Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023X0417(01)

    Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023

    PUB/2023/433

    IO L 102, 17.4.2023, p. 87–87 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    17.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 102/87


    DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH Uimh. 1/2023 ÓN AONTAS AGUS ÓN RÍOCHT AONTAITHE SA CHOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

    an 24 Márta 2023

    Mar léiriú ar na socruithe a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste, ba cheart “Creat Windsor” a thabhairt anois ar an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (“an Prótacal”), arna leasú leis an gCinneadh sin ón gComhchoiste.

    Dá bhrí sin, i gcás inarb ábhartha i ndéileálacha idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, tagrófar don Phrótacal, arna leasú le Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste, i gcomhréir le ceanglais na deimhneachta dlíthiúla, mar “Chreat Windsor”. Féadfar tagairt don Phrótacal, arna leasú le Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste, mar “Chreat Windsor” i ndlí náisiúnta an Aontais agus na Ríochta Aontaithe.


    Top