This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32019R0877
Regulation (EU) 2019/877 of the European Parliament and of the Council of 20 May 2019 amending Regulation (EU) No 806/2014 as regards the loss-absorbing and recapitalisation capacity of credit institutions and investment firms (Text with EEA relevance.)
Rialachán (AE) 2019/877 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))
Rialachán (AE) 2019/877 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))
PE/47/2019/REV/1
IO L 150, 7.6.2019, pp. 226–252
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32014R0806 | Cur le | airteagal 10 mír 11 pointe (k) | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Cur le | airteagal 10 mír 11 pointe (l) | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Cur le | airteagal 10 mír 9 mír neamhuimhrithe | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Cur le | airteagal 10a | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Cur le | airteagal 18 mír 1a | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Cur le | airteagal 21 mír 10 pointe (d) | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Cur le | airteagal 21 mír 7a | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Cur le | airteagal 21 mír 7b | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Cur le | airteagal 27 mír 3 pointe (h) | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Cur le | airteagal 3 mír 1 pointe 24a | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Cur le | airteagal 3 mír 1 pointe 24b | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Cur le | airteagal 3 mír 1 pointe 24c | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Cur le | airteagal 3 mír 1 pointe 45a | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Cur le | airteagal 3 mír 1 pointe 49a | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Cur le | airteagal 3 mír 1 pointe 49b | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Cur le | airteagal 3 mír 1 pointe 55 | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Cur le | airteagal 8 mír 12 mír neamhuimhrithe | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 10 mír 11 pointe (i) TEXT | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 10 mír 11 pointe (j) TEXT | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 10 mír 4 | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 12 | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 16 mír 2 | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 16 mír 3 | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 18 mír 1 pointe (b) | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 20 mír 1 Téacs | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 20 mír 13 Téacs | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 20 mír 15 Téacs | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 20 mír 5 pointe (a) TEXT | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 20 mír 5 pointe (c) | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 20 mír 5 pointe (d) | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 20 mír 5 pointe (g) TEXT | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 20 mír 6 Téacs | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 21 mír 3 pointe (b) TEXT | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 21 mír 7 | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 21 mír 8 mír neamhuimhrithe 2 TEXT | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 21 teideal | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 21 Téacs | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 27 mír 1 Téacs | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 27 mír 13 Téacs | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 27 mír 3 pointe (f) | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 27 mír 4 Téacs | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 27 mír 5 mír neamhuimhrithe 2 | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 27 mír 6 | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 27 mír 7 pointe (a) TEXT | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 3 mír 1 pointe 21 | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 3 mír 1 pointe 48 TEXT | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 3 mír 1 pointe 49 | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 31 mír 2 Téacs | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 32 mír 1 Téacs | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 7 mír 3 pointe (d) | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 8 mír 10 | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 8 mír 11 pointe (a) | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 8 mír 11 pointe (b) | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 8 mír 5 | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 8 mír 6 mír neamhuimhrithe 1 | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 8 mír 6 mír neamhuimhrithe 2 | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 8 mír 9 pointe (o) | 28/12/2020 | |
| Modifies | 32014R0806 | Athchur | airteagal 8 mír 9 pointe (p) | 28/12/2020 |
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Corrected by | 32019R0877R(01) | (ET) | |||
| Corrected by | 32019R0877R(02) | (EL) | |||
| Corrected by | 32019R0877R(03) | (ES) |
|
7.6.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
226 |
RIALACHÁN (AE) 2019/877 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Bealtaine 2019
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 9 Samhain 2015, d'fhoilsigh an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais Bileog Téarmaí (“caighdeán TLAC”) na hacmhainneachta iomláine ionsúcháin caillteanais (TLAC) agus d'fhormhuinigh G20 é i mí na Samhna 2015. Is é cuspóir chaighdeán TLAC a áirithiú i gcás bainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo, dá ngairtear institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (“G-SIInna”) i gcreat an Aontais, go mbeidh an acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin riachtanach acu chun cabhrú lena áirithiú, díreach ina dhiaidh sin, nuair a bheidh réiteach á dhéanamh, gur féidir leis na hinstitiúidí sin leanúint le feidhmeanna criticiúla a dhéanamh gan cistí na gcáiníocóirí - cistí poiblí ná cobhsaíocht airgeadais - a chur i mbaol. Sa teachtaireacht uaidh an 24 Samhain 2015, “I dTreo an tAontas Baincéireachta a Thabhairt chun Críche” gheall an Coimisiún togra reachtach a chur i láthair faoi dheireadh 2016, togra lena bhféadfaí caighdeán TLAC a chur chun feidhme i ndlí an Aontais faoin sprioc-am a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, mar atá 2019. |
|
(2) |
Nuair a bheifear ag cur chaighdeán TLAC chun feidhme i ndlí an Aontais, ní mór a chur san áireamh an t-íoscheanglas institiúid-sonrach atá ann cheana maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (“ICDI”), a bhfuil feidhm aige maidir leis na hinstitiúidí agus comhlachtaí creidmheasa (institiúidí) uile atá bunaithe an Aontas, mar aon le haon eintiteas eile, mar a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (eintitis). Ós rud é go bhfuil an t-aon chuspóir amháin ag caighdeán TLAC agus ICDI, mar atá, a áirithiú go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin ag institiúidí agus ag eintitis atá bunaithe san Aontais, ba cheart an dá cheanglas a bheith ina ngnéithe comhlántacha de chomhchreat. Ó thaobh na hoibríochta, ba cheart íosleibhéal comhchuibhithe chaighdeán TLAC do G-SIInna (“íoscheanglas TLAC”) a thabhairt isteach i reachtaíocht an Aontais trí leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (5), agus ba cheart an forlíontán institiúid-sonrach do G-SInna agus an ceanglas institiúid-sonrach d'eintitis nach G-SIInna iad, dá dtagraítear mar ICDI, ba cheart aghaidh a thabhairt orthu le leasuithe spriocdhírithe ar Threoir 2014/59/AE agus ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ba cheart forálacha ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, arna leasú le forálacha an Rialacháin seo maidir le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin na n-institiúidí agus na n-eintiteas a chur i bhfeidhm ar shlí atá comhsheasmhach leo siúd i Rialachán (AE) Uimh 575/2013 agus i dTreoracha 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus 2014/59/AE. |
|
(3) |
In éagmais rialacha comhchuibhithe sna Ballstáit atá rannpháirteach sa Sásra Réitigh Aonair (SRA) maidir le cur chun feidhme chaighdeán TLAC san Aontas, cruthaítear costais bhreise agus éiginnteacht dhlíthiúil agus deacrachtaí an uirlis fortharrthála le haghaidh institiúidí agus eintiteas trasteorann a chur i bhfeidhm. In éagmais na rialacha comhchuibhithe sin ar leibhéal an Aontais, thiocfadh saobhadh na hiomaíochta sa mhargadh inmheánach chun cinn freisin ar an ábhar go bhféadfadh na costais a bheadh ar institiúidí agus ar eintitis i dtaca leis na ceanglais atá ann faoi láthair agus caighdeán TLAC a chomhlíonadh, go bhféadfaidís sin bheith an-éagsúil sna Ballstáit atá rannpháirteach i SRA. Is den riachtanas, dá bhrí sin, deireadh a chur leis na bacainní sin ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus an saobhadh iomaíochta, a thiocfaidh chun cinn in éagmais rialacha comhchuibhithe a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme chaighdeán TLAC, a sheachaint. Dá bhrí sin, is é an bunús dlí iomchuí don Rialachán seo Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
|
(4) |
I gcomhréir le caighdeán TLAC, ba cheart leanúint d'aitheantas a thabhairt, i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, do straitéis réitigh an Phointe Iontrála Aonair (SPE) agus do straitéis réitigh na nIlphointí Iontrála (MPE). Faoi straitéis réitigh SPE, ní dhéantar réiteach ach ar aon ghrúpeintiteas amháin, go hiondúil an máthairghnóthas; maidir leis na grúpeintitis eile, ar fochuideachtaí oibriúcháin iad de ghnáth, ní chuirtear iad sin faoi réiteach, ach aistríonn siad a gcaillteanais agus a riachtanais athchaipitliúcháin chuig an eintiteas lena réiteach. Faoi straitéis MPE, féadfar níos mó ná aon ghrúpeintiteas amháin a réiteach. Is den tábhacht eintitis atá le réiteach (“eintitis réitigh”), is é sin a bhféadfaí gníomhaíochtaí réitigh a chur i bhfeidhm ina leith, i dteannta fochuideachtaí ar leis na heintitis sin iad (“grúpaí réitigh”) a shainaithint go soiléir ionas gur féidir an straitéis réitigh inmhianta a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Is den tábhacht iad a shainaithint freisin ionas gur féidir an leibhéal cur i bhfeidhm a chinneadh ar cheart d'institiúidí agus eintitis a fheidhmiú i gcás na rialacha maidir le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin. Is den riachtanas, dá bhrí sin, coincheapa an “eintitis réitigh” agus an “ghrúpa réitigh” a thabhairt isteach agus leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a bhaineann le pleananna réitigh grúpa chun é a chur de cheangal go sainráite ar an mBord Réitigh Aonair (“an Bord”) na heintitis réitigh agus na grúpaí réitigh laistigh de ghrúpa a shainaithint agus na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag aon ghníomhaíocht atá beartaithe laistigh de ghrúpa a mheas mar is iomchuí chun réiteach grúpa éifeachtach a áirithiú. |
|
(5) |
Ba cheart don Bhord a áirithiú go bhfuil acmhainneacht leordhóthanach ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin ag institiúidí agus eintitis chun a áirithiú go n-ionsúfar na caillteanais agus go ndéanfar athchaipitliú go mín agus go tapúil sa chaoi go mbeidh an tionchar is lú is féidir ar chobhsaíocht airgeadais agus ar cháiníocóirí. Chun é sin a dhéanamh, ba cheart d'institiúidí ceanglas institiúid-sonrach maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) a chomhlíonadh dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014. |
|
(6) |
Chun na hainmneoirí lena dtomhaistear acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin na n-institiúidí agus an-eintiteas a ailíniú leis na hainmneoirí dá bhforáiltear i gcaighdeán TLAC, ba cheart ICDI a shloinneadh mar chéatadán de thomhas iomlán na neamhchosanta ar riosca agus de thomhas neamhchosaint chóimheas luamhánaithe na hinstitiúide lena mbaineann. |
|
(7) |
Chun cothrom na Féinne a áirithiú d'institiúidí agus d'eintitis atá bunaithe san Aontas, lena n-áirítear ar leibhéal domhanda, ba cheart na critéir incháilitheachta i leith dliteanais ar féidir fortharrtháil a thabhairt orthu le haghaidh CDI a ailíniú go dlúth leis na critéir a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh íoscheanglas TLAC, ach é sin a bheith faoi réir na gcoigeartuithe agus na gceanglas comhlántach a thugtar isteach sa Rialachán seo. Ba cheart, go háirithe, go mbeadh ionstraimí fiachais áirithe ag a bhfuil comhpháirt dhíorthach leabaithe, amhail nótaí struchtúrtha áirithe, ba cheart go mbeidís sin incháilithe chun ICDI a chomhlíonadh sa mhéid go bhfuil príomhshuim sheasta nó mhéadaitheach acu is inaisíoctha tráth a haibíochta agus atá ar eolas roimh ré ach nach bhfuil nasctha le díorthach ach pé toradh breise a bhíonn ann agus go mbraitheann sin ar fheidhmíocht na sócmhainne tagartha, faoi réir coinníollacha sonracha. I bhfianaise na gcoinníollacha sin, táthar ag súil go mbeidh acmhainneacht ardionsúcháin caillteanais ag na hionstraimí sin agus go bhféadfaí fortharrtháil a thabhairt orthu go héasca i gcás réitigh. I gcás ina bhfuil cistí dílse ag institiúidí ar mó iad ná na ceanglais cistí dílse, níor cheart dó sin difear a dhéanamh do chinntí a bhaineann le ICDI a chinneadh. In theannta sin, ba cheart go mbeadh sé indéanta d'institiúidí agus d'eintitis aon chuid dá ICDI a chomhlíonadh lena gcistí dílse. |
|
(8) |
Tá na dliteanais uile ar toradh iad ar éilimh ghnáthchreidiúnaithe gan urrús (dliteanais neamh-fho-ordaithe) san áireamh sa raon dliteanas a úsáidtear lenar féidir ICDI a chomhlíonadh, ach amháin i gcás nach gcomhlíonann siad na sainchritéir incháilitheachta a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun feabhas a chur ar inréititheacht institiúidí agus eintiteas trí úsáid éifeachtach a bhaint as an uirlis fortharrthála, ba cheart é a bheith ar chumas an Bhoird a cheangal go ndéanfar ICDI a chomhlíonadh trí bhíthin cistí dílse agus dliteanais fo-ordaithe eile, go háirithe i gcás inar ríléir gur dócha go n-iompróidh creidiúnaithe ar a dtabharfar fortharrtháil, go n-iompróidh siad caillteanais i gcás réitigh ar mó iad ná a thabhóidís dá mbeadh gnáthimeachtaí dócmhainneachta i bhfeidhm. Ba cheart don Bhord measúnú a dhéanamh ar an ngá atá lena cheangal ar institiúidí agus eintitis ICDI a chomhlíonadh le cistí dílse agus dliteanais fo-ordaithe eile, i gcás inarb ionann méid na ndliteanas a eisiatar ó chur i bhfeidhm na huirlise fortharrthála agus tairseach áirithe laistigh d'aicme dliteanas lena n-áirítear dliteanais incháilithe ICDI. Ba cheart d'institiúidí agus d'eintitis ICDI a chomhlíonadh le cistí dílse agus dliteanais fo-ordaithe eile a mhéid is féidir a áirithiú nach mbeadh níos mó caillteanais ag a gcuid creidiúnaithe ná an caillteanais a thabhóidís ar shlí eile faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. |
|
(9) |
Ba cheart aon fho-ordú ar ionstraimí fiachais a iarrfaidh an Bord chun críocha ICDI a bheith gan dochar don fhéidearthacht íoscheanglas TLAC a chomhlíonadh go páirteach le hionstraimí fiachais neamh-fho-ordaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus mar a cheadaítear de réir chaighdeán TLAC. I gcás eintitis réitigh G-SIInna, nó eintitis réitigh de ghrúpaí réitigh a bhfuil sócmhainní os cionn EUR 100 billiún acu (bainc ardleibhéil), agus i gcás eintitis réitigh de ghrúpaí réitigh a bhfuil sócmhainní faoi bhun EUR 100 billiún acu a measann an t-údarás réitigh náisiúnta gur dócha go mbeidh riosca sistéamach ag gabháil leo i gcás mainneachtana, agus aird á tabhairt ar leitheadúlacht taiscí agus neamhláithreacht ionstraimí fiachais sa tsamhail mhaoinithe, rochtain theoranta ar mhargaí caipitil do dhliteanais incháilithe agus spleáchas ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 chun ICDI a chomhlíonadh, ba cheart do na húdaráis réitigh a bheith in ann a cheangal go gcomhlíonfar cuid de ICDI, arb ionann é agus leibhéal an ionsúcháin caillteanais agus an athchaipitliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(7) de Rialachán (AE) Uimh 806/2014 mar a leasaítear leis an Rialacháin seo, le dliteanais fho-ordaithe eile agus cistí dílse eile, lena n-áirítear cistí dílse a úsáidtear chun an ceanglas maoláin chomhcheangailte a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE a chomhlíonadh. |
|
(10) |
Arna iarraidh sin d'eintiteas réitigh, ba cheart don Bhord a bheith in ann an chuid de ICDI a cheangláitear a chomhlíonadh le cistí dílse agus le dliteanais fho-ordaithe eile a laghdú suas go teorainn is ionann agus cionroinnt an laghdaithe is ceadmhach faoi Airteagal 72b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dtaca le híoscheanglas TLAC a leagtar síos sa Rialachán sin. Ba cheart don Bhord a bheith in ann a cheangal, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, go gcomhlíonfar ICDI trí bhíthin cistí dílse agus dliteanais fho-ordaithe eile a mhéid nach airde é leibhéal foriomlán an fho-ordaithe a cheanglaítear i bhfoirm cistí dílse agus míreanna dliteanas incháilithe mar gheall ar an oibleagáid atá ar institiúidí agus eintitis TLAC, ICDI, agus i gcás inarb infheidhme, an ceanglas maoláin chomhcheangailte faoi Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh, ná leibhéal an ionsúcháin caillteanais agus an athchaipitliúcháin a leagtar amach in Airteagal 27(7) de Rialachán (AE) Uimh 806/2014, ná an fhoirmle a leagtar amach sa Rialachán seo atá bunaithe ar cheanglais stuamachta cholún 1 agus cholún 2 agus an ceanglas maoláin caipitil chomhcheangailte. |
|
(11) |
Maidir le bainc ardleibhéil faoi leith, ba cheart don Bhord, faoi réir coinníollacha a bheidh le measúnú ag an mBord, teorainn a chur le leibhéal an íoscheanglais fo-ordúcháin do thairseach áirithe, lena gcuirfear san áireamh freisin riosca a d'fhéadfadh a bheith ann go mbeadh tionchar díréireach ar shamhail ghnó na n-institiúidí sin. Ba cheart nár dhochar an teorannú sin don fhéidearthacht ceanglas fo-ordúcháin os cionn na teorann sin a shocrú trí cheanglas fo-ordúcháin faoi Cholún 2, faoi réir freisin na gcoinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir le Colún 2, ar bhonn critéir mhalartacha, mar atá bacainní ar inréiteacht; nó indéantacht agus inchreidteacht na straitéise réitigh, nó an riosca a bhaineann leis an institiúid. |
|
(12) |
Le ICDI, ba cheart a ligean d'institiúidí agus eintitis na caillteanais a bhfuiltear ag súil leo i gcás réitigh, nó ag pointe na neamh-inmharthanachta, de réir mar is iomchuí, a ionsú, agus an institiúid a athchaipitliú tar éis na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa phlean réitigh, agus i réiteach an ghrúpa réitigh, a chur chun feidhme. Ba cheart don Bhord, ar bhonn na straitéise réitigh a roghnóidh siad, údar cuí a thabhairt le leibhéal ICDI a fhorchuirfear agus ba cheart dóibh an leibhéal sin a athbhreithniú, gan aon mhoill mhíchuí, chun aon athrú ar leibhéal an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE a léiriú. Mar sin, is é ba cheart a bheith sa leibhéal ICDI suim mhéid na gcaillteanas lena bhfuiltear ag súil i gcás réitigh, a chomhfhreagróidh do cheanglais cistí dílse na hinstitiúide agus do mhéid an athchaipitliúcháin lenar féidir leis an institiúid, tar éis an réitigh nó tar éis na cumhachtaí díluachála nó comhshó a fheidhmiú, na ceanglais cistí dílse sin dá cuid is gá lena gníomhaíochtaí féin a shaothrú faoin straitéis réitigh a roghnófar a chomhlíonadh. Ba cheart don Bhord na méideanna athchaipitliúcháin a choigeartú síos nó suas i gcás aon athruithe a thagann as na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean réitigh. |
|
(13) |
Ba cheart don Bhord a bheith in ann an méid athchaipitliúcháin a mhéadú freisin chun muinín leordhóthanach sa mhargadh a áirithiú san institiúid tar éis gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa phlean réitigh a chur chun feidhme. Maidir le leibhéal an mhaoláin muiníne sa mhargadh a iarradh, ba cheart don institiúid a bheith in ann leanúint de na coinníollacha údarúcháin a chomhlíonadh ar feadh tréimhse iomchuí ama, lena n-áirítear trí chead a thabhairt don institiúid na costais a bhaineann le hathstruchtúrú a gníomhaíochtaí tar éis an réitigh a chumhdach agus muinín an mhargaidh leordhóthanach a choimeád. Ba cheart an maolán muiníne margaidh a shocrú trí thagairt a dhéanamh do chuid den cheanglas maoláin caipitil chomhcheangailte faoi Threoir 2013/36/AE. Ba cheart don Bhord leibhéal an mhaoláin muiníne margaidh a choigeartú go leibhéal ís ísle i gcás inar leor leibhéal ís ísle chun muinín leordhóthanach mhargaidh a áirithiú nó ba cheart dó an leibhéal sin a choigeartú go leibhéal ís airde i gcás ina dteastóidh leibhéal is airde chun a áirithiú gurb amhlaidh, tar éis na gníomhaíochtaí a dhéanamh dá bhforáiltear sa phlean réitigh, go leanfaidh an t-eintiteas de na coinníollacha dá údarú a chomhlíonadh go ceann tréimhse iomchuí ama agus muinín leordhóthanach margaidh a choimeád. |
|
(14) |
I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1075 (8) ón gCoimisiún, ba cheart don Bhord bonn infheisteoirí ionstraimí ICDI institiúidí aonair nó eintitis aonair a scrúdú. D'fhéadfadh sé a bheith ina bhacainn ar inréititheacht ann féin go mbeadh cuid shuntasach d'ionstraimí ICDI de chuid institiúide nó eintitis i seilbh infheisteoirí miondíola arbh fhéidir nach bhfuair siad léiriú iomchuí ar na rioscaí ábhartha. Ina theannta sin, dá mbeadh cuid mhór d'ionstraimí ICDI de chuid institiúide nó eintitis i seilbh institiúidí eile, d'fhéadfadh impleachtaí díluachála nó comhshó a bheith ina bhacainn ar inréititheacht freisin. I gcás ina gcinnfidh an Bord bacainn ar inréititheacht mar thoradh ar mhéid agus ar chineál boinn infheisteoirí áirithe, d'fhéadfadh sé a mholadh d'institiúid nó d'eintiteas aghaidh a thabhairt ar an mbacainn sin. |
|
(15) |
Chun inréititheacht G-SIInna a fheabhsú, ba cheart don Bhord a bheith in ann ICDI institiúid-sonrach a fhorchur orthu sa bhreis ar íoscheanglas TLAC a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba cheart ICDI institiúid-sonrach sin a fhorchur i gcás nach leor íoscheanglas TLAC chun caillteanais a ionsú agus chun G-SII a athchaipitliú faoin straitéis réitigh roghnaithe. |
|
(16) |
Agus leibhéal ICDI á shocrú, ba cheart don Bhord méid na tábhachta sistéamaí atá le hinstitiúid nó le heintiteas a chur san áireamh chomh maith leis an drochthionchar ar an gcobhsaíocht airgeadais a d'fhéadfadh a bheith ann dá gclisfí uirthi nó air. Ba cheart don Bhord an gá atá le cothrom na Féinne idir na G-SIInna agus institiúidí inchomparáide eile, a bhfuil tábhacht shistéamach leo sna Ballstáit atá rannpháirteach, a chur san áireamh. Dá bhrí sin, níor cheart go n-imeodh ICDI na n-institiúidí nó na n-eintitis nach bhfuil ina G-SIInna ach a bhfuil a dtábhacht shistéamach, sna Ballstáit atá rannpháirteach, inchomparáide le tábhacht shistéamach G-SIInna, níor cheart go n-imeodh sin go díréireach ó leibhéal agus ó chomhdhéanamh ICDI a shocraítear i gcoitinne do G-SIInna. |
|
(17) |
I gcomhréir le Rialachán Uimh. 575/2013, níor cheart institiúidí nó eintitis a shainaithnítear mar eintitis réitigh a bheith faoi réir ICDI ach amháin ar leibhéal an ghrúpa réitigh chomhdhlúite agus ar an leibhéal sin amháin. Fágann an méid sin gur cheart, d'fhonn a ICDI a chomhlíonadh, oibleagáid a bheith ar eintitis réitigh ionstraimí agus míreanna is incháilithe, a eisiúint chuig creidiúnaithe tríú páirtí seachtracha a dtabharfaí fortharrtháil orthu i gcás ina dtionscnófaí próiseas réitigh i leith an eintitis réitigh. |
|
(18) |
Ba cheart d'institiúidí nó d'eintitis nach eintitis réitigh iad ICDI a chomhlíonadh ar an leibhéal aonair. De ghnáth, ba cheart d'eintitis réitigh na n-institiúidí nó na n-eintitieas sin sin faoi seach a riachtanais ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin a sholáthar trí na hionstraimí cistí dílse agus na hionstraimí dliteanais incháilithe arna eisiúint ag na hinstitiúidí nó ag na heintitis sin a fháil go díreach nó go hindíreach, mar aon le díluacháil nó comhshó na n-ionstraimí cistí dílse sin agus na n-ionstraimí dliteanas incháilithe sin go hionstraimí úinéireachta tráth nach mbeidh na hinstitiúidí nó na heintitis sin inmharthana a thuilleadh. Mar sin, ICDI a bhfuil feidhm aige maidir le hinstitiúidí nó le heintitis nach eintitis réitigh iad, ba cheart é a chur i bhfeidhm ar dhóigh leanúnach i dteannta na gceanglas is infheidhme maidir le heintitis réitigh. Ba cheart, dá bharr sin, go bhféadfadh an Bord grúpa réitigh a réiteach gan roinnt dá fhochuideachtaí a chur faoi réiteach, agus is ar an gcaoi sin a sheachnófaí aon suaitheadh sa mhargadh a d'fhéadfadh titim amach murach sin. Ba cheart ICDI a chur i bhfeidhm in institiúidí nó in eintitis nach eintitis réitigh iad i gcomhréir leis an straitéis réitigh roghnaithe. Go háirithe, níor cheart an ghaolmhaireacht úinéireachta idir na hinstitiúidí agus a ghrúpa réitigh i ndiaidh athchaipitliú na n-institiúidí sin athrú mar gheall ar an gcur i bhfeidhm sin. |
|
(19) |
Más rud é go bhfuil an t-eintiteas réitigh nó an mháthairchuideachta agus a fochuideachtaí araon bunaithe sa Bhallstát céanna agus gur cuid den ghrúpa réitigh céanna iad, ba cheart don Bhord a bheith in ann ICDI a bhfuil feidhm aige maidir leis na fochuideachtaí sin nach eintitis réitigh iad a tharscaoileadh go hiomlán nó chun cead a thabhairt dóibh ICDI a chomhlíonadh le ráthaíochtaí comhthaobhaithe idir an mháthairchuideachta agus a fochuideachtaí, ráthaíochtaí ab fhéidir a thionscnamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha uainiúcháin coibhéiseacha atá ann maidir le díluacháil nó comhshó dliteanas incháilithe. Ba cheart an chomhthaobhacht atá ina cúltaca ag an ráthaíocht a bheith ardleachtach agus riosca margaidh agus creidmheasa an-íseal a bheith ag gabháil léi. |
|
(20) |
Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 gur féidir le húdaráis inniúla cur i bhfeidhm ceanglas áirithe sócmhainneachta agus leachtachta a tharscaoileadh i gcás institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach (‘líonraí comhoibritheacha’) i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha sonracha áirithe. Chun aird a thabhairt ar shainiúlachtaí na líonraí comhoibritheacha sin, ba cheart don Bhord a bheith in ann go hiomlán cur i bhfeidhm ICDI a tharscaoileadh freisin, a bhfuil feidhm aige maidir leis na hinstitiúidí creidmheasa sin agus an chomhlachta lárnaigh, faoi choinníollacha atá comhchosúil leo siúd a leagtar amach i Rialachán Uimh. (AE) 575/2013 i gcás ina bhfuil institiúidí creidmheasa agus an comhlacht lárnach bunaithe sa Bhallstát céanna. Thairis sin, ba cheart don Bhord a bheith in ann, dá rogha féin, institiúidí creidmheasa agus an comhlacht lárnach a láimhseáil mar a bheadh aonad iomlán amháin ann agus measúnú á dhéanamh ar na coinníollacha le haghaidh réitigh, ag brath ar ghnéithe an tsásra dlúthpháirtíochta. Ba cheart don Bhord a bheith in ann a áirithiú go gcomhlíonfaidh an grúpa réitigh ina iomláine ceanglas seachtrach ICDI ar bhealaí difriúla ag brath ar ghnéithe de shásra dlúthpháirtíochta gach grúpa, trí dhliteanais incháilithe na n-eintiteas sin, a gcuireann an Bord de cheangal orthu ionstraimí incháilithe a eisiúint do ICDI lasmuigh den ghrúpa réitigh i gcomhréir leis an bplean réitigh, a chur sa chomhaireamh. |
|
(21) |
Ba cheart do na húdaráis inniúla, do na húdaráis réitigh agus don Bhord aghaidh a thabhairt, mar is iomchuí, ar aon sáruithe ar íoscheanglas TLAC agus ICDI agus na sáruithe sin a leigheas. Ós rud é gurbh fhéidir go mbeadh sárú ar na ceanglais sin ina bhacainn ar inréititheacht institiúide nó grúpa, ba cheart na nósanna imeachta atá ann cheana a ghiorrú chun bacainní ar inréititheacht a bhaint chun go dtabharfar aghaidh go tapa ar aon sáruithe ar na ceanglais sin. Lena chois sin, ba cheart don Bhord a bheith in ann a cheangal ar institiúidí nó eintiteas próifílí aibíochta ionstraimí agus míreanna incháilithe a mhodhnú agus pleananna a ullmhú agus a chur chun feidhme chun leibhéal na gceanglas sin a athbhunú. Thairis sin, ba cheart don Bhord a bheith in ann dáiltí ar leithligh a thoirmeasc i gcás ina measfaidh siad ag cliseadh ar institiúid nó eintiteas an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh faoi Threoir 2013/36/AE nuair a bhreathnaítear orthu sin i dteannta ICDI. |
|
(22) |
Comhlíonann an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus urramaíonn sé na prionsabail a aithnítear go háirithe Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go suntasach an ceart chun maoine agus chun saoirse fiontraíochta, agus ní mór é a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin. |
|
(23) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, mar atá rialacha aonfhoirmeacha a leagan síos chun críocha chreat téarnaimh agus réitigh an Aontais le haghaidh institiúidí agus eintiteas, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas an Rialachán seo a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(24) |
Chun go mbeidh go leor ama ann chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ón... [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh 806/2014 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 3(1) mar a leanas:
|
|
(2) |
in Airteagal 7(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
|
|
(3) |
leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:
|
|
(4) |
Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
|
(5) |
Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 10a An chumhacht roinnt dáiltí a thoirmeasc 1. I gcás ina mbeidh an ceanglas maoláin chomhcheangailte á chomhlíonadh ag eintiteas agus an ceanglas sin á mheas sa bhreis ar gach ceann de na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 141a(1) de Threoir 2013/36/AE, ach ina mainníonn sé an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh nuair a dhéantar é a mheas sa bhreis ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 12d agus 12e den Rialachán seo, agus é sin á ríomh i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 12a(2) den Rialachán seo, beidh de chumhacht, i gcomhréir le mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo ag an mBord toirmeasc a chur ar eintiteas, níos mó ná an t-uasmhéid indáilte a bhaineann leis an íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanas incháilithe (‘M-MDA’), arna ríomh i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, a dháileadh, trí aon cheann de na gníomhaíochtaí a leanas:
I gcás ina mbeidh eintiteas sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh sé fógra láithreach don údarás réitigh náisiúnta agus don Bhord maidir leis an mainneachtain sin. 2. Sa chás dá dtagraítear i mír 1, measúnóidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE i gcás inarb infheidhme, gan mhoill neamhriachtanach, cibé acu a dhéanfaidh sé nó nach ndéanfaidh sé an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú, agus na gnéithe seo a leanas uile á gcur san áireamh:
Déanfaidh an Bord a mheasúnú an athuair faoin gcumhacht dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú nó gan í a fheidhmiú gach mí ar a laghad le linn na mainneachtana a fhad is a leanfaidh an t-eintiteas de bheith sa chás dá dtagraítear i mír 1. 3. Má mheasann an Bord go bhfuil an t-eintiteas fós sa chás dá dtagraítear i mír 1 naoi mí tar éis fógra faoi chás mar sin a fháil ón eintiteas, déanfaidh an Bord, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE, i gcás inarb infheidhme, an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú ach amháin má mheasann an Bord, tar éis an mheasúnaithe, go gcomhlíontar dhá cheann de na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:
I gcás ina mbeidh feidhm ag an eisceacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh an Bord fógra do na húdarás inniúla, lena n-áirítear BCE, i gcás inarb infheidhme, maidir lena chinneadh agus míneoidh sé a mheasúnú i scríbhinn. Gach mí, déanfaidh an Bord a mheasúnú an athuair ar cibé an bhfuil feidhm ag an eisceacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír. 4. Ríomhfar M-MDA tríd an tsuim a ríomhfar i gcomhréir le mír 5 a iolrú faoin bhfachtóir a chinnfear i gcomhréir le mír 6. Laghdófar M-MDA le haon mhéid is toradh d'aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) de mhír 1. 5. Beidh sa tsuim atá le hiolrú i gcomhréir le mír 4 na nithe seo a leanas:
6. Is mar a leanas a dhéanfar an fachtóir dá dtagraítear i mír 4 a chinneadh:
Déanfar cuimsí íochtair agus uachtair gach ceathairíle den cheanglas maoláin chomhcheangailte a ríomh mar a leanas:
i gcás ina léiríonn ‘Qn ’ orduimhir na ceathairíle lena mbaineann.”; |
|
(6) |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 12: “Airteagal 12 Íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe 1. Déanfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE, na ceanglais a chinneadh maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagail 12a go 12i, faoi réir cumhachtaí díluachála agus comhshó, a mbeidh sé de cheangal ar na heintitis agus ar na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus ar na heintitis agus ar na grúpaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 7(4) agus in Airteagal 7(5) iad a chomhlíonadh gach tráth nuair a chomhlíontar na coinníollacha chun na míreanna seo a chur i bhfeidhm. 2. Déanfaidh eintitis dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear eintitis ar cuid de ghrúpaí iad, an fhaisnéis a chur faoi bhráid údarás réitigh náisiúnta an Bhallstáit rannpháirtigh ina bhfuil siad bunaithe, i gcomhréir le hAirteagal 45i(1), (2) agus (4) de Threoir 2014/59/AE. Déanfaidh an t-údarás náisiúnta réitigh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharchur chuig an mBord gan mhoill mhíchuí. 3. Nuair a bheidh pleananna réitigh á ndréachtú i gcomhréir le hAirteagal 9, cinnfidh na húdaráis réitigh náisiúnta, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla agus, na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagail 12a go 12i, faoi réir cumhachtaí díluachála agus comhshó, atá le comhlíonadh gach tráth ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(3). Maidir leis sin, beidh feidhm ag an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 31. 4. Déanfaidh an Bord aon chinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, comhthreomhar le forbairt agus cothabháil na bpleananna réitigh de bhun Airteagal 8. 5. Díreoidh an Bord a chinneadh ar na húdaráis réitigh náisiúnta. Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta treoracha an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 29. Cuirfidh an Bord ceangal ar na húdaráis réitigh náisiúnta a fhíorú agus a áirithiú go gcoinneoidh na heintitis agus na grúpaí na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo. 6. Cuirfidh an Bord BCE agus ÚBE ar an eolas faoi na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chinnfidh sé do gach eintiteas agus grúpa faoi mhír 1. 7. Chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh an Bord treoirlínte a eisiúint chuig údaráis réitigh náisiúnta agus treoracha a chur chucu, a bhaineann le heintitis shonracha nó le grúpaí sonracha. Airteagal 12a An t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a ríomh agus a chur i bhfeidhm 1. Áiritheoidh an Bord agus údaráis réitigh náisiúnta go gcomhlíonfaidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus Airteagal 12(3), i gcónaí, na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe i gcás ina gceanglaítear sin i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagail 12b go 12i. 2. Ríomhfar an ceanglas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 12d(3), (4) nó (6), de réir mar is infheidhme, mar an méid cistí dílse agus dliteanas incháilithe agus sloinnfear é sin mar chéatadáin den dá rud a leanas:
Airteagal 12b Díolmhú ón íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe 1. D'ainneoin Airteagal 12a, díolmhóidh an Bord ón gceanglas a leagtar síos in Airteagal 12a(1) institiúidí creidmheasa morgáiste a mhaoinítear le bannaí faoi chumhdach, ar institiúidí iad nach bhfuil ceadacu, taiscí a fháil faoin dlí náisiúnta, ar choinníoll go mbeidh na coinníollacha seo ar fad a leanas á gcomhlíonadh:
2. Ní bheidh institiúidí atá díolmhaithe ón riachtanas a leagtar síos in Airteagal 12(1) páirteach sa chomhdhlúthú dá dtagraítear in Airteagal 12f(1). Airteagal 12c Dliteanais incháilithe le haghaidh eintitis réitigh 1. Ní chuimseofar dliteanais i méid chistí dílse agus dhliteanas incháilithe na n-eintiteas réitigh ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha dá dtagraítear sna hAirteagail seo a leanas de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcás ina dtagraítear sa Rialachán seo do na ceanglais atá in Airteagal 92a nó in Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, chun críocha na nAirteagal sin, is éard a bheidh i ndliteanais incháilithe dliteanais incháilithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 72k den Rialachán sin agus mar a chinntear iad i gcomhréir le Caibidil 5a de Theideal I de Chuid a Dó den Rialachán sin. 2. I dtaca le dliteanais a eascraíonn as ionstraimí fiachais ina bhfuil comhpháirt dhíorthach leabaithe, amhail nótaí struchtúrtha, a chomhlíonann na coinníollacha atá sa chéad fhomhír de mhír 1, cé is moite de phointe (l) d'Airteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní áireofar iad i suim na gcistí dílse agus dliteanais incháilithe ach i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
I dtaca le hionstraimí fiachais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear a gcuid díorthach leabaithe, ní bheidh siad faoi réir aon chomhaontú glanluachála agus ní bheidh luacháil ionstraimí den sórt sin faoi réir Airteagal 49(3) de Threoir 2014/59/AE. Ní chuimseofar na dliteanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír i méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe ach i gcás na coda a chomhfhreagróidh don phríomhshuim dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír sin nó don tsuim shocraithe nó mhéadaitheach dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin. 3. Maidir le dliteanais arna n-eisiúint ag fochuideachta atá bunaithe san Aontas do scairshealbhóir atá ann cheana nach cuid den ghrúpa réitigh céanna é, agus ar cuid den ghrúpa réitigh céanna leis an eintiteas réitigh an fhochuideachta sin, cuimseofar na dliteanais sin i méid chistí dílse agus dhliteanas incháilithe an eintitis réitigh sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
4. Gan dochar don íoscheanglas atá in Airteagal 12d(4) nó pointe (a) d'Airteagal 12e(1), áiritheoidh an Bord, ar a thionscnamh féin i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh náisiúnta nó ar mholadh ó údarás réitigh náisiúnta, go ndéanfaidh eintitis réitigh ar GSIInna iad nó ar eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12d(4) nó (5) iad, cuid den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 12f, cuid atá comhionann le 8 % de na dliteanais iomlána, lena n-airítear cistí dílse, de chuid eintitis réitigh a chomhlíonadh lena gcistí dílse féin agus le hionstraimí, nó le dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Féadfaidh an Bord a cheadú go gcomhlíonfaidh údaráis réitigh ar GSIInna iad nó ar eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12d(4) nó (5) iad, leibhéal is ísle ná 8 % d'iomlán na ndliteanas, lena n-áirítear cistí dílse, de chuid eintitis réitigh ach is airde ná an méid is toradh do chur i bhfeidhm na foirmle (1-X1/X2) × 8 % de na dliteanais iomlána, lena n-áirítear cistí dílse, de chuid eintitis réitigh a chomhlíonadh lena gcistí dílse féin agus le hionstraimí, nó le dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 72b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus i gcás, agus teorann chionroinnt an laghdaithe is ceadmhach faoi Airteagal 72b(3) den Rialachán sin á hurramú, inar fíor an méid a leanas:
I dtaca le heintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12d(4), i gcás inar ceanglas is airde ná 27 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca is toradh do chur i bhfeidhm na fomhíre roimhe seo, teorannóidh an Bord, le haghaidh eintitis réitigh, an chuid sin den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 12f a chomhlíonfar trí chistí dílse, trí ionstraimí fo-ordaithe incháilithe, nó trí dhliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a úsáid, chuig méid atá comhionann le 27 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca, agus déanfaidh an Bord an teorannú sin má mheasann sé gur fíor an méid seo a leanas:
Agus an measúnú dá dtagraítear sa dara fhomhír á dhéanamh aige, déanfaidh an Bord an riosca maidir le tionchar díréireach ar mhúnla gnó an eintitis réitigh lena mbaineann a chur san áireamh. Níl feidhm ag an dara fomhír den mhír seo maidir le heintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12d(5). 5. I gcás eintitis réitigh nach GSIInna ná eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12d(4) nó (5) den Rialachán seo iad, féadfaidh an Bord a chinneadh, ar a thionscnamh féin i ndiaidh dul i gcomhairle leis an údarás réitigh náisiúnta nó ar mholadh ó údarás réitigh náisiúnta, go gcomhlíonfaidh siad cuid den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 12f den Rialachán seo suas le cibé acu is airde, 8 % de dhliteanais iomlána an eintitis nó na foirmle dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, lena n-áirítear cistí dílse, le cistí dílse, le hionstraimí incháilithe fo-ordaithe, nó dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
I gcás ina gcinnfidh an Bord gurb amhlaidh, laistigh d'aicme dliteanas lena gcuimsítear dliteanais incháilithe, gur mó é méid na ndliteanas a eisiatar nó a bhfuil sé réasúnta dóchúil go n-eisiafar iad ó chur i bhfeidhm na gcumhachtaí díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagal 27(3) nó Airteagal 27(5), gur mó é ná 10 % den aicme sin, déanfaidh sé an riosca dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo a mheasúnú. 6. Chun críocha mhír 4, mhír 5 agus mhír 7, áireofar dliteanais díorthach sna dliteanais iomlán ar an mbonn go dtugtar lánaitheantas do chearta glanluachála contrapháirtí. Cistí dílse de chuid eintiteas réitigh a úsáidtear chun an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh, beidh siad incháilithe chun an ceanglas dá dtagraítear i mír 4, i mír 5 agus i mír 7 a chomhlíonadh. 7. De mhaolú ar mhír 3 den mhír seo, féadfaidh an Bord a chinneadh gur eintitis réitigh, ar GSIInna iad nó ar eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12d(4) agus (5) den Rialachán seo iad, a dhéanfaidh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 12f a chomhlíonadh, le cistí dílse, le hionstraimí, nó le dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, a mhéid nach airde suim na gcistí dílse, na n-ionstraimí, ná na ndliteanas sin, mar gheall ar an oibleagáid atá ar an eintiteas réitigh cloí leis an gceanglas maoláin chomhcheangailte, Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 12d(4), agus Airteagal 12f den Rialachán seo, ná an tsuim is airde díobh seo a leanas:
8. Féadfaidh an Bord an chumhacht dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a fheidhmiú ar na heintitis réitigh ar G-SIInna iad nó atá faoi réir mhír (4) nó mhír (5) d'Airteagal 12d, agus a chomhlíonann ceann de na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, ar choinníoll nach mó líon na n-eintiteas réitigh a shainaithnítear ná 30 % de na heintitis réitigh ar G-SIInna iad nó atá faoi réir mhír (4) nó mhír (5) d'Airteagal 12d a gcinnfidh an t-údarás réitigh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12f ina leith. Is iad seo thíos na coinníollacha a dhéanfaidh an Bord a mheas:
Chun críocha na gcéatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, déanfaidh an Bord an uimhir a eascróidh as an ríomh a shlánú suas go dtí an uimhir iomlán is gaire. 9. Tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, BCE san áireamh, déanfaidh an Bord na cinntí dá dtagraítear i mír 5 nó 7. Agus na cinntí sin á ndéanamh aige, beidh aird ag an mBord ar an méid seo a leanas:
Airteagal 12d An t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chinneadh 1. Is é an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, BCE san áireamh, a chinnfidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1), agus déanfaidh sé sin ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
2. I gcás ina bhforáiltear sa phlean réitigh go bhfuil gníomhaíocht réitigh le déanamh, nó go bhfuil an chumhacht chun ionstraimí caipitil agus dliteanais incháilithe ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil agus a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 21 le feidhmiú; i gcomhréir leis an gcás ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 8(6), beidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) cothrom le méid ar leor é chun a áirithiú:
I gcás ina bhforáiltear sa phlean réitigh go bhfuil an t-eintiteas le foirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, nó faoi nósanna imeachta náisiúnta coibhéiseacha eile, measfaidh an t-údarás réitigh cé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt le teorannú a dhéanamh ar an gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) le haghaidh an eintitis sin ionas nach mbeidh sé os cionn méid ar leor é chun caillteanais a ionsú i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír. Sa mheasúnú a dhéanfaidh an Bord, déanfar meastóireacht, go háirithe, ar an teorainn dá dtagraítear sa dara fomhír maidir le haon tionchar a d'fhéadfadh a bheith ar an gcobhsaíocht airgeadais agus ar an riosca aicídithe i ndáil leis an gcóras airgeadais. 3. I gcás eintitis réitigh, is éard a bheidh sa mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 an méid seo a leanas:
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 12a(2), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) i dtéarmaí céatadáin mar an méid a ríomhfar i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo roinnte ar mhéid na neamhchosanta ar riosca iomlán. Chun críocha phointe (b) d'Airteagal 12a(2), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) i dtéarmaí céatadáin mar an méid a ríomhfar i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, roinnte ar thomhas na neamhchosanta iomláine. Nuair a bheidh an ceanglas aonair dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo á shocrú aige, cuirfidh an Bord san áireamh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 27(7). Agus na méideanna athchaipitliúcháin dá dtagraítear sna fomhíreanna roimhe seo á socrú aige, déanfaidh an Bord an méid seo a leanas:
Beidh an Bord in ann an ceanglas dá bhforáiltear i bpointe (a) (ii) den chéad fhomhír a mhéadú le méid iomchuí is gá chun a áirithiú go gcothóidh an t-eintiteas muinín mhargaidh leordhóthanach, tar éis an réitigh, ar feadh tréimhse ama iomchuí, nach faide ná bliain amháin. I gcás ina mbeidh feidhm ag an séú fomhír den mhír seo, beidh an méid dá dtagraítear san fhomhír sin in ionannas leis an ceanglas maoláin chomhcheangailte atá le feidhm a bheith aige lúide an méid dá dtagraítear i bpointe (a) de phointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE. Déanfar an méid dá dtagraítear sa séu fomhír den mhír seo a choigeartú in ísle, más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, BCE san áireamh, go gcinnfidh an Bord, gur indéanta agus inchreidte é gur leordhóthanach méid níos ísle chun muinín an mhargaidh a chaomhnú agus lena háirithiú go leanfaidh an institiúid nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta an ghrúpa réitigh a sholáthar agus go mbeidh rochtain ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ón gCiste, i gcomhréir le hAirteagal 27(7) agus Airteagal 76(3) agus, tar éis chur chun feidhme na straitéise réitigh. Déanfar an méid sin a ardú más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, go gcinnfidh an Bord gur gá leibhéal níos airde chun muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú agus lena háirithiú go leanfaidh an institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 12(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta an ghrúpa réitigh a sholáthar agus go mbeidh rochtain ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ón gCiste, i gcomhréir le hAirteagal 27(7) agus le hAirteagal 76(3), ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná bliain amháin. 4. Le haghaidh eintitis réitigh nach bhfuil faoi réir Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus atá mar chuid de ghrúpa réitigh ar mó ná EUR 100 billiún a shócmhainní iomlána, beidh leibhéal an cheanglais dá dtagraítear i mír 3 den mhír seo ar a laghad cothrom:
De mhaolú ar Airteagal 12c, na heintitis réitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, comhlíonfaidh siad leibhéal an cheanglais dá dtagraítear sa mhír seo, atá cothrom le 13,5 % nuair a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 12a(2) agus cothrom le 5 % nuair a ríomhtar i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 12a(2), nó le dliteanais dá dtagraítear in Airteagal 12c(3) den Rialachán seo. 5. Arna iarraidh sin d'údarás náisiúnta réitigh de chuid eintiteas réitigh, déanfaidh an Bord na ceanglais a leagtar síos i mír 4 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le heintiteas réitigh nach bhfuil faoi réir Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus atá mar chuid de ghrúpa réitigh ar lú ná EUR 100 billiún a shócmhainní iomlána, agus a measfaidh an Bord gur dócha go réasúnta, dar leis an údarás náisiúnta réitigh, riosca sistéamach a bheith ag gabháil leis i gcás a chliste. Agus cinneadh á dhéanamh iarraidh a dhéanamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an t-údarás náisiúnta réitigh an méid seo a leanas a chur san áireamh:
Iarraidh ón-údarás náisiúnta réitigh de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo gan bheith ann, ní dochar an easpa iarraidh sin d'aon chinneadh ón mBord faoi Airteagal 12c(5) 6. I gcás eintitis nach eintitis réitigh iontu féin iad, is éard a bheidh sa mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 an méid seo a leanas:
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 12a(2)(a), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo roinnte ar mhéid na neamhchosanta ar riosca iomlán. Chun críocha phointe (b) d'Airteagal 12a(2)(b), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, roinnte ar thomhas na neamhchosanta iomláine. Nuair a bheidh an ceanglas aonair dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo á shocrú aige, cuirfidh an Bord san áireamh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 27(7). Agus na méideanna athchaipitliúcháin dá dtagraítear sna fomhíreanna roimhe seo á socrú aige, déanfaidh an Bord:
Beidh an Bord in ann an ceanglas dá bhforáiltear i bpointe (a)(ii) den chéad fhomhír den mhír seo a mhéadú méid iomchuí is gá chun a áirithiú, tar éis fheidhmiú na cumhachta chun ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 21, go leanfaidh an t-eintiteas de na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh agus go mbeidh sé in ann muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná bliain amháin. I gcás ina bhfuil feidhm ag an séú fomhír den mhír seo, beidh an méid dá dtagraítear san fhomhír sin ionann agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte atá le feidhm a bheith aige tar éis fheidhmiú na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 21 nó tar éis réiteach an ghrúpa réitigh, lúide an méid dá dtagraítear i bpointe (a) de phointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE. Déanfar an méid dá dtagraítear sa séú fomhír den mhír seo a ísliú, más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla lena n-áirítear BCE, go gcinnfidh an Bord, gur indéanta agus inchreidte é gur leordhóthanach méid níos ísle chun muinín an mhargaidh a áirithiú agus chun a áirithiú go leanfaidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 12(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta a sholáthar agus go mbeadh rochtain ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ón gCiste, i gcomhréir le hAirteagal 27(7) agus le hAirteagal 76(3), tar éis fheidhmiú na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 21, nó tar éis réiteach an ghrúpa réitigh. Déanfar an méid sin a ardú más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, go gcinnfidh an Bord gur gá leibhéal níos airde chun muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú agus lena áirithiú go leanfaidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 12(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta a sholáthar agus go mbeadh rochtain ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ón gCiste, i gcomhréir le hAirteagal 27(7) agus le hAirteagal 76(3), ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná bliain amháin. 7. I gcás inar dóigh leis an mBord go bhfuil sé réasúnta dóchúil go n-eisiafar, go hiomlán nó go páirteach, aicmí áirithe dliteanas incháilithe ón bhfortharrtháil de bhun Airteagal 27(5) nó go bhféadfadh sé go n-aistreofaí iad go iomlán chuig faighteoir in aistriú páirteach, déanfar an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) a chomhlíonadh le cistí dílse nó dliteanais incháilithe eile ar leor iad chun:
8. In aon chinneadh de chuid an Bhoird íoscheanglas cistí dílse agus dliteanas incháilithe a fhorchur faoin Airteagal seo, beidh na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin, lena n-áirítear measúnú iomlán ar na heilimintí dá dtagraítear i mír 2 go mír 7 den Airteagal seo, agus déanfaidh an Bord athbhreithniú air gan aon mhoill mhíchuí chun aon athruithe ar leibhéal an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE a léiriú. 9. Chun críocha mhír 3 agus mhír 6 den Airteagal seo, léireofar na ceanglais chaipitil i gcomhréir leis an gcur i bhfeidhm a dhéanann an t-údarás inniúil ar na forálacha idirthréimhseacha a leagtar síos i gCaibidil 1, Caibidil 2 agus Caibidil 4 de Theideal I de Chuid a Deich de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i bhforálacha na reachtaíochta náisiúnta lena bhfeidhmítear na roghanna a tugadh do na húdaráis inniúla leis an Rialachán sin. Airteagal 12e An t-íoscheanglas a chinneadh maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe i gcás eintitis réitigh de chuid G-SIInna agus fochuideachtaí ábhartha de G-SIInna nach G-SIInna de chuid an Aontais iad 1. Beidh na nithe seo a leanas sa cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) d'eintiteas réitigh ar G-SII nó cuid de G-SII é:
2. Is iad na ceanglais seo a leanas a bheidh sa cheanglas, dá dtagraítear in Airteagal 12a(1), maidir le fochuideachta ábhartha de G-SIInna nach G-SIInna de chuid an Aontais í:
3. Ní fhorchuirfidh an Bord ceanglas breise le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 agus i bpointe (b) de mhír (2) ach amháin sa chás seo a leanas:
4. In aon chinneadh ón mBord ceanglas breise cistí dílse agus dliteanas incháilithe a fhorchur faoi phointe (b) de mhír 1 nó faoi phointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo, beidh na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin, lena n-áirítear measúnú iomlán ar na heilimintí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, agus déanfaidh an Bord athbhreithniú air gan aon mhoill mhíchuí chun aon athruithe a léiriú ar leibhéal an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE is infheidhme maidir leis an ngrúpa réitigh nó fochuideachtaí ábhartha de G-SIInna nach G-SIInna de chuid an Aontais iad. Airteagal 12f An t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chinneadh a chur i bhfeidhm maidir le heintitis réitigh 1. Comhlíonfaidh eintitis réitigh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 12c go hAirteagal 12e ar bhonn comhdhlúite ar leibhéal an ghrúpa réitigh. 2. Cinnfidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle le húdarás réitigh ar leibhéal an ghrúpa, murarb an Bord an t-údarás sin, agus leis an maoirseoir comhdhlúthaithe, an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) ar eintiteas réitigh atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach ar leibhéal an ghrúpa chomhdhlúite, ar bhonn na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 12c go hAirteagal 12e agus ar bhonn cé acu atá nó nach bhfuil fochuideachtaí thríú tír an ghrúpa le réiteach ar leithligh i gcomhréir leis an bplean réitigh. 3. I gcás grúpaí réitigh a shainaithnítear i bpointe (b) de phointe (24b) d'Airteagal 3(1), cinnfidh an Bord, ag brath ar ghnéithe an tsásra dlúthpháirtíochta agus na straitéise réitigh tosaíochta roghnaithe, cé na heintitis sa ghrúpa réitigh a mbeidh sé de cheangal orthu Airteagal 12d(3) agus (4) agus Airteagal 12e(1) a chomhlíonadh, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an grúpa réitigh ina iomláine an ceanglas dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo agus an chaoi a ndéanfaidh na heintitis sin i gcomhréir leis an bplean réitigh. Airteagal 12g An t-íoscheanglas institiúid-sonrach maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chur i bhfeidhm maidir le heintitis nach eintitis réitigh iad féin 1. Comhlíonfaidh institiúidí ar fochuideachtaí d'eintiteas réitigh nó d'eintiteas tríú tír iad, ach nach eintitis iad féin, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 12d ar bhonn aonair. Féadfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE, a chinneadh an ceanglas a leagtar síos san Airteagal sin a chur i bhfeidhm ar eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b) d'Airteagal 2 de Threoir 2014/2/AE ar fochuideachta d'eintiteas réitigh é ach nach eintiteas réitigh ann féin é. De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh máthairghnóthais de chuid an Aontais nach eintitis réitigh iad féin ach is fochuideachtaí de chuid eintiteas tríú tír iad, na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 12d agus 12e a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite. I dtaca le grúpaí réitigh arna sainaithint i gcomhréir le pointe (24b) d'Airteagal 3(1), leis na hinstitiúidí creidmheasa sin atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach, ach nach eintitis réitigh iad féin, agus le haon eintitis réitigh nach bhfuil faoi réir ceanglais faoi Airteagal 12f(3), comhlíonfaidh siad Airteagal 12d(6) ar bhonn aonair. An ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) ar eintitis dá dtagraítear sa mhír seo, cinnfear é ar bhonn na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 12d. 2. Déanfar an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) ar eintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a úsáid:
3. Féadfaidh an Bord a cheadú go gcomhlíonfar an ceanglas dá dtagraítear i mír 12(a)(1) ina hiomláine nó i bpáirt le ráthaíocht a sholáthraíonn an t-eintiteas réitigh, lena gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
Airteagal 12h Tarscaoileadh an íoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chur i bhfeidhm ar eintitis nach eintitis réitigh iad féin 1. Féadfaidh an Bord cur i bhfeidhm Airteagal 12h maidir le fochuideachta eintitis réitigh atá bunaithe i mBallstát atá rannpháirteach a tharscaoileadh go hiomlán i gcás:
2. Féadfaidh an Bord cur i bhfeidhm Airteagal 12g maidir le fochuideachta eintitis réitigh atá bunaithe i mBallstát atá rannpháirteach a tharscaoileadh go hiomlán i gcás:
Airteagal 12i Tarscaoileadh i gcás comhlacht lárnach agus institiúidí creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach Féadfaidh an Bord, go hiomlán nó go páirteach, cur i bhfeidhm Airteagal 12g maidir le comhlacht lárnach nó le hinstitiúid creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach a tharscaoileadh, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:
Airteagal 12j Sáruithe ar an íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe 1. Tabharfaidh an Bord agus údaráis ábhartha eile aghaidh ar aon sárú ar an íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 12f nó in Airteagal 12g ar bhonn ceann amháin, ar a laghad, díobh seo a leanas:
Anuas air sin, féadfaidh an Bord nó BCE measúnú a dhéanamh le fáil amach an bhfuil an institiúid ag cliseadh nó an dócha go gclisfidh sí, i gcomhréir le hAirteagal 18. 2. Rachaidh an Bord, údaráis réitigh agus údaráis inniúla Ballstát rannpháirteach i gcomhairle le chéile nuair a fheidhmeoidh siad a gcumhachtaí féin dá dtagraítear i mír 1. Airteagal 12k Socruithe idirthréimhseacha agus iar-réitigh 1. De mhaolú ar Airteagal 12a(1), cinnfidh an Bord agus na húdaráis réitigh náisiúnta idirthréimhsí iomchuí le haghaidh eintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus (3) chun na ceanglais in Airteagal 12f nó in Airteagal 12g a chomhlíonadh, nó na ceanglais is toradh do chur i bhfeidhm Airteagal 12c(4), (5) nó (7), de réir mar is iomchuí. Is é an spriocdháta d'eintitis na ceanglais atá in Airteagail 12f nó 12g nó na ceanglais is toradh iad ar chur i bhfeidhm Airteagal 12c(4) (5) nó (7) a chomhlíonadh an 1 Eanáir 2024. Cinnfidh an Bord spriocleibhéil idirmheánacha do na ceanglais atá in Airteagal 12f nó Airteagal 12g nó do cheanglas is toradh do chur i bhfeidhm Airteagal 12c(4) (5) nó (7), mar is iomchuí, nach mór don institiúid nó don eintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus (3) a chomhlíonadh an 1 Eanáir 2022. Leis na spriocleibhéil idirmheánacha, is gnáth méadú líneach ar na cistí dílse agus ar na dliteanais incháilithe ionsar an cheanglas a áirithiú. Féadfaidh an Bord idirthréimhse a leagan síos ar feadh tréimhse a dtagann deireadh leis tráth is déanaí an 1 Eanáir 2024 gcás ina mbeidh údar cuí leis agus nuair is iomchuí ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i mír 7, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
2. Is é an spriocdháta d'eintitis réitigh íosleibhéal na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12d(4) nó (5) a chomhlíonadh an 1 Eanáir 2022. 3. Ní bheidh feidhm ag leibhéil íosta na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12d(4) agus (5) laistigh den tréimhse dhá bhliain tar éis an dáta:
4. Ní bheidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 12c(4) agus Airteagal 12c(7) agus in Airteagal 12d(4) agus Airteagal 12d(5), de réir mar is infheidhme, laistigh den tréimhse trí bliana tar éis an dáta an-aithneofar mar G-SII an t-eintiteas réitigh nó an grúpa a bhfuil an t-eintiteas réitigh mar chuid de, nó tar éis an dáta a dtosóidh an t-eintiteas réitigh a bheith sa staid dá dtagraítear in Airteagal 12d(4) nó (5). 5. De mhaolú ar Airteagal 12a(1), cinnfidh an Bord agus na húdaráis náisiúnta réitigh idirthréimhse iomchuí ina ndéanfar na ceanglais atá in Airteagal 12f nó in Airteagal 12g a chomhlíonadh, nó ceanglas is toradh do chur i bhfeidhm Airteagal 12c(4), (5), nó (7), Airteagal 12c(5) nó Airteagal 12c(7), de réir mar is iomchuí, ar eintitis a ndearnadh uirlisí réitigh, nó an chumhacht díluachála nó comhshó dá dtagraítear in Airteagal 21, a chur i bhfeidhm maidir leo. 6. Chun críocha mhíreanna 1 go 5, cuirfidh an Bord agus na húdaráis náisiúnta réitigh in iúl don eintiteas íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanas incháilithe pleanáilte le haghaidh gach tréimhse 12 mhí i rith na hidirthréimhse d'fhonn an cumas ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin aige a mhéadú arís diaidh ar ndiaidh. Ag deireadh na hidirthréimhse, beidh an t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanas incháilithe cothrom leis an méid a chinnfear faoi Airteagal 12d(4), (5) nó (7), Airteagal 12d(4) nó (5), Airteagal 12f nó Airteagal 12g, de réir mar is infheidhme. 7. Agus na hidirthréimhsí á socrú acu, cuirfidh an Bord an méid seo a leanas san áireamh:
8. Faoi réir mhír 1, ní chuirfear cosc ar an mBord athbhreithniú a dhéanamh, ina dhiaidh sin, ar an idirthréimhse nó ar aon íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanas incháilithe pleanáilte a cuireadh in iúl faoi mhír 6.”. (*1) Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (IO L 168, 27.6.2002, lch. 43)." |
|
(7) |
Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
|
|
(8) |
leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
|
|
(9) |
Leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:
|
|
(10) |
Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
|
|
(11) |
leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:
|
|
(12) |
in Airteagal 31(2), cuirtear na focail “Airteagal 45h” in ionad na bhfocal “Airteagal 45(9) go (13)”. |
|
(13) |
in Airteagal 31(2), cuirtear na focail “12 go 12k” in ionad an fhocail “12”. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 28 Nollaig 2020.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
(1) IO C 34, 31.1.2018, lch. 17.
(2) IO C 209, 30.6.2017, lch. 36.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019.
(4) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).
(7) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/EC agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(8) Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1075 ón gCoimisiún an 23 Márta 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar na bpleananna téarnaimh, na bpleananna réitigh agus na ngrúp-phleananna réitigh, na híoschritéir ar a ndéanfaidh an t-údarás inniúil measúnú maidir leis na pleananna téarnaimh agus na grúp-phleananna téarnaimh, na coinníollacha maidir le ghrúpthacaíocht airgeadais, na ceanglais do luachálaithe neamhspleácha, aitheantas conarthach cumhachtaí díluachála agus athraithe, nósanna imeachta agus ábhar na gceanglas um fhógra maidir le fionraí agus feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí réitigh (IO L 184, 8.7.2016, lch. 1).