EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1224

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1224 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2021 i dtaca le rialacha mionsonraithe maidir leis na coinníollacha a bhaineann le hoibriú na seirbhíse gréasáin, agus leis na rialacha cosanta sonraí agus na rialacha slándála is infheidhme maidir leis an tseirbhís gréasáin, mar aon le bearta le haghaidh fhorbairt agus chur chun feidhme na seirbhíse gréasáin dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Chur Chun Feidhme C(2019)1230 ón gCoimisiún

C/2021/4901

IO L 269, 28.7.2021, p. 46–57 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 07/09/2022; Arna aisghairm le 32022R1409

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1224/oj

28.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 269/46


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1224 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Iúil 2021

i dtaca le rialacha mionsonraithe maidir leis na coinníollacha a bhaineann le hoibriú na seirbhíse gréasáin, agus leis na rialacha cosanta sonraí agus na rialacha slándála is infheidhme maidir leis an tseirbhís gréasáin, mar aon le bearta le haghaidh fhorbairt agus chur chun feidhme na seirbhíse gréasáin dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Chur Chun Feidhme C(2019)1230 ón gCoimisiún

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar an gCóras Dul Isteach/Imeachta chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 13(7) agus Airteagal 36, an chéad mhír, pointe (h) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2017/2226, bunaítear an Córas Dul Isteach/Imeachta, chun taifead agus stóráil leictreonach a dhéanamh ar dháta, am, agus áit dul isteach agus imeachta na náisiúnach tríú tír dár tugadh cead isteach le haghaidh gearrfhanacht ar chríoch na mBallstát nó ar diúltaíodh an cead sin dóibh, agus chun fad a bhfanachta údaraithe a ríomh.

(2)

Is faoi chúram Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA), arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), atá forbairt agus bainistiú oibríochtúil an Chórais Dul Isteach/Imeachta.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme C(2019)1230 ón gCoimisiún, leagtar síos sonraíochtaí agus coinníollacha maidir le hoibriú na seirbhíse gréasáin dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/2226, lena n-áirítear forálacha sonracha maidir le cosaint sonraí agus slándáil. Ní mór na sonraíochtaí agus na coinníollacha sin a oiriúnú trí thaistealaithe atá díolmhaithe ón gceanglas víosa de réir bhrí Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chur san áireamh.

(4)

I gcás náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa ghearrfhanachta ina seilbh acu, ar víosa í a eisíodh le haghaidh dul isteach uair amháin nó faoi dhó, le hAirteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2017/2226, ceanglaítear ar iompróirí an tseirbhís gréasáin a úsáid chun a fhíorú ar úsáid na náisiúnaigh tríú tír sin cheana féin líon na mbabhtaí is údaraithe dóibh dul isteach leis an víosa atá acu.

(5)

Chun gur féidir le hiompróirí a gcuid oibleagáidí maidir le húsáid na víosa dul isteach aonuaire agus na víosa dul isteach dúbailte a fhíorú, ba cheart rochtain a bheith acu ar an tseirbhís gréasáin. Ba cheart d’iompróirí an tseirbhís gréasáin a rochtain trí bhíthin scéim fíordheimhniúcháin agus ba cheart dóibh a bheith in ann teachtaireachtaí a sheoladh agus a fháil i bhformáid atá le cinneadh ag eu-LISA.

(6)

Ba cheart rialacha teicniúla maidir le formáid na dteachtaireachtaí agus maidir leis an scéim fíordheimhniúcháin a leagan síos chun gur féidir le hiompróirí nascadh leis an tseirbhís gréasáin agus í a úsáid, rud atá le sonrú sna treoirlínte teicniúla ar cuid de na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 37(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 iad agus atá le glacadh ag eu-LISA.

(7)

Ba cheart d’iompróirí a bheith in ann é a chur in iúl má bhíonn paisinéirí ann nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/2226, agus sna cásanna sin, ba cheart don tseirbhís gréasáin freagra uathoibríoch “Ní bhaineann le hábhar” a thabhairt d’iompróirí, gan gá leis an mbunachar sonraí inléite amháin a chuardach ná logáil a dhéanamh.

(8)

Ba cheart don Choimisiún, do eu-LISA agus do na Ballstáit féachaint leis na hiompróirí aitheanta uile a chur ar an eolas faoin mbealach agus faoin am ar féidir leo clárú. Tar éis don iompróir an próiseas clárúcháin a chur i gcrích go rathúil agus, i gcás inarb ábhartha, tar éis dó an tástáil a chur i gcrích go rathúil freisin, ba cheart do eu-LISA an t-iompróir sin a nascadh leis an gcomhéadan iompróra.

(9)

Níor cheart d’iompróirí fíordheimhnithe rochtain ar an tseirbhís gréasáin a thabhairt ach do bhaill foirne chuí-údaraithe amháin.

(10)

Ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir leis na rialacha cosanta sonraí agus na rialacha slándála is infheidhme i dtaca leis an scéim fíordheimhniúcháin.

(11)

Chun a áirithiú go bhfuil an t-iarratas fíorúcháin bunaithe ar fhaisnéis atá cothrom le dáta a mhéid is féidir, níor cheart iarratais a chur isteach níos luaithe ná 48 n-uair an chloig roimh an am imeachta sceidealaithe.

(12)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le haeriompróirí, iompróirí ar muir agus iompróirí idirnáisiúnta a iompraíonn grúpaí i gcóistí thar tír, ar iompróirí iad a bhíonn ag teacht isteach ar chríoch na mBallstát. Féadfar seiceálacha teorann maidir le dul isteach ar chríoch na mBallstáit a dhéanamh roimh bhordáil. Sna cásanna sin, ba cheart iompróirí a scaoileadh ón oibleagáid stádas údaraithe taistil na dtaistealaithe a fhíorú.

(13)

Ba cheart rochtain a bheith ag iompróirí ar fhoirm ghréasáin ar shuíomh gréasáin poiblí trínar féidir leo cúnamh a iarraidh. Nuair atá cúnamh á iarraidh acu, ba cheart do na hiompróirí admháil ina bhfuil uimhir ticéid a fháil. Féadfaidh eu-LISA nó Láraonad ETIAS teagmháil a dhéanamh leis na hiompróirí a fuair ticéad trí aon mhodh is gá, lena n-áirítear ar an nguthán, chun freagairt leormhaith a thabhairt dóibh.

(14)

Ó tharla gur gá an t-ualach riaracháin ar thaisteal paisinéirí agus ar iompróirí a laghdú a mhéid is féidir trí chomhtháthú a dhéanamh leis an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil agus, dá réir sin, trí na coinníollacha a bhaineann le hoibriú na seirbhíse gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/2226 a chur in oiriúint do ghlacadh Rialachán (AE) 2018/1240, ó tharla sin amhlaidh, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le cúnamh d’iompróirí agus maidir leis na nósanna imeachta ar gá cloí leo i gcás dodhéantacht theicniúil, ar forálacha agus nósanna imeachta iad arna mbunú le Rialachán (AE) 2018/1240.

(15)

Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (4)

(16)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní raibh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh Rialachán (AE) 2017/2226 agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, ó tharla go gcuirtear le acquis Schengen le Rialachán (AE) 2017/2226, thug an Danmhairg fógra an 30 Bealtaine 2018, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, faoina cinneadh Rialachán (AE) 2017/2226 a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá sé de cheangal ar an Danmhairg faoin dlí idirnáisiúnta an Rialachán seo a chur chun feidhme.

(17)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu (5). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(18)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen (6) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (7).

(19)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (8) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (9).

(20)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (10) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (11).

(21)

A mhéid a bhaineann leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, ó tharla gur cuireadh an fíorú i gcrích go rathúil i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme a bhaineann le meastóireacht Schengen, arna dheimhniú sna gconclúidí ón gComhairle an 9 Meitheamh 2011; agus gur cuireadh i bhfeidhm forálacha acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Schengen, rud a rinneadh le Cinneadh (AE) 2018/934 ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha atá fágtha de acquis Schengen ar forálacha iad a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (12); agus gur cuireadh i bhfeidhm forálacha acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí, rud a rinneadh le Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm forálacha áirithe de acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (13), ó tharla an méid sin amhlaidh, comhlíontar na coinníollacha uile maidir le hoibriú an Chórais Dul Isteach/Imeachta a leagtar amach in Airteagal 66(2)(b) de Rialachán (AE) 2017/2226, agus, dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit sin an Córas Dul Isteach/Imeachta a oibriú ó thús na n-oibríochtaí de réir mar a cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226.

(22)

A mhéid a bhaineann leis an gCipir agus leis an gCróit, is éard a cheanglaítear le hoibriú an Chórais Dul Isteach/Imeachta, rochtain éighníomhach ar an gCóras Faisnéise Víosaí a dheonú agus na forálacha uile de acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na Cinntí ábhartha ón gComhairle. Ní féidir na coinníollacha sin a chomhlíonadh go dtí go ndéanfaí an fíorú go rathúil i gcomhréir leis an nós imeachta meastóireachta Schengen is infheidhme. Dá bhrí sin, na Ballstáit a chomhlíonann na coinníollacha sin ó thús oibríochtaí an Chórais Dul Isteach/Imeachta, is iad na Ballstáit sin amháin ar cheart dóibh an Córas Dul Isteach/Imeachta a oibriú. Maidir leis na Ballstáit nach bhfuil an Córas Dul Isteach/Imeachta i bhfeidhm acu faoi thús na n-oibríochtaí, ba cheart iad a nascadh leis an gCóras Dul Isteach/Imeachta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2226 a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha sin uile.

(23)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus thug sé tuairim uaidh an 29 Aibreán 2021.

(24)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Theorainneacha Cliste (EES),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear an méid seo a leanas:

(a)

na rialacha agus na coinníollacha mionsonraithe a bhaineann le hoibriú na seirbhíse gréasáin agus na rialacha cosanta sonraí agus na rialacha slándála is infheidhme maidir leis an tseirbhís gréasáin dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus (3) agus Airteagal (36), an chéad mhír, pointe (h), de Rialachán (AE) 2017/2226;

(b)

scéim fíordheimhniúcháin le haghaidh iompróirí ionas go mbeidh siad in ann a gcuid oibleagáidí de bhun Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2017/2226 a chomhlíonadh agus, ina theannta sin, rialacha agus coinníollacha mionsonraithe a bhaineann le clárú na n-iompróirí chun go mbeidh rochtain acu ar an scéim fíordheimhniúcháin;

(c)

sonraí na nósanna imeachta ar gá cloí leo nuair nach mbeidh sé indéanta ag na hiompróirí rochtain a fháil ar an tseirbhís gréasáin ar chúiseanna teicniúla.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “comhéadan iompróra” an tseirbhís gréasáin atá le forbairt ag eu-LISA i gcomhréir le hAirteagal 37(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 i gcás ina n-úsáidfear í chun críocha Airteagal 13(3) den Rialachán sin agus ar comhéadan TF é atá nasctha le bunachar sonraí inléite amháin;

(2)

ciallaíonn “treoirlínte teicniúla” an chuid de na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 37(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 atá ábhartha d’iompróirí maidir le cur chun feidhme na scéime fíordheimhniúcháin agus maidir le formáid na dteachtaireachtaí a fhorbairt le haghaidh an Chomhéadain Feidhmchláir dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(a);

(3)

ciallaíonn “baill foirne chuí-údaraithe” daoine nádúrtha ar fostaithe de chuid an iompróra iad nó atá ar fostú ar conradh ag an iompróir, sin nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile faoi threoir nó faoi mhaoirseacht an iompróra sin, ar daoine iad dá sanntar an cúram, thar ceann an iompróra, fíorú a dhéanamh ar úsáideadh cheana líon na mbabhtaí is údaraithe dul isteach leis an víosa, i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2017/2226.

Airteagal 3

Oibleagáidí na n-iompróirí

1.   Is tríd an gcomhéadan iompróra a sheolfaidh iompróirí iarratas lena fhíorú ar úsáideadh cheana féin líon na mbabhtaí is údaraithe dul isteach le víosa (“iarratas fíorúcháin”), mar a thagraítear dó in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/2226.

2.   Cuirfear an t-iarratas fíorúcháin isteach 48 n-uair an chloig roimh an am imeachta sceidealaithe ar a luaithe.

3.   Déanfaidh iompróirí a áirithiú nach mbeidh rochtain ar an gcomhéadan iompróra ach ag baill foirne chuí-údaraithe amháin. Cuirfidh na hiompróirí na sásraí seo a leanas ar a laghad i bhfeidhm:

(a)

sásraí fisiceacha agus loighciúla um rialú rochtana chun cosc a chur ar rochtain neamhúdaraithe ar an mbonneagar nó ar na córais a úsáideann na hiompróirí;

(b)

fíordheimhniú;

(c)

logáil isteach chun inrianaitheacht a áirithiú;

(d)

athbhreithniú rialta ar na cearta rochtana.

Airteagal 4

Nascadh agus rochtain ar an gcomhéadan iompróra

1.   Nascfaidh iompróirí leis an gcomhéadan iompróra trí cheann amháin díobh seo a leanas:

(a)

nasc líonra tiomnaithe;

(b)

nasc idirlín.

2.   Déanfaidh iompróirí an comhéadan iompróra a rochtain trí cheann amháin díobh seo a leanas:

(a)

comhéadan córas le córas (Comhéadan Feidhmchláir);

(b)

comhéadan gréasáin (brabhsálaí);

(c)

aip le haghaidh gléasanna móibíleacha.

Airteagal 5

Iarratais

1.   Chun iarratas fíorúcháin a sheoladh, soláthróidh an t-iompróir na sonraí taistealaí seo a leanas:

(a)

sloinne (ainm teaghlaigh); céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste);

(b)

dáta breithe; inscne; náisiúntacht;

(c)

cineál agus uimhir an doiciméid taistil agus cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil;

(d)

an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag;

(e)

dáta sceidealaithe an teachta chuig teorainn Ballstáit a bhfuil acquis Schengen i bhfeidhm aige ina iomláine, nó chuig teorainn Ballstáit nach bhfuil acquis Schengen i bhfeidhm aige ina iomláine ach ar Ballstát é a bhfuil an córas Dul Isteach/Imeachta i bhfeidhm aige;

(f)

ceann amháin díobh seo a leanas:

(1)

an Ballstát dul isteach atá sceidealaithe, ar Ballstát é a bhfuil acquis Schengen i bhfeidhm aige ina iomláine;

(2)

aerfort sa Bhallstát dul isteach ar Ballstát é a bhfuil acquis Schengen i bhfeidhm aige ina iomláine, i gcás inar féidir an Ballstát dul isteach atá sceidealaithe a shainaithint;

(3)

an Ballstát dul isteach atá sceidealaithe, ar Ballstát é nach bhfuil acquis Schengen i bhfeidhm aige ina iomláine ach a bhfuil an Córas Dul Isteach/Imeachta i bhfeidhm aige;

(4)

aerfort sa Bhallstát dul isteach ar Ballstát é nach bhfuil acquis Schengen i bhfeidhm aige ina iomláine ach a bhfuil an Córas Dul Isteach/Imeachta i bhfeidhm aige, i gcás inar féidir an Ballstát dul isteach atá sceidealaithe a shainaithint;

(g)

sonraí (dáta áitiúil agus am áitiúil an imeachta sceidealaithe, uimhir aitheantais i gcás ina mbeidh sí ar fáil nó modh eile chun an t-iompar a shainaithint) an mhodh iompair a úsáidfear chun teacht isteach ar chríoch Ballstáit a bhfuil acquis Schengen i bhfeidhm aige ina iomláine nó ar chríoch Ballstáit nach bhfuil acquis Schengen i bhfeidhm aige ina iomláine ach a bhfuil an Córas Dul Isteach/Imeachta i bhfeidhm aige.

2.   I gcás ina mbeidh víosa dul isteach dúbailte ag teastáil ón taistealaí le haghaidh an turais, cuirfidh an t-iompróir in iúl, agus an t-iarratas fíorúcháin á chur isteach aige, go bhfuil dhá bhabhta dul isteach ar chríoch na mBallstát ag teastáil le haghaidh an turais.

3.   Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (d) a sholáthar, féadfaidh iompróirí crios meaisín-inléite an doiciméid a scanadh.

4.   I gcás ina mbeidh an paisinéir díolmhaithe ó raon feidhme Rialachán (AE) 2017/2226 i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán sin nó i gcás ina mbeidh sé ar idirthuras aerfoirt, féadfaidh an t-iompróir an méid sin a shonrú san iarratas fíorúcháin.

5.   Beidh iompróirí in ann iarratas fíorúcháin a sheoladh maidir le paisinéir amháin nó níos mó. Áireofar sa chomhéadan iompróra an freagra dá dtagraítear in Airteagal 6 maidir le gach paisinéir a áiríodh san iarratas.

Airteagal 6

Freagra

1.   I gcás ina mbeidh an paisinéir díolmhaithe ó raon feidhme Rialachán (AE) 2017/2226 i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán sin nó i gcás ina mbeidh sé ar idirthuras aerfoirt, nó i gcás ina bhfuil víosa ghearrfhanachta náisiúnta ina sheilbh aige de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe 10 den Rialachán sin, “Ní bhaineann le hábhar” a bheidh sa fhreagra. I ngach cás eile, “CGL” nó “Níl sé CGL” a bheidh sa fhreagra.

I gcás ina dtabharfar “Níl sé CGL” mar fhreagra ar iarratas fíorúcháin, sonrófar sa fhreagra gur ón gCóras Dul Isteach/Imeachta a tháinig sé.

2.   Is i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas a chinnfear na freagraí ar na hiarratais fíorúcháin:

(a)

i gcás ina bhfuil víosa ghearrfhanachta aonfhoirmeach ina sheilbh ag an taistealaí:

(i)

i gcás nár sroicheadh cheana féin líon na mbabhtaí is údaraithe dul isteach leis an víosa (dul isteach uair amháin nó faoi dhó): CGL;

(ii)

i gcás inar sroicheadh cheana féin líon na mbabhtaí is údaraithe dul isteach leis an víosa (dul isteach uair amháin nó faoi dhó): Níl sé CGL;

(iii)

i gcás ina bhfuil an víosa imithe in éag, nó ina ndearnadh é a chúlghairm nó a neamhniú: Níl sé CGL;

(b)

i gcás ina bhfuil an taistealaí faoi réir oibleagáid víosa agus níl aon fhaisnéis víosa ar fáil: Níl sé CGL;

(c)

i gcás ina sonróidh an t-iompróir go bhfuil víosa dul isteach dúbailte ag teastáil le haghaidh an turais:

(i)

i gcás ina bhfuil víosa dul isteach dúbailte ina sheilbh ag an taistealaí agus tá an víosa sin bailí le haghaidh an dáta teachta agus níor úsáideadh aon cheann de na babhtaí dul isteach: CGL;

(ii)

i gcás nach bhfuil víosa dul isteach dúbailte ina sheilbh ag an taistealaí: Níl sé CGL;

(iii)

i gcás ina bhfuil víosa dul isteach dúbailte ina sheilbh ag an taistealaí ach úsáideadh ar a laghad ceann amháin de na babhtaí dul isteach: Níl sé CGL;

(iv)

i gcás ina bhfuil víosa dul isteach dúbailte ina sheilbh ag an taistealaí ach i gcás ceann amháin ar laghad de na babhtaí dul isteach, níl sé bailí le haghaidh an dáta teachta: Níl sé CGL.

3.   I gcás ina bhfuil an taistealaí díolmhaithe ón gceanglas víosa nó ina dtagann an taistealaí faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/1240, beidh feidhm ag na forálacha a shainítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1217 ón gCoimisiún (15).

Airteagal 7

Formáid na dteachtaireachtaí

Sna sonraíochtaí teicniúla, sonróidh eu-LISA na formáidí sonraí agus struchtúr na dteachtaireachtaí atá le húsáid chun iarratais fíorúcháin agus freagraí a tharchur tríd an gcomhéadan iompróra. Áireoidh eu-LISA ar a laghad ceann amháin de na formáidí sonraí seo a leanas:

(a)

UN/EDIFACT;

(b)

PAXLST/CUSRES;

(c)

XML;

(d)

JSON.

Airteagal 8

Ceanglais asbhainte sonraí maidir leis an gcomhéadan iompróra agus an tseirbhís gréasáin le haghaidh náisiúnaigh tríú tír, agus cáilíocht na sonraí

1.   Sonraí ar víosaí gearrfhanachta agus ar údaruithe taistil a eisíodh, a neamhníodh nó a cúlghaireadh, déanfar na sonraí sin a asbhaint go tráthrialta agus go huathoibríoch ón gCóras Faisnéis Víosaí, ón gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil agus ón gCóras Dul Isteach/Imeachta agus déanfar iad a tharchur chuig an mbunachar sonraí inléite amháin.

2.   Gach asbhaint sonraí a tharchuirfear chuig an mbunachar sonraí inléite amháin de bhun mhír 1, déanfar í a logáil.

3.   Is é eu-LISA a bheidh freagrach as slándáil na seirbhíse gréasáin, as slándáil na sonraí pearsanta atá inti agus as an bpróiseas lena n-asbhaintear na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus lena dtarchuirtear iad chuig an mbunachar sonraí inléite amháin.

4.   Ní bheifear in ann sonraí a tharchur ón mbunachar sonraí inléite amháin chuig an gCóras Dul Isteach/Imeachta nó chuig an gCóras Faisnéise Víosaí.

Airteagal 9

An scéim fíordheimhniúcháin

1.   Forbróidh eu-LISA scéim fíordheimhniúcháin agus aird á tabhairt ar fhaisnéis faoi bhainistiú riosca slándála agus ar na prionsabail maidir le cosaint sonraí de réir dearaidh agus de réir réamhshocraithe, scéim lenar féidir tionscnóir an iarratais fíorúcháin a rianú.

2.   Is sna treoirlínte teicniúla a leagfar amach sonraí na scéime fíordheimhniúcháin.

3.   Déanfar an scéim fíordheimhniúcháin a thástáil i gcomhréir le hAirteagal 12.

4.   I gcás ina n-úsáidfidh iompróirí an Comhéadan Feidhmchlár dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (a) chun rochtain a fháil ar an gcomhéadan iompróra, is trí bhíthin fíordheimhniú frithpháirteach a chuirfear an scéim fíordheimhniúcháin chun feidhme.

Airteagal 10

Clárú le haghaidh na scéime fíordheimhniúcháin

1.   Na hiompróirí dá dtagraítear in Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2017/2226 atá ag oibriú agus a iompraíonn paisinéirí isteach ar chríoch na mBallstát, beidh sé de cheangal orthu clárú roimh ré sula bhfaighidh siad rochtain ar an scéim fíordheimhniúcháin.

2.   Cuirfidh eu-LISA foirm chlárúcháin ar fáil ar shuíomh gréasáin poiblí a bheidh le líonadh isteach ar líne. Ní bheifear in ann an fhoirm chlárúcháin a chur isteach mura mbeidh gach réimse líonta isteach i gceart.

3.   Cuimseoidh an fhoirm chlárúcháin réimsí ina n-éileofar ar iompróirí an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar:

(a)

ainm dlíthiúil an iompróra mar aon lena shonraí teagmhála (seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin agus seoladh poist);

(b)

sonraí teagmhála ionadaí dlíthiúil na cuideachta atá ag iarraidh clárú agus sonraí teagmhála cúltaca (ainmneacha, uimhreacha teileafóin, seoltaí ríomhphoist agus seoltaí poist) mar aon le seoladh ríomhphoist feidhmiúil agus modhanna teagmhála eile a bheartaíonn an t-iompróir a úsáid chun críocha Airteagail 13 agus 14;

(c)

an Ballstát nó an tríú tír a d’eisigh an clárú cuideachta oifigiúil dá dtagraítear i mír 6 agus aon uimhir chlárúcháin atá ar fáil;

(d)

na Ballstáit ina n-oibríonn an t-iompróir nó ina bhfuil sé beartaithe aige oibriú le linn na bliana atá ag teacht, i gcás ina gcuirfidh an t-iompróir i gceangal, i gcomhréir le mír 6, clárú cuideachta oifigiúil arna eisiúint ag tríú tír.

4.   Leis an bhfoirm chlárúcháin, cuirfear na hiompróirí ar an eolas faoi na híoscheanglais slándála, rud a áiritheoidh go gcomhlíonfar na cuspóirí seo a leanas:

(a)

rioscaí slándála a bhaineann le nascadh leis an gcomhéadan iompróra a shainaithint agus a bhainistiú;

(b)

na timpeallachtaí agus na gléasanna atá nasctha leis an gcomhéadan iompróra a chosaint;

(c)

teagmhais chibearshlándála a bhrath, anailís a dhéanamh orthu, dul i ngleic leo agus téarnamh uathu.

5.   Beidh sé de cheangal ar na hiompróirí an méid seo a leanas a dhearbhú san fhoirm chlárúcháin:

(a)

go bhfuil siad ag oibriú agus go n-iompraíonn siad paisinéirí isteach ar chríoch na mBallstát nó go bhfuil sé beartaithe acu déanamh amhlaidh laistigh de na 6 mhí atá ag teacht;

(b)

go ndéanfaidh siad an comhéadan iompróra a rochtain agus go mbainfidh siad úsáid as i gcomhréir leis na híoscheanglais slándála a leagtar amach san fhoirm chlárúcháin, i gcomhréir le mír 4;

(c)

nach mbeidh rochtain ar an gcomhéadan iompróra ach ag baill foirne chuí-údaraithe amháin.

6.   Leis an bhfoirm chlárúcháin beidh sé de cheangal ar iompróirí cóip leictreonach dá n-ionstraimí bunreachta a chur i gceangal, lena n-áirítear reachtanna, mar aon le cóip leictreonach de shliocht as a gclárú cuideachta oifigiúil ó Bhallstát amháin ar a laghad, i gcás inarb iomchuí, sin nó ó thríú tír, agus é le bheith i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais nó i gceann amháin de theangacha na dtíortha comhlachaithe Schengen, nó é le bheith aistrithe go hoifigiúil go ceann amháin de na teangacha sin. Cóip leictreonach d’údarú le hoibriú i mBallstát amháin nó níos mó, amhail Deimhniú Aeroibreora, is féidir sin a chur isteach in ionad an chláraithe cuideachta oifigiúil.

7.   Leis an bhfoirm chlárúcháin, tabharfar fógra do na hiompróirí faoin méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil sé de cheangal orthu eu-LISA a chur ar an eolas faoi aon athrú maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 3, 4 nó 5, nó i gcás athruithe teicniúla a dhéanann difear dá nasc “córas le córas” leis an gcoimhéad iompróra nuair a d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tástáil bhreise i gcomhréir le hAirteagal 12 i ngeall orthu, agus an teagmháil sin a dhéanamh trí shonraí teagmhála sonraithe de chuid eu-LISA atá le húsáid chun na críche sin;

(b)

go ndíchlárófar go huathoibríoch ón scéim fíordheimhniúcháin iad má léiríonn na logaí nár bhain an t-iompróir úsáid as an gcomhéadan iompróra le linn tréimhse bliana amháin;

(c)

go bhféadfar iad a dhíchlárú ón scéim fíordheimhniúcháin i gcás sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo, ar na ceanglais slándála dá dtagraítear i mír 4 nó ar na treoirlínte teicniúla, lena n-áirítear i gcás mhí-úsáid an chomhéadain iompróra;

(d)

go bhfuil sé d’oibleagáid orthu eu-LISA a chur ar an eolas faoi aon sárú i ndáil le sonraí pearsanta a d’fhéadfadh tarlú agus athbhreithniú rialta a dhéanamh ar chearta rochtana a mball foirne tiomnaithe.

8.   I gcás inar cuireadh an fhoirm chlárúcháin isteach i gceart, cláróidh eu-LISA an t-iompróir agus tabharfaidh sé fógra don iompróir go bhfuil sé cláraithe. I gcás nár cuireadh an fhoirm chlárúcháin isteach i gceart, diúltóidh eu-LISA an clárú agus tabharfaidh sé fógra don iompróir faoi na cúiseanna atá leis sin.

Airteagal 11

Díchlárú ón scéim fíordheimhniúcháin

1.   I gcás ina gcuirfidh iompróir in iúl do eu-LISA nach bhfuil sé ag oibriú a thuilleadh nó nach n-iompraíonn sé paisinéirí isteach ar chríoch na mBallstát a thuilleadh, déanfaidh eu-LISA an t-iompróir a dhíchlárú.

2.   I gcás ina léireoidh na logaí nár úsáid an t-iompróir an comhéadan iompróra le linn tréimhse bliana amháin, déanfar é a dhíchlárú go huathoibríoch.

3.   I gcás nach gcomhlíonann an t-iompróir na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(5) a thuilleadh nó ina bhfuil forálacha an Rialacháin seo, na ceanglais slándála dá dtagraítear in Airteagal 10(4) nó na treoirlínte teicniúla sáraithe aige ar bhealach áirithe, lena n-áirítear i gcás mhí-úsáid an chomhéadain iompróra, féadfaidh eu-LISA an t-iompróir a dhíchlárú.

4.   Cuirfidh eu-LISA in iúl don iompróir go bhfuil sé beartaithe aige an t-iompróir a dhíchlárú de bhun mhíreanna 1, 2 nó 3, in éineacht leis an gcúis leis an díchlárú, aon mhí amháin roimh an díchlárú. Roimh an díchlárú, tabharfaidh eu-LISA deis don iompróir barúlacha i scríbhinn a chur isteach.

5.   I gcás ábhair imní phráinneacha maidir le TF, lena n-áirítear i gcás nach gcomhlíonann an t-iompróir na ceanglais slándála dá dtagraítear in Airteagal 10(4), ná na treoirlínte teicniúla, féadfaidh eu-LISA an t-iompróir a dhínascadh láithreach. Cuirfidh eu-LISA an dínascadh in iúl don iompróir, in éineacht leis an gcúis leis an dínascadh.

6.   A mhéid is iomchuí, cuideoidh eu-LISA le hiompróirí a fuair fógra faoi dhíchlárú nó dínascadh chun na heasnaimh ba chúis leis an bhfógra a leigheas agus, más féidir, ar feadh tréimhse theoranta agus faoi choinníollacha dochta, tabharfaidh sé an deis d’iompróirí dínasctha iarratais fíorúcháin a sheoladh ar bhealaí eile seachas na bealaí dá dtagraítear i mír 4.

7.   Féadfar iompróirí dínasctha a nascadh arís leis an gcomhéadan iompróra nuair a éireoidh leo deireadh a chur leis na hábhair imní slándála ba chúis leis an dínascadh. Féadfaidh iompróirí díchláraithe iarratas nua ar chlárú a chur isteach.

8.   Coinneoidh eu-LISA clár cothrom le dáta de na hiompróirí cláraithe. Déanfar sonraí pearsanta i gclár na n-iompróirí a scriosadh bliain amháin ar a dhéanaí tar éis dhíchlárú an iompróra. Tráth ar bith tar éis iompróirí a chlárú de bhun Airteagal 10, agus go háirithe i gcás ina mbeidh amhras réasúnaithe ann go bhfuil iompróir amháin nó níos mó ag baint mí-úsáid as an gcomhéadan iompróra nó nach bhfuil siad ag comhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(4), féadfaidh eu-LISA fiosrúcháin a dhéanamh leis na Ballstáit nó le tríú tíortha.

9.   I gcás nach mbeidh an fhoirm chlárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2) ar fáil ar feadh tréimhse fhada, áiritheoidh eu-LISA go bhféadfar clárú ar bhealaí eile i gcomhréir leis an Airteagal sin.

Airteagal 12

Forbairt, tástáil agus nascadh an chomhéadain iompróra

1.   Cuirfidh eu-LISA na treoirlínte teicniúla ar fáil do na hiompróirí chun gur féidir leo an comhéadan iompróra a fhorbairt agus a thástáil.

2.   I gcás ina roghnóidh iompróirí nasc a dhéanamh tríd an gComhéadan Feidhmchláir dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe(a), déanfar cur chun feidhme fhormáid na dteachtaireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7 agus na scéime fíordheimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9 a thástáil.

3.   I gcás ina roghnóidh iompróirí nasc a dhéanamh tríd an gcomhéadan gréasáin (brabhsálaí) nó tríd an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointí (b) agus (c) faoi seach, tabharfaidh siad fógra do eu-LISA gur éirigh leo a nasc leis an gcomhéadan iompróra a thástáil go rathúil agus gur éirigh leo oiliúint a chur ar a mbaill foirne chuí-údaraithe maidir le húsáid an chomhéadain iompróra.

4.   Chun críoch mhír 2, forbróidh eu-LISA plean tástála, timpeallacht tástála agus ionsamhlóir agus cuirfidh sé ar fáil iad chun gur féidir le eu-LISA agus na hiompróirí nasc na n-iompróirí leis an gcomhéadan iompróra a thástáil. Chun críoch mhír 3, forbróidh eu-LISA timpeallacht tástála agus cuirfidh sé ar fáil í chun gur féidir le hiompróirí oiliúint a chur ar a mbaill foirne.

5.   Tar éis don iompróir an próiseas clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10 a chur i gcrích go rathúil, agus tar éis dó an tástáil dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh go rathúil, sin nó an admháil dá dtagraítear i mír 3 a fháil, déanfaidh eu-LISA an t-iompróir sin a nascadh leis an gcomhéadan iompróra.

Airteagal 13

Dodhéantacht ó thaobh dul ar aghaidh le hiarratais fíorúcháin ar chúiseanna teicniúla

I gcás go mbeidh sé dodhéanta iarratas fíorúcháin a sheoladh ar chúiseanna teicniúla toisc gur chlis comhpháirt den Chóras Dul Isteach/Imeachta, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 13 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1217 i gcás nach mbeidh sé indéanta dul ar aghaidh le hiarratas fíorúcháin toisc gur chlis comhpháirt den Chóras Dul Isteach/Imeachta.

Airteagal 14

Cúnamh do na hiompróirí

Chun gur féidir le hiompróirí cúnamh a iarraidh, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1217. maidir le hiarrataí ar chúnamh ó iompróirí i ndáil leis an gCóras Dul Isteach/Imeachta.

Airteagal 15

Rochtain ar an tseirbhís gréasáin ag náisiúnaigh tríú tír

1.   Nuair a bheidh náisiúnaigh tríú tír ag fíorú na laethanta atá fágtha den fhanacht údaraithe tríd an tseirbhís gréasáin a rochtain trí nasc idirlín slán, cuirfidh siad an Ballstát cinn scríbe in iúl.

2.   Cuirfidh an náisiúnach tríú tír na sonraí seo a leanas isteach sa tseirbhís gréasáin:

(a)

cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil agus cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil nó na doiciméid taistil;

(b)

go roghnach, an dáta dul isteach beartaithe nó an dáta imeachta beartaithe nó an dá dháta sin, arna shocrú de réir Am Lár na hEorpa mar réamhshocrú, ar sonraí iad ar féidir leis an úsáideoir iad a athrú;

(c)

an Ballstát cinn scríbe.

3.   Tabharfaidh an tseirbhís gréasáin ceann amháin de na freagraí seo a leanas:

(a)

“CGL” agus an líon laethanta atá fágtha den fhanacht údaraithe;

(b)

“NÍL SÉ CGL” agus 0 lá fágtha den fhanacht údaraithe;

(c)

“Níl an fhaisnéis ar fáil”.

4.   I gcás ina dtabharfar an líon laethanta atá fágtha den fhanacht údaraithe, léireoidh an tseirbhís gréasáin gur ríomhadh an líon laethanta ar bhonn an dáta imeachta bheartaithe arna soláthar ag an náisiúnach tríú tír agus go bhféadfadh líon iarbhír na laethanta atá fágtha a bheith éagsúil, ag brath ar an dáta dul isteach iarbhír. I gcás nár luaigh an náisiúnach tríú tír aon dáta dul isteach beartaithe, déanfar an fanacht údaraithe atá fágtha a ríomh ar bhonn dháta féilire an chuardaigh. Sa chás sin, léireoidh an tseirbhís gréasáin gur ríomhadh an líon laethanta atá fágtha den fhanacht údaraithe ar bhonn dháta féilire an chuardaigh.

5.   Le linn na hidirthréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2017/2226, i gcás nach ann d’aon sonraí maidir leis an náisiúnach tríú tír sa Chóras Dul Isteach/Imeachta, is i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas a chinnfear na freagraí ar na hiarratais fíorúcháin:

(a)

Fanacht údaraithe: CGL,

(b)

Laethanta fágtha: níl an fhaisnéis ar fáil, lena n-áirítear nóta ina sonrófar nár cuireadh san áireamh na fanachtaí a tharla roimh thús oibríochtaí an Chórais Dul Isteach/Imeachta.

6.   Tar éis na hidirthréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2017/2226, is i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas a chinnfear na freagraí ar na hiarratais fíorúcháin:

(a)

i gcás inar leor na laethanta atá fágtha den fhanacht údaraithe ag an náisiúnach tríú tír, is éard a bheidh sa fhreagra:

(i)

Fanacht údaraithe: CGL;

(ii)

Laethanta fágtha: laethanta fágtha den fhanacht údaraithe arna ríomh ag an gCóras Dul Isteach/Imeachta.

(b)

i gcás ina bhfuil cuid den fhanacht údaraithe curtha den náisiúnach tríú tír agus go bhfuil sé beartaithe aige fanacht níos faide ná an fanacht údaraithe, is éard a bheidh sa fhreagra:

(i)

Fanacht údaraithe: NÍL SÉ CGL;

(ii)

Laethanta fágtha: 0.

(c)

i gcás ina bhfuil na laethanta uile den fhanacht údaraithe curtha den náisiúnach tríú tír, is éard a bheidh sa fhreagra:

(i)

Fanacht údaraithe: NÍL SÉ CGL;

(ii)

Laethanta fágtha: 0.

(d)

i gcás ina mbeidh an náisiúnach tríú tír faoi réir oibleagáid víosa agus níl víosa bailí aige, sin nó tá víosa atá imithe in éag aige, nó víosa a aisghaireadh nó a neamhníodh, nó tá víosa ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige nach bhfuil ag teacht leis an mBallstát cinn scríbe a sonraíodh, is éard a bheidh sa fhreagra:

(i)

Fanacht údaraithe: NÍL SÉ CGL;

(ii)

Laethanta fágtha: 0.

(e)

i gcás nach bhfuil an náisiúnach tríú tír faoi réir oibleagáid víosa agus níl údarú taistil bailí aige, sin nó tá údarú taistil atá imithe in éag aige, nó údarú taistil a aisghaireadh nó a neamhníodh, is éard a bheidh sa fhreagra:

(i)

Fanacht údaraithe: NÍL SÉ CGL;

(ii)

Laethanta fágtha: 0.

(f)

i gcás nach bhfuil aon iontráil sa Chóras Dul Isteach/Imeachta maidir le náisiúnach tríú tír a bhfuil víosa ghearrfhanachta ina sheilbh aige, cuirfear uasteorainn leis an líon laethanta atá fágtha de réir dháta dul in éag na víosa gearrfhanachta. I gcás náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa, tar éis theacht i bhfeidhm an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil, cuirfear uasteorainn leis an líon laethanta atá fágtha de réir dháta dul in éag an údaraithe taistil, agus an idirthréimhse agus an tréimhse chairde dá dtagraítear in Airteagal 83 de Rialachán (AE) 2018/1240 á gcur san áireamh.

7.   Is mar seo a leanas a chuirfear faisnéis bhreise ar fáil don náisiúnach tríú tír ar an tseirbhís gréasáin:

(a)

in áit fheiceálach: na Ballstáit arb infheidhme ríomh an fhanachta ina leith;

(b)

gar don réimse ina n-iontrálfar uimhir an doiciméid taistil: ní mór gurb ionann an doiciméad taistil a úsáidfear chun críocha na seirbhíse gréasáin agus ceann de na doiciméid taistil a úsáideadh le haghaidh fanachtaí roimhe sin;

(c)

liosta na mBallstát;

(d)

gach réasún a d’fhéadfadh a bheith ina chúis leis an bhfreagra seo a fháil: “Níl an fhaisnéis ar fáil”;

(e)

séanadh ginearálta ina sonrófar go soiléir nach féidir an freagra “CGL/NÍL SÉ GCL” a ghlacadh mar chinneadh maidir le dul isteach ar limistéar Schengen a dheonú nó a dhiúltú;

(f)

an córas is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír ar baill teaghlaigh iad le saoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ina leith, nó ar baill teaghlaigh iad le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart saoránach den Aontas faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile, agus nach bhfuil cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE nó cead cónaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle ina seilbh acu.

Airteagal 16

Aisghairm Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2019) 1230

Déanfar Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2019) 1230 a aisghairm.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 9.12.2017, lch. 20.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 286, 1.11.2011, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

(4)  Treoir 2004/38/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(5)  Ní thagann an Rialachán seo faoi raon feidhme na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(6)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(7)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(8)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(9)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).

(10)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(11)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(12)  Cinneadh 2018/934/AE ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha atá fágtha de acquis Schengen ar forálacha iad a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 165, 2.7.2018, lgh. 37).

(13)  Cinneadh 2017/1908/AE ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le cur i bhfeidhm forálacha áirithe de acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 269, 19.10.2017, lgh. 39).

(14)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán(CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(15)  Rialachán (AE) 2021/1217 an 26 Iúil 2021 lena leagtar síos na rialacha agus na coinníollacha maidir le hiarratais fíorúcháin ó iompróirí, forálacha maidir le cosaint sonraí agus slándáil le haghaidh scéim fíordheimhniúcháin na n-iompróirí, mar aon le nósanna imeachta cúltaca i gcás dodhéantacht theicniúil (IO L 267, 27.7.2021, lch. 1).


Top