Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1637

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1637 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2022 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid doiciméad i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta agus i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil tar éis iad a scaoileadh lena dtomhailt, agus lena leagtar síos an fhoirm a úsáidfear le haghaidh an deimhnithe díolúine

    C/2022/4497

    IO L 247, 23/09/2022, p. 57–66 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 13/02/2024

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1637/oj

    23.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 247/57


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1637 ÓN gCOIMISIÚN

    an 5 Iúil 2022

    lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid doiciméad i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta agus i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil tar éis iad a scaoileadh lena dtomhailt, agus lena leagtar síos an fhoirm a úsáidfear le haghaidh an deimhnithe díolúine

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (1), agus go háirithe Airteagal 12(3), Airteagal 29(2), agus Airteagal 43(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Ceanglaítear le hAirteagal 12(1) de Threoir (AE) 2020/262 go mbeidh deimhniú díolúine ag gabháil le hearraí máil a bheidh ag gluaiseacht idir na Ballstáit faoi shocrú fionraí dleachta agus le hearraí atá faoi réir na díolúine ó íoc dleachta máil. Ba cheart an fhoirm ina mbeidh deimhniú a leagan síos.

    (2)

    I gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Threoir (AE) 2020/262, féadfaidh na Ballstáit an deimhniú díolúine a úsáid chun réimsí eile cánachais indírigh a chumhdach. Chun a áirithiú go ndéanfar cumarsáid aonfhoirmeach idir údaráis na mBallstát sula gcuirtear ag gluaiseacht, ó chríoch Ballstáit amháin go críoch Ballstáit eile, earraí máil atá díolmhaithe ó íoc dleachta máil ba cheart rialacha a leagan síos maidir le fógra a thabhairt faoi úsáid an deimhnithe díolúine máil maidir le réimsí eile cánachais indírigh.

    (3)

    Ós rud é go leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 31/96 ón gCoimisiún (2) rialacha maidir le deimhniú díolúine ó dhleacht mháil, ba cheart rud eile a chur ina ionad.

    (4)

    Ceanglaítear le Treoir (AE) 2020/262, i dtaca le gluaiseachtaí earraí máil atá faoi shocrú fionraí dleachta, go mbeidh na gluaiseachtaí sin faoi chumhdach an doiciméid riaracháin leictreonaigh, a mhalartaítear tríd an gcóras ríomhairithe, dá dtagraítear i gCinneadh (AE) 2020/263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ceanglaítear leis an Treoir sin freisin go n-úsáidfear doiciméid chúltaca i gcásanna nach bhfuil an córas ríomhairithe sin ar fáil sa Bhallstát seolta. Ba cheart rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos maidir le malartuithe na ndoiciméad riaracháin leictreonach tríd an gcóras ríomhairithe i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil faoi fhionraí dleachta máil agus i gcomhthéacs na ndoiciméad cúltaca.

    (5)

    Ceanglaítear le Treoir (AE) 2020/262 go mbeidh gluaiseachtaí earraí máil a scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun go seachadfar ansin iad chun críoch tráchtála, go mbeidh siad faoi chumhdach an doiciméid riaracháin leictreonaigh shimplithe, a mhalartaítear tríd an gcóras ríomhairithe, dá dtagraítear i gCinneadh (AE) 2020/263. Ceanglaítear leis an Treoir sin freisin go n-úsáidfear doiciméid chúltaca i gcásanna nach bhfuil an córas ríomhairithe sin ar fáil sa Bhallstát seolta. Ba cheart rialacha agus nósanna imeachta a bhunú do mhalartuithe na ndoiciméad riaracháin simplithe leictreonach tríd an gcóras ríomhairithe i gcomhthéacs ghluaiseacht na n-earraí atá le seachadadh chun críoch tráchtála agus na ndoiciméad cúltaca.

    (6)

    Ní mór do na Ballstáit na bearta is gá chun Airteagal 12, Airteagail 20 go 22 agus Airteagail 36 go 37 de Threoir (AE) 2020/262 a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm ón 13 Feabhra 2023 ar aghaidh. Ós rud é go gcuirtear Treoir (AE) 2020/262 chun feidhme leis an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith aige freisin ón dáta sin.

    (7)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Dhleacht Mháil,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Deimhniú díolúine

    1.   Ann fhoirm atá le húsáid le haghaidh an deimhnithe díolúine dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2020/262 (‘an deimhniú díolúine’), leagtar amach í san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    2.   Nuair a bheidh an deimhniú díolúine á úsáid acu chun críocha Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2020/262, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi sin agus cuirfidh siad an fhaisnéis is gá ar fáil dó.

    3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir lena n-údaráis náisiúnta atá freagrach as an deimhniú díolúine a stampáil.

    4.   Na Ballstáit sin a ligeann tharstu an oibleagáid atá ar an gcoinsíní an deimhniú a stampáil, mar a leagtar amach i bpointe (14) de nótaí míniúcháin na hIarscríbhinne, cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún.

    5.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a gheofar de bhun mhíreanna 2, 3 agus 4 chuig na Ballstáit tráth nach déanaí ná mí amháin ón dáta a gheofar an fhaisnéis sin.

    Airteagal 2

    Foirmiúlachtaí sula gcuirtear tús le gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta

    1. Déanfaidh coinsíneoir ar mian leis earraí máil a sheoladh faoi shocrú fionraí dleachta réimsí an dréachtdoiciméid riaracháin leictreonaigh a chomhlánú, mar a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636 ón gCoimisiún (4), agus é a chur faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit seolta amhail dá dtagraítear in Airteagal 20(2) de Threoir (AE) 2020/262.

    2. Tíolacfar an dréacht-doiciméad riaracháin leictreonach sin tráth nach luaithe ná 7 lá roimh an dáta a luaitear sa doiciméad sin mar dháta seolta na n-earraí máil lena mbaineann.

    Airteagal 3

    An doiciméad riaracháin leictreonach a chur ar ceal

    1.   Coinsíneoir ar mian leis an doiciméad riaracháin leictreonach a chur ar ceal, i gcomhréir le hAirteagal 20(6) de Threoir (AE) 2020/262, déanfaidh sé an dréacht-teachtaireacht um chealú dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636 a chur faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit seolta.

    2.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta fíorú leictreonach ar na sonraí atá sa dréacht-teachtaireacht um chealú dá dtagraítear i mír 1.

    I gcás ina mbíonn na sonraí sa dréacht-teachtaireacht um chealú, cuirfidh na húdaráis sin dáta agus am an fhíoraithe leis an teachtaireacht um chealú, cuirfidh siad an t-eolas sin in iúl don choinsíneoir agus cuirfidh siad an teachtaireacht um chealú ar aghaidh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe.

    I gcás nach bhfuil na sonraí sa dréacht-teachtaireacht um chealú dá dtagraítear i mír 1 bailí, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an coinsíneoir ar an eolas faoi sin gan mhoill.

    I gcás inar coimeádaí údaraithe stórais nó coinsíní cláraithe é an coinsíní, tar éis dóibh an teachtaireacht um chealú a fháil, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe an teachtaireacht um chealú ar aghaidh chuig an gcoinsíní.

    Airteagal 4

    Teachtaireachtaí maidir le hathrú cinn scríbe nó maidir le hathrú coinsíní le linn gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta

    1.   I gcás inar mian le coinsíneoir an ceann scríbe nó an coinsíní dá dtagraítear in Airteagal 20(7) de Threoir (AE) 2020/262 a athrú, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta fíorú leictreonach ar na sonraí sa dréacht-teachtaireacht maidir le hathrú cinn scríbe, dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636.

    I gcás ina mbíonn sonraí an dréacht-teachtaireacht maidir le hathrú cinn scríbe bailí, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an méid seo a leanas:

    (a)

    cuirfidh siad dáta agus am an fhíoraithe agus na sraithuimhreach leis an dréacht-teachtaireacht maidir le hathrú cinn scríbe agus cuirfidh siad an méid sin in iúl don choinsíneoir;

    (b)

    déanfaidh siad uasdátú ar an mbundoiciméad riaracháin leictreonach de réir na faisnéise atá sa teachtaireacht maidir le hathrú cinn scríbe.

    2.   Má áirítear san uasdátú dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) den Airteagal seo athrú ar an mBallstát cinn scríbe nó ar an gcoinsíní, beidh feidhm ag Airteagal 20(4) nó Airteagal 21(1) de Threoir (AE) 2020/262 maidir leis an doiciméad riaracháin leictreonach uasdátaithe.

    3.   I gcás ina n-áirítear leis an uasdátú dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo athrú ar an mBallstát cinn scríbe, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an teachtaireacht maidir le hathrú cinn scríbe ar aghaidh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe a luaitear sa bhundoiciméad riaracháin leictreonach.

    Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe an teachtaireacht maidir le hathrú cinn scríbe a chur ar aghaidh ansin chuig an gcoinsíní a luaitear sa bhundoiciméad riaracháin leictreonach.

    4.   I gcás ina n-áirítear leis an uasdátú dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo athrú coinsíní laistigh den Bhallstát cinn scríbe céanna mar atá sa bhundoiciméad riaracháin leictreonach, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit sin an coinsíní atá luaite sa bhundoiciméad riaracháin leictreonach ar an eolas faoin athrú.

    5.   I gcás ina mbeidh athrú san uasdátú dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo ar an áit seachadta a luaitear sa bhundoiciméad riaracháin leictreonach, dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636 gan athrú a bheith ar an mBallstát cinn scríbe ná ar an gcoinsíní, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an teachtaireacht maidir le hathrú cinn scríbe ar aghaidh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe a luaitear sa bhundoiciméad riaracháin leictreonach. Ar an teachtaireacht maidir le hathrú cinn scríbe a fháil dóibh, cuirfidh údaráis an Bhallstáit cinn scríbe an teachtaireacht maidir le hathrú cinn scríbe ar aghaidh chuig an gcoinsíní.

    6.   I gcás nach bhfuil na sonraí sa dréacht-teachtaireacht maidir le hathrú cinn scríbe bailí, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an coinsíneoir ar an eolas faoi sin gan mhoill.

    Airteagal 5

    Teachtaireachtaí a bhaineann le táirgí fuinnimh atá ag gluaiseacht faoi shocrú fionraí dleachtanna a roinnt

    1.   Coinsíneoir ar mian leis gluaiseacht táirgí fuinnimh a roinnt de bhun Airteagal 23 de Threoir (AE) 2020/262, déanfaidh sé dréacht-teachtaireacht um roinnt oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636 le haghaidh gach cinn scríbe a chur faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit seolta.

    2.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta fíorú leictreonach ar na sonraí atá sna dréacht-teachtaireachtaí um roinnt oibríochta.

    I gcás ina mbíonn na sonraí sin bailí, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an méid seo a leanas:

    (a)

    cruthóidh siad doiciméad riaracháin leictreonach nua le haghaidh gach cinn scríbe, agus cuirfear an bundoiciméad sin in áit an bhundoiciméid riaracháin leictreonaigh;

    (b)

    fógra faoin roinnt a ghiniúint don bhundoiciméad riaracháin leictreonach;

    (c)

    cuirfidh siad an fógra faoin roinnt chuig an gcoinsíneoir agus chuig údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe a luaitear sa bhundoiciméad riaracháin leictreonach.

    Beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 20(3) ag Airteagal 20(4) agus (5) agus ag Airteagal 21(1) de Threoir (AE) 2020/262 maidir le gach doiciméad riaracháin leictreonach nua dá dtagraítear i bpointe (a), an dara fomhír den mhír seo.

    3.   Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe a luaitear sa bhundoiciméad riaracháin leictreonach an fógra faoin roinnt ar aghaidh chuig an gcoinsíní a luaitear sa bhundoiciméad riaracháin leictreonach.

    4.   I gcás nach bhfuil na sonraí sa dréacht-teachtaireacht um roinnt oibríochta bailí, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an coinsíneoir ar an eolas faoi sin gan mhoill.

    Airteagal 6

    Foirmiúlachtaí sula gcuirtear tús le gluaiseacht earraí máil tar éis iad a scaoileadh lena dtomhailt

    1.   Déanfaidh an coinsíneoir an dréachtdoiciméad riaracháin leictreonach simplithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636 a thíolacadh faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit seolta.

    2.   Tíolacfar an dréacht-doiciméad riaracháin leictreonach simplithe tráth nach luaithe ná 7 lá roimh an dáta a luaitear sa doiciméad sin mar dháta seolta na n-earraí máil lena mbaineann

    Airteagal 7

    Teachtaireachtaí maidir le hathrú cinn scríbe i gcás gluaiseacht earraí máil tar éis iad a scaoileadh lena dtomhailt

    1.   Coinsíneoir ar mian leis an ceann scríbe a athrú dá dtagraítear in Airteagal 36(5) de Threoir (AE) 2020/262, déanfaidh sé an dréacht-teachtaireacht maidir le hathrú cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636 a chur faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit seolta.

    2.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta fíorú leictreonach ar na sonraí atá sa dréacht-teachtaireacht maidir le hathrú cinn scríbe dá dtagraítear i mír 1.

    I gcás ina mbíonn sonraí an dréacht-teachtaireacht maidir le hathrú cinn scríbe bailí, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an méid seo a leanas:

    (a)

    cuirfidh siad dáta agus am an fhíoraithe agus na sraithuimhreach leis an dréacht-teachtaireacht maidir le hathrú cinn scríbe agus cuirfidh siad an méid sin in iúl don choinsíneoir;

    (b)

    déanfaidh siad uasdátú ar an mbundoiciméad riaracháin leictreonach simplithe de réir na faisnéise atá sa teachtaireacht maidir le hathrú cinn scríbe;

    (c)

    cuirfidh siad an teachtaireacht maidir le hathrú cinn scríbe chuig údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe a luaitear sa bhundoiciméad riaracháin leictreonach simplithe.

    Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe an teachtaireacht maidir le hathrú cinn scríbe ar aghaidh chuig an gcoinsíní.

    3.   I gcás nach bhfuil na sonraí sa dréacht-teachtaireacht maidir le hathrú cinn scríbe bailí, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an coinsíneoir ar an eolas faoi sin gan mhoill.

    Airteagal 8

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 31/96.

    Airteagal 9

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 13 Feabhra 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Iúil 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 58, 27.2.2020, lch. 4.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 31/96 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 1996 maidir leis an deimhniú díolúine ó dhleacht mháil (IO L 8, 11.1.1996, lch. 11).

    (3)  Cinneadh (AE) 2020/263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2020 maidir le ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 43).

    (4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2022 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle trí struchtúr agus inneachar na ndoiciméad arna malartú i gcomhthéacs ghluaiseacht na n0earraí máil a bhunú, agus lena mbunaítear tairseacha i gcomhair na gcaillteanas mar gheall ar chineál na n-earraí (Féach leathanach 2 den Iris Oifigiúil seo).


    IARSCRÍBHINN

    An tAontas Eorpach

    Deimhniú Díolúine ó Dhleacht Mháil

    Airteagal 12 de THREOIR (AE) 2020/262 ÓN gCOMHAIRLE (1)

    Sraithuimhir (roghnach, ag brath ar na ceanglais náisiúnta) …

    1.

    INSTITIÚID/DUINE AONAIR INCHÁILITHE

    Ainmniúchán/Ainm …

    Sráid agus Uimh …

    Cód poist, Cathair/áit …

    Ballstát aíochta …

    seoladh ríomhphoist …

    Seoladh seachadta (le comhlánú murab ionann é agus an seoladh thuas)

    Sráid agus Uimh …

    Cód poist, Cathair/áit …

    seoladh ríomhphoist …

    2.

    AN tÚDARÁS INNIÚIL ATÁ FREAGRACH AS AN STAMPA A EISIÚINT

    Ainm …

    Seoladh …

    Uimhir theileafóin …

    seoladh ríomhphoist …

    3.

    DEARBHÚ ÓN INSTITIÚID NÓ ÓN DUINE AONAIR INCHÁILITHE

    Dearbhaíonn an institiúid nó an duine aonair incháilithe (scrios de réir mar is iomchuí) leis seo:

    a)

    Go bhfuil sé beartaithe na hearraí a leagtar amach i mbosca 5 a úsáid mar a leanas:

    (cuir tic sa bhosca iomchuí)

    le haghaidh úsáid oifigiúil

    le haghaidh úsáid phearsanta

    misin eachtraigh taidhleoireachta

    ball de mhisean eachtrach taidhleoireachta

    ionadaíochta eachtraí consalaí

    ball d’ionadaíocht eachtrach chonsalach

    eagraíochta idirnáisiúnta

    ball foirne d’eagraíocht idirnáisiúnta

    fórsaí armtha Stáit is páirtí i gConradh an Atlantaigh Thuaidh (fórsa ECAT)

     

    fórsaí armtha na Ríochta Aontaithe atá lonnaithe sa Chipir

     

    fórsaí armtha Ballstáit atá ag glacadh páirte i ngníomhaíocht de chuid an Aontais faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta

     

    tomhailt faoi chomhaontú arna thabhairt i gcrích le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, ar choinníoll go gceadófar nó go n-údarófar an comhaontú sin maidir le díolúine ó cháin bhreisluacha

     

    ….

    Ainmniúchán na hinstitiúide (féach bosca 4)

    b)

    go bhfuil na hearraí a dtugtar tuairisc orthu i mbosca 5 i gcomhréir leis na coinníollacha agus na teorainneacha is infheidhme maidir leis an díolúine sa Bhallstát aíochta a luaitear i mbosca 1; agus

    c)

    go dtugtar an fhaisnéis thuas de mheon macánta. Geallann an institiúid nó an duine aonair incháilithe leis seo go n-íocfaidh sí/sé leis an mBallstát ónar seoladh na hearraí, an dleacht mháil a bheadh dlite i gcás nach mbeadh na hearraí sin i gcomhréir le coinníollacha na díolúine, nó i gcás nach n-úsáidfí na hearraí ar an mbealach a bhí beartaithe.

    Áit, dáta

    Ainm agus stádas an tsínitheora

     

     

    Síniú

    4.

    Stampa na hinstitiúide (i gcás díolúine le haghaidh úsáid phearsanta)

    Síniú …

    Ainm …

    Stádas/suíomh an tsínitheora …

    Áit, data …

    Stampa

    5.

    TUAIRISC AR NA hEARRAÍ ARNA SEOLADH, A nIARRTAR AN DÍOLÚINE Ó DHLEACHT MHÁIL LENA nAGHAIDH

    (a)

    Faisnéis a bhaineann leis an gcoinsíneoir (coimeádaí údaraithe stórais, coinsíneoir cláraithe, soláthraí)

    Ainm …

    Sráid agus Uimh …

    Cód poist, Cathair …

    Ballstát …

    Uimhir mháil uathúil (riachtanach) …

    seoladh ríomhphoist …

    (b)

    Faisnéis maidir leis na hearraí (cuir isteach línte de réir mar is gá)

    Uimhir na líne

    Tuairisc ar na hearraí

    nó tagairt don fhoirm ordaithe atá i gceangal leis seo (2)

    Cainníocht

    Aonad tomhais

    Luach aonaid, gan dleacht mháil a áireamh

    Luach iomlán, gan dleacht mháil a áireamh

    Airgeadra

     

     

     

     

     

     

     

    Méid iomlán

     

     

     

    6.

    DEIMHNIÚ Ó ÚDARÁS INNIÚIL AN BHALLSTÁIT AÍOCHTA

    Comhlíonann coinsíneacht na n-earraí a bhfuil tuairisc orthu i mbosca 5 an méid seo a leanas:

    Go hiomlán

    Suas le … díobh (uimhir/líon) (3)

    na coinníollacha maidir le díolúine ó dhleacht mháil.

    Síniú …

    Ainm …

    Stádas/suíomh an tsínitheora …

    Áit, data …

    Stampa (más infheidhme)

    7.

    CEAD CHUN AN STAMPA A FHÁGÁIL AR LÁR (i gcás díolúine le haghaidh úsáid oifigiúil, agus sa chás sin amháin)

    Le litir Uimh. (tagairt don chomhad):…

    dar dáta:…

    ainmniúchán na hinstitiúide incháilithe

    tá cead tugtha ag:…

    Údarás inniúil sa Bhallstát aíochta

    don institiúid incháilithe thuasluaite, an stampa faoi bhosca 6 a fhágáil ar lár

    Síniú …

    Ainm …

    Stádas/suíomh an tsínitheora …

    Áit, data …

    Stampa

    Nótaí míniúcháin

    (1)

    I gcás an choinsíneora, feidhmíonn an Deimhniú Díolúine ó Dhleacht Mháil (“an deimhniú”) mar dhoiciméad tacaíochta le haghaidh díolúine ó cháin i leith na gcoinsíneachtaí earraí chuig institiúidí incháilithe nó chuig daoine aonair dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Threoir (AE) 2020/262. Déanfar deimhniú amháin a tharraingt suas i leith gach coinsíneora agus i leith gach gluaiseachta. Thairis sin, tá de cheanglas ar na coinsíneoirí an deimhniú sin a choimeád mar chuid dá dtaifid i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla is infheidhme ina mBallstát. Tabharfaidh an coinsíní don choinsíneoir deimhniú díolúine a bheidh stampáilte go cuí ag údaráis inniúla an Bhallstáit aíochta.

    (2)

    210 × 297 mm an toise a bheidh san fhoirm ar a n-eiseofar an deimhniú. Má chuirtear an fhoirm i gcló, is ar pháipéar bán nach bhfuil laíon meicniúil ann a chlófar í.

    (3)

    Coinneoidh an coinsíneoir cóip amháin den deimhniú agus úsáidfear cóip amháin chun gabháil le gluaiseacht na dtáirgí atá faoi réir dleacht mháil agus leis an doiciméad riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 20 de Threoir (AE) 2020/262. Féadfaidh na Ballstáit cóip bhreise a éileamh chun críoch riaracháin.

    (4)

    Cuirfear croslínte in aon spás nach n-úsáidfear i mbosca 5, pointe (b), den deimhniú nó scriosfar é ionas nach féidir aon rud a chur leis.

    (5)

    Déanfar an deimhniú a chomhlánú ar shlí a fhágfaidh go mbeidh sé soléite agus ar shlí a fhágfaidh go mbeidh na hiontrálacha doscriosta. Ní cheadaítear aon scriosadh ná aon fhorscríobh. Déanfar é a chomhlánú i dteanga a aithníonn an Ballstát aíochta.

    (6)

    Má thagraíonn an tuairisc ar na hearraí i mbosca 5, pointe (b), den deimhniú d’fhoirm ordaithe ceannaigh a tarraingíodh suas i dteanga seachas teanga a aithníonn an Ballstát aíochta, ní mór don institiúid incháilithe nó don duine aonair incháilithe aistriúchán a chur i gceangal.

    (7)

    Má tharraingítear suas an deimhniú i dteanga seachas teanga a aithníonn Ballstát an choinsíneora, ní mór don institiúid/duine aonair incháilithe aistriúchán ar an bhfaisnéis a bhaineann leis na hearraí i mbosca 5, pointe (b), a chur i gceangal. Maidir leis an oibleagáid an t-aistriúchán a chur i gceangal, féadfaidh an Ballstát aíochta, dá rogha féin, an oibleagáid sin a ligean thairis.

    (8)

    Ciallaíonn teanga aitheanta ceann de na teangacha atá in úsáid go hoifigiúil sa Bhallstát nó aon teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais, a dhearbhaíonn an Ballstát mar theanga is féidir a úsáid chun na críche sin.

    (9)

    Leis an dearbhú a dhéanfaidh an institiúid nó an duine aonair incháilithe i mbosca 3 den deimhniú, cuirfidh sé/sí an fhaisnéis ar fáil a bhfuil gá léi le haghaidh na meastóireachta ar an iarraidh ar dhíolúine sa Bhallstát aíochta.

    (10)

    Leis an dearbhú a dhéanann an institiúid i mbosca 4 den deimhniú, deimhníonn sí na mionsonraí i mbosca 1 agus i mbosca 3, pointe (a), den deimhniú agus deimhníonn sí go bhfuil an duine aonair incháilithe ina bhall foirne den institiúid.

    (11)

    Sa tagairt don fhoirm ordaithe i mbosca 5, pointe (b), den deimhniú, cuimseofar an dáta agus an uimhir ordaithe. Cuimseofar ar an bhfoirm ordaithe na heilimintí ar fad atá i mbosca 5 den deimhniú.. Más gá d’údaráis inniúla an Bhallstáit aíochta an deimhniú a stampáil, stampálfar an fhoirm ordaithe freisin.

    (12)

    I mbosca 5, pointe (a), is gá an uimhir mháil dá dtagraítear in Airteagal 19(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle (4) a léiriú.

    (13)

    Ba cheart na hairgeadraí a lua trí bhíthin cód trí litir i gcomhréir le caighdeán idirnáisiúnta ISO 4217 arna bhunú ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú.

    (14)

    I gcás inar díolúine le haghaidh úsáid oifigiúil í an díolúine, féadfaidh na húdaráis inniúla an oibleagáid atá ar an institiúid incháilithe stampa an deimhnithe i mbosca 6 a iarraidh a ligean thairis. Luafaidh an institiúid incháilithe an ligean thairis sin i mbosca 7 den deimhniú.

    (15)

    I gcás inar le haghaidh úsáid duine aonair an díolúine, déanfar an deimhniú a fhíordheimhniú i mbosca 6 le stampa údaráis inniúla an Bhallstáit aíochta.

    (1)  Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4).

    (2)  Scrios an spás nach n-úsáidtear. Tá feidhm ag an oibleagáid sin fiú má tá foirmeacha ordaithe i gceangal.

    (3)  Ba cheart na hearraí nach bhfuil incháilithe a scriosadh i mbosca 5.

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lch. 1).


    Top