EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0585

Rialachán (AE) 2022/585 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 514/2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime, (AE) Uimh. 516/2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus (AE) 2021/1147 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

PE/11/2022/REV/1

IO L 112, 11/04/2022, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/585/oj

11.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 112/1


RIALACHÁN (AE) 2022/585 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Aibreán 2022

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 514/2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime, (AE) Uimh. 516/2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus (AE) 2021/1147 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), Airteagal 79(2) agus (4), Airteagal 82(1), Airteagal 84 agus Airteagal 87(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bhí de thoradh ar an ionradh a rinne Cónaidhm na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022 insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin isteach i roinnt Ballstát. Leis sin, cuirtear brú as an nua ar acmhainní airgeadais na mBallstát chun déileáil le riachtanais phráinneacha i réimse na himirce, an bhainistithe teorainneacha agus na slándála a bheidh fós ann tar éis 2022 i bhfianaise chineál agus mhéid na géarchéime.

(2)

Ón 1 Eanáir 2014, tá tacaíocht á fáil ag beartas gnóthaí baile an Aontais um imirce, bainistiú teorainneacha agus slándáil i bhfoirm maoiniú ón gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus ón gCiste Slándála Inmheánaí, arb é atá ann an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (“Cistí Gnóthaí Baile 2014-2020”).

(3)

Is gá síneadh bliana a chur le tréimhse cur chun feidhme Chistí Gnóthaí Baile 2014-2020 chun ligean do na Ballstáit méideanna nár caitheadh ó na cláir sin a úsáid go hiomlán, agus, más gá, athbhreithniú tapa a dhéanamh ar chur chun feidhme na gclár atá acu de réir mar is gá chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin gan choinne atá ag teacht chun cinn mar thoradh ar an ionradh ar an Úcráin.

(4)

Is gá foráil a dhéanamh maidir le tuilleadh solúbthachta ó thaobh úsáid acmhainní atá curtha in áirithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 lena gcuirtear cosc faoi láthair ar mhéideanna nár caitheadh ó thréimhse chlársceidealaithe 2014-2020 a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha atá ag teacht chun cinn mar thoradh ar an ionradh ar an Úcráin.

(5)

Le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cur chun feidhme Chistí Gnóthaí Baile 2014-2020 i ndáil le, inter alia, maoiniúchán caiteachais agus an tréimhse cur chun feidhme. Leis na rialacha sin, cuirtear srian le hincháilitheacht eisíocaíochtaí na mBallstát go dtí an 30 Meitheamh 2023 ar a dhéanaí agus socraítear an 31 Nollaig 2023 mar dheireadh na tréimhse cur chun feidhme.

(6)

An 1 Eanáir 2021, faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh 2021-2027, tháinig pacáiste athnuaite cistí i réimse na himirce agus an bhainistithe teorainneacha i bhfeidhm i bhfoirm an Chiste nua um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), na hIonstraime le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus an Chiste Slándála Inmheánaí, a bunaíodhe le Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (“Cistí Gnóthaí Baile 2021-2027”).

(7)

Cé gur tháinig Cistí Gnóthaí Baile 2021-2027 i bhfeidhm an 15 Iúil 2021, agus infheidhmeacht chúlghabhálach acu ón 1 Eanáir 2021, níor formheasadh cláir na mBallstát uile go fóill.

(8)

Chun leanúnachas a áirithiú maidir le cur chun feidhme chuspóirí beartais Chistí Gnóthaí Baile 2014-2020 agus 2021-2027 agus chun go mbeifear in ann aistriú rianúil a dhéanamh idir na tréimhsí clársceidealaithe le haghaidh 2014-2020 agus le haghaidh 2021-2027, rud a laghdódh an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit, is gá go mbeidh forluí áirithe ann idir cur chun feidhme na n-ionstraimí cistiúcháin sin. Aithnítear an gá sin go sainráite le Cistí Gnóthaí Baile 2021-2027 agus le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), lena gceadaítear incháilitheacht chúlghabhálach caiteachais ón 1 Eanáir 2021.

(9)

D’ainneoin na bhforálacha sin chun cuidiú chun an bhearna a laghdú idir Cistí Gnóthaí Baile 2014-2020 agus Cistí Gnóthaí Baile 2021-2027, tá baol ann go mbeidh bearna shuntasach chistiúcháin ag na Ballstáit mar gheall ar dháta deiridh chur chun feidhme Chistí Gnóthaí Baile 2014-2020 agus na dátaí a thuartar le haghaidh fhormheas na gclár faoi Chistí Gnóthaí Baile 2021-2027. D’fhéadfadh fadhbanna leachtachta a bheith mar thoradh ar an mbearna chistiúcháin sin mar gheall ar an mbrú breise atá ar imirce agus bainistiú teorainneacha na mBallstát tar éis insreabhadh ollmhór na ndaoine easáitithe ón Úcráin.

(10)

Is measa an baol go mbeadh bearna shuntasach chistiúcháin ann mar gheall ar an gcaoi a leanann Cistí Gnóthaí Baile 2014-2020 timthriall níos giorra chun gealltanais bhuiséadacha a chur chun feidhme (riail N+2), timthriall nach bhfuil ailínithe le hionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais faoi bhainistíocht roinnte, amhail cistí comhtháthaithe, a bhfuil feidhm ag tréimhse cur chun feidhme níos faide (N+3) maidir leo. Tá feidhm ag an riail N+3 maidir le Cistí Gnóthaí Baile 2021-2027 mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060. Is é atá i gceist leis an riail N+3 go gcaithfear gealltanas a dhéantar i mbliain N a chumhdach go hiomlán leis an méid céanna réamh-mhaoinithe agus éileamh íocaíochta eatramhaí roimh an 31 Nollaig i mbliain N+3 (mar shampla, caithfear gealltanas a dhéantar in 2014 a chumhdach go hiomlán le réamh-mhaoiniú agus éilimh íocaíochtaí roimh an 31 Nollaig 2017). Déantar an méid nach gcumhdaítear a shaoradh, rud a chiallaíonn go gcailleann an Ballstát an cistiú ábhartha.

(11)

Leis an bhfaisnéis atá ar fáil maidir leis an staid mar atá ó thaobh cur chun feidhme sna Ballstáit, léirítear go bhfuil baol mór ann go saorfar cistí a d’fhéadfaí a úsáid ar shlí eile chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais nua atá tagtha chun cinn. Tá an baol sin ann mar gheall, i bpáirt, ar chúiseanna nach bhfuil smacht ag na Ballstáit orthu, amhail moilleanna ar chur chun feidhme in 2020-2021 arbh í paindéim COVID-19 ba chúis leo. Idir an dá linn, dá gcuirfí síneadh bliana leis an sprioc-am chun cistí a chur chun feidhme, bheadh na Ballstáit in ann úsáid iomlán a bhaint as na gealltanais bhuiséadacha laistigh de chláir 2014-2020 chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá rompu anois de bharr an chogaidh san Úcráin.

(12)

Le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, aithnítear, i bhfianaise imthosca nua nó imthosca gan choinne, ar thionscnamh ón gCoimisiún nó ón mBallstát lena mbaineann, go bhféadfar clár náisiúnta formheasta a athscrúdú agus, más gá, a athchóiriú don tréimhse atá fágtha den tréimhse chlársceidealaithe. Is iomchuí a mheas gurb ionann an cogadh san Úcráin agus “imthosca nua nó imthosca gan choinne” lena dtugtar údar le hathscrúdú agus atreorú oibríochtúil a dhéanamh ar chlár, i bhfianaise na riachtanas nua agus laistigh de chuspóirí sonracha an chláir arna ghlacadh roimhe sin.

(13)

Chun rochtain leanúnach a thabhairt do na Ballstáit ar mhéideanna nár caitheadh faoi Chistí Gnóthaí Baile 2014-2020, is gá síneadh bliana a chur le tréimhse incháilitheachta na gcistí sin agus na hathruithe riachtanacha gaolmhara a dhéanamh ar na dátaí is infheidhme maidir le cur chun feidhme, tuairisciú, meastóireacht agus dúnadh na gclár, agus ar na dátaí a bhaineann le méideanna saortha.

(14)

Chun a áirithiú go dtugtar an síneadh ar an tréimhse incháilitheachta isteach ar an mbealach is soiléire is féidir, is gá dáta sonrach deiridh amháin a leagan síos faoina gcaithfear an caiteachas a bheith tabhaithe agus eisíoctha araon.

(15)

Le Rialachán (AE) 2018/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 chun rochtain a scaoileadh ar acmhainní atá curtha in áirithe chun iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a aistriú agus chun go mbeifí in ann na hacmhainní sin a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí áirithe eile faoin gclár náisiúnta. Is gá prionsabal sin na solúbthachta a leathnú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha i bhfianaise imthosca nua nó imthosca gan choinne, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais nua tearmainn agus bainistithe imirce atá ag na Ballstáit atá ag teacht chun cinn mar thoradh ar an ionradh ar an Úcráin.

(16)

Chun rochtain a scaoileadh ar gach ciste atá ar fáil agus chun nach gcaillfí iad trí shaoradh acmhainní nár úsáideadh, acmhainní a cuireadh in áirithe roimhe sin le haghaidh cuspóirí sonracha áirithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 516/2014, lena n-áirítear acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha agus le haghaidh Chlár Athlonnaithe an Aontais, is gá solúbthacht a thairiscint do na Ballstáit chun na hacmhainní sin a úsáid go heisceachtúil i bhfianaise imthosca nua nó imthosca gan choinne, amhail na himthosca sin atá ag teacht chun cinn mar thoradh ar an ionradh ar an Úcráin.

(17)

Chun feabhas a chur ar raon feidhme na bhfoinsí cistiúcháin atá ar fáil chun cuidiú le déileáil le himeachtaí gan choinne amach anseo, is iomchuí an deis a thabhairt do na Ballstáit agus do dheontóirí poiblí nó príobháideacha eile, le linn thréimhse chlársceidealaithe 2021-2027, ranníocaíochtaí airgeadais breise a dhéanamh leis an mbainistiú tearmainn agus imirce, i bhfoirm ioncam sannta seachtrach. Is é a bheidh i gceist leis an ioncam sannta seachtrach sin ranníocaíocht thiomnaithe ó na Ballstáit agus ó dheontóirí poiblí nó príobháideacha eile chun ítimí sonracha caiteachais a mhaoiniú faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht le haghaidh 2021-2027, agus leis an ioncam sannta seachtrach sin, beidh beart ullmhachta breise ann chun gníomhaíochtaí tearmainn agus imirce a chistiú sna Ballstáit le linn géarchéimeanna amhail an ghéarchéim atá ag teacht chun cinn mar thoradh ar an ionradh ar an Úcráin.

(18)

An tacaíocht a sholáthraítear faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht le haghaidh 2014-2020 agus faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht le haghaidh 2021-2027, tá sí comhlántach le gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoi chistí eile de chuid an Aontais, go háirithe faoin mbeartas comhtháthaithe, chun an tionchar is mó is féidir a bhaint as an gcistiú atá ar fáil.

(19)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(20)

I bhfianaise na práinne a bhaineann le hacmhainní airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit chun déileáil le riachtanais i réimse na himirce, an bhainistithe teorainneacha agus na slándála arb é insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin is cúis leo, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt.

(21)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(22)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(23)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 514/2014, (AE) Uimh. 516/2014 agus (AE) 2021/1147 a leasú dá réir sin.

(24)

Ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun acmhainní airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit go práinneach chun déileáil le riachtanais i réimse na himirce, an bhainistithe teorainneacha agus na slándála arb é insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin is cúis leo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(3):

“3.   Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh tacaíochta faoi na Rialacháin Shonracha más rud é go bhfuil sé tabhaithe ag tairbhí agus go bhfuil sé eisíoctha go hiomlán ag an Údarás Freagrach ainmnithe idir an 1 Eanáir 2014 agus an 30 Meitheamh 2024.”;

(2)

leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“1.   Cuirfidh Ballstáit na doiciméid seo a leanas isteach faoin 31 Nollaig 2024:”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Déanfar na híocaíochtaí a dhéanfaidh an Údarás Freagrach ón 16 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 a chur san áireamh sna cuntais bhliantúla dheiridh.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50(4):

“4.   Déanfar na hoibleagáidí a bhaineann leis an 2 bhliain airgeadais dheireanacha den tréimhse a shaoradh i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur i gcrích an chláir.”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 54(1):

“1.   Faoin 31 Márta 2016 agus faoin 31 Márta i ngach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2023, agus an bhliain sin san áireamh, déanfaidh an tÚdarás Freagrach tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme gach cláir náisiúnta sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sé an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar an leibhéal iomchuí. Cumhdófar na blianta airgeadais 2014 agus 2015 sa tuarascáil arna cur isteach in 2016. Déanfaidh an Ballstát tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme na gclár náisiúnta a chur isteach faoin 31 Nollaig 2024.”;

(5)

leasaítear Airteagal 57 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

tuarascáil mheasúnaithe ex post maidir le héifeachtaí na ngníomhaíochtaí faoina gcláir náisiúnta faoin 31 Nollaig 2024.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

tuarascáil mheasúnaithe ex post maidir le héifeachtaí an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach, tar éis chur i gcrích na gclár náisiúnta, faoin 30 Meitheamh 2025.”.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(3):

“3.   Déanfar na suimeanna breise dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a leithdháileadh ar na Ballstáit sna cinntí maoiniúcháin aonair lena bhfaomhtar nó lena leasaítear a gcláir náisiúnta i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 14 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014. Ní úsáidfear na suimeanna sin ach amháin chun na gníomhaíochtaí sonracha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a chur chun feidhme. Mar sin féin, i gcás inar gá i bhfianaise imthosca nua nó imthosca gan choinne, féadfaidh Ballstát na suimeanna sin a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí eile faoina gclás náisiúnta, ar choinníoll go rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoimisiún roimh aon úsáid den sórt sin.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteragal 17(9):

“9.   Déanfar na suimeanna breise dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a leithdháileadh ar na Ballstáit gach 2 bhliain, den chéad uair sna cinntí maoiniúcháin aonair lena bhfaomhtar a gclár náisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus ina dhiaidh sin i gcinneadh maoiniúcháin a bheidh i gceangal leis na cinntí lena bhfaomhtar a gclár náisiúnta. Ní aistreofar na suimeanna sin chuig gníomhaíochtaí eile faoin gclár náisiúnta. Mar sin féin, i gcás inar gá i bhfianaise imthosca nua nó imthosca gan choinne, féadfaidh Ballstát na suimeanna sin a aistriú chuig gníomhaíochtaí eile faoina chlár náisiúnta, ar choinníoll go rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoimisiún roimh aon aistriú den sórt sin.”.

Airteagal 3

In Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2021/1147, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Féadfar tacaíocht faoin Rialachán seo a mhaoiniú freisin le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit agus ó dheontóirí poiblí nó príobháideacha eile mar ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais.”.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 6 Aibreán 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Aibreán 2022.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 168).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 93).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (IO L 150, 20.5.2014, lch. 112).

(6)  Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 251, 15.7.2021, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 251, 15.7.2021, lch. 48).

(8)  Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (IO L 251, 15.7.2021, lch. 94).

(9)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(10)  Rialachán (AE) 2018/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathghealladh a dhéanamh ar a bhfuil fágtha de na méideanna a gealladh chun tacú le cur chun feidhme Chinneadh (AE) 2015/1523 ón gComhairle agus Chinneadh (AE) 2015/1601 ón gComhairle nó maidir le leithdháileadh na méideanna sin ar ghníomhaíochtaí eile faoi na cláir náisiúnta (IO L 328, 21.12.2018 lch. 78).


Top