This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R1190
Council Regulation (EU) 2023/1190 of 16 June 2023 amending Regulation (EU) 2021/2278 suspending the Common Customs Tariff duties referred to in Article 56(2), point (c), of Regulation (EU) No 952/2013 on certain agricultural and industrial products
Rialachán (AE) 2023/1190 ón gComhairle An 16 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2278 lena gcuirtear ar fionraí na dleachtanna Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 i gcás táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe
Rialachán (AE) 2023/1190 ón gComhairle An 16 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2278 lena gcuirtear ar fionraí na dleachtanna Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 i gcás táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe
ST/9557/2023/INIT
IO L 158, 21.6.2023, pp. 1–14
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
21.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 158/1 |
RIALACHÁN (AE) 2023/1190 ÓN gCOMHAIRLE
An 16 Meitheamh 2023
lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2278 lena gcuirtear ar fionraí na dleachtanna Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 i gcás táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun soláthar leordhóthanach gan bhriseadh a áirithiú i gcás táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe nach dtáirgtear san Aontas agus, dá bhrí sin, chun aon suaitheadh sa mhargadh le haghaidh na dtáirgí sin a sheachaint, cuireadh ar fionraí, i gcás na dtáirgí sin, le Rialachán (AE) 2021/2278 ón gComhairle (1), na dleachtanna Comhtharaife Custaim den chineál dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (‘dleachtanna CTC’). Mar thoradh air sin, is féidir na táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278 a allmhairiú isteach san Aontas ag rátaí laghdaithe dleachta nó ag rátaí nialasacha dleachta gan aon teorannú a mhéid a bhaineann le cainníocht na dtáirgí sin. |
|
(2) |
Maidir le táirgeadh táirgí áirithe san Aontas nach liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278, níl an táirgeadh sin leordhóthanach chun riachtanais shonracha na dtionscal úsáideoirí san Aontas a chomhlíonadh. Ós rud é gur chun leas an Aontais é soláthar leordhóthanach de tháirgí áirithe a áirithiú agus ag féachaint don fhíoras nach ndéantar cainníochtaí leordhóthanacha de tháirgí comhionanna, coibhéiseacha ná ionadacha a tháirgeadh laistigh den Aontas, is gá fionraí iomlán ar dhleachtanna CTC a dheonú maidir leis na táirgí sin. |
|
(3) |
D’fhonn táirgeadh comhtháite ceallraí san Aontas a chur chun cinn, ba cheart fionraí pháirteach ar dhleachtanna CTC a dheonú i leith táirgí áirithe a bhaineann le táirgeadh ceallraí nach liostaítear faoi láthair san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278, agus nach leor táirgeacht an Aontais faoi seach sna táirgí chun ceanglais shonracha na dtionscal úsáideoirí san Aontas a chomhlíonadh. Is é an 31 Nollaig 2023 an dáta ba cheart a bheith ann le haghaidh an athbhreithnithe shainordaithigh sin ar na fionraíochtaí, chun éabhlóid ghearrthéarmach na hearnála ceallraí san Aontas a chur san áireamh san athbhreithniú sin. |
|
(4) |
Chun forbairtí teicniúla na dtáirgí agus treochtaí eacnamaíocha sa mhargadh a chur san áireamh, is gá an tuairisc ar an táirge agus aicmiú na dtáirgí a leasú i gcás fionraíochtaí dleachta áirithe CTC a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278. |
|
(5) |
Ní chun leas an Aontais a thuilleadh é fionraí ar dhleachtanna CTC a choinneáil ar bun i gcás táirgí áirithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278. Dá bhrí sin, ba cheart na fionraithe i leith na dtáirgí sin a scriosadh le héifeacht ón 1 Iúil 2023. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2021/2278 a leasú dá réir sin. |
|
(7) |
Chun nach gcuirfear isteach ar chur i bhfeidhm scéim na bhfionraíochtaí taraife uathrialaitheacha agus chun na treoirlínte a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2011 maidir le fionraíochtaí taraife uathrialaitheacha agus taraif-chuótaí uathrialaitheacha a chomhlíonadh, ba cheart na hathruithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo maidir le fionraíochtaí taraife i leith na dtáirgí lena mbaineann a chur i bhfeidhm ón 1 Iúil 2023. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 16 Meitheamh 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
E. SVANTESSON
(1) Rialachán (AE) 2021/2278 ón gComhairle an 20 Nollaig 2021 lena gcuirtear ar fionraí na dleachtanna Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir le táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1387/2013 (IO L 466, 29.12.2021, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278 mar a leanas:
|
(1) |
scriostar na hiontrálacha a bhfuil na sraithuimhreacha seo a leanas orthu: 0.2425, 0.3140, 0.3966, 0.4030, 0.4140, 0.4305, 0.4609, 0.4733, 0.4893, 0.5018, 0.5187, 0.5788, 0.6629, 0.6654, 0.6689, 0.6781, 0.7489, 0.7972, 0.8111, 0.8112, 0.8140 agus 0.8311; |
|
(2) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha sin a bhfuil na sraithuimhreacha céanna orthu:
|
|
(3) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach de réir ord uimhriúil na gcód AC agus TARIC sa dara colún agus sa tríú colún:
|
(1) Tá fionraí na ndleachtanna faoi réir maoirseacht chustaim úsáide deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. ’;
(2) Tá fionraí na ndleachtanna faoi réir maoirseacht chustaim úsáide deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.’.