Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1369

    Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás

    ST/11568/2022/INIT

    IO L 206, 8.8.2022, p. 1–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/03/2024: This act has been changed. Current consolidated version: 01/04/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1369/oj

    8.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 206/1


    RIALACHÁN (AE) 2022/1369 ÓN gCOMHAIRLE

    an 5 Lúnasa 2022

    maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Chuir Cónaidhm na Rúise, príomhsholáthróir seachtrach gáis don Aontas, tús le fogha míleata i gcoinne na hÚcráine, ar Páirtí Conarthach de chuid an Chomhphobail Fuinnimh í. De bharr ghéarú fhogha na Rúise faoin Úcráin ó bhí mí Feabhra 2022 ann, tá laghdú suntasach tagtha ar sholáthairtí gáis, ar iarracht d’aon ghnó í soláthair gáis a úsáid mar arm polaitiúil. Tá stop curtha le sreafaí píblíne gáis ón Rúis tríd an mBealarúis agus tá laghdú leanúnach tagtha ar sholáthairtí gáis tríd an Úcráin. Tá sreafaí gáis foriomlána ón Rúis níos lú ná 30 % de mheán sreafaí gáis sa tréimhse 2016-2021 anois. Mar thoradh ar an laghdú soláthair sin tá praghsanna fuinnimh níos airde ná riamh agus luaineach, rud a chuireann le boilsciú agus a chruthaíonn baol go dtiocfaidh cor eile chun donais eacnamaíoch san Eoraip.

    (2)

    I bhfianaise an mhéid sin, i dteannta na teachtaireachta uaidh an 8 Márta 2022 dar teideal “REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe”, thíolaic an Coimisiún plean REPowerEU an 18 Bealtaine 2022 agus é mar aidhm leis deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a luaithe is féidir, agus faoi 2027 ar a dhéanaí. Chun an aidhm sin a bhaint amach, leagtar amach i bplean REPowerEU bearta a bhaineann le coigiltis fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh, agus moltar roll amach brostaithe maidir le fuinneamh glan lena chur in ionad breoslaí iontaise i dtithe, i dtionscal agus i nginiúint cumhachta. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta breise ó thaobh an tsoláthair de, inter alia, comhordú níos fearr ar cheannacháin gháis, éascú ar cheannacháin chomhpháirteacha arna ndéanamh ag oibreoirí mhargadh gáis na hEorpa ar an margadh idirnáisiúnta gáis, chomh maith le tréaniarrachtaí acmhainneacht táirgthe leictreachais nach mbraitheann ar sholáthairtí allmhairithe gáis a chaomhnú.

    (3)

    Tá bearta breise déanta ag an Aontas chun a leibhéal ullmhachta a mhéadú a mhéid a bhaineann le suaitheadh sa soláthar gáis. Glacadh Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) chun líonadh na láithreán stórála faoi thalamh a áirithiú do na séasúir gheimhridh atá romhainn.

    (4)

    Thairis sin, i mí Feabhra 2022 agus i mí na Bealtaine 2022 rinne an Coimisiún grinn-athbhreithnithe ar na pleananna éigeandála náisiúnta uile agus rinne sé grinnfhaireachán freisin ar an staid maidir le slándáil an tsoláthair. Ceapadh na bearta a rinne an tAontas ó mhí Feabhra 2022 le go mbeifí in ann deireadh iomlán a chur le húsáid ghás na Rúise faoi 2027, agus chun na rioscaí a eascraíonn as mórshuaitheadh soláthair eile a laghdú.

    (5)

    Mar sin féin, leis an ngéarú a tháinig le déanaí ar shuaitheadh an tsoláthair gáis ón Rúis, tá riosca mór ann go dtiocfaidh stop iomlán le soláthairtí gáis na Rúise go luath, ar bhealach tobann aontaobhach. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas a bheith ag súil leis an riosca sin agus, de mheon na dlúthpháirtíochta, ba cheart dó ullmhú don fhéidearthacht go dtarlóidh suaitheadh iomlán ar sholáthar gáis ón Rúis tráth ar bith. Tá gá le gníomhaíocht réamhghníomhach láithreach chun teacht roimh thuilleadh gníomhaíochta suaiteacha agus chun athléimneacht an Aontais i leith suaití amach anseo a neartú. Is féidir le gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais díobháil thromchúiseach don gheilleagar agus do shaoránaigh, mar thoradh ar idirbhriseadh féideartha sa soláthar gáis, a sheachaint.

    (6)

    Leis an gcreat dlíthiúil reatha le haghaidh shlándáil an tsoláthair gáis a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/1938 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní thugtar aghaidh go leordhóthanach ar shuaitheadh ag mórsholáthróir gáis a mhaireann níos mó ná 30 lá. In éagmais creat dlíthiúil le haghaidh suaití den sórt sin, tá riosca ann go ndéanfaidh na Ballstáit gníomhaíocht neamh-chomhordaithe, rud a d’fhéadfadh slándáil an tsoláthair sna Ballstáit chomharsanachta a chur i mbaol agus a d’fhéadfadh ualach breise a chur ar thionscal agus tomhaltóirí an Aontais.

    (7)

    Sa rún uaithi an 7 Aibreán 2022 maidir leis na conclúidí ó chruinniú na Comhairle Eorpaí an 24-25 Márta 2022, d’iarr Parlaimint na hEorpa go gcuirfear i láthair plean chun leanúint de shlándáil sholáthar fuinnimh an Aontais sa ghearrthéarma a áirithiú. Ag na cruinnithe a bhí aici an 31 Bealtaine agus an 23 Meitheamh 2022, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún tograí a dhéanamh mar ábhar práinne chun feabhas a chur ar an ullmhacht le haghaidh mórshuaití féideartha soláthair d’fhonn soláthar fuinnimh ar phraghsanna inacmhainne a áirithiú. Tar éis na hiarrata sin ón gComhairle Eorpach, tá an Coimisiún ag féachaint, i dteannta chomhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais, ar bhealaí chun srian a chur leis na praghsanna fuinnimh atá ag dul i méid, lena n-áirítear a indéanta a bheadh sé uasteorainneacha sealadacha ar phraghsanna allmhairíochta a thabhairt isteach i gcás inarb iomchuí. I dteannta na hiarrata sin, tá an Coimisiún i mbun oibre ar fheidhmiú mhargadh leictreachais na hEorpa a bharrfheabhsú, lena n-áirítear éifeacht na bpraghsanna gáis ar an margadh, ionas go mbeidh an margadh níos ullmhaithe chun luaineacht iomarcach praghsanna a sheasamh amach anseo, go gcuirfidh sé leictreachas inacmhainne ar fáil agus go mbeidh sé lánoiriúnach do chóras fuinnimh dícharbónaithe, agus, ag an am céanna, iomláine an mhargaidh aonair á caomhnú, dreasachtaí don aistriú glas á gcoimeád, slándáil an tsoláthair á caomhnú agus costais bhuiséideacha díréireacha á seachaint.

    (8)

    Le hAirteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cuirtear ar chumas na Comhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, na bearta is iomchuí don staid eacnamaíoch a chinneadh, go háirithe má tharlaíonn géardheacrachtaí maidir le soláthar táirgí áirithe, go háirithe i réimse an fhuinnimh. Is staid den sórt sin é an riosca go gcuirfear stop iomlán le soláthairtí gáis na Rúise faoi dheireadh 2022.

    (9)

    I bhfianaise an ghar-riosca atá ann maidir le suaitheadh ar sholáthairtí gáis chuig an Aontas, ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh anois chun an t-éileamh ar na soláthairtí sin a laghdú roimh shéasúr an gheimhridh 2022-23. Chuirfeadh laghdú deonach ar éileamh den sórt sin go háirithe le hacmhainneachtaí stórála a líonadh sa chaoi is nach n-ídeofaí iad faoi dheireadh shéasúr gheimhridh 2022-23, agus, dá bhrí sin, chuirfeadh sé ar chumas na mBallstát déileáil le tréimhsí fuara féideartha i mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2023 agus éascú líonadh na n-acmhainneachtaí stórála chun leibhéil leordhóthanacha shlándáil an tsoláthair a áirithiú le haghaidh shéasúr gheimhridh 2023-24. Ach an t-éileamh ar ghás a laghdú, cuideofar freisin le soláthar leordhóthanach a áirithiú agus praghsanna fuinnimh a laghdú, rud a rachaidh chun tairbhe thomhaltóirí an Aontais. Dá bhrí sin, rachadh bearta a ghlactar ar leibhéal an Aontais chun an t-éileamh a laghdú chun tairbhe na mBallstát uile tríd an riosca go mbeadh tionchar níos substaintiúla ar a ngeilleagair a laghdú.

    (10)

    Maidir le méid an laghdaithe dheonaigh ar éileamh, cuirtear san áireamh méideanna an éilimh ar ghás a bheadh i mbaol a neamhsheachadta i gcás suaitheadh iomlán ar sholáthair gáis na Rúise. Ba cheart go mbeadh an t-iarracht ar laghdú sin comhionann le haghaidh na mBallstát uile, bunaithe ar chomparáid ar mheántomhaltas gach Ballstáit le cúig bliana anuas.

    (11)

    D’fhéadfadh sé nach leor bearta maidir le laghdú deonach ar éileamh iontu féin chun slándáil an tsoláthair agus feidhmiú an mhargaidh a áirithiú. Dá bhrí sin, chun aghaidh a thabhairt go pras ar na dúshláin shonracha a bhaineann leis an nganntanas soláthair gáis leanúnach, a bhfuil coinne leis go mbeidh sé i bhfad níos measa amach anseo, agus chun saobhadh idir na Ballstáit a sheachaint, ba cheart ionstraim nua a bhunú lenar féidir laghdú sainordaitheach ar éileamh ar ghás a thabhairt isteach le haghaidh gach Ballstáit. Ba cheart go mbeadh sé oibríochtúil go leordhóthanach roimh fhómhar 2022. Faoi ionstraim den sórt sin, d’fhéadfadh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, foláireamh Aontais a fhógairt trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme. Trí chumhacht cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle, cuirtear san áireamh go leordhóthanach gné pholaitiúil an chinnidh oibleagáid shainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh ar fud an Aontais a thionscain agus impleachtaí cothrománacha an chinnidh sin do na Ballstáit. Sula dtíolacfaidh sé togra den sórt sin, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na grúpaí riosca ábhartha, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1938 (“grúpaí riosca”), agus leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis (GCG), a bunaíodh leis an Rialachán sin. Níor cheart foláireamh Aontais a fhógairt ach amháin i gcás nach leor na bearta deonacha maidir le laghdú ar éileamh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca go mbeidh ganntanas tromchúiseach soláthair ann. Ba cheart deis a thabhairt do chúig údarás inniúil nó níos mó de chuid na mBallstát a bhfuil foláirimh náisiúnta fógartha acu de bhun Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/1938 a iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur faoi bhráid na Comhairle chun foláireamh Aontais a fhógairt.

    (12)

    Ba cheart d’fholáireamh an Aontais feidhmiú mar leibhéal géarchéime Aontas-sonrach, agus ba cheart dó laghdú sainordaitheach ar éileamh a spreagadh, gan spleáchas do na leibhéil ghéarchéime náisiúnta de bhun Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2017/1938. A luaithe a fhógrófar foláireamh Aontais, ba cheart do na Ballstáit a dtomhaltas gáis a laghdú laistigh de thréimhse réamhshainithe. Maidir le méid an laghdaithe shainordaithigh ar éileamh is gá, cuirtear san áireamh méideanna an éilimh ar ghás a bheadh i mbaol i gcás suaitheadh iomlán ar sholáthairtí gáis na Rúise chuig an Aontas agus ba cheart a chur san áireamh go hiomlán aon laghdú deonach ar éileamh atá bainte amach cheana féin. Maidir le méid an laghdaithe shainordaithigh ar éileamh ba cheart a chur san áireamh freisin an leibhéal líonta stórála mar a thuairiscítear de bhun Airteagal 6d(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/1938, an fhorbairt maidir le héagsúlú foinsí gáis, lena n-áirítear soláthairtí gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) agus forbairt inionadaitheachta breosla san Aontas.

    (13)

    Laghduithe ar éileamh a bhain na Ballstáit amach sular fógraíodh foláireamh an Aontais, léireofar iad i méid an laghdaithe shainordaithigh ar éileamh.

    (14)

    I bhfianaise an tsaofa shuntasaigh ar an margadh inmheánach is dócha a tharlóidh má ghníomhaíonn na Ballstáit ar bhealach neamhchomhordaithe i leith suaitheadh breise ar sholáthair ghás na Rúise, féideartha nó iarbhír, tá sé ríthábhachtach de mheon na dlúthpháirtíochta go laghdóidh na Ballstáit uile a n-éileamh ar ghás. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit uile na spriocanna laghduithe deonacha agus sainordaitheacha ar éileamh a bhaint amach. Cé go bhféadfadh roinnt Ballstát a bheith níos neamhchosanta ar na héifeachtaí a bheadh ag suaitheadh ar sholáthairtí ghás na Rúise, d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ar na Ballstáit uile agus d’fhéadfadh leo rannchuidiú le díobháil eacnamaíoch suaitheadh den sórt sin arb é is cúis leis a theorannú, bíodh sin trí mhéideanna breise de ghás ó phíblíne nó de lastaí GNL a scaoileadh chun gur féidir leis na Ballstáit a bhfuil easnaimh shuntasacha gáis acu iad a úsáid, tríd an tionchar dearfach ar phraghsanna gáis is dócha a bheidh ag laghdú ar éileamh, nó trí shaobhadh margaidh trí bhearta neamhchomhordaithe maidir le laghdú ar éileamh atá ag teacht salach ar a chéile a sheachaint. Dá bhrí sin, léiríonn an Rialachán seo prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh, a dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais le déanaí mar bhunphrionsabal de dhlí an Aontais (3).

    (15)

    Mar sin féin, mar gheall ar a staid shonrach gheografach nó fhisiciúil, amhail gan a bheidh sioncrónaithe le córas leictreachais na hEorpa ná idirnasctha go díreach le córas idirnasctha gáis Bhallstáit eile, níl Ballstáit áirithe in ann toirteanna suntasacha gáis píblíne a scaoileadh chun tairbhe Ballstát eile. Dá bhrí sin, ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit dul i muinín foras amháin nó níos mó chun teorainn a chur ar a n-oibleagáid shainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh. Ba cheart don Bhallstáit lena mbaineann a bheith tiomanta chun gach iarracht a dhéanamh na heasnaimh maidir le hidirnascadh a bhaint a luaithe is féidir.

    (16)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cuirtear creat ar bun do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí ábhartha chun oibriú le chéile i suíomh réigiúnach chun gréasáin fuinnimh atá nasctha ar bhealach níos fearr a fhorbairt, agus é mar aidhm leis, go háirithe, réigiúin atá scoite amach ó mhargaí fuinnimh na hEorpa faoi láthair a nascadh agus idirnaisc thrasteorann atá ann cheana a neartú agus idirnaisc thrasteorann nua a chur chun cinn. Cuireann idirnaisc thrasteorann go mór le slándáil an tsoláthair. I bhfianaise shuaitheadh an tsoláthair gáis ón Rúis faoi láthair, tá ról lárnach ag idirnaisc thrasteorann den sórt sin maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh a áirithiú agus maidir le gás a dháileadh ar Bhallstáit eile, de mheon na dlúthpháirtíochta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit leanúint dá n-iarrachtaí comhtháthú a ngréasán a fheabhsú, lena n-áirítear trí mheasúnú a dhéanamh ar an méadú a d’fhéadfadh teacht ar an acmhainneacht nua idirnaisc thrasteorann i gcomhréir le cuspóirí Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

    (17)

    Chun iarrachtaí na mBallstát a éascú maidir le cuspóirí Rialachán (AE) 2022/1032 a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le stóráil gáis, ba cheart toirt an gháis a úsáideann na Ballstáit i gcomhair stórála de bhreis ar an sprioc idirmheánach don 1 Lúnasa 2022 a chur san áireamh freisin chun méid a laghdaithe shainordaithigh ar éileamh a chinneadh.

    (18)

    Ina theannta sin, chun aird chuí a thabhairt ar spleáchas ard thionscail chriticiúla na mBallstát ar ghás, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann tomhaltas gáis a eisiamh sna tionscail sin agus méid a laghdaithe shainordaithigh ar éileamh á chinneadh acu. Le faireachán ag an gCoimisiúin, ba cheart a áirithiú nach mbeidh saobhadh míchuí ar an margadh inmheánach mar thoradh ar theorainneacha náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann méid a laghdaithe shainordaithigh ar éileamh a theorannú i gcás inar gá teorainn den sórt sin chun an soláthar gáis chuig Ballstáit eile a uasmhéadú agus ina bhfuil siad in ann fianaise a sholáthar go n-úsáidtear a n-acmhainneachtaí onnmhairiúcháin tráchtála idirnascaire chuig Ballstáit eile nó a mbonneagar GNL intíre chun gás a atreorú chuig Ballstáit eile a mhéid is féidir. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir leis na maoluithe sin a chur i bhfeidhm.

    (19)

    Maidir le cúinsí sonracha éilimh ó Bhallstáit idirnasctha, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an laghdú éigeantach ar éileamh a theorannú go sealadach i gcás inar gá chun cinnteacht an tsoláthair fuinnimh a áirithiú, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh géarchéim leictreachais, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), roimh Bhallstát. Ba cheart aird a thabhairt freisin ar an acmhainneacht stórála agus ar an leibhéal stórála de bhreis ar an sprioc idirmheánach, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1938.

    (20)

    Ba cheart saoirse a bheith ag na Ballstáit na bearta iomchuí a roghnú chun an laghdú ar éileamh a ghnóthú. Agus bearta iomchuí maidir le laghdú ar éileamh á sainaithint agus ghrúpaí custaiméirí á gcur in ord tosaíochta acu, ba cheart do na Ballstáit a mheas úsáid a bhaint as na bearta a shainaithin an Coimisiún sa teachtaireacht uaidh an 20 Iúil 2022 dar teideal “Coigil Gás le haghaidh Geimhreadh Sábháilte”. Ba cheart do na Ballstáit, go háirithe, breithniú ar bhearta atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de amhail ceantanna nó scéimeanna tairisceana, lenar féidir leo laghdú ar thomhaltas a dhreasú ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. Féadfar dreasachtaí airgeadais nó cúiteamh do rannpháirtithe sa mhargadh a ndéantar difear dóibh a áireamh ar na bearta a dhéanfar ar an leibhéal náisiúnta.

    (21)

    Ní mór d’aon bheart a ghlacann na Ballstáit chun an laghdú ar éileamh a ghnóthú dlí an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe Rialachán (AE) 2017/1938. Ba cheart, go háirithe, bearta den chineál sin a bheith riachtanach, sainmhínithe go soiléir, trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe, agus níor cheart saobhadh míchuí a dhéanamh ar iomaíocht leo ná ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh sa ghás ná níor cheart slándáil sholáthar gáis na mBallstát eile ná an Aontais a chur i gcontúirt mar gheall orthu. Is gá leasanna custaiméirí atá faoi chosaint a chur san áireamh freisin maidir le soláthar gáis chuig córais téimh lárnaigh i gcás géarchéim maidir le slándáil an tsoláthair.

    (22)

    Chun a áirithiú go gcuirfear bearta maidir le laghdú ar éileamh chun feidhme ar bhealach comhordaithe, ba cheart do na Ballstáit comhar rialta a bhunú laistigh de gach ceann de na grúpaí riosca ábhartha. Tá de chead ag na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir leis na bearta comhordaithe is fearr a d’oirfeadh i réigiún ar leith. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún agus GCG in ann forléargas a fháil ar na bearta náisiúnta a chuir na Ballstáit chun feidhme agus dea-chleachtais le haghaidh na mbeart comhordaithe a chomhroinnt laistigh de na grúpaí riosca. Ba cheart do na Ballstáit comhlachtaí eile a úsáid freisin chun a ngníomhaíocht a chomhordú.

    (23)

    Chun a áirithiú go léireoidh na pleananna éigeandála náisiúnta na bearta laghdaithe dheonaigh nó sainordaithigh ar éileamh a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart d’údarás inniúil gach Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun an plean éigeandála náisiúnta arna bhunú de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2017/1938 a thabhairt cothrom le dáta faoin 31 Deireadh Fómhair 2022. I bhfianaise na tréimhse giorra don tabhairt cothrom le dáta sin, níor cheart feidhm a bheith ag na nósanna imeachta comhordúcháin de bhun Airteagal 8(6) go (11) de Rialachán (AE) 2017/1938. Mar sin féin, ba cheart do gach Ballstát dul i gcomhairle le Ballstáit eile maidir le tabhairt cothrom le dáta a phlean éigeandála náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún na grúpaí riosca, GCG nó comhlachtaí ábhartha eile a thionól chun saincheisteanna féideartha a bhaineann le bearta a bhaineann le laghdú ar éileamh a phlé.

    (24)

    Tá faireachán agus tuairisciú rialta agus éifeachtach fíor-riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit i gcur chun feidhme na mbeart deonach agus sainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh, agus chun tionchar sóisialta agus eacnamaíoch na mbeart sin chomh maith leis an tionchar ar an bhfostaíocht a thomhas. Ba cheart d’údarás inniúil gach Ballstáit nó eintiteas eile arna ainmniú ag an mBallstát faireachán a dhéanamh ar an laghdú ar éileamh a bhainfear amach ar a chríoch agus ba cheart dóibh na torthaí a thuairisciú don Choimisiún. Ba cheart do GCG cuidiú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar líonadh na hoibleagáidí maidir le laghdú ar éileamh.

    (25)

    Chun díobháil shuntasach eacnamaíoch don Aontas ina iomláine a chosc, tá sé ríthábhachtach go laghdóidh gach Ballstát a éileamh tar éis fhógairt an fholáirimh Aontais. Áiritheofar leis an laghdú sin go mbeidh go leor gás ann do chách, fiú le linn an gheimhridh. Is léiriú é an laghdú ar éileamh ar fud an Aontais ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta, atá cumhdaithe sa Chonradh. Dá bhrí sin, tá údar maith ann go ndéanfaidh an Coimisiún maoirseacht dhocht ar chur i gcrích na laghduithe sainordaitheacha ar éileamh ag na Ballstáit. I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún riosca go bhféadfadh sé nach mbeadh Ballstát in ann a oibleagáid shainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann iarraidh ar an mBallstát sin plean a chur isteach ina leagfaí amach straitéis agus na bearta chun laghdú sainordaitheach ar éileamh a ghnóthú go héifeachtach. Ba cheart don Bhallstát sin aird chuí a thabhairt ar aon bharúlacha agus moltaí a dhearna an Coimisiún maidir leis an bplean sin.

    (26)

    Ós rud é go dtugann prionsabal na dlúthpháirtíochta an ceart do gach Ballstát tacaíocht a fháil ó Bhallstáit chomharsanachta in imthosca áirithe, Ballstáit a iarrann tacaíocht den sórt sin gníomhú de mheon na dlúthpháirtíochta a mhéid a bhaineann lena n-éileamh intíre ar ghás a laghdú. Dá bhrí sin, agus beart dlúthpháirtíochta á iarraidh faoi Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1938, ba cheart gach beart iomchuí chun an t-éileamh ar ghás a laghdú a bheith curtha chun feidhme ag na Ballstáit. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a iarraidh ar an mBallstát a iarrann beart dlúthpháirtíochta plean a chur isteach ina bhfuil bearta chun laghduithe féideartha breise ar éileamh a ghnóthú. Ba cheart don Bhallstát sin aird chuí a thabhairt ar tuairim an Choimisiúin.

    (27)

    Ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a choinneáil ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo.

    (28)

    Ós rud é go bhfuil garchontúirt ann do shlándáil an tsoláthair gáis mar thoradh ar an bhfogha atá á tabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

    (29)

    I bhfianaise chineál eisceachtúil na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ar feadh bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm. Faoin 1 Bealtaine 2023, ba cheart don Choimisiún tuairisciú don Chomhairle maidir lena fheidhmiú agus, más iomchuí, féadfaidh sé a mholadh, más iomchuí go gcuirfí síneadh lena thréimhse infheidhmeachta.

    (30)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, agus gur féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha chun aghaidh a thabhairt ar dhála ina bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha maidir le soláthar gáis, d’fhonn, de mheon na dlúthpháirtíochta, slándáil an tsoláthair gáis san Aontas a chosaint. Áirítear ar na rialacha sin comhordú, faireachán agus tuairisciú feabhsaithe ar bhearta náisiúnta chun an t-éileamh ar ghás a laghdú agus an deis a bheith ag an gComhairle foláireamh Aontais a fhógairt, ar thogra ón gCoimisiún, mar leibhéal géarchéime a bhaineann go sonrach leis an Aontas lena ghníomhachtaítear oibleagáid shainordaitheach uile-Aontais maidir le laghdú ar éileamh.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn “údarás inniúil” údarás rialtasach náisiúnta nó údarás rialála náisiúnta arna ainmniú ag Ballstát chun cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/1938 a áirithiú;

    (2)

    ciallaíonn “foláireamh Aontais” leibhéal géarchéime a bhaineann go sonrach leis an Aontas lena ghníomhachtaítear laghdú sainordaitheach ar éileamh agus nach mbaineann le haon cheann de na leibhéil ghéarchéime de bhun Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2017/1938;

    (3)

    ciallaíonn “tomhaltas gáis” soláthar foriomlán gáis nádúrtha le haghaidh gníomhaíochtaí ar chríoch Ballstáit, lena n-áirítear tomhaltas deiridh teaghlach, tionscal agus giniúint leictreachais, ach gan gás a úsáidtear chun acmhainneachtaí stórála, inter alia, a líonadh a áireamh, i gcomhréir leis an sainmhíniú ar “sholáthar, claochlú agus tomhaltas gáis” a úsáideann an Coimisiún (Eurostat);

    (4)

    ciallaíonn “amhábhar”“úsáid neamhfhuinnimh gáis nádúrtha” dá dtagraítear ag an gCoimisiún i ríomhanna cothromaíochtaí fuinnimh (Eurostat);

    (5)

    ciallaíonn “tomhaltas gáis tagartha” toirt mheántomhaltas gáis Ballstáit le linn na tréimhse tagartha; le haghaidh na mBallstát inar tháinig méadú 8 % ar a laghad ar thomhaltas gáis sa tréimhse ón 1 Lúnasa 2021 go dtí an 31 Márta 2022 i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse tagartha, ní chiallaíonn “tomhaltas gáis tagartha” ach toirt an tomhaltais gáis sa tréimhse ón 1 Lúnasa 2021 go dtí an 31 Márta 2022;

    (6)

    ciallaíonn “tréimhse thagartha” na tréimhsí ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Márta le linn na 5 bliana as a chéile roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ag tosú leis an tréimhse ón 1 Lúnasa 2017 go dtí an 31 Márta 2018;

    (7)

    ciallaíonn “sprioc idirmheánach” an sprioc idirmheánach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1938.

    Airteagal 3

    Laghdú deonach ar éileamh

    Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall chun a dtomhaltas gáis a laghdú sa tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Márta 2023, faoi 15 % ar a laghad i gcomparáid lena mhéantomhaltas gáis sa tréimhse ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Márta le linn na 5 bliana as a chéile roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo (“laghdú deonach ar éileamh”). Beidh feidhm ag Airteagail 6, 7 agus 8 maidir leis na bearta deonacha sin maidir le laghdú ar éileamh.

    Airteagal 4

    Fógra ón gComhairle maidir le foláireamh Aontais

    1.   Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, foláireamh Aontais a fhógairt.

    2.   Tíolacfaidh an Coimisiún an togra le haghaidh foláireamh Aontais den sórt sin i gcás ina measann sé go bhfuil riosca substaintiúil ann go mbeidh géarghanntanas soláthair gáis ann nó i gcás ina dtarlaíonn ardéileamh urghnách ar ghás, nach leor ina leith na bearta in Airteagal 3 agus a bhfuil meath mór ar staid an tsoláthair gáis san Aontas mar thoradh air ach i gcás ina bhfuil an margadh in ann an suaitheadh a bhainistiú gan gá bearta nach bhfuil margadhbhunaithe.

    3.   Cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle freisin chun foláireamh Aontais a fhógairt i gcás ina n-iarrfaidh cúig údarás inniúla nó níos mó a bhfuil foláireamh fógartha acu ar an leibhéal náisiúnta de bhun Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/1938 amhlaidh.

    4.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an togra ón gCoimisiún a leasú.

    5.   Sula gcuirfidh sé togra faoi bhráid na Comhairle chun foláireamh Aontais a fhógairt, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na grúpaí riosca ábhartha, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1938 (“grúpaí riosca”), agus leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis (GCG), a bunaíodh le hAirteagal 4 den Rialachán sin.

    6.   Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, a fhógairt go bhfuil deireadh leis an bhfoláireamh Aontais agus leis na hoibleagáidí de bhun Airteagal 5. Déanfaidh an Coimisiún an togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme den sórt sin a chur faoi bhráid na Comhairle i gcás ina measann sé, tar éis measúnú a dhéanamh, nach bhfuil údar a thuilleadh, sa bhonn a bhí faoin bhfoláireamh Aontais, leis an bhfoláireamh sin a choimeád ar bun, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na grúpaí riosca ábhartha agus le GCG.

    Airteagal 5

    Laghdú sainordaitheach ar éileamh i gcás foláireamh Aontais

    1.   I gcás ina bhfógróidh an Chomhairle foláireamh Aontais, laghdóidh gach Ballstát a thomhaltas gáis i gcomhréir le mír 2 (“laghdú sainordaitheach ar éileamh”).

    2.   Chun críche laghdaithe shainordaithigh ar éileamh, fad a bheidh an foláireamh Aontais á fhógairt, beidh an tomhaltas gáis i ngach Ballstát thar an tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Márta 2023 (“an tréimhse laghdúcháin”) 15 % níos ísle i gcomparáid lena thomhaltas gáis tagartha. Aon laghduithe ar éileamh a bhain na Ballstáit amach le linn na tréimhse sular fógraíodh an foláireamh Aontais, cuirfear san áireamh iad chun críoch an laghdaithe shainordaithigh ar éileamh.

    3.   Aon Bhallstát nach bhfuil a chóras leictreachais sioncrónaithe ach le córas leictreachais tríú tír, díolmhófar é ó mhír 2 a chur i bhfeidhm i gcás ina ndéanfar é a dhíshioncrónú ó chóras an tríú tír sin fad a cheanglaítear seirbhís córais cumhachta leithlisithe nó seirbhísí eile leis an oibreoir córais tarchurtha cumhachta a bheith ann chun oibriú sábháilte iontaofa an chórais cumhachta a áirithiú.

    4.   Díolmhófar Ballstát ó mhír 2 a chur i bhfeidhm fad nach mbeidh an Ballstát sin idirnasctha go díreach le córas idirnasctha gáis aon Bhallstáit eile.

    5.   Féadfaidh Ballstát teorainn a chur leis an tomhaltas gáis tagartha a úsáidtear chun an sprioc shainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh de bhun mhír 2 a ríomh de réir toirt an gháis atá cothrom leis an difríocht idir a sprioc idirmheánach don 1 Lúnasa 2022 agus toirt iarbhír an gháis stóráilte an 1 Lúnasa 2022, má chomhlíonann sé an sprioc idirmheánach ar an dáta sin.

    6.   Féadfaidh Ballstát teorainn a chur leis an tomhaltas gáis tagartha a úsáidtear chun an sprioc shainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh de bhun mhír 2 a ríomh de réir toirt an gháis a thomhlaítear le linn na tréimhse tagartha mar amhábhar.

    7.   Féadfaidh Ballstát an laghdú sainordaitheach ar éileamh a theorannú 8 bpointe céatadáin, ar choinníoll go léiríonn sé go bhfuil a idirnasc le Ballstáit eile i dtéarmaí acmhainn dhocht theicniúil onnmhairiúcháin faoi bhun 50 %, i gcomparáid lena ídiú bliantúil gáis in 2021, agus go ndearnadh an acmhainn sin ar idirnascairí le Ballstáit eile a úsáid i ndáiríre chun gás a iompar ar leibhéal 90 % ar a laghad ar feadh míosa ar a laghad sular fógraíodh an maolú, mura féidir leis an mBallstát a thaispeáint nach raibh aon éileamh ann agus gur uasmhéadaíodh an acmhainn, agus go bhfuil a chuid saoráidí GNL intíre réidh, ó thaobh na tráchtála de agus go teicniúil. chun gás a atreorú chuig Ballstáit eile suas go dtí na toirteanna a theastaíonn ón margadh.

    8.   Féadfaidh Ballstát atá ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéim leictreachais an laghdú sainordaitheach ar éileamh de bhun mhír 2 a theorannú go sealadach go dtí an leibhéal is gá chun an riosca soláthair maidir leis an leictreachas a mhaolú mura bhfuil roghanna eacnamaíocha eile ann chun an gás atá riachtanach chun leictreachas a tháirgeadh a athsholáthar gan slándáil an tsoláthair a chur go mór i mbaol . Sa chás sin, tabharfaidh an Ballstát fógra faoi na cúiseanna atá leis an teorannú agus soláthróidh sé dóthain fianaise le haghaidh na n-imthosca eisceachtúla is bonn leis an teorannú. I gcás inar gá, déanfaidh an Ballstát an plean riosca-ullmhachta a thabhairt cothrom le dáta de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/941.

    9.   Tabharfaidh Ballstát fógra don Choimisiún faoina chinneadh an laghdú sainordaitheach ar éileamh de bhun mhíreanna 5, 6, 7 agus 8 a theorannú, in éineacht leis an bhfianaise is gá lena chruthú go bhfuil na coinníollacha maidir le laghdú sainordaitheach teoranta ar éileamh á gcomhlíonadh. Féadfar fógra a bhaineann le míreanna 5, 6 agus 7 a dhéanamh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ní dhéanfar é tráth nach déanaí ná dhá sheachtain tar éis fhógairt an fholáirimh Aontais. Féadfar fógra i ndáil le mír 8 a thabhairt tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis don ghéarchéim leictreachais dá dtagraítear sa mhír sin teacht chun cinn. Cuirfidh an Ballstát na grúpaí riosca ábhartha agus GCG ar an eolas freisin faoina bhfuil ar intinn aige.

    10.   Ar bhonn an fhógra agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na grúpaí riosca agus le GCG, measúnóidh an Coimisiún ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le teorannú de bhun mhíreanna 5, 6, 7 agus 8. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil údar le teorannú, glacfaidh sé tuairim ina léireofar na cúiseanna ar cheart don Bhallstát an teorannú ar an laghdú sainordaitheach ar éileamh a bhaint nó a mhodhnú. Glacfar an tuairim sin tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis fógra críochnaitheach a thabhairt de bhun mhír 9.

    11.   I gcás nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha maidir leis an teorannú ar an laghdú sainordaitheach ar éileamh i míreanna 5, 6, 7 agus 8, cuirfidh an Ballstát an sprioc shainordaitheach ar éileamh maidir le laghdú de bhun mhír 2 i bhfeidhm.

    12.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach chun féachaint an bhfuil na coinníollacha maidir le teorannú ar an laghdú sainordaitheach ar éileamh de bhun mhíreanna 5, 6, 7 agus 8 á gcomhlíonadh.

    13.   Beidh feidhm ag Airteagail 6, 7 agus 8 maidir le bearta sainordaitheacha maidir le laghdú ar éileamh gan dochar do chonarthaí fadtéarmacha atá ann cheana.

    Airteagal 6

    Bearta chun an laghdú ar éileamh a bhaint amach

    1.   Beidh saoirse ag na Ballstáit na bearta iomchuí a roghnú chun an t-éileamh a laghdú. Saineofar na bearta dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 5 go soiléir agus beidh siad trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe. Agus na bearta á roghnú acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na prionsabail a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1938. Maidir leis na bearta, go háirithe:

    (a)

    ní shaobhfaidh siad go míchuí an iomaíocht ná feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh gáis;

    (b)

    ní chuirfidh siad slándáil sholáthar gáis na mBallstát eile nó an Aontais i mbaol;

    (c)

    forálacha Rialachán (AE) 2017/1938 a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le custaiméirí faoi chosaint.

    2.   Agus bearta maidir le laghdú ar éileamh á ndéanamh acu, measfaidh na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do bhearta lena ndéantar difear do chustaiméirí nach custaiméirí faoi chosaint iad, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 5, de Rialachán (AE) 2017/1938, agus féadfaidh siad freisin custaiméirí a eisiamh ó na bearta sin ar bhonn critéir oibiachtúla thrédhearcacha lena gcuirfear san áireamh a dtábhacht eacnamaíoch mar aon leis na gnéithe seo a leanas, i measc nithe eile:

    (a)

    tionchar an tsuaite ar shlabhraí soláthair atá criticiúil don tsochaí;

    (b)

    na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann i mBallstáit eile, go háirithe ar shlabhraí soláthair na n-earnálacha iartheachtacha atá criticiúil don tsochaí;

    (c)

    an damáiste fadtéarmach a d’fhéadfadh a bheith ann do shuiteálacha tionsclaíocha;

    (d)

    na féidearthachtaí maidir le tomhaltas a laghdú agus táirgí ionadacha a úsáid san Aontas.

    3.   Agus cinneadh á dhéanamh faoi na bearta maidir le laghdú ar éileamh, breithneoidh na Ballstáit bearta chun an méid gáis a thomhlaítear in earnáil an leictreachais a laghdú, bearta chun athrú breosla a spreagadh sa tionscal, feachtais múscailte feasachta náisiúnta, agus oibleagáidí spriocdhírithe chun téamh agus fuarú a laghdú, chun athrú go breoslaí eile a chur chun cinn agus tomhaltas tionscail a laghdú.

    Airteagal 7

    Bearta maidir le laghdú ar éileamh a chomhordú

    1.   Chun a áirithiú go ndéanfar comhordú iomchuí ar bhearta deonacha agus sainordaitheacha maidir le laghdú ar éileamh de bhun Airteagail 3 agus 5, oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile laistigh de gach ceann de na grúpaí riosca.

    2.   Tabharfaidh údarás inniúil gach Ballstáit a phlean éigeandála náisiúnta arna bhunú de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2017/1938 cothrom le dáta faoin 31 Deireadh Fómhair 2022 ar a dhéanaí, chun bearta maidir le laghdú deonach ar éileamh a léiriú. Déanfaidh gach Ballstát a phlean éigeandála náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta freisin, de réir mar is iomchuí, i gcás ina bhfógrófar foláireamh Aontais de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 8(6) go (10) de Rialachán (AE) 2017/1938 maidir le tabhairt cothrom le dáta na bpleananna náisiúnta éigeandála arna ndéanamh de bhun na míre seo.

    3.   Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis na grúpaí riosca ábhartha sula nglacfaidh siad na pleananna éigeandála athbhreithnithe. Féadfaidh an Coimisiún cruinnithe de na grúpaí riosca agus de GCG a iarraidh, agus aon tuairimí a chuirfidh na Ballstáit in iúl sa chomhthéacs sin á gcur san áireamh, chun saincheisteanna a bhaineann le bearta náisiúnta maidir le laghdú ar éileamh a phlé.

    Airteagal 8

    Faireachán agus forfheidhmiú

    1.   Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit faireachán ar chur chun feidhme na mbeart maidir le laghdú ar éileamh ar a chríoch. Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún gach dhá mhí agus faoin 15ú lá den mhí ina dhiaidh sin ar a dhéanaí faoin laghdú ar éileamh a baineadh amach. Tabharfaidh na grúpaí riosca agus GCG cúnamh don Choimisiún chun faireachán a dhéanamh ar an laghdú deonach agus sainordaitheach ar éileamh.

    2.   I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún, ar bhonn na bhfigiúirí tuairiscithe maidir le laghdú ar éileamh, riosca nach mbeidh Ballstát in ann an oibleagáid shainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh de bhun Airteagal 5 a chomhlíonadh, iarrfaidh an gCoimisiún ar an mBallstát plean a chur isteach ina leagfar amach straitéis chun oibleagáid maidir le laghdú ar éileamh a ghnóthú go héifeachtach. Iarrfaidh an Coimisiún freisin ar Bhallstát a iarrann beart dlúthpháirtíochta de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1938 plean a chur isteach ina leagfar amach an straitéis chun laghduithe féideartha breise ar éileamh ar ghás a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2017/1938. Sa dá chás, eiseoidh an Coimisiún tuairim le barúlacha agus moltaí ar na pleananna arna gcur isteach agus cuirfidh sé a thuairim in iúl don Chomhairle. Tabharfaidh an Ballstát atá i gceist aird chuí ar thuairim an Choimisiúin.

    3.   Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo.

    Airteagal 9

    Athbhreithniú

    Faoin 1 Bealtaine 2023, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i bhfianaise staid ghinearálta an tsoláthair gáis chuig an Aontas agus cuirfidh sé tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe sin faoi bhráid na Comhairle. Bunaithe ar an tuarascáil sin, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go háirithe fad a chur le tréimhse infheidhmeachta an Rialacháin seo.

    Airteagal 10

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige go ceann tréimhse bliana óna theacht i bhfeidhm.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. BEK


    (1)  Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis (IO L 173, 30.6.2022, lch. 17).

    (2)  Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).

    (3)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 15 Iúil 2021, an Ghearmáin v an Pholainn, C-848/19 P, ECLI:EU:C:2021:598.

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).

    (5)  Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45).

    (6)  Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 1).


    Top