Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Geilleagar ciorclach

Is córas é geilleagar ciorclach lena gcoimeádtar luach táirgí, ábhar agus acmhainní sa gheilleagar ar feadh tréimhse chomh fada agus is féidir, agus déantar giniúint dramhaíola a íoslaghdú leis. Ciallaíonn sé sin córas ina ndéantar táirgí a athúsáid, a dheisiú, a athmhonarú agus a athchúrsáil.

Cuireann gníomhaíochtaí ar an ngeilleagar ciorclach le tosaíochtaí tábhachtacha eile AE, lena n–áirítear téarnamh glas, maolú ar an athrú aeráide agus caomhnú fuinnimh, cosaint ar an mbithéagsúlacht agus iarrachtaí domhanda maidir le forbairt inbhuanaithe.

Ghlac an Coimisiún Eorpach plean uaillmhianach gníomhaíochta maidir leis an ngeilleagar ciorclach sa bhliain 2015. D’fhógair sé 54 bheart trí shaolré iomlán táirgí ar mhaithe le borradh a chur faoi aistriú an Aontais Eorpaigh i dtreo geilleagar ciorclach. Glacadh na bearta sin ar fad.

I measc na mbeart eile, tháinig reachtaíocht athbhreithnithe AE maidir le dramhaíl i bhfeidhm in 2018. Leagadh amach inti spriocanna soiléire athchúrsála agus plean fadtéarmach do bhainistiú dramhaíola nua–aimseartha. Áiríodh leis sin:

  • spriocanna athchúrsála maidir le dramhaíl chathrach agus phacáistíochta;
  • spriocanna ceangailteacha chun líonadh talún a laghdú go huasteorainn;
  • bearta ar mhaithe le dramhbhia agus bruscar muirí a laghdú.

In 2018 chomh maith bhí tionscnaimh eile ann amhail straitéis AE maidir le plaistigh, tuarascáil ar amhábhair ríthábhachtacha sa gheilleagar ciorclach, rialacha maidir le plaistigh aon úsáide agus reachtaíocht mholta maidir le híoscheanglais um athúsáid uisce (a glacadh in 2020).

I mí an Mhárta 2020, ghlac an Coimisiún plean nua gníomhaíochta do AE maidir leis an ngeilleagar ciorclach mar chroíchuid thábhachtach den Chomhaontú Glas don Eoraip 2019 ar mhaithe le borradh a chur faoi úsáid éifeachtach acmhainní trí aistriú chuig geilleagar glan agus ciorclach, bithéagsúlacht a athbhunú agus truailliú a laghdú. Áirítear leis sin bearta ar mhaithe le:

  • úsáid táirgí inbhuanaithe san Aontas Eorpach a normalú;
  • tuilleadh cumhachta a thabhairt do thomhaltóirí agus do cheannaitheoirí poiblí;
  • díriú ar na hearnálacha a bhaineann an méid is mó úsáid as acmhainní agus a bhfuil an acmhainn le haghaidh ciorclaíochta ard leo, amhail:
    • fearais leictreonacha agus TFC,
    • ceallraí agus feithiclí,
    • pacáistíocht, plaistigh agus teicstílí,
    • tógáil agus foirgnimh,
    • bia, uisce agus cothaithigh;
  • níos lú dramhaíola a áirithiú;
  • an geilleagar ciorclach a chur ag obair do dhaoine, réigiúin agus cathracha;
  • bheith i gceannas ar iarrachtaí domhanda maidir leis an ngeilleagar ciorclach.

FÉACH FREISIN

Top