EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2531

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2531 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2022 lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)

C/2022/8620

IO L 328, 22/12/2022, p. 78–79 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 01/01/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2531/oj

22.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 328/78


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2531 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Nollaig 2022

lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 8(3), Airteagal 12, Airteagal 14(6), Airteagal 41, Airteagal 54(4), Airteagal 66(5), Airteagal 67, Airteagal 75(5) agus Airteagal 76(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leagtar síos creat dlíthiúil nua le haghaidh an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) chun feabhas a chur ar an mbealach a mbaintear cuspóirí an Aontais amach leis, ar cuspóirí iad a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Sa Rialachán sin sonraítear a thuilleadh na cuspóirí sin de chuid an Aontais atá le baint amach le CBT agus sainítear ann na cineálacha idirghabhála mar aon le ceanglais choiteanna an Aontais is infheidhme maidir leis na Ballstáit, agus, an tráth céanna, solúbthacht á fágáil ag na Ballstáit i gceapadh na n-idirghabhálacha atá le soláthar ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(2)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2021/2115 maidir le cineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe. Dá thoradh sin, aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

(3)

Sa chomhthéacs sin, ghlac an Coimisiún ceanglais bhreise de bhun Rialachán (AE) 2021/2115 maidir le ceapadh na n-idirghabhálacha atá le sonrú sna Pleananna Straitéiseacha CBT, inter alia le haghaidh forbairt tuaithe, is é sin le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún (4). Cuirtear an Rialachán Tarmligthe sin in ionad na rialacha a leagtar síos faoi láthair i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 ón gCoimisiún (5).

(4)

Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 808/2014 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2023. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 154(1) de Rialachán (AE) 2021/2115, ba cheart feidhm a bheith aige fós a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 go dtí an 31 Nollaig 2025 agus a mhéid a bhaineann le caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe agus arna íoc ag an ngníomhaireacht íocaíochta faoi chuimsiú na gclár forbartha tuaithe sin go dtí an 31 Nollaig 2025.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Fhorbairt Tuaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 agus foráil idirthréimhseach

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 808/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

Mar sin féin, leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 go dtí an 31 Nollaig 2025 agus a mhéid a bhaineann le caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe agus arna íoc ag an ngníomhaireacht íocaíochta faoi chuimsiú na gclár forbartha tuaithe sin go dtí an 31 Nollaig 2025.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 487.

(2)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin mar aon le rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC) (IO L 20, 31.1.2022, lch. 52).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO L 227, 31.7.2014, lch. 18).


Top