Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Aontoilíocht

Is éard is aontoilíocht ann, i gcás go gcaithfidh gach Ballstát AE aontú, ná ceann de na rialacha vótála is infheidhme maidir leis an gComhairle. Ní mór don Chomhairle vótáil d’aon toil ar roinnt réimsí beartais a mheasann na Ballstáit iad a bheith íogair.

Tá liosta uileghabhálach sna Conarthaí de na réimse beartais ina ngníomhaíonn an Chomhairle d’aon toil.

Faoin Ionstraim Eorpach Aonair, arna síniú in 1986, leasaíodh Conradh na Róimhe chun fuinneamh nua a thabhairt don lánpháirtíocht Eorpach agus chun an margadh inmheánach a chríochnú. Faoin ionstraim sin, laghdaíodh líon na réimsí beartais ina raibh gá leis an aontoilíocht chun glacadh le reachtaíocht.

Faoin leasú is déanaí ar na conarthaí, ar a dtugtar Conradh Liospóin, a cuireadh i bhfeidhm in 2009, méadaíodh líon na réimsí beartais lena mbaineann vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle.

Tá líon teoranta réimsí beartais a mheastar iad a bheith íogair fós faoi réir vótáil aontoilíochta:

  • cánachas;
  • slándáil shóisialta nó cosaint shóisialta;
  • i gcás aontachas Bhallstáit nua AE;
  • An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES), lena n–áirítear an Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC);
  • comhar oibríochtúil póilíneachta idir na Ballstáit.

Déantar foráil i gclásail passerelle , áfach, lena gceadaítear eisceachtaí ar na nósanna imeachta reachtacha dá ndearnadh foráil sna conarthaí ar dtús, i leith nósanna imeachta lena gceadaítear vótáil trí thromlach cáilithe a chur in ionad vótáil d’aon toil, nó nós imeachta a bhaineann le réimsí sonracha a athrú.

Mar shampla, d’fhéadfaí cumhacht a thabhairt don Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di d’aon toil, le passerelle, chun an Chomhairle a údarú gníomhú trí thromlach cáilithe, féach:

  • Airteagal 48(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach — CAE;
  • Airteagal 31(3) CAE (CBES);
  • Airteagal 312(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — CFAE (Creat airgeadais ilbhliantúil — CAI).

Lena chois sin, d’fhéadfaí cumhacht a thabhairt do Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ag gníomhú di d’aon toil, le clásail passerelle, lena chinneadh, i ndiaidh di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, an gnáthnós imeachta reachtach a dhéanamh infheidhme maidir le cúrsaí sonracha, mar shampla:

  • Airteagal 81(3) CFAE (dlí an teaghlaigh a mbaineann impleachtaí trasteorann leis);
  • Airteagal 153(2) CFAE (Beartas sóisialta);
  • Airteagal 192(2) CFAE (Beartas comhshaoil).

Ar deireadh, d’fhéadfaí cumhacht a thabhairt don Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil, le clásail passerelle, lena chinneadh go ngníomhóidh sí trí thromlach cáilithe (Airteagal 333 CFAE (Comhar feabhsaithe)).

I gcomhréir le hAirteagal 293(1) CFAE, chomh maith, i gcás go ngníomhaíonn an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún, féadfaidh sí é a leasú trí ghníomhú d’aon toil, le roinnt eisceachtaí.

FÉACH FREISIN

Top