Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0173

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE, 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE

    C/2021/953

    IO L 50, 15/02/2021, p. 9–28 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/173/oj

    15.2.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 50/9


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/173 ÓN gCOIMISIÚN

    an 12 Feabhra 2021

    lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE, 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (1), agus go háirithe Airteagal 3 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003, féadfaidh an Coimisiún cumhachtaí a tharmligean chuig na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin chun clár nó tionscadal iomlán de chuid an Aontais, nó cuid de chlár nó de thionscadal de chuid an Aontais, a chur chun feidhme thar a cheann agus faoina fhreagracht agus, de bhun Airteagal 3 den Rialachán sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh gníomhaireacht feidhmiúcháin a chruthú agus, i gcás inarb iomchuí, í a fhoirceannadh.

    (2)

    Sa Teachtaireacht chuig an gCoimisiún maidir le Rialachas sa Choimisiún Eorpach (2), tugtar tuilleadh sonraí faoi staid na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin sa rialachas foriomlán sa Choimisiún agus faoina gcaidreamh leis.

    (3)

    Is é an cuspóir atá le cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme clár a chur ar na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin go cuirfear ar chumas an Choimisiúin díriú ar na príomhghníomhaíochtaí agus na príomhfheidhmeanna dá chuid nach féidir a sheachfhoinsiú gan rialú ar na gníomhaíochtaí a mbainistíonn na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin sin iad, agus an fhreagracht deiridh as na gníomhaíochtaí sin, a ligean uaidh.

    (4)

    Chun cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme cláir a tharmligean chuig gníomhaireacht feidhmiúcháin, teastaíonn scaradh soiléir idir céim an chlársceidealaithe, rud lena mbaineann discréid leathan agus roghanna á ndéanamh de réir breithnithe beartais, ar cúram é a dhéanann an Coimisiún dá bhrí sin, agus cur chun feidhme an chláir, rud a fhéadfaidh an Coimisiún a chur de chúram ar ghníomhaireacht feidhmiúcháin.

    (5)

    Le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2027, shocraigh an Coimisiún tírdhreach nua de chláir de chuid an Aontais. Is comharbaí ar chláir atá ann cheana de chuid an Aontais iad roinnt de na cláir nua de chuid an Aontais, cé go bhfuil struchtúr difriúil orthu, cumascadh cláir eile agus is cláir nua ar fad iad roinnt clár eile. Teastaíonn ón tírdhreach nua go leasófaí dáileadh na bpunann i measc gníomhaireachtaí feidhmiúcháin.

    (6)

    Rinne seirbhísí an Choimisiúin anailís costais agus tairbhe i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003, agus aird á tabhairt, i measc fachtóirí eile, ar choigiltí a d’fhéadfaí a dhéanamh faoi chuimsiú chreat buiséadach ginearálta an Aontais Eorpaigh. Léirigh na torthaí gurb amhlaidh, ó thaobh éifeachtúlacht costais de agus ó thaobh na cáilíochtúla de, is éifeachtaí na cláir a tharmligean chuig na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin ná iad a chur chun feidhme go hinmheánach. Baineann gníomhaireachtaí feidhmiúcháin tairbhe as a speisialtóireacht i gcláir a chur chun feidhme. I gcás ina mbainfidh siad méid dhóthanach amach, is féidir leo mórbharainneachtaí scála a bhaint amach. Ina theannta sin, is féidir le comhsheasmhacht théamach sna punanna a áirithiú go mbeidh sineirgí ann idir cláir i réimsí comhchosúla agus tosaíochtaí an Aontais a dhéanamh níos sofheicthe.

    (7)

    Dá bhrí sin, ba cheart, le linn sainorduithe nua a bhunú, punanna a ghrúpáil a mhéid is féidir de réir an réimse beartais théamaigh chun féiniúlacht chomhleanúnach a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin.

    (8)

    De bhreis air sin, ba cheart, tríd an dáileadh punann, aistriú neamhriachtanach na gclár atá tarmligthe cheana féin idir gníomhaireachtaí a sheachaint, snáitheanna difriúla den aon chlár amháin a ghrúpáil isteach san aon ghníomhaireacht amháin, na cláir de chuid Ard-Stiúrthóireachta atá ag déanamh tarmligin a ghrúpáil le chéile isteach i ngníomhaireacht amháin agus cláir a bhaineann leis an aon téama amháin a ghrúpáil isteach san aon ghníomhaireacht amháin. Ba cheart a áirithiú trí dháileadh punann den sórt sin go mbainfidh gach gníomhaireacht feidhmiúcháin méid chriticiúil amach gan an líon gníomhaireachtaí feidhmiúcháin a mhéadú.

    (9)

    Dá bhrí sin, ba cheart na cláir a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol a ghrúpáil isteach in aon ghníomhaireacht amháin, ba cheart na cláir a bhaineann le réimse an bheartais dhigitigh a ghrúpáil isteach in aon ghníomhaireacht amháin, ba cheart na cláir a bhaineann leis an tsláinte a ghrúpáil isteach in aon ghníomhaireacht amháin agus ba cheart gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia a aistriú chuig gníomhaireachtaí atá lonnaithe sa Bhruiséil a bhfuil gníomhaíochtaí téamacha nó cláir comhchosúla acu. A mhéid a bhaineann le Fís Eorpach, ba cheart a áirithiú tríd an dáileadh punann go ngrúpálfar gach cnuasach isteach in aon ghníomhaireacht amháin chun go seachnófar cur chun feidhme ilroinnte agus dúbláil.

    (10)

    Ba cheart do na gníomhaireachtaí nua teacht in ionad agus i gcomharbacht ar na gníomhaireachtaí atá ann cheana, a bunaíodh le Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE (3), 2013/771/AE (4), 2013/778/AE (5), 2013/779/AE (6), 2013/776/AE (7) agus 2013/770/AE (8) faoi seach ón gCoimisiún. Chun cur chuige uaillmhianach comhtháite a bhaint amach i leith saincheisteanna sláinte agus digiteacha, grúpálfaidh Gníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú nua na cláir uile atá tiomnaithe do shaincheisteanna sláinte agus digiteacha. Tar éis an mhionscrúdaithe ar na costais agus na tairbhí, agus i bhfianaise na teachtaireachta ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2020 maidir le cláir a leithdháileadh sa todhchaí i measc gníomhaireachtaí feidhmiúcháin (9), ba cheart an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia, gníomhaireacht atá lonnaithe i Lucsamburg, a fhoirceannadh agus ba cheart do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin atá lonnaithe sa Bhruiséil na cláir atá á mbainistiú aige faoi láthair a ghlacadh ar láimh chun a áirithiú go gcuirfear cláir an Aontais chun feidhme ar an mbealach is éifeachtúla. Cuirtear san áireamh sa ghlacadh ar láimh sin an leibhéal tábhachtach sineirgí agus éifeachtúlachtaí is féidir a ghnóthú trí chláir chomhchosúla a ghrúpáil isteach san aon ghníomhaireacht amháin, mar aon leis an tábhacht chruthaithe a bhaineann le gaireacht an chomhlachta cur chun feidhme do sheirbhísí an Choimisiúin, rud lena gcumasaítear punanna gníomhaireachta níos comhleanúnaí, méid éifeachtúil na ngníomhaireachtaí uile, agus an fhéidearthacht go bhforbrófaí sineirgí ar fud gníomhaireachtaí maidir le feidhmeanna bainistíochta cláir agus le feidhmeanna riaracháin araon. Ba cheart bearta sonracha a dhéanamh le haghaidh na mball foirne a ndéanfaidh an foirceannadh sin difear dóibh.

    (11)

    Chun aistriú rianúil gníomhaíochtaí a áirithiú idir gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus chun a áirithiú go gcuirfear tús mear leis an gcur chun feidhme, ba cheart an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, a bheidh ina gníomhaireacht nuabhunaithe, a bhunú sula n-aistreofar foireann, cláir agus sócmhainní iarbhír chuici. Leis sin, ba cheart go mbeifí in ann an obair ullmhúcháin is gá a dhéanamh chun an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú a chur ar bun go tráthúil sula nglacfaidh sí ar láimhe gníomhaíochtaí cur chun feidhme.

    (12)

    Ba cheart punann lena dtugtar díriú soiléir di mar ghníomhaireacht aeráide agus comhshaoil a chur de chúram ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, mar atá clár LIFE, an Ciste don Nuálaíocht, gníomhaíochtaí bonneagair faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa don Iompar agus faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa don Fhuinneamh, cnuasach 5 de chuid Fhís Eorpach a bhaineann le haeráid, fuinneamh agus soghluaisteacht, an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir, agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe.

    (13)

    Ba cheart an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú a thiomnú do na gníomhaíochtaí uile a bhaineann leis an tsláinte, lena n-áirítear clár nua EU4Health, snáithe taighde sláinte Fhís Eorpach agus na comhpháirteanna sláinte den Chlár don Mhargadh Aonair. Ba cheart don Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú na cláir dhigiteacha a ghrúpáil freisin chun a áirithiú go dtabharfar an Eoraip isteach sa ré dhigiteach, lena n-áirítear na cláir sin lena ndírítear ar an tionscal agus ar an spás.

    (14)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde na codanna difriúla de chlár Fhís Eorpach a ghrúpáil le chéile chun comhsheasmhacht théamach a áirithiú laistigh de struchtúr nua an chláir sin. Ba cheart an bhéim a leagan fós ar ghníomhaíochtaí taighde, agus Clár na mBeart um Chur Chun Cinn na Talmhaíochta á chur leis.

    (15)

    Ba cheart do Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide a áirithiú go leagfar díriú soiléir ar an nuálaíocht agus an margadh aonair. Ba cheart do Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide sineirgí láidre a chruthú chun tacú le téarnamh gheilleagar na hEorpa trí na gníomhaíochtaí uile de chuid na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (CNE) agus na cláir a bhaineann le fiontair bheaga agus mheánmhéide a ghrúpáil isteach in aon ghníomhaireacht amháin. Áiritheoidh CNE agus Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha infheictheacht le haghaidh nuálaíochta, rud atá ríthábhachtach le haghaidh tacú le nuachóiriú agus inbhuanaitheacht gheilleagar an Aontais.

    (16)

    Mar struchtúr tiomanta cur chun feidhme de chuid na Comhairle Eorpaí um Thaighde, ba cheart do Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde leanúint de bheith ag díriú ar ghníomhaíochtaí na Comhairle Eorpaí um Thaighde faoi Fhís Eorpach a chur chun feidhme.

    (17)

    Ba cheart díriú téamach na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr a choinneáil fós ar ghníomhaíochtaí oideachais agus cruthaitheacha agus ar thionscadail atá tábhachtach do shaoránaigh an Aontais.

    (18)

    Chun sineirgí agus éifeachtúlachtaí a chruthú, ba cheart do gach gníomhaireacht bheith in ann cur chun feidhme a dhéanamh ar chistiú arna sholáthar ó chláir eile de chuid an Aontais, nó ó chodanna díobh, mar aon le cistiú arna chur de chúram ar an ngníomhaireacht cheana féin, i gcás ina mbeartófar an soláthar cistiúcháin bhreise sin sna bunghníomhartha faoi seach de chuid chláir an Aontais. Mar an gcéanna, ba cheart do gach gníomhaireacht bheith in ann cistiú arna aistriú ó chistí atá faoi bhainistíocht chomhroinnte a chur chun feidhme, i gcás ina mbeartófar amhlaidh sa bhunghníomh. Ba cheart cur chun feidhme na gcistí sin a dhéanamh ar bhonn na gclár oibre ábhartha agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in ionstraimí an tarmligin.

    (19)

    Ina theannta sin, ba cheart cead a thabhairt do ghníomhaireachtaí treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin de réir bhrí Airteagal 58(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) a chur chun feidhme, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in ionstraimí an tarmligin.

    (20)

    Spreagtar gníomhaireachtaí sineirgí agus éifeachtúlachtaí a éascú tuilleadh trí acmhainní a chomhthiomsú, trí dhul i mbun comhar treisithe agus trí úsáid fhairsing a bhaint as comhaontuithe seirbhíse agus trí chaiteachas nach mbaineann le tuarastal a chobhsú trí chostais a laghdú trí bhealaí oibre nua a chur chun feidhme, amhail teilea-obair.

    (21)

    Ba cheart féidearthacht a bheith ann cúraimí sonracha a bhaineann le cur chun feidhme clár a chomhthiomsú le haghaidh roinnt clár laistigh de ghníomhaireachtaí sonracha, a ghníomhódh mar sheirbhísí tacaíochta riaracháin agus lóistíochta le haghaidh na gclár lena mbaineann.

    (22)

    Chun leanúnachas a áirithiú in obair gach gníomhaireachta go dtí cur i gcrích iarbhír an chláir/na gclár arna tharmligean/dtarmligean chuici, ba cheart saolré na ngníomhaireachtaí a bhunaítear leis an gCinneadh seo a bheith aon bhliain amháin níos faide ná saolré an chreata airgeadais ilbhliantúil. Bunaithe ar na meastóireachtaí a luaitear in Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003, lena n-áirítear anailís costais agus tairbhe ina gcuirtear torthaí na hanailíse costais agus tairbhe ex ante a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 i gcomparáid le cur chun feidhme iarbhír, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun síneadh suas go trí bliana a chur le saolré gníomhaireachta amháin nó níos mó chun gur féidir na cláir tharmligthe a dhúnadh.

    (23)

    Chun cur chun feidhme comhsheasmhach an Chinnidh seo agus na gclár lena mbaineann a áirithiú, is gá a áirithiú go ndéanfaidh na gníomhaireachtaí na cúraimí atá orthu atá ceangailte le cur chun feidhme na gclár sin a chur i gcrích faoi réir an dáta a thagann na cláir sin i bhfeidhm agus ón dáta a thagann siad i bhfeidhm.

    (24)

    Maidir le clár a bheith á ghlacadh ar láimh ag gníomhaireacht amháin ó ghníomhaireacht eile, ba cheart an ghníomhaireacht a bhunaítear leis an gCinneadh seo a sheachú i gcearta agus oibleagáidí na gníomhaireachta atá ag tabhairt an chláir sin ar aghaidh, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme conarthach agus buiséadach an chláir lena mbaineann. Ba cheart na baill foirne atá i gceannas ar an gclár lena mbaineann a bhogadh chuig an ngníomhaireacht a bhunaítear leis an gCinneadh seo gan aon lagú ar a gcuid ceart agus oibleagáidí.

    (25)

    Ba cheart an mheastóireacht ar oibriú gach gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 a dhéanamh ar bhealach comhordaithe. Maidir leis an tréimhse mheastóireachta don Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, don Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, don Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, do Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, do Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus don Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr, ba cheart í a thosú amhail ó dháta chur i bhfeidhm an Chinnidh seo. An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin an Ghréasáin Iompair Thras-Eorpaigh, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde, iarGhníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide, ba cheart meastóireacht a dhéanamh orthu ar bhealach comhordaithe ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha de shainorduithe 2014-2020 na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin nach bhfuil meastóireacht déanta orthu fós. Leis na meastóireachtaí lena gcumhdaítear sainorduithe 2021-2027 ba cheart anailís, i measc nithe eile, a dhéanamh ar ghnóthú na gcoigilteas agus an mhéadaithe ar tháirgiúlacht dá bhforáiltear san anailís costais agus tairbhe arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003. Ba cheart na meastóireachtaí sin a chur faoi bhráid Choistí Stiúrtha na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid na Cúirte Iniúchóirí.

    (26)

    Ag teacht sna sála ar na moltaí ón gCúirt Iniúchóirí i dTuarascáil Speisialta 14/2014 (11) uaithi, ba cheart do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a chur chun feidhme agus iarratas a dhéanamh ar chlárú faoi scéim an Aontais um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS). Faoi bheartas an Choimisiúin um an gComhaontú Glas (13), spreagtar gníomhaireachtaí feidhmiúcháin páirt a ghlacadh in iarrachtaí an Choimisiúin bheith aeráidneodrach faoi 2030.

    (27)

    Tá na bearta dá bhforáiltear leis an gCinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin a bunaíodh le hAirteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    ROINN I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an gCinneadh seo, bunaítear na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin a chuirfidh cláir an Aontais chun feidhme sa chreat airgeadais ilbhliantúil (“CAI”) 2021-2027, cinntear a gcuid cúraimí, punann agus rialacha ginearálta oibriúcháin agus bunaítear an creat dlíthiúil le haghaidh an aistrithe idir na gníomhaireachtaí agus idir an Coimisiún agus na gníomhaireachtaí.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn “seirbhísí ginearálta tacaíochta riaracháin agus lóistíochta” seirbhísí tacaíochta a bhaineann le roinnt clár a chur chun feidhme, ar seirbhísí iad atá láraithe i gceann amháin nó níos mó de na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

    (b)

    ciallaíonn “oidhreacht” gníomhaíochtaí iarmharacha a eascraíonn as gealltanais ó chláir an Aontais a chur chun feidhme faoi CAI 2014-2020 agus faoi thréimhsí CAI roimhe sin.

    ROINN II

    BUNÚ, CÚRAIMÍ AGUS PUNANNA

    Airteagal 3

    Bunú agus téarma

    1.   Bunaítear na gníomhaireachtaí seo a leanas ón 1 Aibreán 2021 go dtí an 31 Nollaig 2028:

    (a)

    an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol;

    (b)

    an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde;

    (c)

    Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide;

    (d)

    an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr;

    (e)

    Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde.

    2.   Beidh feidhm ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú ón 16 Feabhra 2021 go dtí an 31 Nollaig 2028.

    Airteagal 4

    Láthair

    Beidh na gníomhaireachtaí lonnaithe sa Bhruiséil.

    Airteagal 5

    Cúraimí

    Beidh na gníomhaireachtaí freagrach as na cúraimí seo a leanas a bhaineann le cur chun feidhme chodanna na gclár agus na ngníomhaíochtaí de chuid an Aontais a tharmligtear chucu:

    (a)

    bainistiú a dhéanamh ar roinnt céimeanna nó gach céim de chur chun feidhme clár agus roinnt céimeanna nó gach céim i saolré tionscadal sonrach, ar bhonn na gclár oibre arna nglacadh ag an gCoimisiún;

    (b)

    bainistiú a dhéanamh ar threoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin de réir bhrí Airteagal 58(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, más infheidhme;

    (c)

    seirbhísí ginearálta tacaíochta riaracháin agus lóistíochta a sholáthar, más infheidhme;

    (d)

    ionstraimí an fhorghníomhaithe buiséid a ghlacadh le haghaidh ioncaim agus caiteachais, agus na hoibríochtaí uile is gá a dhéanamh chun na cláir agus na gníomhaíochtaí a bhainistiú;

    (e)

    faisnéis a sholáthar maidir le cur chun feidhme an chláir chun tacú leis an gCoimisiún maidir lena chúraimí ceaptha beartas;

    (f)

    cistiú a chur chun feidhme i gcás ina gcuirfear sin de chúram orthu:

    ó chláir eile de chuid an Aontais, nó ó chodanna díobh, i gcás inarb amhlaidh, maidir leis an ngníomh lena mbunaítear clár a bhfuil sé de chúram cheana féin ar an ngníomhaireacht sin é a chur chun feidhme, go bhforáiltear leis an ngníomh maidir leis an bhféidearthacht go gcuirfí cistiú leis an gclár sin, nó le codanna de, ar bhonn an chláir oibre nó na gclár oibre ábhartha agus faoi na coinníollacha a leagtar amach in ionstraim an tarmligin;

    ar cistiú é a aistríodh ó chistí atá faoi bhainistíocht chomhroinnte i gcás inarb amhlaidh, maidir leis an ngníomh lena mbunaítear an clár a bhfuil cur chun feidhme an chláir sin de chúram ar an ngníomhaireacht sin cheana féin, go bhforáiltear leis an ngníomh d’aistriú den sórt sin chuig an gclár sin, nó chuig codanna de, ar bhonn an chláir oibre ábhartha nó na gclár oibre ábhartha agus faoi na coinníollacha a leagtar amach in ionstraim an tarmligin.

    Airteagal 6

    Cláir tharmligthe an Aontais faoi CAI 2021-2027

    1.   Cuirfear de chúram ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol oidhreacht na gclár seo a leanas de chláir de chuid an Aontais (nó codanna díobh) a chur chun feidhme:

    (a)

    An Ciste don Nuálaíocht (14);

    (b)

    An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa: An tIompar (lena n-áirítear soghluaisteacht mhíleata agus an ranníocaíocht leis an gCiste Comhtháthaithe) agus an Fuinneamh;

    (c)

    Fís Eorpach: Colún II, cnuasach 5: Aeráid, fuinneamh agus soghluaisteacht;

    (d)

    LIFE: An dúlra agus an bhithéagsúlacht; An geilleagar ciorclach agus caighdeán na beatha; Maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin; An t-aistriú chuig fuinneamh glan;

    (e)

    An Sásra Maoiniúcháin don Fhuinneamh In-athnuaite (15);

    (f)

    Saoráid iasachta don earnáil phoiblí, faoin Sásra um Aistriú Cóir;

    (g)

    An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (bainistíocht dhíreach) agus ranníocaíochtaí éigeantacha le hEagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBInna) agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

    2.   Cuirfear de chúram ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú na cláir seo a leanas de chuid an Aontais (nó codanna díobh) a chur chun feidhme:

    (a)

    Clár EU4Health;

    (b)

    Fís Eorpach: Colún II, Cnuasach 1: Sláinte;

    (c)

    Clár an Mhargaidh Aonair: Sábháilteacht bia: sláinte do dhaoine, ainmhithe agus plandaí feadh an bhiashlabhra agus oiliúint níos fearr i gcomhair bia níos sábháilte;

    (d)

    An Clár don Eoraip Dhigiteach;

    (e)

    An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa: Digiteach;

    (f)

    Fís Eorpach: Colún II, Cnuasach 4: Digiteach, an tionscal agus an spás.

    3.   Cuirfear de chúram ar Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde na cláir seo a leanas de chuid an Aontais (nó codanna díobh) a chur chun feidhme:

    (a)

    Fís Eorpach: Colún I: Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (GMSC) agus Bonneagair Thaighde;

    (b)

    Fís Eorpach: Colún II, Cnuasach 2: An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach; Cnuasach 3: Slándáil Shibhialta don tSochaí; agus Cnuasach 6: Bia, an Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, an Talmhaíocht agus an Comhshaol;

    (c)

    Fís Eorpach: An chuid ar “Rannpháirtíocht a ardú agus an Limistéar Eorpach Taighde a neartú”: “Feabhas a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú”; “Córas Taighde agus Nuálaíochta na hEorpa a athchóiriú agus a fheabhsú”;

    (d)

    Bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta (16);

    (e)

    An Clár Taighde de chuid an Chiste Taighde do Ghual agus Cruach (17).

    4.   Ina theannta sin, beidh Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde freagrach as seirbhísí ginearálta tacaíochta riaracháin agus lóistíochta, agus astu seo go háirithe:

    (a)

    Seirbhís Lárnach Bailíochtaithe (SEDIA);

    (b)

    pleanáil glaonna le haghaidh na gclár agus na seirbhísí uile a ghlacann páirt i ríomh-Dheontais;

    (c)

    bainistíocht saineolaithe.

    5.   Cuirfear de chúram ar an gComhairle Nuálaíochta Eorpach na cláir seo a leanas de chuid an Aontais (nó codanna díobh) a chur chun feidhme:

    (a)

    Fís Eorpach, colún III: an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE) agus Éiceachórais Nuálaíochta Eorpacha;

    (b)

    Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha;

    (c)

    Clár an Mhargaidh Aonair: COSME; An margadh inmheánach; tacaíocht do chaighdeánú; agus Tomhaltóirí.

    6.   Cuirfear de chúram ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr na cláir seo a leanas de chuid an Aontais (nó codanna díobh) a chur chun feidhme:

    (a)

    Eoraip na Cruthaitheachta;

    (b)

    Erasmus;

    (c)

    Cór Dlúthpháirtíochta na hEorpa;

    (d)

    Saoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna;

    (e)

    An ionstraim maidir leis an gcomharsanacht, an fhorbairt agus an comhar idirnáisiúnta (NDICI);

    (f)

    An ionstraim um chúnamh réamhaontachais (IPA III).

    7.   Cuirfear de chúram ar Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde an chuid seo a leanas den chlár Fís Eorpach a chur chun feidhme: Fís Eorpach, colún I: An Chomhairle Eorpach um Thaighde (CET).

    8.   Beidh feidhm ag míreanna (1) go (7) faoi réir dháta theacht i bhfeidhm gach ceann de na cláir agus beidh feidhm acu amhail ó dháta theacht i bhfeidhm na gclár sin.

    Airteagal 7

    Oidhreacht

    1.   Cuirfear de chúram ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol oidhreacht na gclár seo a leanas de chláir de chuid an Aontais (nó oidhreacht na gcodanna seo a leanas díobh) a chur chun feidhme:

    (a)

    An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa: Fuinneamh agus Iompar (lena n-áirítear an ranníocaíocht leis an gCiste Comhtháthaithe) (18), rud ar chuir an ghníomhaireacht feidhmiúcháin a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/801/AE (“INEA”) ón gCoimisiún é chun feidhme faoi CAI 2014-2020 (“Gníomhaireacht Feidhmiúcháin an Ghréasáin Iompair Thras-Eorpaigh”);

    (b)

    Fís 2020: Cuid III: Dúshlán sochaíoch 3: Fuinneamh slán, glan agus éifeachtach (19), clár a rinne Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Nuálaíochta agus na nGréasán, an ghníomhaireacht feidhmiúcháin a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/771/AE (“an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide”) ón gCoimisiún, agus an Coimisiún a chur chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (c)

    Fís 2020: Cuid III: Dúshlán sochaíoch 4: Iompar cliste, glas agus comhtháite, rud a chuir Gníomhaireacht Feidhmiúcháin an Ghréasáin Iompair Thras-Eorpaigh agus an Coimisiún chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (d)

    Fís 2020: Cuid III: Dúshlán sochaíoch 5: Gníomhú ar son na haeráide, an comhshaol, éifeachtacht acmhainní agus amhábhair, rud a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus an Coimisiún chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (e)

    LIFE: An Gníomhú ar son na hAeráide agus an Comhshaol (20), clár a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (f)

    An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (21), ciste a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide chun feidhme faoi CAI 2014-2020.

    2.   Cuirfear de chúram ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú oidhreacht na gclár seo a leanas de chuid an Aontais (nó codanna díobh) a chur chun feidhme:

    (a)

    Fís 2020: Cuid III: Dúshlán Sochaíoch 1: Sláinte, athrú déimeagrafaíochta agus folláine, rud ar chuir an Coimisiún é chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (b)

    An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa: Telecom (22), rud a chuir Gníomhaireacht Feidhmiúcháin an Ghréasáin Iompair Thras-Eorpaigh agus an Coimisiún chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (c)

    Fís 2020: Cuid II: an cuspóir sonrach “Ceannaireacht maidir le cumasú agus teicneolaíochtaí tionsclaíocha (LEIT)”- TFC, nanaitheicneolaíocht, ardábhair, biteicneolaíocht, ard-déantúsaíocht agus próiseáil (NMBP), spás (23), rud ar chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide, an ghníomhaireacht feidhmiúcháin a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/778/AE ón gCoimisiún (“an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde”), agus an Coimisiún é chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (d)

    Fís 2020: Cuid III: Dúshlán sochaíoch 5: Gníomhú ar son na haeráide, an comhshaol, éifeachtacht acmhainní agus amhábhair, rud a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus an Coimisiún chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (e)

    An Seachtú Clár Réime: An téama “spás” den chlár sonrach comhair den Seachtú Clár Réime (24), rud a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (f)

    an Comhchreat airgeadais i réimse an bhia agus na sábháilteachta beathaithe, lena n-áirítear Oiliúint níos fearr i gcomhair bia níos sábháilte (25), rud a chuir an ghníomhaireacht feidhmiúcháin a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/770/AE ón gCoimisiún (26) (an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia) chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (g)

    an tríú Clár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (2014-2020) (27), rud a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia agus an Coimisiún chun feidhme faoi CAI 2014-2020.

    3.   Cuirfear de chúram ar Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde oidhreacht na gclár seo a leanas de chláir de chuid an Aontais (nó oidhreacht na gcodanna seo a leanas díobh) a chur chun feidhme:

    (a)

    Fís 2020: Cuid I: Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie agus Bonneagair Thaighde (28), rud a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde agus an Coimisiún chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (b)

    Fís 2020: Cuid III: Dúshlán Sochaíoch 2: Slándáil bhia, talmhaíocht agus foraoiseacht inbhuanaithe, taighde muirí, mara agus uisce intíre, agus an bithgheilleagar; Dúshlán Sochaíoch 5: Gníomhú ar son na haeráide, an comhshaol, éifeachtacht acmhainní agus amhábhair; Dúshlán Sochaíoch 6: an Eoraip i ndomhan atá ag athrú - sochaithe cuimsitheacha, nuálacha agus athmhachnamhacha; Dúshlán Sochaíoch 7: Sochaithe sábháilte - saoirse agus slándáil na hEorpa agus a saoránach a chosaint, clár a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus an Coimisiún chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (c)

    Fís 2020: Cuid IV: Feabhas a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú, rud a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde agus an Coimisiún chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (d)

    Fís 2020: Cuid V: Eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus le haghaidh na sochaí, rud a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde agus an Coimisiún chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (e)

    An Seachtú Clár Réime: na gníomhaíochtaí “Taighde d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide” agus “taighde do chomhlachais fiontar beag agus meánmhéide ar an gClár Sonrach ‘Acmhainní’” (29), rudaí a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde agus an Coimisiún chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (f)

    An Seachtú Clár Réime: an téama “Slándáil” den chlár sonrach “comhar” den Seachtú Clár Réime (30), rud a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (g)

    An Clár Sonrach “Daoine” den Seachtú Clár Réime (31), rud a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (h)

    Bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta (32), rud a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (i)

    An Clár Taighde de chuid an Chiste Taighde do Ghual agus Cruach (33), rud ar chuir an Coimisiún é chun feidhme faoi CAI 2014-2020.

    4.   Cuirfear de chúram ar an gComhairle Nuálaíochta Eorpach agus Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na bhFiontar Beag agus Meánmhéide oidhreacht na gclár seo a leanas de chuid an Aontais (nó codanna díobh) a chur chun feidhme:

    (a)

    Fís 2020: Cuid I: Teicneolaíochtaí sa todhchaí agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn – FET Oscailte agus FET Réamhghníomhach (lena n-áirítear i gcás ina lipéadófar iad mar threoirthionscadal de chuid na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí) (34), rud a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde agus an Coimisiún chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (b)

    Fís 2020: Cuid II: Rochtain ar Mhaoiniú Riosca (lena n-áirítear Duaiseanna Dreasachta na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí) agus Nuálaíocht i bhFiontair Bheaga agus Mheánmhéide, rud a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus an Coimisiún chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (c)

    Fís 2020: Cuid II agus Cuid III: An Mhearchonair i dtreo na Nuálaíochta (FTI), scéim a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus an Coimisiún chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (d)

    Fís 2020: Cuid II agus Cuid III: Ionstraim FBM, ionstraim a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus an Coimisiún chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (e)

    duaiseanna eile a bhaineann leis an gComhairle Nuálaíochta Eorpach, amhail iCapital (Clár Oibre Dhúshlán Sochaíoch 6 de chuid Fhís 2020) agus an Duais do Nuálaithe Ban (Clár Oibre “Eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus le haghaidh na sochaí” de chuid Fhís 2020), rudaí a chuir an Coimisiún chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (f)

    aon ghníomhaíocht eile a chumhdaítear ón mbliain 2018 amach faoi threoirchuid na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí de Chlár Oibre Fhís 2020 maidir le Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide Nuálacha, gníomhaíochtaí a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus an Coimisiún chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (g)

    COSME agus an Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (CIP) (35), cláir a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (h)

    Gníomhaíochtaí Margaidh Inmheánaigh agus gníomhaíochtaí um thacaíocht don Chaighdeánú (36), rudaí a chuir an Coimisiún chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (i)

    Clár tomhaltóirí (37), clár a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia chun feidhme faoi CAI 2014-2020.

    5.   Cuirfear de chúram ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr oidhreacht na gclár seo a leanas de chuid an Aontais (nó codanna díobh) a chur chun feidhme:

    (a)

    Eoraip na Cruthaitheachta (38), scéim a chuir an ghníomhaireacht feidhmiúcháin a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/776/AE ón gCoimisiún (“an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir”) chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (b)

    Erasmus+ (39), scéim a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (c)

    An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach (40), cór a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (d)

    Eoraip ar son na Saoránach (41), clár a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (e)

    An Cór Saorálach Eorpach (42), clár a chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir agus an Coimisiún chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (f)

    an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) (43) ,, ar chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir agus an Coimisiún an ranníocaíocht uaithi le Erasmus+ faoi CAI 2014-2020 chun feidhme;

    (g)

    Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (44), ionstraim ar chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir agus an Coimisiún an ranníocaíocht uaithi le Erasmus+ faoi CAI 2014-2020 chun feidhme;

    (h)

    an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt (45), ar chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir agus an Coimisiún an ranníocaíocht uaithi le Erasmus+ faoi CAI 2014-2020 chun feidhme;

    (i)

    an Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha (46), ar chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir agus an Coimisiún an ranníocaíocht uaithi le Erasmus+ faoi CAI 2014-2020 chun feidhme;

    (j)

    an 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta agus an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (47), ar chuir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir an ranníocaíocht uathu le Erasmus+ faoi CAI 2014-2020 chun feidhme;

    (k)

    na cláir seo a leanas a cuireadh de chúram ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir roimhe sin sa tréimhse 2000-2013:

    (i)

    an clár comhair le Stáit Aontaithe Mheiriceá i réimse an ardoideachais agus an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (2006-2013) (48);

    (ii)

    an comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Cheanada lena mbunaítear creat comhair i réimsí an ardoideachais, na hoiliúna agus na hóige (2006-2013) (49);

    (iii)

    an clár gníomhaíochta i réimse na foghlama ar feadh an tsaoil (2007-2013) (50);

    (iv)

    an clár “Cultúr” (2007-2013) (51);

    (v)

    an clár “Eoraip do Shaoránaigh” chun saoránacht ghníomhach Eorpach a chur chun cinn (2007-2013) (52);

    (vi)

    an clár “An tAos Óg i mbun Gníomhaíochta” (2007-2013) (53);

    (vii)

    an clár tacaíochta don earnáil chlosamhairc Eorpach (MEDIA 2007) (2007-2013) (54);

    (viii)

    clár gníomhaíochta Erasmus Mundus (II) 2009-2013 d’fheabhsú na cáilíochta in ardoideachas agus do chur chun cinn na tuisceana idirchultúrtha trí chomhoibriú le tríú tíortha (55);

    (ix)

    an clár comhair chlosamhairc le gairmithe ó thríú tíortha (MEDIA Mundus) (2011-2013) (56);

    (x)

    tionscadail i réimse an ardoideachais atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi na forálacha maidir le cabhair do chomhar eacnamaíoch leis na tíortha i mbéal forbartha san Áise (57);

    (xi)

    tionscadail i réimsí an ardoideachais agus na hóige atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi fhorálacha na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) (58);

    (xii)

    tionscadail i réimse an bhunoideachais, an mheánoideachais agus an ardoideachais agus na hóige atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi fhorálacha na hIonstraime Eorpaí um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht (59);

    (xiii)

    tionscadail i réimse an ardoideachais atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi fhorálacha na hionstraime maoinithe maidir le comhar um fhorbairt (60);

    (xiv)

    tionscadail i réimse an ardoideachais agus na hóige atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi fhorálacha na hionstraime maoinithe le haghaidh comhair le tíortha agus críocha tionsclaithe agus le tíortha agus críocha eile ardioncaim (61).

    6.   Cuirfear de chúram ar Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde oidhreacht na gclár seo a leanas de chuid an Aontais (nó codanna díobh) a chur chun feidhme:

    (a)

    Fís 2020: Cuid I: taighde ceannródaíoch a neartú trí ghníomhaíochtaí na Comhairle Eorpaí um Thaighde (62), rud ar chuir an ghníomhaireacht feidhmiúcháin a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/779/AE ón gCoimisiún (“iarGhníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde”) é chun feidhme faoi CAI 2014-2020;

    (b)

    An Seachtú Clár Réime: an clár sonrach “Smaointe” (63), clár a chuir iarGhníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde chun feidhme faoi CAI 2014-2020.

    ROINN III

    RIALACHA OIBRIÚCHÁIN

    Airteagal 8

    Comhaltaí an Choiste Stiúrtha agus an Stiúrthóir

    1.   Ceapfar na comhaltaí de Choiste Stiúrtha gach gníomhaireachta ar feadh tréimhse dhá bhliain i bprionsabal.

    2.   Ceapfar Stiúrthóir gach gníomhaireachta ar feadh tréimhse ceithre bliana i bprionsabal.

    Airteagal 9

    Iasachtaí oifigeach

    1.   Tabharfar oifigigh ar iasacht do ghníomhaireacht tar éis an post scáthánach sa Choimisiún a líonadh mar thoradh ar fhoilsiú na bpost agus an roghnúcháin lena mbaineann nó mar thoradh ar an athshannadh ar mhaithe le leas na seirbhíse dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na “Rialacháin Foirne”) agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (“CEOS”) (64).

    2.   I gcás ina nglacfaidh an ghníomhaireacht leis an iasacht, tabharfar deis don oifigeach go dtabharfaí ar iasacht é le leas na seirbhíse chuig an bpost freagrachta lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 37, pointe (a), agus Airteagal 38 de na Rialacháin Foirne (65). Tabharfar éisteacht don oifigeach de bhun Airteagal 38, pointe (a), de na Rialacháin Foirne.

    3.   Tairgfear conradh don oifigeach faoi Airteagal 2a de CEOS.

    4.   Faoi réir theorainneacha na bpost atá ar fáil i bplean bunaíochta na gníomhaireachta, tairgfidh an ghníomhaireacht an conradh don oifigeach ar iasacht ag an ngrád céanna, ag an gcéim chéanna agus ag an tsinsearacht chéanna laistigh den ghrád agus den chéim agus atá ag an oifigeach sa Choimisiún. Leasófar aon chonradh den sórt sin chun aon athrú i ngairm an oifigigh sa Choimisiún a léiriú.

    Airteagal 10

    Baill foirne shealadacha agus baill foirne ar conradh

    Fostóidh an ghníomhaireacht baill foirne shealadacha go díreach faoi Airteagal 2f de CEOS agus fostóidh sí baill foirne ar conradh go díreach faoi Airteagal 3a de CEOS.

    Airteagal 11

    Ceanglais mhaoirseachta agus tuairiscithe

    Beidh na gníomhaireachtaí faoi réir maoirseacht ag an gCoimisiún agus tuairisceoidh siad go tráthrialta ar an dul chun cinn ar na cláir de chuid an Aontais, nó ar na codanna díobh, a bhfuil siad freagrach astu a chur chun feidhme i gcomhréir leis na socruithe agus ag na heatraimh a leagtar síos sna Cinntí lena dtarmligtear cumhachtaí chuig na gníomhaireachtaí arna mbunú leis an gCinneadh seo agus arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003.

    Airteagal 12

    Meastóireachtaí

    1.   An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin an Ghréasáin Iompair Thras-Eorpaigh, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde, iarGhníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide, déanfar meastóireacht orthu ar bhealach comhordaithe de bhun Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003. Cumhdófar leis na meastóireachtaí sin an tréimhse atá fágtha de shainordú 2014-2020 na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus nach ndearnadh meastóireacht uirthi fós. Maidir leis an tréimhse a dhéanfar meastóireacht, tiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin an lá roimh dháta chur i bhfeidhm an Chinnidh seo.

    2.   Na meastóireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 le haghaidh na ngníomhaireachtaí arna mbunú le Cinneadh tosóidh siad amhail ó dháta chur i bhfeidhm an Chinnidh seo. Is ar bhealach comhordaithe a dhéanfar meastóireachta ar na gníomhaireachtaí.

    3.   I gcomhréir le hAirteagal 25(1) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003, déanfar na meastóireachtaí lena gcumhdaítear sainorduithe ghníomhaireachtaí 2021-2027 a chur faoi bhráid Choistí Stiúrtha na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid na Cúirte Iniúchóirí.

    Airteagal 13

    Rannpháirtíocht i gcóras EMAS de chuid an Choimisiúin

    1.   Cuirfidh na gníomhaireachtaí an Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) chun feidhme agus cláróidh siad fúithi. Féadfaidh siad a roghnú páirt a ghlacadh i gclárú corparáideach EMAS de chuid an Choimisiúin, áit a n-óstáiltear iad i bhfoirgnimh atá faoi bhainistiú ag an gCoimisiún.

    2.   Beidh clárú gníomhaireachtaí i gcóras EMAS de chuid an Choimisiúin faoi réir teagmháil i scríbhinn idir an tUachtarán ar Choiste Stiúrtha EMAS de chuid an Choimisiúin, dá dtagraítear i gCinneadh C(2013)7708 ón gCoimisiún (66), agus na gníomhaireachtaí, agus beidh sé faoi réir formheas ag Comhlacht Inniúil EMAS sa Bheilg.

    Airteagal 14

    Cur chun feidhme an bhuiséid oibriúcháin

    Cuirfidh na gníomhaireachtaí a mbuiséad oibriúcháin faoi seach chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1653/2004 ón gCoimisiún (67).

    ROINN IV

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

    Airteagal 15

    Comharbas ginearálta

    1.   Gan dochar d’Airteagail 16 go 20, beidh na gníomhaireachtaí a bhunaítear leis an gCinneadh seo ar na comharbaí dlíthiúla uilíocha, go háirithe maidir le gach conradh agus gach dliteanas comhaontuithe deontais agus maidir le gach maoin fhaighte, de chuid na ngníomhaireachtaí faoi seach a dtiocfaidh siad i gcomharbas orthu agus a ngabhfaidh siad a n-ionad de bhua an Chinnidh seo.

    2.   Chun críocha mhír 1:

    (a)

    Tiocfaidh an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol i gcomharbas ar Gníomhaireacht Feidhmiúcháin an Ghréasáin Iompair Thras-Eorpaigh agus gabhfaidh sé a ionad;

    (b)

    Tiocfaidh Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide i gcomharbas ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus gabhfaidh sí a hionad;

    (c)

    Tiocfaidh Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde i gcomharbas ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde agus gabhfaidh sí a hionad;

    (d)

    Tiocfaidh an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr i gcomharbas ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir agus gabhfaidh sí a hionad;

    (e)

    Tiocfaidh Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde i gcomharbas ar iarGhníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus gabhfaidh sí a hionad.

    Airteagal 16

    Aistriú gníomhaíochtaí oidhreachta idir gníomhaireachtaí agus idir an Coimisiún agus gníomhaireachtaí

    1.   I gcás ina n-aistreofar gníomhaíochtaí oidhreachta idir gníomhaireachtaí nó ón gCoimisiún chuig gníomhaireacht de bhun Airteagal 7, glacfaidh an ghníomhaireacht a bhunaítear leis an gCinneadh seo na comhaid agus na gealltanais dhlíthiúla uile ar láimh go huathoibríoch de bhua an Chinnidh seo. Beidh an ghníomhaireacht sin seachaithe i ngach ceann de na cearta agus na hoibleagáidí faoi seach.

    2.   I gcás ina dtarmligfidh an Coimisiún cláir de chuid an Aontais chuig gníomhaireacht a bhunaítear leis an gCinneadh seo de bhun Airteagal 7, coinneoidh an Coimisiún na cearta seo a leanas:

    (a)

    an ceart chun an deimhniú ar mhodheolaíocht a fhormheas;

    (b)

    an ceart chun seiceálacha, athbhreithnithe nó iniúchtaí a dhéanamh;

    (c)

    an ceart chun meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh a dhéanamh ar thionchar na gníomhaíochta, agus í a mheas in aghaidh chuspóirí na gclár;

    (d)

    an ceart chun faisnéis faoi na torthaí a chur ar fáil d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus do na Ballstáit nó do thíortha comhlachaithe;

    (e)

    an ceart chun úsáid a bhaint as ábhair, doiciméid nó faisnéis na dtairbhithe i gcomhréir le forálacha an chomhaontaithe deontais;

    (f)

    an ceart chun fritháireamh i gcomhréir le hAirteagal 102(1) den Rialachán Airgeadais;

    (g)

    an ceart chun cinneadh inchurtha i bhfeidhm a ghlacadh le haghaidh éilimh na gníomhaireachta, faoi Airteagal 299 den Chonradh.

    Airteagal 17

    Aistriú oifigeach a thugtar ar iasacht idir gníomhaireachtaí

    1.   I gcás ina dtiocfaidh gníomhaireacht i gcomharbas ar iarghníomhaireacht agus go ngabhfaidh sí a hionad de bhun Airteagal 15, is amhlaidh, maidir leis na hoifigigh de chuid an Choimisiúin a tugadh ar iasacht le leas na seirbhíse don ghníomhaireacht a scoir de bheith ann, go leanfaidh siad le bheith ar iasacht le leas na seirbhíse don phost freagrachta comhfhreagrach sa ghníomhaireacht atá ag glacadh a cúraimí ar láimh, i gcomhréir le hAirteagal 38 de na Rialacháin Foirne.

    2.   I gcás gníomhaíochtaí oidhreachta a aistriú idir gníomhaireachtaí de bhun Airteagal 16, is amhlaidh, maidir le hoifigigh a tugadh ar iasacht don ghníomhaireacht a scoir de bheith ann agus a bhfuil a cúraimí á nglacadh ar láimh ag gníomhaireacht a bhunaítear leis an gCinneadh seo, go dtabharfar iad ar iasacht le leas na seirbhíse don phost freagrachta comhfhreagrach sa ghníomhaireacht a bhunaítear leis an gCinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 37, pointe (a), agus Airteagal 38 de na Rialacháin Foirne. Tabharfar éisteacht don oifigeach de bhun Airteagal 38, pointe (a), de na Rialacháin Foirne.

    3.   Glacfaidh an ghníomhaireacht a bhunaítear leis an gCinneadh seo leis an iasacht gan aon fhoilsiú ná aon nós imeachta roghnúcháin.

    4.   Tairgfear conradh don oifigeach lena mbaineann faoi Airteagal 2a de CEOS.

    5.   Faoi réir theorainneacha na bpost atá ar fáil i bplean bunaíochta na gníomhaireachta a bhunaítear leis an gCinneadh seo, tairgfidh an ghníomhaireacht sin don oifigeach ar iasacht an conradh dá dtagraítear i mír 4 ag an ngrád céanna, ag an gcéim chéanna agus ag an tsinsearacht chéanna laistigh den ghrád agus den chéim agus atá ag an oifigeach sa Choimisiún. Leasófar aon chonradh den sórt sin i gcás inar gá chun aon athrú i ngairm an oifigigh sa Choimisiún a léiriú.

    6.   De mhaolú ar mhír 1 agus mír 2, is amhlaidh, in imthosca eisceachtúla ina dtabharfaí beirt oifigeach nó níos mó ar iasacht don aon phost freagrachta comhfhreagrach amháin sa ghníomhaireacht a bhunaítear leis an gCinneadh seo mar thoradh ar an aistriú cúraimí de bhun Airteagal 15 agus Airteagal 16, go gcinnfidh an Coimisiún, ar thogra a fháil ón máthair-Ard-Stiúrthóireacht, nó ó mháthair-Ard-Stiúrthóireacht phríomha na gníomhaireachta sin i gcás ina mbeidh níos mó máthair-Ard-Stiúrthóireachtaí ann, cén t-oifigeach dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 atá le tabhairt ar iasacht don ghníomhaireacht sin. Féadfaidh an Coimisiún iasacht na n-oifigeach eile lena mbaineann a fhoirceannadh.

    7.   Tabharfar Stiúrthóir na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia ar ais don Choimisiún.

    Airteagal 18

    Aistriú ball foirne sealadach faoi Airteagal 2f de CEOS agus aistriú ball foirne ar conradh faoi Airteagal 3a de CEOS idir gníomhaireachtaí

    1.   I gcás ina dtiocfaidh gníomhaireacht i gcomharbas ar iarghníomhaireacht agus go ngabhfaidh sí a hionad de bhun Airteagal 15, leanfaidh conarthaí na mball foirne sealadach faoi Airteagal 2f de CEOS agus conarthaí na mball foirne ar conradh faoi Airteagal 3a de CEOS de bheith i bhfeidhm sa ghníomhaireacht a bhunaítear leis an gCinneadh gan aon athruithe.

    2.   I gcás ina mbeidh aistriú gníomhaíochtaí oidhreachta ann idir gníomhaireachtaí agus idir an Coimisiún agus gníomhaireachtaí de bhun Airteagal 16, is amhlaidh, maidir le baill foirne shealadacha faoi Airteagal 2f de CEOS agus le baill foirne ar conradh faoi Airteagal 3a de CEOS atá fostaithe ag an ngníomhaireacht a scoir de bheith ann agus ar sainaithníodh go raibh siad ag comhlíonadh cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme na gclár a nglacann an ghníomhaireacht a bhunaítear leis an gCinneadh seo a sanntar a gcúraimí chuici iad ar láimh, go n-aistreofar iad chuig an ngníomhaireacht sin.

    3.   Aistreofar na baill foirne dá dtagraítear i mír 2 chuig an ngníomhaireacht a bhunaítear leis an gCinneadh seo gan aon mhodhnú ar a gconradh. Ní mheasfar an t-athrú gníomhaireachta a bheith ina iontráil nua i seirbhís agus áiritheofar an leanúnachas gairme ar gach slí.

    4.   Iarrfar ar na baill foirne dá dtagraítear i mír 2 a chinneadh, laistigh de thréimhse 15 lá oibre ó fhógra foirmiúil a fháil faoin aistriú, cé acu is mian nó nach mian leo go n-aistreofaí iad chuig an ngníomhaireacht a bhunaítear leis an gCinneadh seo chun leanúint ar aghaidh ag comhlíonadh cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an chláir a nglacann an ghníomhaireacht sin é ar láimh. I gcás ina gcuirfidh an ball foirne lena mbaineann in iúl i scríbhinn go ndiúltaíonn sé nó sí don aistriú laistigh den tréimhse sin, foirceannfaidh an Ghníomhaireacht conradh an bhaill foirne sin faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 47 de CEOS.

    5.   Maidir le baill foirne na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia, beidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 4 cothrom le dhá mhí.

    Airteagal 19

    Baill foirne tacaíochta nach bhfuil ceangailte le clár sonrach a aistriú idir gníomhaireachtaí

    1.   Beidh feidhm ag Airteagal 17(2) go (6) agus Airteagal 18(2) go (5) maidir leis na baill foirne tacaíochta de chuid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia nach bhfuil ceangailte le clár sonrach. Aistreofar iad chuig an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, chuig an gComhairle Nuálaíochta Eorpach agus chuig an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide nó chuig an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde ar bhonn a rogha féin agus faoi réir an lín post a shanntar do na gníomhaireachtaí sin.

    2.   Faoi réir an lín post arna shannadh chuig an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, beidh feidhm ag Airteagal 17(2) go (6) agus Airteagal 18(2) go (4) maidir le baill foirne de chuid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus an iarGhníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde ar sainaithníodh go raibh siad ag comhlíonadh cúraimí tacaíochta a bhaineann le cláir a ghlacann an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú ar láimh.

    3.   Faoi réir an lín post arna shannadh chuig an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, beidh feidhm ag Airteagal 17(2) go (6) agus Airteagal 18(2) go (4) maidir le baill foirne de chuid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide ar sainaithníodh go raibh siad ag comhlíonadh cúraimí tacaíochta a bhaineann le cláir a nglacann an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol ar láimh iad.

    Airteagal 20

    Aistriú oifigeach ar iasacht, ball foirne ar conradh agus ball foirne sealadach ón gCoimisiún chuig gníomhaireachtaí

    1.   I gcás gníomhaíochtaí oidhreachta a aistriú ón gCoimisiún chuig gníomhaireacht de bhun Airteagal 16, is féidir go dtairgfidh an Coimisiún do na hoifigigh de chuid an Choimisiúin a n-aistrítear a gcúraimí chuig an ngníomhaireacht a bhunaítear leis an gCinneadh seo an deis go dtabharfaí ar iasacht iad le leas na seirbhíse, laistigh dá gcineál poist faoi seach, don phost freagrachta sa ghníomhaireacht sin i gcomhréir le hAirteagal 38 de na Rialacháin Foirne.

    2.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag míreanna 3 go 5 d’Airteagal 17.

    3.   I gcás gníomhaíochtaí oidhreachta a aistriú ón gCoimisiún chuig gníomhaireacht de bhun Airteagal 16, tairgfidh an ghníomhaireacht a bhunaítear leis an gCinneadh seo an deis do bhaill foirne ar conradh de chuid an Choimisiúin, gan aon fhoilsiú ná aon nós imeachta roghnúcháin, conradh nua a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 3a de CEOS san aon fheidhmghrúpa amháin chun leanúnachas cúraimí a áirithiú i gcás:

    (a)

    ina n-aistreofar a gcúraimí ón gCoimisiún chuig an ngníomhaireacht a bhunaítear leis an gCinneadh de bhua an Chinnidh seo;

    (b)

    inar chomhlíon siad nós imeachta roghnúcháin iomlán na mball foirne ar conradh arna eagrú ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne nó faoi fhreagracht na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne.

    4.   Déanfar coinníollacha fostaíochta na mball foirne dá dtagraítear i mír 3 a shocrú i gcomhréir leis na rialacha iomchuí arna gcur i bhfeidhm ag an ngníomhaireacht a bhunaítear leis an gCinneadh seo. Foirceannfar an conradh leis an gCoimisiún agus cuirfear tús le tréimhse phromhaidh nua i gcás ina nglacfar le conradh nua de bhun mhír 3.

    5.   I gcás ina ndiúltóidh ball den fhoireann dá dtagraítear i mír 3 don chonradh sa ghníomhaireacht a bhunaítear leis an gCinneadh seo, féadfaidh an Coimisiún a chonradh nó a conradh a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 47 de CEOS.

    6.   I gcás gníomhaíochtaí oidhreachta a aistriú ón gCoimisiún chuig gníomhaireacht de bhun Airteagal 16, tairgfidh Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide do bhaill foirne shealadacha atá fostaithe ag an gCoimisiún de bhun an Chinnidh ón gColáiste an 10 Aibreán 2019  (68), mar bhainisteoirí cláir faoi threoirthionscadal feabhsaithe na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí, an deis, gan aon fhoilsiú ná aon nós imeachta roghnúcháin, conarthaí a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 2f de CEOS san aon fheidhmghrúpa amháin agus san aon ghrád amháin chun leanúnachas cúraimí a áirithiú i gcás, faoi réir fhorálacha an dara fomhír d’Airteagal 53 de CEOS:

    (a)

    aistrítear a gcúraimí ón gCoimisiún chuig Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide;

    (b)

    is féidir na poist lena mbaineann a chumhdach le buiséad Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide.

    7.   Déanfar coinníollacha fostaíochta na mball foirne sealadach dá dtagraítear i mír 6 a shocrú i gcomhréir leis na rialacha iomchuí arna gcur i bhfeidhm ag Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide. Foirceannfar an conradh leis an gCoimisiún agus cuirfear tús le tréimhse phromhaidh nua i gcás ina nglacfar le conradh nua de bhun mhír 6.

    8.   I gcás ina ndiúltóidh ball den fhoireann dá dtagraítear i mír 6 don chonradh sa ghníomhaireacht a bhunaítear leis an gCinneadh seo, féadfaidh an Coimisiún a chonradh nó a conradh a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 47 de CEOS.

    Airteagal 21

    An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia agus bearta idirthréimhseacha a fhoirceannadh

    1.   Scoirfidh an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia de bheith ann amhail an[1 Aibreán 2021] agus foirceannfar é ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 agus míreanna (2) go (5) den Airteagal seo.

    2.   Aistreofar baill foirne na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia i gcomhréir le hAirteagal 17(2) go (7) agus Airteagal 18(2) go (5) agus Airteagal 19. Beidh na baill foirne sin i dteideal teilea-obair go lánaimseartha ina n-áit chónaithe ón 1 Aibreán 2021 go dtí an 30 Meán Fómhair 2021. Maidir le baill foirne a dhiúltaíonn d’aistriú chuig an ngníomhaireacht a bhunaítear leis an gCinneadh seo agus a leanann ar aghaidh ag comhlíonadh na gcúraimí dá gcuid a nglacann an ghníomhaireacht sin iad ar láimh chun an tréimhse fógra dá dtagraítear in Airteagal 47 de CEOS a chur isteach, beidh siad i dteideal teilea-obair go lánaimseartha ina n-áit chónaithe ón 1 Aibreán 2021 go dtí deireadh na tréimhse fógra.

    3.   D’ainneoin Airteagal 19(1), glacfaidh an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú ar láimh ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia aon ghníomhaíocht tacaíochta nach bhfuil ceangailte le clár sonrach.

    4.   An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide agus Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde glacfaidh siad ar láimh na sócmhainní agus na dliteanais uile a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a tógadh ar láimh ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia agus glacfaidh siad ar láimh chomh maith na sócmhainní agus na dliteanais uile a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3.

    5.   Déanfaidh an bheirt leachtaitheoirí arna gceapadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 a fhíorú agus a dheimhniú go ndearnadh na gníomhaíochtaí uile de chuid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia a fhoirceannadh nó a ghlacadh ar láimh agus gur ghlac an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide agus Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde ar láimh na sócmhainní agus na dliteanais uile atá fágtha. Bunóidh na leachtaitheoirí aon ghlantoradh de chuid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia tar éis leachtú. Admhóidh siad a fhoirceannadh ina dhiaidh sin.

    Airteagal 22

    Idirthréimhse don Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú

    1.   Déanfaidh an Coimisiún an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú a bhainistiú go dtí go mbeidh an acmhainn oibríochtúil ag an ngníomhaireacht a buiséad féin a chur chun feidhme.

    2.   Chun críche mhír 1, gníomhóidh an tArd-Stiúrthóir ar Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia mar stiúrthóir eatramhach agus comhlíonfaidh sé na dualgais uile a shanntar don Stiúrthóir.

    Airteagal 23

    Dáta shoghluaisteacht na foirne

    1.   Aistreofar na baill foirne dá dtagraítear in Airteagail 17 go 21 chuig an ngníomhaireacht chomhfhreagrach le héifeacht ón 1 Aibreán 2021.

    2.   Chun an tréimhse fógra dá dtagraítear in Airteagal 47 de CEOS a chur isteach, is amhlaidh, maidir leis na baill foirne ar conradh agus na baill foirne shealadacha dá dtagraítear in Airteagail 18, 19 agus 21 a dhiúltaíonn d’aistriú chuig an ngníomhaireacht chomhfhreagrach a bhunaítear leis an gCinneadh seo, go n-aistreofar iad chuig an ngníomhaireacht sin agus go leanfaidh siad ar aghaidh ag comhlíonadh a gcúraimí go dtí deireadh na tréimhse fógra.

    ROINN V

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 24

    Aisghairm

    1.   Aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE, 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE ón gCoimisiún le héifeacht ón 1 Aibreán 2021.

    2.   Déanfar tagairtí do na Cinntí aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Chinneadh seo.

    Airteagal 25

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Aibreán 2021. Beidh feidhm ag Airteagail 3(2) agus (22), áfach, amhail ón 16 Feabhra 2021.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Feabhra 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.

    (2)  C(2020)4240 críochnaitheach.

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/801/AE ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2013 lena mbunaítear Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Nuálaíochta agus na nGréasán agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/60/CE arna leasú le Cinneadh 2008/593/CE (IO L 352, 24.12.2013, lch. 65).

    (4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/771/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear “an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide” agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/20/CE agus 2007/372/CE (IO L 341, 18.12.2013, lch. 73).

    (5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/778/AE ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2013 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/46/CE (IO L 346, 20.12.2013, lch. 54).

    (6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/779/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/37/CE (IO L 346, 20.12.2013, lch. 58).

    (7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/776/AE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 lena mbunaítear “an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir” agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/336/CE (IO L 343, 19.12.2013, lch. 46).

    (8)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/770/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte agus Bia agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/858/CE (IO L 341, 18.12.2013, lch. 69) arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/927/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 chun “an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia” a dhéanamh den “Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Shláinte agus Thomhaltóirí agus Bia” (IO L 363, 18.12.2014, lch. 183).

    (9)  C(2020)2880 críochnaitheach.

    (10)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (11)  Tuarascáil Speisialta Uimh. 14/2014, How do the EU institutions and bodies calculate, reduce and offset their greenhouse gas emissions?, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

    (12)  Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, agus Cinntí 2001/681/CE agus 2006/193/CE ón gCoimisiún.

    (13)  Teachtaireacht COM(2019)640 ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún.

    (14)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibriú an Chiste don Nuálaíocht (IO L 140, 28.5.2019, lch. 6).

    (15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite (IO L 303, 17.9.2020, lch. 1).

    (16)  Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 ón gComhairle (IO L 317, 4.11.2014, lch. 56).

    (17)  Cinneadh 2008/376/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2008 maidir leis an gClár Taighde de chuid an Chiste Taighde do Ghual agus Cruach a ghlacadh agus maidir leis na treoirlínte teicniúla ilbhliantúla don chlár sin (IO L 130, 20.5.2008, lch. 7).

    (18)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 680/2007 agus (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

    (19)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104); Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle an 3 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís 2020 – an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE agus 2006/975/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 965).

    (20)  Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 185).

    (21)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2328/2003, (CE) Uimh. 861/2006, (CE) Uimh. 1198/2006 agus (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).

    (22)  Rialachán (AE) 1953/2017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014 a mhéid a bhaineann le nascacht idirlín a chur chun cinn i bpobail áitiúla (IO L 286, 1.11.2017, lch. 1); Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 680/2007 agus (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

    (23)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104); Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle an 3 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís 2020 – an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE agus 2006/975/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 965).

    (24)  Cinneadh 2006/971/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2006 maidir leis an gclár sonrach “Comhar” lena gcuirtear chun feidhme Seachtú Clár Réime an Chomhphobail Eorpaigh um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí léiriúcháin (2007 go 2013) (IO L 400, 30.12.2006, lch. 86).

    (25)  Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, lena leasaítear Treoir 98/56/CE, Treoir 2000/29/CE agus Treoir 2008/90/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 66/399/CEE, Cinneadh 76/894/CEE agus Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle (IO L 189, 27.6.2014, lch. 1).

    (26)  Arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/927/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 chun “an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia” a dhéanamh den “Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Shláinte agus Thomhaltóirí agus Bia” (IO L 363, 18.12.2014, lch. 183).

    (27)  Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le tríú Clár a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1350/2007/CE (IO L 86, 21.3.2014, lch. 1).

    (28)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104); Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle an 3 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís 2020 – an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE agus 2006/975/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 965).

    (29)  Cinneadh 2006/974/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2006 maidir leis an gClár Sonrach “Inniúlachtaí” lena gcuirtear chun feidhme Seachtú Clár Réime an Chomhphobail Eorpaigh um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007 go 2013) (IO L 400, 30.12.2006, lch. 299).

    (30)  Cinneadh 2006/971/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2006 maidir leis an gclár sonrach “Comhar” lena gcuirtear chun feidhme an Seachtú Clár Réime de chuid an Chomhphobail Eorpaigh le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh (2007 go 2013) (IO L 400, 30.12.2006, lch. 86).

    (31)  Cinneadh 2006/973/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2006 maidir leis an gClár Sonrach “Daoine” lena gcuirtear chun feidhme Seachtú Clár Réime an Chomhphobail Eorpaigh um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007 go 2013) (IO L 400, 30.12.2006, lch. 270).

    (32)  Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 ón gComhairle (IO L 317, 4.11.2014, lch. 56).

    (33)  Cinneadh 2008/376/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2008 maidir leis an gClár Taighde de chuid an Chiste Taighde do Ghual agus Cruach a ghlacadh agus maidir leis na treoirlínte teicniúla ilbhliantúla don chlár sin (IO L 130, 20.5.2008, lch. 7).

    (34)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104); Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle an 3 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís 2020 – an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE agus 2006/975/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 965).

    (35)  Rialachán Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014 — 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 33).

    (36)  Cumhdaítear cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin leis na cinntí maoiniúcháin seo a leanas: C(2019)8928 an 17.12.2019 do 2020, C(2019)76 an 16.1.2019 do 2019, C(2017)7379 an 9.11.2017 do 2018, C(2017)204 an 23.1.2017 do 2017, C(2015)8547 an 7.12.2015 do 2016.

    (37)  Rialachán (AE) Uimh. 254/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le clár ilbhliantúil tomhaltóirí le haghaidh na mblianta 2014-20 agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1926/2006/CE (IO L 84, 20.3.2014, lch. 42).

    (38)  Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE ( IO L 347, 20.12.2013, lch. 221).

    (39)  Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinntí Uimh. 1719/2006/CE, Uimh. 1720/2006/CE agus Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).

    (40)  Rialachán (AE) 2018/1475 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos creat dlíthiúil an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013, agus Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE (IO L 250, 4.10.2018, lch. 1).

    (41)  Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 lena mbunaítear an clár um “an Eoraip ar son na Saoránach” le haghaidh na tréimhse 2014-2020 (IO L 115, 17.4.2014, lch. 3).

    (42)  Rialachán (AE) Uimh. 375/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil (“an Tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE”) (IO L 122, 24.4.2014, lch. 1).

    (43)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 447/2014 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2014 maidir leis na rialacha sonracha maidir le Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) a chur chun feidhme (IO L 132, 3.5.2014, lch. 32).

    (44)  Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (IO L 77, 15.3.2014, lch. 27).

    (45)  Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 (IO L 77, 15.3.2014, lch. 44.).

    (46)  Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha (IO L 77, 15.3.2014, lch. 77).

    (47)  Rialachán (CE) Uimh. 617/2007 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2007 maidir leis an 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta a chur chun feidhme faoi Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (IO L 152, 13.6.2007, lch. 1); Rialachán (AE) 2015/322 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir le cur chun feidhme an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (IO L 58, 3.3.2015, lch. 1).

    (48)  Cinneadh 2006/910/CE ón gComhairle lena mbunaítear tionscadail atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi fhorálacha an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá lena n-athnuaitear an clár comhair i réimse an ardoideachais agus an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (2006-2013) (IO L 346, 09.12.2006, lch. 33).

    (49)  Cinneadh 2006/964/CE ón gComhairle lena mbunaítear tionscadail atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi fhorálacha an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Cheanada lena mbunaítear creat comhair i réimsí an ardoideachais, na hoiliúna agus na hóige (2006-2013) (IO L 397, 30.12.2006, lch. 14).

    (50)  Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár gníomhaíochta i réimse na foghlama ar feadh an tsaoil (2007-2013) (IO L 327, 24.11.2006, lch. 45).

    (51)  Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár “Cultúr” (2007-2013) (IO L 372, 27.12.2006, lch. 1).

    (52)  Cinneadh Uimh. 1904/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár “Eoraip do Shaoránaigh” chun saoránacht ghníomhach Eorpach a chur chun cinn (2007-2013) (IO L 378, 27.12.2006, lch. 32).

    (53)  Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár “An tAos Óg i mbun Gníomhaíochta” (2007-2013) (IO L 327, 24.11.2006, lch. 30).

    (54)  Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár tacaíochta don earnáil chlosamhairc Eorpach (MEDIA 2007) (2007-2013) (IO L 327, 24.11.2006, lch. 12).

    (55)  Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár gníomhaíochta Erasmus Mundus (II) 2009-2013 d’fheabhsú na cáilíochta in ardoideachas agus do chur chun cinn na tuisceana idirchultúrtha trí chomhoibriú le tríú tíortha (IO L 340, 19.12.2008, lch. 83).

    (56)  Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár comhair chlosamhairc le gairmithe ó thríú tíortha (MEDIA Mundus) (2011-2013) (IO L 288, 4.11.2009, lch. 10).

    (57)  Rialachán (CEE) Uimh. 443/92 ón gComhairle lena mbunaítear tionscadail i réimse an ardoideachais atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi na forálacha maidir le cabhair do chomhar eacnamaíoch leis na tíortha i mbéal forbartha san Áise (IO L 52, 27.02.1992, lch. 1).

    (58)  Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle lena mbunaítear tionscadail i réimsí an ardoideachais agus na hóige atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi fhorálacha na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) (IO L 210, 31.07.2006, lch. 82).

    (59)  Rialachán (CE) Uimh. 1638/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear tionscadail i réimse an bhunoideachais, an mheánoideachais agus an ardoideachais agus na hóige atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi fhorálacha na hIonstraime Eorpaí um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht (IO L 310, 09.11.2006, lch. 1).

    (60)  Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear tionscadail i réimse an ardoideachais atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi fhorálacha na hionstraime maoinithe maidir le comhar um fhorbairt (IO L 378, 27.12.2006, lch. 41).

    (61)  Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006 ón gComhairle lena mbunaítear tionscadail i réimse an ardoideachais agus na hóige atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi fhorálacha na hionstraime maoinithe le haghaidh comhair le tíortha agus críocha tionsclaithe agus le tíortha agus críocha eile ardioncaim (IO L 405, 30.12.2006, lch. 41).

    (62)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104); Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle an 3 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís 2020 – an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE agus 2006/975/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 965).

    (63)  Cinneadh 2006/972/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2006 maidir leis an gClár Sonrach “Smaointe” lena gcuirtear chun feidhme an Seachtú Clár Réime de chuid an Chomhphobail Eorpaigh le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh (2007 go 2013) (IO L 400, 30.12.2006, lch. 243).

    (64)  Rialachán (CEE, Euratom, GECC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

    (65)  Rialachán (CEE, Euratom, GECC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

    (66)  Cinneadh ón gCoimisiún an 18.11.2013 maidir le cur i bhfeidhm na scéime um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) ag seirbhísí an Choimisiúin.

    (67)  Rialachán (CE) Uimh. 1653/2004 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2004 maidir le rialachán caighdeánach airgeadais le haghaidh na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin a gcuirfear cúraimí áirithe orthu maidir le cláir an Chomhphobail a bhainistiú (IO L 297, 22.9.2004, lch. 6).

    (68)  Cinntí riaracháin agus buiséid a rinneadh ag an 2291ú cruinniú an 10 Aibreán 2019.


    Top