This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023D0603
Decision No 1/2022 of the Joint Committee established by the Agreement between the European Union and the Republic of Moldova on the carriage of freight by road of 15 December 2022 regarding the adoption of its rules of procedure [2023/603]
Cinneadh UIMH. 1/2022 ón gComhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Na Moldóive maidir le hiompar lasta de bhóthar an 15 Nollaig 2022 maidir lena rialacha nós imeachta a ghlacadh [2023/603]
Cinneadh UIMH. 1/2022 ón gComhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Na Moldóive maidir le hiompar lasta de bhóthar an 15 Nollaig 2022 maidir lena rialacha nós imeachta a ghlacadh [2023/603]
PUB/2023/284
IO L 79, 17.3.2023, p. 181–184
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
17.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 79/181 |
CINNEADH UIMH. 1/2022 ón gCOMHCHOISTE ARNA BHUNÚ LEIS AN gComhaontú IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT NA MOLDÓIVE MAIDIR LE HIOMPAR LASTA DE BHÓTHAR
an 15 Nollaig 2022
maidir lena rialacha nós imeachta a ghlacadh [2023/603]
TÁ AN COMHCHOISTE,
Ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le hiompar lasta de bhóthar (1), agus go háirithe Airteagal 6(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
Mar a leagtar amach in Airteagal 6(6) den Chomhaontú, tá an Comhchoiste lena rialacha nós imeachta a ghlacadh. Dá bhrí sin, ba cheart na rialacha nós imeachta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a ghlacadh,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Rialacha nós imeachta
Leis seo, glactar rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2022.
Thar ceann an Chomhchoiste
Na Comhchathaoirligh
Mircea PĂSCĂLUȚĂ
Kristian SCHMIDT
IARSCRÍBHINN
RIALACHA NÓS IMEACHTA AN CHOMHCHOISTE
Airteagal 1
Cinn Toscaireachta
1. Ionadaithe ó na Páirtithe a bheidh ar an gComhchoiste. Ceapfaidh gach páirtí Ceann a thoscaireachta agus, i gcás inar gá, Leas-Cheann a thoscaireachta. Féadfar an Leas-Cheann nó ainmní a chur in ionad an Chinn Toscaireachta le haghaidh cruinniú ar leith.
2. Beidh ionadaí ón Aontas Eorpach agus ionadaí ó Phoblacht na Moldóive ina chathaoirleach ar an gComhchoiste ar bhonn idirmhalartach. Is é Ceann na toscaireachta ábhartha, nó má bhíonn sé as láthair, an Leas-Cheann nó an t-ainmní a cheapfar chun a n-ionad a ghabháil, a ghníomhóidh mar chathaoirleach.
Airteagal 2
Cruinnithe
1. Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile de réir mar is gá agus nuair is gá. Féadfaidh ceachtar de na Páirtithe a iarraidh go dtionólfaí cruinniú. Tionólfar an Comhchoiste freisin 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de.
2. Tionólfaidh an Comhchoiste cruinnithe aghaidh ar aghaidh nó ar bhealaí eile (e.g. glaonna comhdhála nó físchomhdhálacha).
3. Maidir le cruinnithe a reáchtáil beidh sealaíocht ann, a oiread agus is féidir, idir áit i mBallstát de chuid an Aontais agus Poblacht na Moldóive, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.
4. Is é an Béarla an teanga oibre a bheidh ann.
5. Nuair a bheidh dáta agus áit na gcruinnithe comhaontaithe ag na Páirtithe, is é an Coimisiún Eorpach a thionólfaidh cruinnithe le haghaidh an Aontais Eorpaigh agus is í an Aireacht atá i gceannas ar iompar de bhóthar a thionólfaidh cruinnithe le haghaidh Phoblacht na Moldóive.
6. Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, ní bheidh cruinnithe an Chomhchoiste ar oscailt don phobal. Más gá, féadfar preaseisiúint a dhréachtú trí chomhaontú frithpháirteach ag deireadh an chruinnithe.
Airteagal 3
Toscaireachtaí
1. Roimh gach cruinniú, cuirfidh na Cinn Toscaireachta a chéile ar an eolas faoi chomhdhéanamh beartaithe a dtoscaireachtaí le haghaidh an chruinnithe.
2. Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe pháirtithe leasmhara ón tionscal iompair de bhóthar freastal ar chruinnithe nó ar chodanna de na cruinnithe mar bhreathnóirí, má chomhaontaíonn an Comhchoiste amhlaidh de chomhthoil.
3. Féadfaidh an Comhchoiste, má chomhaontaítear amhlaidh de chomhthoil, cuireadh a thabhairt do pháirtithe leasmhara nó saineolaithe eile freastal ar a chruinnithe nó codanna díobh chun faisnéis a sholáthar maidir le hábhair áirithe.
4. Ní ghlacfaidh breathnóirí páirt i bpróiseas cinnteoireachta an Chomhchoiste.
Airteagal 4
Rúnaíocht
Oifigeach ó sheirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh agus oifigeach ón Aireacht atá i gceannas ar iompar de bhóthar Phoblacht na Moldóive, gníomhóidh siad go comhpháirteach mar rúnaithe an Chomhchoiste.
Airteagal 5
Clár oibre na gcruinnithe
1. Leagfaidh na Cinn Toscaireachta amach clár oibre sealadach le haghaidh gach cruinnithe trí chomhaontú frithpháirteach. Tarchuirfidh na rúnaithe an clár oibre sealadach chuig comhaltaí na dtoscaireachtaí 15 lá ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe.
2. Glacfaidh an Comhchoiste an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Féadfar míreanna seachas iad siúd atá ar an gclár oibre sealadach a chur ar an gclár oibre, má chomhaontaíonn an Comhchoiste amhlaidh.
3. An teorainn ama a shonraítear i mír 1, féadfaidh na Cinn Toscaireachta í a ghiorrú chun na ceanglais nó an phráinn a bhaineann le hábhar áirithe a thabhairt san áireamh.
Airteagal 6
Miontuairiscí
1. Tar éis gach cruinnithe den Chomhchoiste, dréachtófar dréacht-mhiontuairiscí ar an gcruinniú. Léireofar iontu na míreanna a pléadh agus na cinntí a glacadh.
2. Laistigh de mhí tar éis an chruinnithe, cuirfidh an Ceann Toscaireachta óstach na dréacht-mhiontuairiscí faoi bhráid an Chinn Toscaireachta eile, trí rúnaithe an Chomhchoiste, lena bhformheas tríd an nós imeachta i scríbhinn.
3. Nuair a bheidh na Miontuairiscí formheasta, síneoidh na Cinn Toscaireachta iad i ndúblach agus comhdóidh gach Páirtí cóip bhunaidh amháin. Féadfaidh na Cinn Toscaireachta a chinneadh go bhféadfar an ceanglas sin a chomhlíonadh trí chóipeanna leictreonacha a shíniú agus a mhalartú.
4. Mura n-iarrfaidh ceann de na Páirtithe a mhalairt, beidh Miontuairiscí chruinnithe an Chomhchoiste ar fáil go poiblí.
Féadfaidh na Cinn Toscaireachta an teorainn ama a shonraítear i mír 2 a ghiorrú agus teacht ar chomhaontú maidir le dáta a mhéid a bhaineann leis an bhformheas a shonraítear i mír 3 chun na ceanglais nó an phráinn a bhaineann le hábhar áirithe a thabhairt san áireamh.
Airteagal 7
Nós imeachta i scríbhinn
I gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis, féadfar cinntí ón gComhchoiste a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn. Chun na críche sin, malartóidh na Cinn Toscaireachta na dréachtbhearta a n-iarrtar tuairim an Chomhchoiste ina leith, agus féadfar an tuairim sin a dheimhniú trí mhalartú comhfhreagrais ina dhiaidh sin. Mar sin féin, féadfaidh aon Pháirtí a iarraidh go dtionólfar an Comhchoiste chun an t-ábhar a phlé.
Airteagal 8
Pléití
1. Is ar bhonn chomhthoil na bPáirtithe a ghlacfaidh an Comhchoiste cinntí.
2. Beidh an teideal “Cinneadh” ar chinntí an Chomhchoiste, agus beidh sraithuimhir, dáta a nglactha agus tuairisc ar a n-ábhar i ndiaidh an teidil.
3. Síneoidh na Cinn Toscaireachta cinntí an Chomhchoiste agus cuirfear i gceangal leis na Miontuairiscí iad.
4. Déanfaidh na Páirtithe na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste a chur chun feidhme i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha féin.
5. Féadfaidh na Páirtithe na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste a fhoilsiú ina bhfoilseacháin oifigiúla féin. Déanfaidh gach Páirtí cóip bhunaidh amháin de na cinntí a chomhdú.
Airteagal 9
Meithleacha
1. Féadfaidh an Comhchoiste meithleacha a bhunú chun cuidiú leis an gComhchoiste a dhualgais a chur i gcrích. Na téarmaí tagartha le haghaidh meithle, déanfaidh an Comhchoiste iad a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 6(5) den Chomhaontú agus cuirfear iad in Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh lena mbunaítear an mheitheal.
2. Ionadaithe ó na Páirtithe a bheidh ar na meithleacha.
3. Déanfaidh na meithleacha a gcuid oibre faoi údarás an Chomhchoiste, agus tuairisceoidh siad chuig an gComhchoiste tar éis gach ceann dá gcruinnithe. Ní dhéanfaidh siad cinntí ach féadfaidh siad moltaí a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.
4. Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh tráth ar bith deireadh a chur le meithleacha atá ann cheana, a dtéarmaí tagartha a mhodhnú, nó meithleacha nua a bhunú chun cúnamh a thabhairt lena dhualgais a chur i gcrích.
Airteagal 10
Costais
1. Íocfaidh gach Páirtí na costais a bhaineann lena rannpháirtíocht i gcruinnithe an Chomhchoiste agus i gcruinnithe meithle, i leith caiteachas foirne, taistil agus cothaithe, agus i leith costais phoist agus teileachumarsáide.
2. Is ar an bPáirtí a óstálfaidh an cruinniú a thitfidh aon chostas eile a bhaineann le heagrú ábharach na gcruinnithe.
Airteagal 11
Na Rialacha Nós Imeachta a Leasú
Féadfaidh an Comhchoiste, tráth ar bith, na Rialacha Nós Imeachta seo a leasú trí chinneadh a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 6(5) den Chomhaontú.