Comhlíonann an fhaisnéis sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú i leith VHS. Ós rud é gur díothaíodh VHS ó chúige Åland, ba cheart, dá bhrí sin, críoch iomlán na Fionlainne a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar chríoch a bhfuil stádas saor ó ghalar aici i leith VHS. |
(15) |
Ina theannta sin, thug an Fhionlainn fógra don Choimisiún faoi ráig de IHN i gCúige Åland, i limistéar a liostaítear mar limistéar a bhfuil stádas saor ó ghalar aige in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620. Dá bhrí sin, ba cheart stádas saor ó ghalar an limistéir ionfhabhtaithe a tharraingt siar agus ba cheart an deighleog sin a scriosadh ó Chuid I den Iarscríbhinn sin, agus ba cheart an iontráil a bhaineann leis an mBallstát sin sa liosta sin a leasú dá réir. |
(16) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní II, III, VI, VII, VIII, XII agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú dá réir. |
(17) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II, III, VI, VII, VIII, XII agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Eanáir 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe, agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formheas an stádais saor ó ghalair agus an stádais neamh-vacsaínithe atá ag Ballstát áirithe nó ag criosanna nó deighleoga díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin (IO L 131, 16.4.2021, lch. 78).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II, III, VI, VII, VIII, XII agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas
|
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leanas:
|
(5) |
In Iarscríbhinn VIII, leasaítear Cuid I mar a leanas:
|
(6) |
In Iarscríbhinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid II: “CUID II Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta maidir le hionfhabhtú le BTV
|
(7) |
In Iarscríbhinn XII, Cuid I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an bhFionlainn:
|
(8) |
In Iarscríbhinn XIII, Cuid I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an bhFionlainn:
|