Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2116

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2116 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na bearta agus na nósanna imeachta le haghaidh plean leanúnachais gnó soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/4833

    IO L 287, 8.11.2022, p. 38–41 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2116/oj

    8.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 287/38


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2116 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Iúil 2022

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na bearta agus na nósanna imeachta le haghaidh plean leanúnachais gnó soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 12(16), an ceathrú fomhír de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Chun a áirithiú go ndéanfar na bearta agus na nósanna imeachta le haghaidh an phlean leanúnachais gnó dá dtagraítear in Airteagal 12(2), pointe (j), de Rialachán (AE) 2020/1503 a chomhchuibhiú go cuí laistigh den Aontas, ba cheart na bearta agus na nósanna imeachta le haghaidh phlean sin a shonrú.

    (2)

    Chun aghaidh a thabhairt mar is ceart ar na rioscaí a bhaineann le seirbhísí criticiúla a scor, ba cheart a áirithiú leis an bplean leanúnachais gnó go leanfar de sheirbhísí criticiúla a fheidhmiú lena n-áirítear iad siúd a sheachfhoinsítear, d’ainneoin chliseadh an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, nó an tríú páirtí ar seachfhoinsíodh seirbhísí criticiúla chucu.

    (3)

    I bhfianaise an réimse teagmhas a d’fhéadfadh tionchar díobhálach a bheith acu ar fheidhmiú na seirbhísí criticiúla, leis an bplean leanúnachais gnó, ba cheart aghaidh a thabhairt ar chásanna as a n-éiríonn fabht nó mainneachtain shuntasach ar fheidhmiú na seirbhísí criticiúla.

    (4)

    Chun a áirithiú go bhfuil an plean leanúnachais gnó éifeachtach, is iomchuí ábhar íosta beart agus nósanna imeachta a leagan amach le haghaidh phlean leanúnachais gnó.

    (5)

    Is iomchuí líon teoranta téarmaí teicniúla a shoiléiriú. Tá gá leis na sainmhínithe teicniúla sin chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú agus, dá bhrí sin, rannchuidiú le bunú leabhair rialacha aonair maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an Aontais. Is chun oibleagáidí soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a leagan amach, agus chun na críche sin amháin, atá na sainmhínithe sin ann agus ba cheart iad a bheith teoranta go docht do thuiscint an Rialacháin seo.

    (6)

    Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí faoi bhráid an Choimisiúin.

    (7)

    Rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

    (8)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3)agus thug sé tuairim uaidh an 1 Meitheamh 2022,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn “seirbhísí criticiúla” seirbhísí oibríochtúla agus gnó a ndéanfadh fabht nó mainneachtain ar a bhfeidhmiú dochar ábhartha do chomhlíontacht leanúnach soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin le Rialachán (AE) 2020/1503, nó dá fheidhmíocht airgeadais, nó d’fhóntacht nó do leanúnachas a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí sluachistiúcháin, go háirithe maidir lena chliaint.

    (b)

    ciallaíonn “cliseadh” aon imeacht dócmhainneachta nó imeacht réamhdhócmhainneachta is infheidhme faoin dlí ábhartha nó aon idirbhriseadh suntasach ar ghnó.

    (c)

    ciallaíonn “idirbhriseadh suntasach ar ghnó” fabht mór nó mainneachtain mhór lena ndéantar dochar ábhartha d’fheidhmiú seirbhísí criticiúla.

    Airteagal 2

    Ábhar íosta an phlean leanúnachais gnó

    1.   Forbróidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin plean leanúnachais gnó mionsonraithe lena dtabharfar aghaidh ar na rioscaí a bhaineann lena gcliseadh (“an plean leanúnachais gnó”).

    2.   Áireofar na nithe seo a leanas sa phlean leanúnachais gnó:

    (a)

    bearta agus nósanna imeachta chun an leanúnachas a áirithiú maidir le seirbhísí criticiúla a bhaineann le hinfheistíochtaí atá ann cheana a sholáthar;

    (b)

    bearta agus nósanna imeachta chun dea-rialachas comhaontuithe idir an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin agus a chliaint agus dea-rialachas sonraí gnó criticiúla a áirithiú.

    Airteagal 3

    Leanúnachas maidir le seirbhísí criticiúla a sholáthar

    1.   Leis an bplean leanúnachais gnó, áiritheofar go leanfar de sheirbhísí criticiúla a fheidhmiú, lena n-áirítear iad siúd a sheachfhoinsítear chuig tríú páirtithe, d’ainneoin chliseadh an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó an tríú páirtí ar seachfhoinsíodh seirbhísí criticiúla chucu.

    2.   Déanfar na bearta atá sa phlean leanúnachais gnó a chur in oiriúint do shamhail ghnó an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin agus áireofar socruithe iontu lena n-áiritheofar leanúnachas na seirbhísí criticiúla trí roinnt de na seirbhísí criticiúla sin nó iad go léir a sheachfhoinsiú chuig eintiteas tríú páirtí.

    3.   Beidh forálacha sa phlean leanúnachais gnó maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    fógra a thabhairt don chliant maidir le haon chliseadh a tharla;

    (b)

    rochtain na gcliant ar fhaisnéis a bhaineann lena n-infheistíochtaí;

    (c)

    i gcás inarb infheidhme, seirbhísiú leanúnach a dhéanamh ar iasachtaí gan aisíoc;

    (d)

    i gcás inarb infheidhme, leanúint de sheirbhísí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2020/1503, lena n-áirítear na socruithe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal sin;

    (e)

    i gcás inarb infheidhme, aistriú na socruithe slánchoinneála sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2020/1503.

    Airteagal 4

    Dea-rialachas comhaontuithe

    1.   Leagfar amach sa phlean leanúnachais gnó, agus cineál, scála agus castacht an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin agus a shamhail ghnó á gcur san áireamh, bearta mionsonraithe atá le déanamh chun dea-rialachas comhaontuithe idir an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin agus a chliaint a áirithiú.

    2.   Cuirfear na bearta dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    comhaontuithe idir an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin agus a chliaint, lena n-áirítear faisnéis atá ríthábhachtach maidir le dea-rialachas comhaontuithe;

    (b)

    torthaí ón triail eolais iontrála dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2020/1503;

    (c)

    sonraí gnó criticiúla eile.

    3.   Beidh na nithe seo a leanas sna céimeanna dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    stóráil in áit shábháilte comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), i gcás nach bhfuil an leagan bunaidh ar fáil ach i bhfoirm páipéir;

    (b)

    cúltacú ábhartha na ndoiciméad agus na faisnéise dá dtagraítear i mír 2.

    4.   Faisnéis agus comhaontuithe lena gcumasaítear rianú a dhéanamh ar íocaíochtaí arna ndéanamh ag infheisteoirí agus úinéirí tionscadail, measfar iad a bheith ina sonraí gnó criticiúla chun críocha mhír 2, pointe (c).

    Airteagal 5

    Nósanna imeachta

    1.   Déanfar na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (a) agus (b), a chur in oiriúint do shamhail ghnó an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin agus áireofar na nithe seo a leanas iontu:

    (a)

    liosta a thiomsú de shonraí teagmhála na ndaoine nó na roinne atá i gceannas i gcás chliseadh an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

    (b)

    na trí chás cliste is dóichí a shainaithint agus tuairisc ar na bearta atá le déanamh chun a dtionchar ar leanúnachas na seirbhísí criticiúla a mhaolú;

    (c)

    forálacha maidir le rochtain fhoireann an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ar an spás oibre agus ar líonra na cuideachta;

    (d)

    forálacha maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi chliaint agus, i gcás inarb ábhartha, ar shócmhainní cliant;

    (e)

    sainaithint rioscaí oibríochtúla agus airgeadais chomh maith le bearta chun iad a laghdú;

    (f)

    sainaithint córas criticiúil gnó agus bearta teagmhasacha chun a leanúnachas a áirithiú;

    (g)

    sainaithint caidreamh criticiúil gnó, lena n-áirítear feidhmeanna seachfhoinsithe;

    (h)

    nósanna imeachta chun leanúnachas na cumarsáide a áirithiú idir an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, a chliaint, comhpháirtithe gnó, fostaithe agus údaráis inniúla.

    Airteagal 6

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 347, 20.10.2020, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

    (3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


    Top