EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú comhlachais leis an Úcráin

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (AE) 2017/1247 agus Cinneadh (AE) 2017/1248 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an chomhaontaithe comhlachais leis an Úcráin

CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ AGUS LEIS AN GCOMHAONTÚ?

  • Cuireadh an comhaontú comhlachais leis an Úcráin i gcrích le Cinneadh (AE) 2017/1247 ón gComhairle agus Cinneadh (AE) 2017/1248, ag éascú a theacht i bhfeidhm.
  • Céim nua is ea an comhaontú sa chaidreamh conarthach idir an tAontas Eorpach (AE) agus an Úcráin, ina ndírítear ar chomhlachas polaitiúil agus ar chomhtháthú eacnamaíoch trí:
    • rapprochement (dea–chaidreamh) de réir a chéile a chur chun cinn idir na páirtithe bunaithe ar chomhluachanna;
    • idirphlé agus comhar polaitiúil a threisiú sna réimsí maidir le ceartas, saoirse agus slándáil;
    • síocháin agus cobhsaíocht a chur chun cinn;
    • na dálaí a chruthú maidir le caidreamh feabhsaithe eacnamaíoch agus trádála a mbeidh rochtain de réir a chéile na hÚcráine ar chodanna de mhargadh inmheánach AE mar thoradh air;
    • dálaí a bhunú maidir le comhar a éireoidh níos dlúithe i gcónaí i réimsí eile comhleasa.
  • Cuirtear in ionad Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair AE-na hÚcráine é mar bhunús dlíthiúil agus mar chreat dlíthiúil do chaidreamh AE-na hÚcráine.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuimsítear sa chomhaontú brollach ina leagtar amach na cúiseanna leis an gcomhaontú agus na haidhmeanna atá leis, agus tagann seacht dteideal ina dhiaidh sin.

Prionsabail ghinearálta

Is iad seo a leanas na prionsabail ar gnéithe riachtanacha iad den chomhaontú idir na páirtithe:

  • urraim do prionsabail dhaonlathacha, don smacht reachta, do dhea-rialachas, do chearta an duine agus do na saoirsí bunúsacha;
  • urraim a chur chun cinn maidir le prionsabail na ceannasachta agus na sláine críche, na dosháraitheachta teorann agus an neamhspleáchais, agus oibriú in aghaidh leathadh na n–arm ollscriosta.

Comhaontaíonn AE agus an Úcráin chomh maith go gcuirtear bonn taca faoina gcaidreamh le geilleagar saormhargaidh. Aithníonn siad chomh maith go bhfuil an méid seo a leanas tábhachtach dá gcaidreamh a fheabhsú:

Idirphlé agus comhar polaitiúil neartaithe

Forbrófar idirphlé polaitiúil tuilleadh chun cóinéasú de réir a chéile AE-na hÚcráine a thabhairt i gcrích i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála agus i réimse an chomhbheartais slándála agus cosanta. I measc nithe eile, féachfar ann le:

  • comhar agus idirphlé a neartú maidir le slándáil idirnáisiúnta agus bainistíocht géarchéime chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda agus réigiúnacha agus le bagairtí móra;
  • comhar a fhorbairt atá dírithe ar thorthaí agus atá praiticiúil chun síocháin, slándáil agus cobhsaíocht a bhaint amach ar chríoch na hEorpa.

Ceartas, saoirse agus slándáil

I measc na dtosaíochtaí sa réimse sin tá:

  • comhdhlúthú a dhéanamh ar an smacht reachta agus neartú a dhéanamh ar na hinstitiúidí ar gach leibhéal riaracháin go ginearálta; agus
  • forfheidhmiú an dlí, agus go háirithe riarachán an cheartais.

Is é an aidhm an bhreithiúnacht a neartú, feabhas a chur ar a héifeachtacht, a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht a chosaint agus éillitheacht a chomhrac. Beidh urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha ina threoir do chomhar na bpáirtithe maidir le ceartas, saoirse agus slándáil.

Ina theannta sin tá na páirtithe tiomanta do:

  • a n-idirphlé agus a gcomhar maidir le himirce, tearmann agus bainistiú teorann a mhéadú; agus
  • coireacht eagraithe agus sciúradh airgid a chomhrac.

Tá lua sainráite sa teideal chomh maith maidir le mian na bpáirtithe do mhéadú ar theagmháil daoine le daoine agus a n–aitheantas ar an tábhacht a bhaineann le taisteal gan víosa chuig an Aontas a thabhairt isteach — thar am — do shaoránaigh na hÚcráine, ar an gcoinníoll go mbeidh na dálaí maidir le soghluaisteacht shábháilte agus dea–bhainistithe ann.

Trádáil agus cúrsaí a bhaineann le trádáil

Is é cuspóir na bpáirtithe limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála a chruthú. Tá siad tiomanta do thimpeallacht nua a fhorbairt lena gcothaítear go háirithe trádáil agus infheistíocht, agus iomaíocht a spreagadh, agus tá siad sin ar fad ríthábhachtach d’athstruchtúrú agus nuachóiriú eacnamaíoch. Baineann limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála le fáil réidh de réir a chéile le taraifí custaim agus cuótaí rud a chuirfidh — i gcomhréir leis an bpróiseas níos leithne um dhlíthe na hÚcráine a ailíniú le dlíthe, caighdeáin agus cleachtais AE (acquis) — le tuilleadh comhtháthaithe eacnamaíoch le margadh aonair AE.

Comhar eacnamaíoch agus earnála

Cumhdaítear faoin teideal seo comhar i raon leathan réimsí agus earnálacha bunaithe ar ailíniú de réir a chéile le dlíthe agus caighdeáin AE agus, más ábhartha, le noirm agus caighdeáin idirnáisiúnta. Áirítear ar na hearnálacha lena mbaineann:

Comhar airgeadais

Tá cúnamh airgeadais tugtha ag an Aontais agus ag Ballstáit AE don Úcráin ó bhí na 1990í ann. Féadfaidh an Úcráin leas a bhaint as cúnamh airgeadais leanúnach trí shásraí agus ionstraimí ábhartha maoinithe AE chun na cuspóirí leis an gcomhaontú comhlachais a bhaint amach. Don tréimhse 2021-2027, cuireadh an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda in ionad na hIonstraime Eorpaí Chomharsanachta roimhe seo.

Forálacha institiúideacha, ginearálta agus deiridh

Cumhdaítear sa teideal deireanach an dóigh a ndéantar caidreamh AE–na hÚcráine a bhainistiú. Is é seo a leanas an socrú institiúideach.

  • An Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Úcráin. Éascaítear leis sin idirphlé polaitiúil ardleibhéil idir na huachtaráin.
  • An Chomhairle Comhlachais. Is idirphlé ardleibhéil é sin inar féidir cinntí ceangailteacha a dhéanamh.
  • An Coiste Comhlachais. Cuidíonn sé leis an gComhairle Comhlachais a dualgais a ullmhú; is féidir leis an gcoiste fochoistí a chur ar bun chun comhar earnála a chur chun feidhme.
  • Coiste Comhlachais Parlaiminteach. Fóram is ea é sin d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa agus de Pharlaimint na hÚcráine chun teacht le chéile agus tuairimí a mhalartú.
  • Ardán sochaí sibhialta. Leis sin cuirfear cruinnithe rialta na sochaí sibhialta chun cinn agus cuirfear moltaí faoi bhráid na Comhairle Comhlachais.

Léirscaoileadh sealadach trádála

An 25 Bealtaine 2023, i bhfianaise chogadh ionsaitheach gan chúis gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ghlac Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh Rialachán (AE) 2023/1077 lena dtugtar isteach bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála faoin gcomhaontú comhlachais agus lena gcuirtear ar fionraí na bearta cosanta trádála atá ann cheana ar feadh tréimhse 1 bhliain. Tháinig na bearta sin i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2023. Leis an rialachán seo athnuaitear Rialachán (AE) Uimh. 2022/870.

Na taraifí uile faoi Theideal IV den chomhaontú comhlachais leis an Úcráin lena mbunaítear an limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála nár cuireadh i bhfeidhm go fóill, tá siad curtha ar fionraí ar feadh 1 bhliain. Cumhdaítear leis an bhfionraí:

  • torthaí agus glasraí atá faoi réir chóras an phraghais iontrála agus táirgí talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta próiseáilte atá faoi réir taraif–chuótaí;
  • bailiú dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí de thionscnamh na hÚcráine; agus
  • cur i bhfeidhm na rialacha comhchoiteanna maidir le hallmhairí le haghaidh allmhairí de thionscnamh na hÚcráine.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig sí i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017.

CÚLRA

Cuireadh roinnt codanna tábhachtacha den chomhaontú i bhfeidhm go sealadach amhail an 1 Eanáir 2014 i leith na nithe seo:

  • urraim do chearta an duine, do shaoirsí bunúsacha agus do riail an dlí;
  • idirphlé agus athchóiriú polaitiúil;
  • ceartas, saoirse agus slándáil;
  • comhar eacnamaíoch agus earnála (e.g. fuinneamh, an comhshaol, gníomhú ar son na haeráide, iompar, talmhaíocht, forbairt tuaithe, cosaint tomhaltóirí agus iascach) agus comhar airgeadais, lena n-áirítear frithchalaois.

Cuirtear LDCST chun feidhme go sealadach ón 1 Eanáir 2016 i leith.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 161, 29.5.2014, lgh. 3–2137).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gComhaontú Comhlachais a chorprú sa bhundoiciméad. Níl ach luach doiciméadach ag an leagan comhdhlúite.

Cinneadh (AE) 2017/1247 ón gComhairle an 11 Iúil 2017 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, cé is moite de na forálacha a bhaineann le caitheamh náisiúnach tríú tíortha atá fostaithe go dleathach mar oibrithe i gcríoch an pháirtí eile (IO L 181, 12.7.2017, lgh. 1–3).

Cinneadh (AE) 2017/1248 ón gComhairle an 11 Iúil 2017 maidir tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, maidir le forálacha a bhaineann le caitheamh náisiúnach tríú tíortha atá fostaithe go dleathach mar oibrithe i gcríoch an pháirtí eile (IO L 181, 12.7.2017, lgh. 4–5).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2023/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 144, 5.6.2023, lgh. 1–6).

Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an Dé Luain 30 Bealtaine 2022 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 152, 3.6.2022, lgh. 103–108).

Faisnéis maidir le cur i teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (IO L 193, 25.7.2017, lch. 1).

Fógra maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 321, 5.12.2015, lch. 1).

Fógra maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 311, 31.10.2014, lch. 1).

Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lgh. 16–33).

Ionstraim Chríochnaitheach idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, maidir leis an gComhaontú Comhlachais (IO L 278, 20.9.2014, lgh. 4–5).

Cinneadh 2014/668/AE ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, maidir le Teideal III (cé is moite de na forálacha a bhaineann le caitheamh náisiúnach tríú tíortha atá fostaithe go dleathach mar oibrithe i gcríoch an Pháirtí eile) agus Teidil IV, V, VI agus VII de, chomh maith leis na hIarscríbhinní agus na Prótacail ghaolmhara (IO L 278, 20.9.2014, lgh. 1–3).

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2014/295/EU ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile, maidir leis an mBrollach, Airteagal 1, agus Teidil I, II agus VII de (IO L 161, 29.5.2014, lgh. 1–2).

Nuashonraithe 09.06.2023

Top