Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1940

    Cinneadh (AE) 2021/1940 ón gComhairle an 9 Samhain 2021 maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe dir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise ndáil le heisiúint víosaí a éascú a chur ar fionraí go páirteach

    ST/12825/2021/INIT

    IO L 396, 10.11.2021, p. 58–60 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1940/oj

    10.11.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 396/58


    CINNEADH (AE) 2021/1940 ÓN gCOMHAIRLE

    an 9 Samhain 2021

    maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe dir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise ndáil le heisiúint víosaí a éascú a chur ar fionraí go páirteach

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 77(2), pointe (a), agus Airteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise i ndáil le heisiúint víosaí a éascú (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise i ndáil le heisiúint víosaí a éascú (“an Comhaontú um Éascú”), tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2020 i gcomhthráth leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach (2) (“an Comhaontú um Athligean Isteach”).

    (2)

    Is é is cuspóir don Chomhaontú um Éascú eisiúint na víosaí chuig saoránaigh an Aontais agus na Bealarúise a éascú, ar bhonn na cómhalartachta, i gcás tréimhse fanachta atá beartaithe le haghaidh tréimhse nach faide ná 90 lá i rith aon tréimhse 180 lá. Leis an gComhaontú um Éascú, rannchuidítear le teagmhálacha idir daoine a fheabhsú agus le luachanna a chomhroinnt, lena n-áirítear urramú do chearta an duine agus do phrionsabail dhaonlathacha.

    (3)

    Faoi Airteagal 14(5) den Chomhaontú um Éascú, is féidir le gach Páirtí an Comhaontú um Éascú a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach. Tabharfar fógra don Pháirtí eile maidir leis an gcinneadh fionraíochta 48 n-uair an chloig ar a dhéanaí tar éis dó a theacht i bhfeidhm. An Páirtí a chuir an Comhaontú um Éascú ar fionraí, is é a chuirfidh an Páirtí eile ar an eolas a luaithe is nach mbeidh feidhm a thuilleadh leis na cúiseanna a bhaineann leis an gcur ar fionraí.

    (4)

    Ag freagairt don chaoi a bhfuil gach cuid de shochaí na Bealarúise á cur faoi chois go brúidiúil agus go leanúnach, agus go háirithe d’fhuadach na heitilte paisinéirí an 23 Bealtaine 2021, chuir an tAontas cosc ar aeriompróirí na Bealarúise eitilt thar chríoch an Aontais agus teacht chuig aerfoirt an Aontais, agus thug sé isteach an ceathrú pacáiste de smachtbhannaí in aghaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí mar aon le smachtbhannaí eacnamaíocha dírithe trí bhíthin Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle (3) agus Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle (4).

    (5)

    Mar fhreagairt ar bhearta sriantacha den sórt sin, an 28 Meitheamh 2021 rinne an Bhealarúis diongbháil na mbeart sin, agus d’fhógair sí a cuid rannpháirtíochta i gComhpháirtíocht an Oirthir a bheith curtha ar fionraí aici agus fionraíocht an Chomhaontaithe um Athligean Isteach. An 8 Meán Fómhair 2021, cuireadh bille faoi bhráid Pharlaimint na Bealarúise maidir le fionraíocht an Chomhaontaithe um Athligean Isteach.

    (6)

    An tráth céanna, tháinig méadú nach bhfacthas riamh ar sreabha imirce neamhrialta ón mBealarúis sa Liotuáin, rud atá ag tarlú sa Pholainn agus sa Laitvia le déanaí chomh maith. Is éard a thugtar le fios leis an méadú tobann seo go bhfuil réimeas na Bealarúise ag spreagadh na hinimirce neamhrialta chun críoch polaitiúil, agus is frithbheart é go háirithe in aghaidh na Liotuáine, na Polainne agus na Laitvia as an seasamh atá acu i leith na Bealarúise.

    (7)

    Na gníomhartha atá á ndéanamh ag an mBealarúis, is sárú iad ar na prionsabail bhunúsacha ar ar tugadh an Comhaontú um Éascú i gcrích, agus téann siad in aghaidh leasanna an Aontais agus a Bhallstát. Go háirithe, ní thugann na gníomhaíochtaí sin urraim do chearta an duine ná do na prionsabail dhaonlathacha toisc go spreagann siad an imirce neamhrialta ó chríoch na Bealarúise isteach i gcríoch an Aontais.

    (8)

    Dá bhrí sin, maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha áirithe an Chomhaontaithe um Éascú maidir le víosaí gearrfhanachta a eisiúint do chatagóirí áirithe iarratasóirí, eadhon comhaltaí de thoscaireachtaí oifigiúla de chuid na Bealarúise, comhaltaí de Rialtais agus de Pharlaimintí na Bealarúise idir náisiúnta agus réigiúnach, comhaltaí de Chúirt Bhunreachtúil na Bealarúise agus de Chúirt Uachtarach na Bealarúise, agus iad i mbun a gcuid dualgas, ba cheart cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a chur ar fionraí.

    (9)

    Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (5); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (10)

    I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear cur i bhfeidhm na forálacha seo a leanas den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise i ndáil le heisiúint víosaí a éascú (“an Comhaontú um Éascú”) ar fionraí:

    (a)

    Airteagal 4(1), pointe (a), a mhéid a bhaineann le haon iarratasóir ar víosa atá ina chomhalta de thoscaireacht oifigiúil de chuid na Bealarúise, lena n-áirítear comhaltaí buana de thoscaireacht den sórt sin, ar comhalta é atá le bheith rannpháirteach, de bhun cuireadh oifigiúil chuig an mBealarúis, i gcruinnithe oifigiúla, comhairliúcháin, idirbheartaíocht nó cláir mhalartaithe, mar aon le himeachtaí a reáchtálann eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch ceann de na Ballstáit;

    (b)

    Airteagal 5(1), pointe (a) agus pointe (b), a mhéid a bhaineann le haon iarratasóir ar víosa atá ina chomhalta, agus é i mbun a chuid dualgas, de Rialtas náisiúnta nó réigiúnach na Bealarúise nó de Pharlaimint na Bealarúise, nó atá ina chomhalta de Chúirt Bhunreachtúil na Bealarúise nó de Chúirt Uachtarach na Bealarúise, mar aon le haon iarratasóir ar víosa atá ina chomhalta buan de thoscaireacht oifigiúil de chuid na Bealarúise, ar comhalta é atá le bheith rannpháirteach go tráthrialta, de bhun cuireadh oifigiúil chuig an mBealarúis, i gcruinnithe, comhairliúcháin, idirbheartaíocht nó cláir mhalartaithe, mar aon le himeachtaí a reáchtálann eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch ceann de na Ballstáit;

    (c)

    Airteagal 5(2), pointe (a), a mhéid a bhaineann le haon iarratasóir ar víosa atá ina chomhalta de thoscaireacht oifigiúil de chuid na Bealarúise, ar comhalta é atá le bheith rannpháirteach go tráthrialta, de bhun cuireadh oifigiúil chuig an mBealarúis, i gcruinnithe, comhairliúcháin, idirbheartaíocht nó cláir mhalartaithe oifigiúla, mar aon le himeachtaí a reáchtálann eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch na mBallstát;

    (d)

    Airteagal 6(3), pointe (a) agus pointe (b), a mhéid a bhaineann le haon iarratasóir ar víosa atá ina chomhalta de Rialtas náisiúnta nó réigiúnach na Bealarúise nó de Pharlaimint na Bealarúise, nó atá ina chomhalta de Chúirt Bhunreachtúil na Bealarúise nó de Chúirt Uachtarach na Bealarúise, nó le haon iarratasóir ar víosa atá ina chomhalta de thoscaireacht oifigiúil de chuid na Bealarúise, lena n-áirítear buanchomhaltaí na toscaireachta sin, ar comhalta é atá le bheith rannpháirteach go tráthrialta, de bhun cuireadh oifigiúil chuig an mBealarúis, i gcruinnithe, comhairliúcháin, idirbheartaíocht nó cláir mhalartaithe oifigiúla, mar aon le himeachtaí a reáchtálann eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch ceann de na Ballstáit.

    Airteagal 2

    Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 14(5) den Chomhaontú um Éascú tráth nach déanaí ná 48 n-uair an chloig roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dara lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Samhain 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. ŠIRCELJ


    (1)  IO L 180, 9.6.2020, lch. 3.

    (2)  IO L 181, 9.6.2020, lch. 3.

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (IO L 134, 20.5.2006, lch. 1).

    (4)  Cinneadh (CE) Uimh. 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).

    (5)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).


    Top