Utilizzare le virgolette per cercare una "frase esatta". Aggiungere un asterisco (*) a un termine di ricerca per trovarne le varianti (recep*, 32019R*). Utilizzare un punto interrogativo (?) al posto di un determinato carattere nella ricerca per trovare le possibili varianti (cercando "ca?o" si trovano i seguenti risultati: caso, capo, calo).
Leagtar amach leis paraiméadair chomhchuibhithe chun sábháilteacht athúsáide uisce in uisciú talmhaíochta a ráthú, agus é mar aidhm an cleachtas sin a spreagadh agus cabhrú le haghaidh a thabhairt ar thriomaigh agus ar ghanntanas uisce.
Leagtar amach leis an rialachán íoscheanglais maidir le cáilíocht uisce agus faireachán chomh maith rialacha maidir le bainistíocht riosca, le haghaidh úsáid shábháilte uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta i gcomhthéacs bainistiú comhtháite uisce.
Plean gníomhaíochta AE don gheilleagar ciorclach, 2015 inar tugadh tiomantas do shraith gníomhaíochtaí chun athúsáid fuíolluisce cóireáilte a chur chun cinn agus do thogra reachtach ina leagtar amach íoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce.
Raon feidhme
Tá feidhm ag an rialachán aon uair a athúsáidtear fuíolluisce uirbeach cóireáilte, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Threoir 91/271/CEE maidir le fuíolluisce uirbeach, le haghaidh uisciú talmhaíochta (féach an achoimre).
Féadfaidh Ballstát AE a chinneadh nach bhfuil sé iomchuí uisce a athúsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta i gceann amháin nó níos mó dá cheantair abhantraí nó i gcodanna de nó díobh, ar bhonn critéir shonracha:
dálaí geografacha agus aeráide an cheantair nó codanna de;
na brúnna atá ar acmhainní uisce eile agus an stádas atá acu;
na brúnna atá ar dhobharlaigh dhromchla, agus an stádas atá acu, ar dobharlaigh iad ina scaoiltear fuíolluisce uirbeach cóireáilte;
costais chomhshaoil agus acmhainní an uisce athshlánaithe agus acmhainní uisce eile.
Ní mór údar cuí a thabhairt le cinneadh den sórt sin agus athbhreithniú rialta a dhéanamh air chun cúinsí a athraíonn a chur san áireamh, amhail réamh–mheastacháin maidir leis an athrú aeráide agus straitéisí náisiúnta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, chomh maith leis na pleananna bainistithe abhantrach arna ndréachtú de bhun na creat–treorach uisce (Treoir 2000/60/CE — féach an achoimre).
Ceadaítear leis an rialachán do dhíolúintí a bhfuil teorainn ama leo ó na rialacha maidir le taighde nó treoirthionscadail, faoi réir coinníollacha áirithe.
Cáilíocht uisce athshlánaithe
Ní mór d’oibreoir na saoráide athshlánaithe a áirithiú go gcomhlíonfaidh uisce athshlánaithe atá beartaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta an méid seo a leanas:
na híoscheanglais maidir le cáilíocht uisce a leagtar síos in Iarscríbhinn 1 den rialachán, faoina gcumhdaítear gnéithe micribhitheolaíocha (amhail leibhéil baictéar Escherichia coli agus riachtanais faireacháin maidir le gnáthfhaireachán agus bailíochtú;
aon choinníollacha breise a bhaineann le cáilíocht uisce arna leagan síos ag an údarás ábhartha sa chead ábhartha a eisítear.
Bainistiú riosca
Caithfidh an t–údarás náisiúnta ábhartha a áirithiú go ndréachtófar plean bainistithe riosca um athúsáid uisce chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh, a sholáthar agus a úsáid.
Is féidir leis an oibreoir saoráide athshlánaithe, páirtithe eile sa tionscadal athúsáide uisce nó na húsáideoirí deiridh an plean bainistithe riosca um athúsáid uisce a dhréachtú, de réir mar is cuí, agus caithfear freagrachtaí bainistithe riosca na bpáirtithe uile sa tionscadal um athúsáid uisce a shainaithint ann.
Go sonrach, caithfear aon cheanglais bhreise maidir le cáilíocht uisce a leagan amach ann, bearta coisctheacha agus/nó ceartaitheacha iomchuí a shainaithint agus aon bhacainní nó bearta breise a shainaithint chun sábháilteacht an chórais a áirithiú.
Oibleagáidí ceada
Teastaíonn cead chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh agus a sholáthar le haghaidh uisciú talmhaíochta.
Ní mór do na páirtithe lena mbaineann iarratas a chur faoi bhráid an údaráis náisiúnta ábhartha.
Leagtar amach leis an gcead na hoibleagáidí d’oibreoir na saoráide athshlánaithe, agus, más ábhartha, páirtithe eile a bhfuil baint acu leis an gcóras um athúsáid uisce, atá bunaithe ar an bplean bainistithe riosca. Caithfear roinnt eilimintí a shonrú iontu, lena n–áirítear an méid a leanas:
an aicme nó na haicmí de cháilíocht uisce athshlánaithe agus an úsáid talmhaíochta a gceadaítear an t–uisce athshlánaithe ina leith, an áit úsáide, na saoráidí athshlánaithe agus méid measta bliantúil an uisce athshlánaithe atá le táirgeadh;
coinníollacha maidir leis na híoscheanglais i ndáil le cáilíocht agus faireachán uisce;
coinníollacha maidir le ceanglais bhreise maidir le hoibreoir na saoráide athshlánaithe, a leagtar amach sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce;
aon choinníollacha eile is gá chun aon rioscaí do-ghlactha don chomhshaol agus do shláinte an duine agus ainmhithe a dhíothú;
tréimhse bhailíochta an cheada;
an pointe comhlíonta.
Ní mór ceadanna a athbhreithniú agus a nuashonrú go rialta nuair is gá, agus ar a laghad i gcás go ndearnadh athruithe suntasacha ar na próisis chóireála nó ar dhálaí an láithreáin.
Seiceálacha ar chomhlíonadh
Caithfidh an t–údarás náisiúnta ábhartha comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos leis an gcead a sheiceáil. Is féidir é sin a dhéanamh trí:
seiceálacha ar an láthair a dhéanamh;
faireachán a dhéanamh ar shonraí a fhaightear, go háirithe de bhun an rialacháin seo;
aon mhodh leordhóthanach eile.
Leagtar síos sa rialachán freisin na bearta atá le glacadh i gcás neamhchomhlíonta.
Caithfidh an t–údarás náisiúnta ábhartha comhlíonadh pleananna bainistithe riosca a sheiceáil go rialta freisin.
Trédhearcacht agus comhroinnt faisnéise
Caithfear pointí teagmhála náisiúnta a bhunú chun comhordú trasteorann a éascú nuair is gá.
Chun trédhearcacht a áirithiú, leagtar síos leis an rialachán freisin rialacha maidir leis an méid seo a leanas:
ardú feasachta;
faisnéis atá le cur ar fáil don phobal;
faisnéis maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme.
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar éifeachtaí an rialacháin faoin .
Treoirlínte
D’ fhoilsigh an Coimisiún treoirlínte chun cuidiú leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara na rialacha maidir le hathúsáid uisce a chur i bhfeidhm. Tá roinnt samplaí praiticiúla curtha leis na treoirlínte chun cur i bhfeidhm na rialacha a éascú.
Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (IO L 177, , lgh. 32-55).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Fógra ón gCoimisiún Treoirlínte chun tacú le cur i bhfeidhm Rialachán 2020/741 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce 2022/C 298/01 (IO L 298, , lgh. 1-55).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – An lúb a dhúnadh – Plean Gníomhaíochta AE don Gheilleagar Ciorclach (COM(2015) 614 final, ).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Treoirphlean chun Acmhainní Uisce na hEorpa a Chosaint (COM(2012) 673 final, ).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – ag tabhairt aghaidh ar dhúshlán an ghanntanais uisce agus an triomaigh san Aontas Eorpach (COM(2007) 414 leagan deireanach, ).
Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, , lgh. 1-54). Téacs athfhoilsithe i gceartúchán (IO L 226, , lgh. 3–21).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear creat i gcomhair gnímh ag an gComhphobal sa réimse a bhaineann le beartas uisce (IO L 327, , lgh 1–73).