EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0269

Cinneadh (AE) 2023/269 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE, a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE (Taisclanna Lárnacha Urrús - Lichtinstéin) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

ST/15839/2022/INIT

IO L 39, 9.2.2023, p. 32–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/269/oj

9.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 39/32


CINNEADH (AE) 2023/269 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Eanáir 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE, a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE (Taisclanna Lárnacha Urrús - Lichtinstéin)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú.

(3)

Ionchorpraíodh Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 18/2019 ó Chomhchoiste LEE (4)agus tagraítear dó i bpointe 31bf d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE.

(4)

Le hoiriúnú (c) i bpointe 31bf d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, deonaítear maolú do Lichtinstéin chun cead a thabhairt do Thaisclanna Lárnacha Urrús tríú tír a bhfuil seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 á soláthar acu cheana féin d’idirghabhálaithe airgeadais i Lichtinstéin nó a bhfuil brainse curtha ar bun acu i Lichtinstéin cheana féin leanúint de na seirbhísí dá dtagraítear san Airteagal sin a sholáthar ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 18/2019 ó Chomhchoiste LEE.

(5)

An 2 Samhain 2022, chuir Lichtinstéin iarraidh isteach ar shíneadh a chur leis an maolú dá dtagraítear in oiriúnú (c) i bpointe 31bf d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a mhairfidh tar éis an 8 Feabhra 2024, ar feadh tréimhse nár cheart a bheith níos faide ná 7 mbliana.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun a cheadú do Thaisclanna Lárnacha urrús tríú tír a bhfuil seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 á soláthar acu cheana féin d’idirghabhálaithe airgeadais i Lichtinstéin nó a bhfuil brainse curtha ar bun acu i Lichtinstéin cheana féin leanúint de na seirbhísí sin a sholáthar ar feadh tréimhse nach faide ná 7 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an dréachtchinneadh seo atá i gceangal. Mar sin féin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar oiriúnú (c) i bpointe 31bf d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE má dhéantar leasú ar Airteagail 25 nó 69 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 le linn na tréimhse sin.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an Dréachtchinneadh atá i gceangal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an Dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. KULLGREN


(1)  IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012, IO L 257, 28.8.2014, lch. 1.

(4)  Cinneadh Uimh. 18/2019 ó Chomhchoiste LEE an 8 Feabhra 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2019/341] (IO L 60, 28.2.2019, lch. 31).


DRÉACHT

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. …

an …

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) 236/2012 (1), ionchorpraíodh é i gComhaontú LEE le Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 18/2019 an 8 Feabhra 2019 (2) agus tagraítear dó i bpointe 31bf d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE.

(2)

Na coinníollacha le haghaidh soláthar seirbhísí i Limistéar Eorpach a dhéanann taisclann lárnach urrús atá bunaithe i dtríú tír, rialáiltear iad le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.

(3)

Le hoiriúnú (c) i bpointe 31bf d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, deonaítear maolú do Lichtinstéin chun cead a thabhairt do thaisclanna lárnacha urrús tríú tír a bhfuil seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 á soláthar acu cheana féin d’idirghabhálaithe airgeadais i Lichtinstéin nó a bhfuil brainse curtha ar bun acu i Lichtinstéin cheana féin leanúint de na seirbhísí sin a sholáthar ar feadh tréimhse suas le 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 18/2019 ó Chomhchoiste LEE an 8 Feabhra 2019.

(4)

Ba cheart oiriúnú (c) i bpointe 31bf d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun a cheadú do thaisclanna lárnacha urrús tríú tír a bhfuil seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 á soláthar acu cheana féin d’idirghabhálaithe airgeadais i Lichtinstéin nó a bhfuil brainse curtha ar bun acu i Lichtinstéin cheana féin leanúint de na seirbhísí sin a sholáthar ar feadh tréimhse nach faide ná 7 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Mar sin féin, má dhéantar leasú ar Airteagal 25 nó 69 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 le linn na tréimhse sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar oiriúnú (c) dá réir.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (c) i bpointe 31bf d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

“(c)

Féadfaidh Lichtinstéin cead a thabhairt do thaisclanna lárnacha urrús tríú tír a bhfuil seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 25(2) á soláthar acu cheana féin d’idirghabhálaithe airgeadais i Lichtinstéin nó a bhfuil brainse curtha ar bun acu i Lichtinstéin cheana féin leanúint de na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 25(2) a sholáthar ar feadh tréimhse nach faide ná 7 mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. .../... ó Chomhchoiste LEE an [an Cinneadh seo].”.

Airteagal 2

Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha athbhreithniú ar oiriúnú (c) i bpointe 31bf d’Iarscríbhinn IX agus iad ag ionchorprú i gComhaontú LEE aon ghnímh lena leasaítear Airteagal 25 nó 69 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 nó aon ghnímh a chuirtear ina n-ionad.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, […].

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rúnaithe

Chomhchoiste LEE


(1)  IO L 257, 28.8.2014, lch. 1.

(2)  IO L 60, 28.2.2019, lch. 31.

(*1)  [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]


Top