EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1207

Rialachán (AE) 2022/1207 ón gComhairle an 12 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 974/98 a mhéid a bhaineann le tabhairt isteach an euro sa Chróit

ST/9868/2022/INIT

IO L 187, 14.7.2022, p. 16–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1207/oj

14.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 187/16


RIALACHÁN (AE) 2022/1207 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Iúil 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 974/98 a mhéid a bhaineann le tabhairt isteach an euro sa Chróit

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 140(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle (2) go gcuirfear an euro in ionad airgeadraí na mBallstát a chomhlíon na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh tráth a tháinig an Comhphobal isteach sa tríú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta.

(2)

De réir Airteagal 5 d’Ionstraim Aontachais 2012, is Ballstát ag a bhfuil maolú í an Chróit, mar a shainítear in Airteagal 139(1) den Chonradh.

(3)

De bhun Chinneadh (AE) 2022/1211 ón gComhairle (3), comhlíonann an Chróit na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh agus tá an maolú maidir leis an gCróit le haisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

(4)

Le tabhairt isteach an euro sa Chróit, ní mór na forálacha atá ann cheana maidir le tabhairt isteach an euro a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 974/98 a leathnú chun an Chróit a chumhdach.

(5)

Le Plean Náisiúnta na Cróite um an Aistriú go dtí Euro sonraítear gur cheart nótaí bainc agus boinn euro a bheith ina ndlíthairiscint sa Bhallstát sin an lá a thabharfar an euro isteach mar airgeadra. Dá bhrí sin, ba cheart gurb é an 1 Eanáir 2023 an dáta a ghlacfar an euro agus an dáta a aistreofar go dtí airgead tirim. Níor cheart feidhm a bheith ag aon tréimhse “céimnithe amach”.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 974/98 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 974/98, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas idir an iontráil a bhaineann leis an bhFrainc agus an iontráil a bhaineann le hÉirinn:

“An Chróit

1 Eanáir 2023

1 Eanáir 2023

Níl”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. STANJURA


(1)  Tuairim an 4 Iúil 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle an 3 Bealtaine 1998 maidir le tabhairt isteach an euro (IO L 139, 11.5.1998, lch. 1).

(3)  Cinneadh (AE) 2022/1211 ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le glacadh an euro ag an gCróit an 1 Eanáir 2023 (féach leathanach 31 den Iris Oifigiúil seo).


Top