This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Ní hionann próisis chinnteoireachta an Aontais Eorpaigh (AE) ag brath ar an réimse beartais atá i gceist. Mar riail ghinearálta, glactar le cinntí AE trí mheán an mhodha Comhphobail, a mbaintear úsáid as an ngnáthnós imeachta reachtach ina leith, mar atá sainmhínithe in Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Saintréith den mhodh Comhphobail is ea róil institiúidí fornáisiúnta an Aontais:
Tá an modh Comhphobail i gcontrárthacht leis an mhodh feidhme idir–rialtasach a úsáidtear chun cinntí a dhéanamh, go háirithe cinntí a bhaineann leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála agus le gnéithe an chomhair póilíneachta agus bhreithiúnaigh. Is iad seo a leanas gnéithe suntasacha an mhodha sin: