This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0447
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/447 of 12 March 2021 determining revised benchmark values for free allocation of emission allowances for the period from 2021 to 2025 pursuant to Article 10a(2) of Directive 2003/87/EC of the European Parliament and of the Council (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún an 12 Márta 2021 lena gcinntear luachanna tagarmhairc athbhreithnithe maidir le lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025 de bhun Airteagal 10a(2) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún an 12 Márta 2021 lena gcinntear luachanna tagarmhairc athbhreithnithe maidir le lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025 de bhun Airteagal 10a(2) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/1557
IO L 87, 15.3.2021, pp. 29–34
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
15.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 87/29 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/447 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Márta 2021
lena gcinntear luachanna tagarmhairc athbhreithnithe maidir le lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025 de bhun Airteagal 10a(2) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 10a(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh 2011/278/AE ón gCoimisiún (2) rinneadh 54 thagarmharc a chinneadh, ar tagarmharcanna iad a úsáidtear mar bhunús le leithdháileadh saor in aisce (na “tagarmharcanna”), agus rinneadh luachanna na dtagarmharcanna sin a chinneadh le haghaidh na tréimhse ó 2013 go 2020. Rinneadh Cinneadh 2011/278/AE a aisghairm agus a ionadú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún (3) ón 1 Eanáir 2021 agus leagadh síos sa Rialachán céanna túsphointí comhionanna le haghaidh chinneadh na rátaí laghdaithe bliantúla maidir le gach uasdátú ar luach tagarmhairc le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2030. |
|
(2) |
A mhéid ab fhéidir, rinneadh na 54 luach tagarmhairc i gCinneadh 2011/278/AE a chinneadh ar bhonn sonraí maidir le héifeachtúlacht na suiteálacha aonair i ndáil le gáis ceaptha teasa, ar sonraí iad a chuir na comhlachais Eorpacha earnála faoi seach ar fáil de réir rialacha arna sainiú ag an gCoimisiún le treoirpháipéar agus “leabhair rialacha earnála”, mar a thugtar orthu. I bhfianaise chineál deonach an bhailithe sonraí, níor chumhdaigh an tacar sonraí na suiteálacha uile lena mbaineann. Bunaíodh 14 luach tagarmhairc táirge ar shonraí ó shuiteálacha aon táirge, toisc nár measadh go raibh sé indéanta astaíochtaí a shannadh do tháirgí aonair ag na suiteálacha iltáirge lena mbaineann laistigh den tréimhse ama a bhí ceadaithe. De bharr easpa sonraí ó shuiteálacha aonair, bunaíodh cúig luach tagarmhairc táirge, chomh maith leis na luachanna tagarmhairc teasa agus breosla, ar fhaisnéis ó Dhoiciméid Tagartha um na Teicnící is Fearr atá ar Fáil (BREFanna) nó ar litríocht eile. Bunaíodh ceithre luach tagarmhairc táirge ar luachanna tagarmhairc táirge eile chun cothrom iomaíochta a áirithiú do tháirgeoirí na dtáirgí céanna nó táirgí comhchosúla. |
|
(3) |
Tá na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe le cinneadh ar bhonn faisnéis fhíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa suiteálacha arna tuairisciú de bhun Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE le haghaidh na mblianta 2016 agus 2017. I gcás gach tagarmhairc, tá meánfheidhmíocht an 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla in 2016 agus 2017 le ríomh. Ar bhonn comparáid idir na luachanna sin agus na luachanna tagarmhairc a leagtar amach i gCinneadh 2011/278/AE, a bhí bunaithe ar shonraí feidhmíochta le haghaidh na mblianta 2007 agus 2008, tá na rátaí laghdaithe bliantúla le cinneadh maidir le gach tagarmharc le haghaidh na tréimhse 9 mbliana ó 2007/2008 go 2016/2017. Tá na rátaí laghdaithe bliantúla sin le húsáid ansin chun na laghduithe comhfhreagracha ar na luachanna tagarmhairc a ríomh, trí bhíthin eachtarshuímh, le haghaidh na tréimhse 15 bliana ó 2007/2008 go 2022/2023. I gcomhréir le hAirteagal 10a(2) de Threoir 2003/87/CE, níor cheart an laghdú a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse 15 bliana a bheith níos lú ná 3 % ná níos airde ná 24 %. Tá feidhm ag forálacha sonracha chun na luachanna tagarmhairc a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh comhdhúile aramatacha, hidrigine, gás sintéiseach agus miotal te. |
|
(4) |
An liosta de na suiteálacha ina bhfuil faisnéis is ábhartha maidir le lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce, chuir na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin é faoin 30 Meán Fómhair 2019 i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Threoir 2003/87/CE. Chun a áirithiú go bhfuil na luachanna tagarmhairc bunaithe ar shonraí cearta, rinne an Coimisiún grinnseiceálacha ar iomláine agus ar chomhsheasmhacht na sonraí is ábhartha maidir le lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce, agus úsáid á baint as uirlisí uathoibrithe freisin. I gcás inarbh iomchuí, d’iarr an Coimisiún soiléirithe agus ceartúcháin ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. Mar thoradh ar an nós imeachta sin, fuair an Coimisiún tacar sonraí a bhí cruinn, comhsheasmhach agus inchomparáide maidir le héifeachtúlachtaí gáis cheaptha teasa na suiteálacha do-aistrithe go léir a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE. Úsáideadh an tacar sonraí ardcháilíochta sin chun na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe a chinneadh le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025 i gcás gach ceann de na 54 thagarmharc. Úsáideadh sonraí ó na foshuiteálacha uile a thagann faoi shainiú tagarmhairc shonraigh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, chun meánfheidhmíocht an 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla sna blianta 2016 agus 2017 a chinneadh, mar a bhunaítear in Airteagal 10a(2) de Threoir 2003/87/CE agus in aithris (11) de Threoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
|
(5) |
Bunaítear le hAirteagal 27 de Threoir 2003/87/CE go gceadaítear do na Ballstáit, faoi choinníollacha áirithe, suiteálacha a eisiamh ó EU ETS a thuairiscigh astaíochtaí níos lú ná 25 000 tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin agus, i gcás ina ndéanann siad gníomhaíochtaí dócháin, a bhfuil ionchur teirmeach rátaithe acu faoi bhun 35 MW, gan astaíochtaí ó bhithmhais a chur san áireamh. Bunaítear le hAirteagal 27a de Threoir 2003/87/CE go gceadaítear do na Ballstáit suiteálacha a eisiamh ó EU ETS freisin a thuairiscigh astaíochtaí níos lú ná 2 500 tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin, gan astaíochtaí ó bhithmhais a chur san áireamh. Bunaithe ar na forálacha sin, chinn roinnt Ballstát suiteálacha a eisiamh ó EU ETS le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025. Níor cheart na suiteálacha sin a chur san áireamh agus na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe á gcinneadh. |
|
(6) |
Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 rialacha maidir le hastaíochtaí a chinneadh ar leibhéal na foshuiteála chun a áirithiú go gcaithfear go comhsheasmhach le hastaíochtaí a bhaineann le hallmhairiú, le honnmhairiú agus le táirgeadh inmheánach teasa intomhaiste, dramhghás ina bhfuil carbón agus CO2 aistrithe. Chun na críche sin, rinneadh na fachtóirí ábhartha astaíochta a chinneadh trí úsáid a bhaint as na luachanna tagarmhairc teasa agus breosla a tugadh cothrom le dáta ar a seal trí na rátaí laghdaithe bliantúla arna gcinneadh a chur i bhfeidhm. I gcás allmhairí teasa ag a bhfuil fachtóirí astaíochta nach eol nó nár sainíodh go soiléir agus i gcás onnmhairí teasa, úsáideadh luach 53,3 coibhéis tona CO2/TJ. Fuarthas an luach sin trí ráta laghdaithe bliantúil 1,6 % a chur i bhfeidhm ar luach an tagarmhairc teasa le haghaidh na tréimhse 9 mbliana ó 2007/2008 go 2016/2017. I gcás onnmhairí dramhgháis, rinneadh luach 37,4 coibhéis tona CO2/TJ a dhealú ó fhachtóir astaíochta iarbhír an dramhgháis. Comhfhreagraíonn an luach sin d’fhachtóir astaíochta an gháis nádúrtha (56,1 coibhéis tona CO2/TJ) arna iolrú faoi fhachtóir 0,667 lena dtugtar cuntas san éagsúlacht in éifeachtúlachtaí idir úsáid an dramhgháis agus úsáid ghás nádúrtha an bhreosla tagartha. I gcás allmhairí dramhgháis, úsáideadh luach 48,0 coibhéis tona CO2/TJ. Fuarthas an luach sin trí ráta laghdaithe bliantúil 1,6 % a chur i bhfeidhm ar luach an tagarmhairc breosla le haghaidh na tréimhse 9 mbliana ó 2007/2008 go 2016/2017. |
|
(7) |
I gcás foshuiteálacha lena n-allmhairítear táirgí idirmheánacha a bhfuil a dtáirgeadh faoi chumhdach theorainneacha córais an tagarmhairc táirge ábhartha agus i gcás nárbh indéanta na hastaíochtaí ceaptha teasa a chinneadh a bhaineann le táirgeadh na dtáirgí idirmheánacha sin bunaithe ar na sonraí a cuireadh isteach, níor cheart éifeachtúlachtaí gás ceaptha teasa na bhfoshuiteálacha lena mbaineann a chur san áireamh agus na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe á gcinneadh. Baineann sé seo leis na nuashonruithe ar an luach tagarmhairc le haghaidh táirgí scaglainne, miotal te, dolaimít shintéaraithe, amóinia, hidrigine agus luaith shóide. I gcás foshuiteálacha lena n-onnmhairítear táirgí idirmheánacha, agus i gcás nárbh indéanta na hastaíochtaí ceaptha teasa a chinneadh a bhaineann leis na próisis ina dhiaidh sin bunaithe ar na sonraí a cuireadh isteach, níor cheart éifeachtúlachtaí gás ceaptha teasa na bhfoshuiteálacha lena mbaineann a chur san áireamh agus na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe á gcinneadh. Baineann sé seo leis an luach tagarmhairc a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh táirgí scaglainne, agus miotal te. |
|
(8) |
An mhodheolaíocht chun astaíochtaí a shannadh d’fhoshuiteálacha éagsúla a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, d’fhéadfadh éifeachtúlachtaí diúltacha gás ceaptha teasa a bheith mar thoradh uirthi i gcásanna ina ndéantar an teas a tháirgtear agus úsáid á baint as breosla a bhfuil fachtóir astaíochta íseal aige a onnmhairiú chuig foshuiteálacha nó chuig suiteálacha eile. I gcásanna den sórt sin, ba cheart éifeachtúlacht gás ceaptha teasa na foshuiteála lena mbaineann a shocrú ag nialas chun na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe a chinneadh. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Athrú Aeráide, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe a liostaítear san Iarscríbhinn, beidh feidhm acu maidir le leithdháileadh saor in aisce comhchuibhithe na lamháltas astaíochtaí le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.
(2) Cinneadh 2011/278/AE ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2011 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha maidir le leithdháileadh comhchuibhithe saor in aisce lamháltas astaíochtaí de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 130, 17.5.2011, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha maidir le leithdháileadh comhchuibhithe saor in aisce lamháltas astaíochtaí de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).
(4) Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 (IO L 76, 19.3.2018, lch. 3).
IARSCRÍBHINN
Tagarmharcanna
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainithe ar tháirgí a chumhdaítear agus ar na próisis agus ar na hastaíochtaí a chumhdaítear (teorainneacha córais) a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331.
1. Tagarmharcanna táirge gan inmhalartacht breosla agus leictreachais a chur san áireamh
|
Tagarmharc táirge |
Meánluach an 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla in 2016 agus 2017 (coibhéis tona CO2/tona) |
Luach tagarmhairc (lamháltais/tona) le haghaidh 2021-2025 |
|
Cóc |
0,144 |
0,217 |
|
Mian shintéaraithe |
0,163 |
0,157 |
|
Miotal te |
1,331 |
1,288 |
|
Anóid réamhbhácáilte |
0,317 |
0,312 |
|
Alúmanam |
1,484 |
1,464 |
|
Clincear stroighne léithe |
0,722 |
0,693 |
|
Clincear stroighne báine |
0,973 |
0,957 |
|
Aol |
0,746 |
0,725 |
|
Dolaimít |
0,881 |
0,815 |
|
Dolaimít shintéaraithe |
1,441 |
1,406 |
|
Gloine ar snámh |
0,421 |
0,399 |
|
Buidéil agus crúscaí gloine éadathaí |
0,323 |
0,290 |
|
Buidéil agus crúscaí gloine dathaí |
0,265 |
0,237 |
|
Táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach |
0,290 |
0,309 |
|
Brící foraghaidhe |
0,094 |
0,106 |
|
Pábhálacha |
0,140 |
0,146 |
|
Tíleanna dín |
0,130 |
0,120 |
|
Púdar spraethriomaithe |
0,050 |
0,058 |
|
Plástar |
0,048 |
0,047 |
|
Gipseam tánaisteach triomaithe |
0,008 |
0,013 |
|
Craft-laíon snáithín ghearr |
0,000 |
0,091 |
|
Craft-líon snáithín fhada |
0,001 |
0,046 |
|
Laíon suilfíte, laíon teirmimheicniúil agus laíon meicniúil |
0,000 |
0,015 |
|
Laíon páipéir athshlánaithe |
0,000 |
0,030 |
|
Nuachtpháipéar |
0,007 |
0,226 |
|
Mínpháipéar neamhbhrata |
0,011 |
0,242 |
|
Mínpháipéar brata |
0,043 |
0,242 |
|
Páipéar síoda |
0,139 |
0,254 |
|
Líneálach tástáilte agus cuisliú |
0,071 |
0,188 |
|
Cairtchlár neamhbhrata |
0,009 |
0,180 |
|
Cairtchlár brata |
0,011 |
0,207 |
|
Aigéad nítreach |
0,038 |
0,230 |
|
Aigéad adaipeach |
0,32 |
2,12 |
|
Monaiméir clóiríde vinile (VCM) |
0,171 |
0,155 |
|
Feanól/aicéatón |
0,244 |
0,230 |
|
S-PVC |
0,073 |
0,066 |
|
E-PVC |
0,103 |
0,181 |
|
Luaith shóide |
0,789 |
0,753 |
2. Tagarmharcanna táirge agus inmhalartacht breosla agus leictreachais á cur san áireamh
|
Tagarmharc táirge |
Meánluach an 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla in 2016 agus 2017 (coibhéis tona CO2/tona) |
Luach tagarmhairc (lamháltais/tona) le haghaidh 2021-2025 |
|
Táirgí scaglainne |
0,0255 |
0,0228 |
|
Cruach charbóin ó stuafhoirnéis leictreach |
0,209 |
0,215 |
|
Cruach ard-chóimhiotail ó stuafhoirnéis leictreach |
0,266 |
0,268 |
|
Teilgean iarainn |
0,299 |
0,282 |
|
Olann charraige |
0,595 |
0,536 |
|
Plástarchlár |
0,119 |
0,110 |
|
Dubh carbóin |
1,141 |
1,485 |
|
Amóinia |
1,604 |
1,570 |
|
Galscoilteadh |
0,693 |
0,681 |
|
Comhdhúile aramatacha |
0,0072 |
0,0228 |
|
Stiréin |
0,419 |
0,401 |
|
Hidrigin |
4,09 |
6,84 |
|
Gás sintéiseach |
0,009 |
0,187 |
|
Ocsaíd eitiléine/gliocóil eitiléine |
0,314 |
0,389 |
3. Tagarmharcanna teasa agus breosla
|
Tagarmharc |
Meánluach an 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla in 2016 agus 2017 (coibhéisí tona CO2/TJ) |
Luach tagarmhairc (lamháltais/TJ) le haghaidh 2021-2025 |
|
Tagarmharc teasa |
1,6 |
47,3 |
|
Tagarmharc breosla |
34,3 |
42,6 |