Utilize aspas para pesquisar uma "expressão exata". Acrescente um asterisco (*) a um termo de pesquisa para encontrar variantes (transp*, 32019R*). Use um ponto de interrogação (?) em vez de um caráter no seu termo de pesquisa para encontrar diferentes termos em que só esse caráter varia (ca?a permite encontrar casa, caça, cana, capa).
Leagtar amach léi na príomhthosaíochtaí chun slándáil fhisiciúil agus dhigiteach an Aontais Eorpaigh (AE) agus a shaoránach sna 5 bliana amach romhainn a áirithiú.
Dírítear léi ar thosaíochtaí agus ar ghníomhaíochtaí inar féidir leis an Aontas breisluach a chur leo d’fhonn tacú le tíortha AE slándáil a chothú dóibh siúd go léir atá ina gcónaí san Eoraip.
PRÍOMHPHOINTÍ
Is saincheist í an tslándáil a théann i bhfeidhm ar gach réimse den saol. Ar an gcúis sin, tá cinneadh déanta ag an Aontas cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh i leith na slándála. Soláthraítear leis an teachtaireacht seo creat foriomlán chun tacú le beartais náisiúnta trí bhagairtí atá ag teacht chun cinn a réamh-mheas agus aghaidh a thabhairt orthu, bíodh siad ar líne/as líne, digiteach/fisiceach nó inmheánach/seachtrach.
Leagtar amach sa straitéis ceithre thosaíocht straitéiseacha ar leibhéal an Aontais.
Timpeallacht slándála atá sábháilte don todhchaí a chinntiú do dhaoine aonair
Ní mór do na bonneagair chriticiúla1 as a mbainimid úsáid inár saol laethúil a bheith sábháilte agus athléimneach agus caithfear na teicneolaíochtaí a mbímid ag brath orthu a chosaint ar chibearshlándáil níos sofaisticiúla, cibé acu ón taobh istigh nó lasmuigh den Aontas.
I measc na bpríomhghníomhaíochtaí a bheidh le déanamh beidh:
reachtaíocht an Aontais maidir le bonneagair chriticiúla (Treoir 2008/114/CE — féach an achoimre) agus maidir le córais faisnéise líonra a neartú (Treoir (AE) 2016/1148 — féach an achoimre);
athléimneacht oibríochta na hearnála airgeadais a mhéadú;
straitéis chibearshlándála an Aontais agus comh-chibearaonad AE a chruthú;
comhar níos láidre a spreagadh maidir le spásanna poiblí a chosaint agus an cleachtas is fearr maidir le mí-úsáid drón a roinnt.
Aghaidh a thabhairt ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn
Clúdaítear leis an tosaíocht seo gnéithe amhail cibearchoireacht (e.g. goid aitheantais nó goid sonraí gnó), ábhar mídhleathach ar líne (mí-úsáid ghnéasach leanaí nó gríosú chun fuatha nó sceimhlitheoireacht) agus bagairtí hibrideacha (teaglaim de ghníomhaíochtaí traidisiúnta/neamhghnácha míleata/neamh-mhíleata).
Eorpaigh a chosaint ar sceimhlitheoireacht agus ar choireacht eagraithe
Leis an straitéis cuirtear béim ar an mbealach a chosnaíonn an sceimhlitheoireacht agus an radacachas saol daoine agus ar an mbealach a ndéanann sí an tsochaí a dhíchobhsú agus ar an bhfíric go bhfuil an choireacht eagraithe freagrach as caillteanais eacnamaíocha idir EUR 218 agus EUR 282 bhilliún gach bliain.
I measc na bpríomhghníomhaíochtaí a bheidh le déanamh beidh:
athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir le reo agus coigistiú sócmhainní (Rialachán (AE) 2018/1805 — féach an achoimre), maidir le hoifigí gnóthaithe sócmhainní (Cinneadh 2007/845/CGB — féach an achoimre) agus maidir le coireacht chomhshaoil (Treoir 2008/99/CE — féach an achoimre).
Éiceachóras láidir slándála Eorpach a fhorbairt
Tosaíocht chomhchoiteann do rialtais AE, údaráis forfheidhmithe dlí, gnóthais, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus daoine aonair is ea an choireacht a chomhrac agus an ceartas a chur chun cinn trí chomhoibriú níos dlúithe agus faisnéis a roinnt. Ciallaíonn sé sin a chinntiú go bhfuil teorainneacha seachtracha an Aontais láidir chun slándáil a sholáthar don phobal agus do limistéar Schengen ina bhfuil saorthaisteal. Ciallaíonn sé freisin infheistíocht a dhéanamh i dtaighde slándála agus i nuálaíocht i dteicneolaíochtaí nua agus i dteicnící chun bagairtí a chomhrac agus a thuar, agus i scileanna agus in ardú feasachta ionas go n-ullmhófar gnóthais, lucht riaracháin agus daoine aonair níos fearr.
I measc na mbeart a d’fhéadfaí a dhéanamh chun éiceachóras slándála Eorpach níos láidre a fhorbairt tá:
“cód comhair póilíní” féideartha an Aontais agus comhar póilíní in am géarchéime;
tuairisceoidh sé go rialta ar an dul chun cinn a rinneadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, a thacaigh le tosaíochtaí na straitéise cheana féin, agus le páirtithe leasmhara.
CÚLRA
Tháinig freagra tosaigh bheartais an Aontais ar an méadú ar bhagairtí slándála leis an gClár oibre Eorpach maidir le slándáil 2015-2020 ón gCoimisiún (féach an achoimre). Dréachtaíodh é sin i ndiaidh ionsaithe Charlie Hebdo i mí Eanáir 2015 i bPáras.
I mí Iúil 2020, d’eisigh an Coimisiún doiciméad oibre maidir le reachtaíocht um ghnóthaí baile a chur chun feidhme i réimse na slándála inmheánaí don tréimhse 2017-2020.
Bonneagar criticiúil: bonneagar riachtanach d’fheidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha, sláinte, sábháilteacht, slándáil, folláine eacnamaíoch nó shóisialta, a mbíonn tionchar suntasach ag aon chur isteach/scriosadh a dhéantar orthu.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis Slándála Aontais AE (COM(2020) 605 final, )
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Clár Oibre an Aontais agus Plean Gníomhaíochta ar Dhrugaí 2021-2025 (COM (2020) 606 final, )
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — straitéis an Aontais maidir le troid níos éifeachtaí i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí (COM(2020) 607 final, )
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Plean gníomhaíochta 2020-2025 an Aontais maidir le gáinneáil arm tine (COM(2020) 608 final, )
Doiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin: An reachtaíocht um Ghnóthaí Baile a chur chun feidhme i réimse na slándála inmheánaí — 2017-2020 (SWD(2020) 135 final, )
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Imscaradh slán 5G san Aontas — Bosca uirlisí an Aontais a chur chun feidhme (COM(2020) 50 final, )
Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79I, , lgh. 1-14)
Ionchorpraíodh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2019/452 sa bhunthéacs. Is de luach doiciméadach amháin é an leagan comhdhlúite seo.
Rialachán (AE) 2018/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’orduithe calctha agus d’orduithe coigistíochta (IO L 303, , lgh. 1-38)
Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Athléimneacht, Cosc agus Cosaint: Cibearshlándáil láidir a thógáil don Aontas Eorpach (JOIN(2017) 450, )
Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le bearta le haghaidh leibhéal ard coiteann slándála chórais líonra agus faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, , lgh. 1-30)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle lena soláthraítear an Clár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil a chur i bhfeidhm chun comhrac a dhéanamh i gcoinne sceimhlitheoireachta agus an bealach a réiteach d’fhíor–aontas slándála éifeachtach (COM (2016) 230 final, )
Teachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Creat Comhpháirteach chun cur i gcoinne bagairtí hibrideacha freagra ón Aontas Eorpach (JOIN(2016) 18 final, )
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Clár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil (COM(2015) 185 final, )
Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le mí-úsáid ghnéasach agus dúshaothrú gnéasach leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a thagann in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, , lgh. 1-14)
Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, , lgh. 75-82)
Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, , lgh. 28-37)
Cinneadh 2007/845/CGB ón gComhairle an maidir le comhar idir Oifigí Aisghabhála Sócmhainní na mBallstát i réimse na bhfáltas ó choireacht, nó maoin eile a bhaineann le coir, a rianú agus a aithint (IO L 332, , lgh. 103-105)
Treoir 2004/82/CE ón gComhairle an maidir leis an oibleagáid ar iompróirí sonraí paisinéirí a chur in iúl (IO L 261, , lgh. 24-27)