Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023H2211

    Moladh (AE) 2023/2211 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 maidir le ceanglais cháilíochta le haghaidh nósanna imeachta um réiteach díospóidí a chuireann margaí ar líne agus comhlachais trádála de chuid an Aontais ar fáil (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 7019)

    C/2023/7019

    IO L, 2023/2211, 19.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2211/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2211/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2211

    19.10.2023

    MOLADH (AE) 2023/2211 ÓN gCOIMISIÚN

    an 17 Deireadh Fómhair 2023

    maidir le ceanglais cháilíochta le haghaidh nósanna imeachta um réiteach díospóidí a chuireann margaí ar líne agus comhlachais trádála de chuid an Aontais ar fáil

    (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 7019)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), áirithítear go bhfuil rochtain ag tomhaltóirí san Aontas ar nósanna imeachta ardchaighdeáin le haghaidh réiteach malartach ar dhíospóidí chun díospóidí conarthacha a eascraíonn as díol earraí nó seirbhísí ag trádálaithe atá bunaithe san Aontas le tomhaltóirí a bhfuil cónaí orthu san Aontas a réiteach.

    (2)

    Ba é conclúid na meastóireachta a rinneadh le déanaí ar an Treoir sin go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dtomhaltóirí atá ag úsáid margaí ar líne chun earraí agus seirbhísí a cheannach agus go bhfuil siad in ann leas a bhaint as nósanna imeachta um réiteach díospóid a chuireann na margaí ar líne sin ar fáil mar chuid dá seirbhísí. Ní rialaítear nósanna imeachta um réiteach díospóidí den sórt sin le Treoir 2013/11/AE agus dá bhrí sin ní féidir a gcothroime a dhéanamh amach. Chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le tomhaltóirí a úsáideann nósanna imeachta um réiteach díospóidí den sórt sin agus leis an leibhéal is airde díchill ghairmiúil, moltar go nglacfadh nósanna imeachta den sórt sin na critéir cháilíochta ábhartha a leagtar síos i dTreoir 213/11/AE.

    (3)

    Ina theannta sin, léiríodh sa mheastóireacht a rinneadh ar Threoir 2013/11/AE gur annamh a úsáidtear nósanna imeachta trasteorann le haghaidh réiteach malartach ar dhíospóidí mar gheall ar an iliomad bacainní atá ann agus na nósanna imeachta sin á n-úsáid i gcomhthéacs trasteorann. Tá comhlachais trádála áirithe ann a chuireann córais trasteorann le haghaidh réiteach díospóidí ar fáil nach bhfuil nasctha le nósanna imeachta náisiúnta sonracha le haghaidh réiteach malartach ar dhíospóidí. Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta a chur ar fáil do thomhaltóirí, ba cheart a mholadh go gcomhlíonfadh na comhlachais trádála sin na ceanglais cháilíochta ábhartha i dTreoir 2013/11/AE a mhéid is féidir.

    (4)

    Margaí ar líne agus comhlachais trádála a sholáthraíonn nósanna imeachta le haghaidh réiteach díospóidí mar chuid dá seirbhísí, ba cheart dóibh na tomhaltóirí agus na trádálaithe a chur ar an eolas faoi phríomhthréithe na nósanna imeachta sin sula gcuirtear tús le nós imeachta, ionas gur féidir leis na páirtithe cinneadh a dhéanamh leanúint ar aghaidh leis an díospóid trí na modhanna sin nó gan sin a dhéanamh. Thairis sin, ba cheart do na margaí ar líne agus do na comhlachais trádála sin tuarascálacha a fhoilsiú go rialta ina mbeidh féinmheasúnú ar a nósanna imeachta, a mhéid a bhaineann lena gcomhlíontacht maidir leis na ceanglais a mholtar leis seo. Nuair a úsáidtear nósanna imeachta uathoibrithe chun díospóidí a réiteach, ba cheart é sin a phoibliú agus ba cheart cead a bheith ag tomhaltóirí agus trádálaithe a éileamh go ndéanfadh duine nádúrtha athbhreithniú ar thoradh an nós imeachta,

    TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

    CUSPÓIR AN MHOLTA

    1.

    Is é is aidhm don mholadh seo critéir ardcháilíochta a chur chun cinn i ndáil leis na nósanna imeachta um réiteach díospóidí a chuireann margaí ar líne agus comhlachais trádála de chuid an Aontais ar fáil, trí éifeachtacht agus cothroime na nósanna imeachta sin agus saineolas, neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na ndaoine nádúrtha atá i gceannas ar na nósanna imeachta sin a áirithiú.

    SAINMHÍNITHE

    2.

    Na téarmaí a shainmhínítear i dTreoir 2013/11/AE, is ionann ciall dóibh nuair a úsáidtear iad sa mholadh seo. Ina theannta sin:

    (a)

    ciallaíonn ‘margadh ar líne’ seirbhís idirghabhálach a úsáideann comhéadan ar líne lenar féidir le custaiméirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe eile le haghaidh díol táirgí nó seirbhísí;

    (b)

    ciallaíonn ‘comhlachas trádála de chuid an Aontais’ aon chomhlachas trádála a bhfuil comhaltaí aige atá bunaithe i mBallstáit éagsúla;

    (c)

    ciallaíonn ‘nósanna imeachta um réiteach díospóidí’ aon nós imeachta a chuireann margadh ar líne agus comhlachas trádála de chuid an Aontais ar fáil chun díospóidí a réiteach:

    maidir le hoibleagáidí conarthacha a eascraíonn as conarthaí díolacháin, lena n-áirítear oibleagáidí conarthacha chun ábhar digiteach a sholáthar, nó conarthaí seirbhíse, agus/nó

    i ndáil le cearta tomhaltóirí a eascraíonn as gníomhartha de chuid an Aontais a bhaineann leis na céimeanna réamhchonarthacha agus iarchonarthacha de chonarthaí den sórt sin,

    idir tomhaltóir a bhfuil cónaí air san Aontas agus trádálaí atá ag tairiscint earraí, inneachar digiteach nó seirbhísí do thomhaltóirí a bhfuil cónaí orthu san Aontas.

    ÁBHAR

    3.

    Moltar go ndéanfadh margaí ar líne agus comhlachais trádála de chuid an Aontais a chuireann nósanna imeachta um réiteach díospóidí ar fáil le haghaidh tomhaltóirí agus trádálaithe mar chuid dá seirbhísí, na critéir cháilíochta ábhartha a leagtar amach i dTreoir 2013/11/AE a chur i bhfeidhm chun réiteach díospóidí atá cothrom agus neamhchlaonta a chur ar fáil.

    SAINEOLAS, NEAMHSPLEÁCHAS, NEAMHCHLAONTACHT

    4.

    Go sonrach, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 2013/11/AE, moltar go mbeadh sé d’aidhm ag margaí ar líne agus comhlachais trádála de chuid an Aontais a áirithiú go mbeidh an saineolas is gá ag na daoine nádúrtha atá i gceannas ar nósanna imeachta um réiteach díospóidí agus go mbeidh siad neamhspleách agus neamhchlaonta. Moltar go ndéanfaí é sin a ráthú tríd an méid seo a leanas a áirithiú maidir le daoine den sórt sin:

    (a)

    go bhfuil an t-eolas agus na scileanna is gá acu i réimse an réitigh mhalartaigh nó bhreithiúnaigh ar dhíospóidí tomhaltóirí, chomh maith le tuiscint ghinearálta ar an dlí is infheidhme;

    (b)

    nach bhfuil siad faoi réir aon treoracha ó cheachtar páirtí ná óna n-ionadaithe;

    (c)

    go n-íoctar a luach saothair leo ar bhealach nach bhfuil nasctha le toradh an nós imeachta.

    ÉIFEACHTACHT

    5.

    I gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2013/11/AE, moltar go n-áiritheodh margaí ar líne agus comhlachais trádála de chuid an Aontais go bhfuil a nósanna imeachta um réiteach díospóidí éifeachtach agus go bhfuil sé mar aidhm acu an méid seo a leanas a áirithiú:

    (a)

    go bhfuil an nós imeachta um réiteach díospóidí le fáil ar líne agus go bhfuil teacht air go héasca ar líne ag an dá pháirtí gan beann ar an áit a bhfuil siad;

    (b)

    go bhfuil rochtain ag na páirtithe ar an nós imeachta gan é a bheith d’oibleagáid orthu dlíodóir ná comhairleoir dlí a áirithiú, ach nach mbaineann an nós imeachta de na páirtithe a gceart comhairle neamhspleách a fháil ná a gceart go ndéanfadh tríú páirtí ionadaíocht orthu nó cúnamh a thabhairt dóibh ag aon chéim den nós imeachta;

    (c)

    go bhfuil an nós imeachta um réiteach díospóidí saor in aisce nó ar fáil ar tháille ainmniúil do thomhaltóirí;

    (d)

    go dtugann an margadh ar líne nó an comhlachas trádála de chuid an Aontais a fuair gearán fógra do na páirtithe sa díospóid a luaithe a bheidh na doiciméid uile ina bhfuil an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis an ngearán faighte aige;

    (e)

    go gcuirtear toradh an nós imeachta um réiteach díospóidí ar fáil laistigh de thréimhse 90 lá féilire ón dáta a fuair an margadh ar líne nó an comhlachas trádála de chuid an Aontais an comhad gearáin iomlán. Ba cheart na páirtithe a chur ar an eolas faoi aon síneadh a chuirtear sa tréimhse sin agus faoin bhfad ama a mheastar a bheidh ag teastáil chun an díospóid a réiteach.

    COTHROIME

    6.

    I gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2013/11/AE, moltar go n-áiritheodh margaí ar líne agus comhlachais trádála de chuid an Aontais an méid seo a leanas ina nósanna imeachta um réiteach díospóidí:

    (a)

    go bhfuil an deis ag na páirtithe, laistigh de thréimhse réasúnta ama, a dtuairim a chur in iúl; na hargóintí, an fhianaise, na doiciméid agus na fíorais a chuir an páirtí eile chun cinn, aon ráitis a rinneadh agus tuairimí a thug saineolaithe a fháil ón margadh ar líne nó ón gcomhlachas trádála de chuid an Aontais, agus a mbarúil a thabhairt ina leith;

    (b)

    go gcuirtear na páirtithe ar an eolas nach bhfuil sé d’oibleagáid orthu dlíodóir ná comhairleoir dlí a áirithiú, ach gur féidir leo comhairle neamhspleách a fháil nó gur féidir le tríú páirtí ionadaíocht a dhéanamh orthu nó cúnamh a thabhairt dóibh ag aon chéim den nós imeachta;

    (c)

    go dtabharfar fógra i scríbhinn nó ar mheán marthanach do na páirtithe faoi thoradh an nós imeachta um réiteach díospóidí agus go dtugtar ráiteas dóibh faoi na forais ar a bhfuil an toradh bunaithe.

    7.

    Moltar go n-áiritheodh margaí ar líne agus comhlachais trádála de chuid an Aontais an méid seo a leanas:

    (a)

    go bhfuil an deis ag na páirtithe tarraingt siar as an nós imeachta ag aon chéim má tá siad míshásta le comhlíonadh nó le hoibriú an nós imeachta. Moltar go gcuirfí ar an eolas iad faoin gceart sin sula dtosódh an nós imeachta;

    (b)

    go gcuirtear na páirtithe ar an eolas, sula gcomhaontóidh siad nó sula leanfaidh siad moladh ar réiteach, faoin méid seo a leanas:

    i)

    go bhfuil sé de rogha acu an moladh ar réiteach a chomhaontú nó a leanúint, nó gan é a chomhaontú nó a leanúint;

    ii)

    nach bhfágann a rannpháirtíocht sa nós imeachta nach féidir sásamh a lorg trí imeachtaí cúirte;

    iii)

    go bhféadfadh an moladh ar réiteach a bheith éagsúil leis an gcinneadh a dhéanfadh cúirt.

    (c)

    go gcuirtear na páirtithe ar an eolas, sula gcomhaontóidh siad nó sula leanfaidh siad moladh ar réiteach, faoin éifeacht dhlíthiúil a bhaineann le moladh ar réiteach den sórt sin a chomhaontú nó a leanúint;

    (d)

    go dtugtar tréimhse réasúnta ama do na páirtithe chun a machnamh a dhéanamh, sula gcuireann siad a dtoiliú in iúl maidir le moladh ar réiteach nó comhaontú cairdiúil.

    MOLTAÍ BREISE

    8.

    Moltar go n-áiritheodh margaí ar líne agus comhlachais trádála de chuid an Aontais, nuair a bhaineann siad úsáid as nósanna imeachta uathoibrithe chun díospóidí a réiteach, go bpoibleofaí é sin agus go dtabharfaí an ceart do na páirtithe sa díospóid a iarraidh go ndéanfaidh duine nádúrtha athbhreithniú ar thoradh an nós imeachta.

    9.

    Moltar go bhfoilseodh margaí ar líne agus comhlachais trádála de chuid an Aontais tuarascálacha féinmheasúnaithe ar bhonn rialta, a chumhdódh tréimhsí nach faide ná dhá bhliain, maidir leis an gcaoi ar cuireadh na critéir cháilíochta a leagtar síos sa mholadh seo chun feidhme. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith le fáil ar a suíomh gréasáin.

    10.

    Moltar go gcuirfeadh margaí ar líne agus comhlachais trádála de chuid an Aontais tomhaltóirí agus trádálaithe ar an eolas, sula gcuirtear tús leis an nós imeachta um réiteach díospóidí, faoi na príomheilimintí agus na rialacha nós imeachta a chuirtear i bhfeidhm, amhail na teangacha a úsáidtear, an doiciméadacht is gá, an meánfhad, na costais a d’fhéadfadh a bheith ann. Ina theannta sin, ba cheart dóibh na forais ar a bhféadfaidh siad diúltú déileáil le díospóid ar leith a shonrú go soiléir.

    11.

    Moltar go rannchuideodh na Ballstáit an moladh seo a chur in iúl do mhargaí ar líne agus do chomhlachais trádála de chuid an Aontais a bhfuil nósanna imeachta um réiteach díospóidí á dtairiscint acu do thomhaltóirí a bhfuil cónaí orthu ina gcríocha faoi seach.

    SEOLAITHE

    12.

    Tá an moladh seo dírithe chuig margaí ar líne agus chuig comhlachais trádála de chuid an Aontais a sholáthraíonn nósanna imeachta um réiteach díospóidí idir trádálaithe agus tomhaltóirí a bhfuil cónaí orthu san Aontas agus chuig na Ballstáit.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Deireadh Fómhair 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Didier REYNDERS

    Comhalta den Choimisiún


    (1)   IO L 165, 18.6.2013, lch. 63.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2211/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top