Este documento es un extracto de la web EUR-Lex
Cinneadh 93/98/CEE — formheas Choinbhinsiún Basel ag an gComhphobal Eorpach
Leis an gcinneadh, formheastar Coinbhinsiún Basel ar son Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (an AE anois).
Is é an coinbhinsiún an comhaontú domhanda comhshaoil is cuimsithí maidir le dramhaíolacha guaiseacha agus dramhaíolacha eile. An aidhm atá aige ná sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ón drochthionchair a bhíonn ann mar thoradh ar ghiniúint, gluaiseacht trasteorann (ag trasnú teorainneacha) agus bainistiú dramhaíolacha guaiseacha agus dramhaíolacha eile.
Rialaíonn an coinbhinsiún gluaiseachtaí trasteorann na ndramhaíolacha guaiseacha agus na ndramhaíolacha eile agus ceanglaítear ar a pháirtithe a chinntiú go mbainistíonn agus go ndiúscraíonn siad a leithéid de dhramhaíolacha ar bhealach atá slán ó thaobh an chomhshaoil de.
Ina theannta sin, tá na páirtithe tiomanta dóibh seo a leanas:
Tá ocht iarscríbhinn leis an gcoinbhinsiún:
Comhaontaíonn páirtithe a leanas:
Is féidir le páirtí ar bith riachtanais bhreise a fhorchur atá i gcomhréir leis an gcoinbhinsiún.
Leis an gcoinbhinsiún, tugtar isteach nósanna imeachta fógra maidir le:
I gcás go n–easpórtáiltear dramhaíolacha go neamhdhleathach, ní mór do pháirtithe an choinbhinsiún iad a ath-iompórtáil.
Comhaontaíonn páirtithe go n–oibreoidh siad le chéile ar chleachtais atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de maidir le dramhaíolacha guaiseacha agus dramhaíolacha eile a bhainistiú.
Ba chóir do pháirtithe aon easaontais a réiteach trí idirbheartaíocht nó trí aon mhodh síochánta eile a thaithníonn leo. Mura dtagtar ar réiteach, cuirtear an díospóid faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta nó faoi bhráid binse eadrána ina bhfuil trí pháirtí.
Éascaíonn rúnaíocht comhoibriú agus comhroinnt faisnéise idir na páirtithe.
Cuireann ionaid réigiúnacha nó fhoréigiúnacha ar fud an domhain oiliúint agus fothú acmhainní ar fáil.
Ionchorpraíodh an coinbhinsiún i ndlí an AE le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus lena leasuithe ina dhiaidh sin.
Tá an cinneadh i bhfeidhm ón . Tá an coinbhinsiún i bhfeidhm ón .
Is páirtí é an AE, mar aon le tíortha an AE, don choinbhinsiún. Daingníodh an leasú toirmisc ag an AE a chuireann cosc ar easpórtálacha dramhaíolacha chuig tíortha nach comhaltaí de chuid ECFE iad, cé nach bhfuil an leasú sin i bhfeidhm go hidirnáisiúnta fós.
Caibidlíodh an coinbhinsiún faoi choimirce Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus glacadh é in 1989.
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
Cinneadh 93/98/CE ón gComhairle an maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail, an Choinbhinsiúin maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha guaiseacha agus a ndiúscairt (IO L 39, , lgh. 1-2)
Coinbhinsiún Basel maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha guaiseacha agus a ndiúscairt (IO L 39, , lgh. 3-22)
nuashonrú is deireanaí