Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1057

    Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013

    PE/42/2021/INIT

    IO L 231, 30.6.2021, p. 21–59 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/03/2024

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1057/oj

    30.6.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 231/21


    RIALACHÁN (AE) 2021/1057 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 24 Meitheamh 2021

    lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 46, pointe (d), Airteagal 149, d'Airteagal 153(2), pointe (a), Airteagal 164, Airteagal 175, an tríú mír, agus Airteagal 349 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 17 Samhain 2017, rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (an “Colún”) a fhógairt i gcomhpháirt le chéile, mar fhreagairt ar na dúshláin shóisialta atá san Eoraip. Tá 20 bunphrionsabal an Cholúin agus tá siad roinnte i dtrí chatagóir: comhdheiseanna agus rochtain ar an margadh saothair; dálaí oibre córa; cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta. Ba cheart 20 prionsabal an Cholúin a bheith ina dtreoir do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+). Chun rannchuidiú le cur chun feidhme an Cholúin, le CSE+ ba cheart tacú le hinfheistíochtaí i ndaoine agus i gcórais i réimsí beartais na fostaíochta, an oideachais agus an chuimsithe shóisialta agus, ar an gcaoi sin, tacú leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, críochach agus sóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    (2)

    Ar leibhéal an Aontais, is é an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch (an “Seimeastar Eorpach”) an creat a úsáidtear chun tosaíochtaí náisiúnta athchóiriúcháin a shainaithint agus chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtosaíochtaí sin. Ceapann na Ballstáit a gcuid straitéisí infheistíochta ilbhliantúla náisiúnta féin sa dóigh is go dtacaíonn siad le cur chun feidhme na dtosaíochtaí athchóiriúcháin sin. Ba cheart na straitéisí sin a chur i láthair in éineacht leis na cláir náisiúnta bhliantúla um athchóiriú mar bhealach chun na tionscadail infheistíochta tosaíochta, a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh nó cistiú an Aontais nó le cistiú náisiúnta a achoimriú agus a chomhordú.

    Ba cheart go mbeadh siad ina gcabhair, freisin, chun cistiú an Aontais a úsáid ar dhóigh chomhleanúnach agus chun a oiread tairbhe is féidir a bhaint as breisluach na tacaíochta airgeadais atá le fáil, faoi na cláir a dtacaíonn an tAontas leo, i gcás inarb ábhartha, faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste Comhtháthaithe, a leagtar amach a gcuspóirí sonracha agus raon feidhme a dtacaíochta i Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), faoi CSE+, faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus faoi Chlár InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (Clár InvestEU).

    (3)

    Glacadh treoirlínte athbhreithnithe maidir le beartais fostaíochta na mBallstát trí bhíthin Chinneadh (AE) 2020/1512 ón gComhairle (7). Tá téacs na dtreoirlínte sin ailínithe le prionsabail an Cholúin, d'fhonn iomaíochas na hEorpa a neartú agus d'fhonn gurb áit níos fearr í don infheistíocht, ó thaobh poist a chruthú agus an comhtháthú sóisialta a chothú. Chun ailíniú iomlán CSE+ le cuspóirí na dtreoirlínte sin a áirithiú, go háirithe a fhad a bhaineann le fostaíocht, oideachas, oiliúint agus comhrac an eisiaimh shóisialta, na bochtaineachta agus an idirdhealaithe, le CSE+ ba cheart tacú leis na Ballstáit, agus aird á tabhairt ar na treoirlínte comhtháite ábhartha agus na moltaí tírshonracha ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 121(2) agus Airteagal 148 (2) agus (4) CFAE agus, i gcás inarb iomchuí, ar na cláir náisiúnta um athchóiriú a bhfuil straitéisí náisiúnta mar bhonn taca leo. Ina theannta sin, le CSE+ ba cheart rannchuidiú le gnéithe ábhartha de chur chun feidhme príomhthionscnamh agus príomhghníomhaíochtaí an Aontais, go háirithe na teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2016 dar teideal A new Skills Agenda for Europe [an Clár Oibre nua Scileanna don Eoraip] agus an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal European Education Area [an Limistéar Eorpach Oideachais] agus an 7 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal A Union of Equality: EU Roma strategic framework for equality, inclusion and participation [Aontas Comhionannais: creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach] chomh maith leis na moltaí ón gComhairle an 15 Feabhra 2016 dar teideal the integration of the long-term unemployed into the labour market [daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a chomhtháthú sa mhargadh saothair] agus an 19 Nollaig 2016 dar teideal Upskilling Pathways [Conairí Uas-Scilithe], an 30 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal A bridge to jobs – reinforcing the youth guarantee [Nasc leis an bhFostaíocht – An Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú] agus an 12 Márta 2021 dar teideal Roma equality, inclusion and participation [comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach].

    (4)

    An 20 Meitheamh 2017, ghlac an Chomhairle conclúidí dar teideal A sustainable European future: the EU response to the 2030 Agenda for Sustainable Development [Todhchaí inbhuanaithe don Eoraip: Freagairt an Aontais do chlár oibre 2030 todhchaí inbhuanaithe don Eoraip]. Chuir an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá sé forbairt inbhuanaithe a bhaint amach i ngach ceann de na trí ghné (an ghné eacnamaíoch, an ghné shóisialta, agus an ghné chomhshaoil) ar dhóigh chothrom chomhtháite. Tá sé ríthábhachtach an fhorbairt inbhuanaithe a phríomhshruthú i réimsí beartais uile an Aontais, idir réimsí inmheánacha agus seachtracha, agus an tAontas a bheith uaillmhianach ó thaobh na mbeartas atá aige chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Samhain 2016 dar teideal Next steps for a sustainable European future [Na chéad chéimeanna eile i dtreo todhchaí inbhuanaithe don Eoraip] dar dáta sa mhéid is gur céadchéim é i dtreo phríomhshruthú Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe (NA) agus i dtreophrionsabal treorach sár-riachtanach a dhéanamh den fhorbairt inbhuanaithe do bheartais uile an Aontais, a chuid ionstraimí airgeadais san áireamh. Le CSE+, ba cheart rannchuidiú le cur chun feidhme SDGanna NA trí, inter alia, chineálacha fíorbhochtaineachta a dhíothú (SDG 1); oideachas ardcháilíochta agus cuimsitheach a chur chun cinn (SDG 4); comhionannas inscne a chur chun cinn (SDG 5); fás eacnamaíoch marthanach, cuimsitheach agus inbhuanaithe, fostaíocht iomlán tháirgiúil agus chuibhiúil do chách a chur chun cinn (SDG 8); agus neamhionannas a laghdú (SDG 10).

    (5)

    De bharr forbairtí a tháinig chun cinn le déanaí agus atá ar siúl faoi láthair, mhéadaigh na dúshláin struchtúracha atá ag eascairt as an domhandú eacnamaíoch, as neamhionannais shóisialta, as bainistiú sreabh imirce agus as an méadú ar an mbagairt slándála, as an aistriú go fuinneamh glan, as an athrú teicneolaíoch, as an meath déimeagrafach, as dífhostaíocht go ginearálta agus dífhostaíocht i measc na hóige go háirithe, agus as an méadú ar dhul in aois an lucht saothair chomh maith le dúshláin a eascraíonn as an méadú ar na neamhréireanna idir éileamh agus soláthar scileanna agus saothair i roinnt earnálacha agus réigiún, rud atá ag cur as d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) go háirithe. Tiocfaidh cuid mhór deiseanna nua as an aistriú glas agus as an aistriú digiteach agus as claochlú éiceachórais thionsclaíocha na hEorpa má bhíonn an tacar ceart scileanna, fostaíochta agus beartais agus bearta sóisialta ag gabháil leo. I bhfianaise na n-athruithe atá ag teacht ar an saol oibre, ba cheart don Aontas a bheith ullamh do na dúshláin atá ann cheana agus do na dúshláin atá le teacht trí infheistíocht a dhéanamh i scileanna ábhartha, san oideachas, san oiliúint agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil tríd an bhfás a dhéanamh níos cuimsithí agus trí fheabhas a chur ar an bhfostaíocht agus ar bheartais shóisialta agus, san am céanna, inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus thionsclaíoch agus soghluaisteacht an lucht saothair á gcur san áireamh aige agus ag díriú ar chothromaíocht idir na hinscní sa mhargadh saothair a bhunú.

    (6)

    Le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), bunaítear an creat gníomhaíochta do CFRE, CSE+, Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), CEMID, an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (CTIL), an Ciste Slándála Inmheánaí (CSI) agus don Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, agus leagtar síos ann, go háirithe, na cuspóirí beartais agus na rialacha a bhaineann le clársceidealú, faireachán agus meastóireacht, bainistiú agus rialú cistí an Aontais arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, cuspóirí ginearálta CSE+ a shonrú, agus forálacha sonracha a leagan síos maidir leis na cineálacha gníomhaíochtaí a fhéadfaidh CSE+ a mhaoiniú.

    (7)

    Le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (an “Rialachán Airgeadais”) leagtar síos rialacha maidir le buiséad ginearálta an Aontais (Buiséad an Aontais) a chur chun feidhme, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha. Féadfar cómhaoiniú i gcomhair deontas a sholáthar ó acmhainní dílse an tairbhí, ó ioncam a gineadh leis an tionscadal nó ó ranníocaíochtaí airgeadais nó ranníocaíochtaí comhchineáil ó thríú páirtithe. Chun cur chun feidhme clár cistiúcháin an Aontais a fheabhsú ó thaobh comhsheasmhacht de, tá feidhm le bheith ag an Rialachán Airgeadais maidir leis na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach faoi CSE+.

    (8)

    Foirmeacha chistiú an Aontais agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sonracha na gníomhaíochta a bhaint amach agus torthaí a thabhairt ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamhchomhlíontachta a mheastar a bheith ann. I gcás deontas, ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costas aonad, agus as maoiniúchán nach mbaineann le costais, dá dtagraítear in Airteagal 125(1), pointe (a), den Rialachán Airgeadais. Chun bearta a chur chun feidhme a bhaineann le lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír, agus i gcomhréir le hAirteagal 94 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh an Coimisiún aisíocaíocht a dhéanamh leis na Ballstáit agus roghanna costais simplithe á n-úsáid aige chuige sin, lena n-áirítear cnapshuimeanna.

    (9)

    Chun cistiú a chuíchóiriú agus a shimpliú agus breis deiseanna le haghaidh sineirgí a chothú trí chineálacha cur chuige a chomhtháthú i leith an chistiúcháin, ba cheart na gníomhaíochtaí a rabhthas ag tacú leo leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), agus le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a chomhtháthú in CSE+. Ba cheart, dá bhrí sin, dhá shraith a bheith in CSE+: an tsraith atá faoi bhainistíocht roinnte (an tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte), arna cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte agus an tsraith maidir le Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta (sraith EaSI) a bheidh le cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach. Ba cheart go rannchuideodh sin leis an ualach riaracháin a bhaineann le bainistiú cistí éagsúla a laghdú, go háirithe i gcás na mBallstát agus na dtairbhithe agus, san am céanna, rialacha simplí a choinneáil le haghaidh oibríochtaí simplí ar nós bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a dháileadh.

    (10)

    Ós rud é go bhfuil raon feidhme níos leithne ag CSE+, maidir leis na haidhmeanna atá ann, eadhon cur le héifeachtacht na margaí saothair, rochtain chomhionann ar fhostaíocht ardcháilíochta a chur chun cinn, an rochtain chomhionann ar an oideachas agus ar an oiliúint agus cáilíocht an oideachais agus na hoiliúna a fheabhsú chun cuidiú le lánpháirtiú sna córais oideachais, an cuimsiú sóisialta agus an rochtain atá ag daoine leochaileacha ar chúram sláinte a chur chun cinn, rannchuidiú leis an mbochtaineacht a dhíothú, is iomchuí na haidhmeanna sin a chur chun feidhme, ní hamháin le bainistíocht roinnte faoi shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte ach, lena chois sin, le haghaidh bearta a bhfuil gá leo ar leibhéal an Aontais faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach shraith EaSI.

    (11)

    Leis an Rialachán seo, leagtar síos imchlúdach airgeadais do thréimhse iomlán CSE+ , arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020, idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo tabhairt isteach acmhainní dílse nua (13), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Ba cheart a shonrú ann an leithdháileadh don tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte agus an leithdháileadh le haghaidh gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach faoi shraith EaSI.

    (12)

    D'fhonn cur chun feidhme chuspóirí sonracha agus oibríochtúla shraith EaSI a éascú, le CSE+ ba cheart tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta agus, san am céanna, ba cheart gníomhaíochtaí cumarsáide agus craobhscaoilte a bheith ina gcuid de na gníomhaíochtaí atá incháilithe faoi shraith EaSI.

    (13)

    Ba cheart é a bheith d'aidhm ag CSE+ an fhostaíocht a chur chun cinn trí bhíthin idirghabhálacha gníomhacha a dhéanamh chun daoine a lánpháirtiú nó a ath-lánpháirtiú sa mhargadh saothair, go háirithe daoine óga trí chur chun feidhme na ráthaíochta don aos óg atreisithe, daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, grúpaí faoi mhíbhuntáiste ar an margadh saothair agus daoine neamhghníomhacha, agus trí bhíthin féinfhostaíocht agus geilleagar sóisialta a chur chun cinn. Ba cheart é a bheith d'aidhm ag CSE+ feabhas a chur ar fheidhmiú na margaí saothair trí thacú le nuachóiriú institiúidí margaidh saothair ar nós na seirbhísí fostaíochta poiblí, chun méadú a dhéanamh ar chumas na seirbhísí sin dianchomhairleoireacht spriocdhírithe agus treoraíocht a thabhairt do dhaoine le linn dóibh a bheith ag cuardach poist agus le linn an aistrithe chun fostaíochta, agus chun soghluaisteacht oibrithe a fheabhsú. Le CSE+, ba cheart rannpháirtíocht sa mhargadh saothair atá cothrom ó thaobh inscne de a chur chun cinn le bearta darb aidhm, inter alia, dálaí oibre comhionanna, cothromaíocht oibre agus saoil níos fearr agus rochtain níos fearr ar chúram leanaí, an cúram agus an t-oideachas luath-óige san áireamh, a áirithiú. Ba cheart é a bheith d'aidhm ag CSE+, freisin, timpeallacht oibre fholláin dea-oiriúnaithe a sholáthar chun dul i ngleic le rioscaí sláinte arb iad athruithe ar dhóigheanna oibre is cúis leo agus chun riar ar riachtanais dhul in aois an lucht saothair.

    (14)

    Ba cheart CSE+ a úsáid chun tacú le feabhas a chur ar cháilíocht, cuimsitheacht, éifeachtacht agus ábharthacht na gcóras oideachais agus oiliúna don mhargadh saothair, lena n-áirítear tríd an bhfoghlaim dhigiteach a chur chun cinn, an fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú, forbairt ghairmiúil ball foirne teagaisc a chur chun cinn chun foghlaim príomhinniúlachtaí a éascú, go háirithe litearthacht sláinte, litearthacht na meán, scileanna fiontraíochta, scileanna teanga, scileanna digiteacha agus inniúlachtaí le haghaidh na forbartha inbhuanaithe a bhfuil gá ag gach duine leo le haghaidh sásamh agus forbairt phearsanta, fostaíochta, cuimsiú sóisialta agus saoránacht ghníomhach. Le CSE+, ba cheart cuidiú le dul chun cinn laistigh den oideachas agus den oiliúint agus san aistriú go hobair, chun tacú leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus leis an infhostaitheacht d'fhonn rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí a éascú do chách, agus cur le hiomaíocht, lena n-airítear trí rianú céimithe agus cur le nuálaíocht sochaí agus eacnamaíoch trí thacú le tionscnaimh inscálaithe inbhuanaithe sna réimsí sin ar féidir iad a oiriúnú do spriocghrúpaí éagsúla, ar nós daoine faoi mhíchumas. D'fhéadfaí cúnamh agus tacaíocht den sórt sin a bhaint amach, mar shampla, trí bhíthin foghlaim ar líne, oiliúint san obair, tréimhsí oiliúna déchórais oideachais agus oiliúna, agus printíseachtaí mar a shainítear sa Mholadh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha, treoraíocht ar feadh an tsaoil, oirchill scileanna i ndlúthchomhar leis an earnáil tionsclaíochta, ábhair oiliúna agus modhanna seachadta cothrom le dáta, tuar agus rianú céimithe, oiliúint oideachasóirí, bailíochtú torthaí foghlama agus aithint cáilíochtaí agus deimhnithe tionscalbhunaithe.

    (15)

    Ba cheart an tacaíocht ó CSE+ a úsáid chun rochtain chomhionann do chách a chur chun cinn, go háirithe do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, ar oideachas agus oiliúint ardcháilíochta neamh-idirdheighilte chuimsitheach, ó oideachas agus cúram luath-óige, agus aird ar leith á tabhairt do leanaí ag teacht ó chúlra faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, trí bhíthin oideachas ginearálta agus gairmoideachas agus gairmoiliúint, printíseachtaí go háirithe, go dtí an t-oideachas tríú leibhéal agus trí bhíthin oideachas agus foghlaim d'aosaigh, lena n-áirítear trí spórt agus gníomhaíochtaí cultúir. Le CSE+, ba cheart tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt d'fhoghlaimeoirí a dteastaíonn cúnamh uathu agus neamhionannais oideachais a laghdú, lena n-áirítear an deighilt dhigiteach, luathfhágáil na scoile a chosc agus a laghdú, tréscaoilteacht a chothú idir an earnáil oideachais agus an earnáil oiliúna, naisc le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a dhaingniú agus soghluaisteacht foghlama do chách agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a éascú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart tacú le sineirgí le Erasmus+ arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), go háirithe chun rannpháirtíocht foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste sa tsoghluaisteacht foghlama a éascú.

    (16)

    Le CSE+, ba cheart deiseanna solúbtha a chur chun cinn ar uasghrádú scileanna agus foghlaim scileanna nua agus scileanna éagsúla do chách, go háirithe scileanna fiontraíochta agus digiteacha agus scileanna le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí cumúsúcháin, agus scileanna le haghaidh an gheilleagair ghlais agus éiceachórais thionsclaíocha i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal A New Industrial Strategy for Europe [Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip}]. I gcomhréir leis an gClár Oibre Eorpach do Scileanna agus leis an Moladh ón gComhairle maidir le Conairí Breisoiliúna (15), le CSE+, ba cheart tacú le conairí solúbtha, lena n-áirítear sprioc-oiliúint ghearr mhodhúil as a ngnóthófar creidiúintí, d'fhonn scileanna a thabhairt do dhaoine a bheidh oiriúnaithe do riachtanais an mhargaidh saothair agus na n-éiceachóras tionsclaíoch, don aistriú glas agus don aistriú digiteach, don nuálaíocht agus don athrú sóisialta agus eacnamaíoch, d'éascú athscilithe agus uas-scilithe, d'aistrithe gairmréime, don tsoghluaisteacht gheografach agus earnálach agus chun tacú go háirithe le daoine ar bheagán scileanna agus cáilíochtaí agus daoine faoi mhíchumas. Chomh maith leis sin, le CSE+, ba cheart é a dhéanamh níos éasca tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair i dtaca le scileanna comhtháthaithe, lena n-áirítear daoine fostaithe, féinfhostaithe agus dífhostaithe, le hionstraimí amhail cuntais foghlama daoine aonair.

    (17)

    Le sineirgí le Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) (Fís Eorpach), ba cheart a áirithiú go bhféadfaí le CSE+ curaclaim nuálacha a dtacaíonn Fís Eorpach leo a phríomhshruthú agus a mhéadú ó thaobh scála chun na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá do phoist an ama atá le teacht a thabhairt do dhaoine.

    (18)

    Le CSE+, ba cheart tacú le hiarrachtaí na mBallstát rannchuidiú leis an mbochtaineacht a dhíothú d'fhonn timthriall an mhíbhuntáiste ó ghlúin go glúin a bhriseadh agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí chomhionannas deiseanna a áirithiú do chách, bacainní a laghdú, dul i ngleic leis an idirdhealú agus aghaidh a thabhairt ar neamhionannais sláinte. Le tacaíocht den sórt sin, tugtar le tuiscint go gcaithfear raon beartas a chur i bhfeidhm lena ndíreofar ar na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste gan beann ar ghnéas, gnéaschlaonadh, aois, reiligiún nó creideamh, bunús ciníoch nó eitneach, go háirithe pobail imeallaithe amhail na Romaigh, daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu, daoine gan dídean, leanaí agus daoine scothaosta. Le CSE+, ba cheart cuimsiú gníomhach daoine atá i bhfad amach ón margadh saothair a chur chun cinn, d'fhonn a lánpháirtiú socheacnamaíoch a chinntiú. Ba cheart, freisin, CSE+ a úsáid chun méadú a dhéanamh ar rochtain thráthúil, chothrom ar sheirbhísí inacmhainne, inbhuanaithe agus ardcháilíochta lena gcuirtear chun cinn rochtain ar thithíocht agus cúram duinelárnaithe amhail cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, go háirithe seirbhísí teaghlaigh agus seirbhísí pobalbhunaithe. Le CSE+, ba cheart rannchuidiú le nuachóiriú na gcóras cosanta sóisialta ag díriú go háirithe ar leanaí agus ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus d'fhonn, go háirithe, inrochtaineacht na gcóras sin a chur chun cinn, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas.

    (19)

    Le CSE+, ba cheart rannchuidiú leis an mbochtaineacht a dhíothú trí thacaíocht a thabhairt do scéimeanna náisiúnta arb é is aidhm dóibh díth bia agus díth ábhartha a mhaolú agus lánpháirtiú sóisialta daoine atá i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta agus lánpháirtiú na ndaoine is díothaí a chur chun cinn. Agus é mar aidhm fhoriomlán go dtacóidh, ar leibhéal an Aontais, íosmhéid 4 % d'acmhainní ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte leis na daoine is díothaí, ba cheart do na Ballstáit 3 % ar a laghad dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte a leithdháileadh chun aghaidh a thabhairt ar na cineálacha bochtaineachta is mó a dtagann eisiamh sóisialta díobh, amhail easpa dídine, bochtaineacht leanaí agus díth bia. Níor cheart go ngabhfadh soláthar bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach do na daoine is díothaí ionad na sochar sóisialta atá ann cheana agus a sholáthraítear dóibh faoi na córais shóisialta náisiúnta nó de bhun an dlí náisiúnta. I ngeall ar chineál na n-oibríochtaí agus ar shaghas na bhfaighteoirí deiridh, tá sé riachtanach rialacha níos simplí a bheith i bhfeidhm maidir le tacaíocht arb é is aidhm di aghaidh a thabhairt ar dhíth ábhartha na ndaoine is díothaí.

    (20)

    De bhrí gur gá i gcónaí feabhas a chur ar na hiarrachtaí a dhéantar sreabha imirce a bhainistiú san Aontas trí chéile agus chun a áirithiú go bhfuil an tacaíocht a thugtar do na hiarrachtaí ar dhlúthpháirtíocht agus ar chomhroinnt freagrachtaí comhleanúnach, tréan agus comhsheasmhach, le CSE+, ba cheart tacaíocht a thabhairt chun lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír a chur chun cinn, lena n-áirítear imircigh, agus féadfar tionscnaimh ar leibhéal áitiúil a bheith san áireamh leo, ar dhóigh atá comhlántach leis na gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoi CTIL, CFRE agus cistí eile Aontais ar féidir leo tionchar dearfach a imirt ar chuimsiú náisiúnach tríú tír.

    (21)

    De bharr a thábhachtaí atá an rochtain ar chúram sláinte, le CSE+, ba cheart sineirgí agus comhlántachtaí a áirithiú le Clár EU4Health, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus ba cheart rochtain ar chúram sláinte do dhaoine i gcásanna leochaileacha a bheith ina cuid de raon feidhme CSE+.

    (22)

    Le CSE+, ba cheart tacú le hathchóirithe ar bheartais agus ar chórais i réimsí na fostaíochta, an chuimsithe shóisialta, na rochtana ar chúram sláinte do dhaoine leochaileacha agus an chúraim fhadtéarmaigh, an oideachais agus na hoiliúna, rud a rannchuideodh leis an mbochtaineacht a dhíothú. Chun an t-ailíniú leis an Seimeastar Eorpach a dhlúthú, ba cheart do na Ballstáit méid iomchuí dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte a chur in áirithe chun moltaí tírshonracha ábhartha a chur chun feidhme a bhaineann le dúshláin struchtúracha arb iomchuí aghaidh a thabhairt orthu le hinfheistíochtaí ilbhliantúla a thagann faoi raon feidhme CSE+, agus an Colún, Scórchlár Sóisialta na dtáscairí arna n-athbhreithniú tar éis ghlacadh na gcuspóirí nua a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta don Cholún Sóisialta, agus sainiúlachtaí réigiúnacha á gcur san áireamh.

    Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhleanúnachas, comhordú agus comhlántacht a áirithiú idir sraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte agus cistí, cláir agus ionstraimí eile an Aontais amhail CUAC, CFRE, Clár EU4Health, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d'Oibrithe Iomarcacha arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), CEMID, Erasmus+, CTIL, Fís Eorpach, CETFT, an Clár don Eoraip Dhigiteach arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) Clár InvestEU, Clár Eoraip na Cruthaitheachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil arna bunú le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

    Go háirithe, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, i ngach céim den phróiseas, comhordú éifeachtach a áirithiú chun comhsheasmhacht, comhleanúnachas, comhlántacht agus sineirge a chosaint i measc foinsí cistiúcháin, lena n-áirítear cúnamh teicniúil ó na foinsí sin.

    (23)

    Trí thacaíocht a thabhairt do na cuspóirí sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo, inter alia, trí rannchuidiú leis an gcuspóir beartais “Eoraip níos sóisialta agus níos cuimsithí lena gcuirtear chun feidhme Colún Eorpach na gCeart Sóisialta” faoi mar a thagraítear dó i Rialachán (AE) 2021/1060,, leanfaidh CSE+ de bheith ag rannchuidiú le straitéisí forbartha críochaí agus áitiúla chun an Colún a chur chun feidhme. Le CSE+, rannchuidítear leis na huirlisí a leagtar amach in Airteagal 28 den Rialachán sin agus, ar an gcaoi sin, rannchuidítear freisin le cuspóir beartais 5 “Eoraip atá níos gaire do na saoránaigh trí fhorbairt inbhuanaithe chomhtháite an uile chineál críoch agus tionscnamh áitiúil a chothú” faoi mar a thagraítear dó i Rialachán (AE) 2021/1060, a sheachadadh, lena n-áirítear trí bhearta maidir le laghdú na bochtaineachta agus an cuimsiú sóisialta, lena gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí na réigiún uirbeach, tuaithe agus cósta á gcur san áireamh d'fhonn dul i ngleic leis na neamhionannais shocheacnamaíocha i gcathracha agus i réigiúin.

    (24)

    Chun a áirithiú go dtabharfar aird chuí ar ghné shóisialta na hEorpa, faoi mar a leagtar amach é sa Cholún, agus go ndíreofar íosmhéid acmhainní orthu sin is mó atá ar an anás, ba cheart do na Ballstáit 25 % ar a laghad dá n-acmhainní CSE+ ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte a leithdháileadh ar chothú an chuimsithe shóisialta.

    (25)

    Chun aghaidh a thabhairt ar leibhéal bhochtaineacht na leanaí san Aontas, a leanann de bheith ard, agus i gcomhréir le prionsabal 11 den Cholún, ina ndeirtear go bhfuil an ceart ag leanaí ar chosaint ar an mbochtaineacht, agus go bhfuil cearta ag leanaí ó chúlra faoi mhíbhuntáiste ar bhearta sonracha chun comhionannas deiseanna a fheabhsú, ba cheart do na Ballstáit méid iomchuí dá n-acmhainní de shraith CSE+ faoi bhainistíocht roinnte a chlársceidealú do chur chun feidhme na Ráthaíochta don Leanbh do ghníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar bhochtaineacht leanaí i gcomhréir le cuspóirí sonracha CSE+ lenar féidir acmhainní a chlársceidealú i dtreo gníomhaíochtaí lena dtugtar tacaíocht dhíreach do rochtain chothrom leanaí ar chúram leanaí, oideachas, cúram sláinte, tithíocht chuibhiúil agus cothú leordhóthanach. Ba cheart do na Ballstáit sin ag a raibh an meánráta leanaí faoi bhun 18 mbliana a bhí i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta don tréimhse idir 2017 agus 2019 os cionn mheán an Aontais don tréimhse chéanna, ar bhonn shonraí Eurostat, 5 % ar a laghad dá n-acmhainní CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí thuasluaite. Ba cheart oibríochtaí lena gcuirtear leis an gceanglas sin maidir le díriú téamach a chur san áireamh i dtreo an cheanglais maidir le díriú téamach 25 % don chuimsiú sóisialta nuair a dhéantar iad a chlársceidealú faoi na cuspóirí sonracha ábhartha.

    (26)

    Chun go n-éascófar téarnamh eacnamaíoch cuimsitheach tar éis géarchéim mhór, agus chun go dtacófar le fostaíocht le haghaidh daoine óga i saol oibre atá ag athrú agus ós rud é go bhfuil ardleibhéil dífhostaíochta agus neamhghníomhaíochta i gcónaí ann do dhaoine óga i roinnt Ballstát agus réigiún, is gá do na Ballstáit méid iomchuí dá n-acmhainní CSE+ a infheistiú i mbearta chun tacú le fostaíocht agus scileanna le haghaidh daoine óga, lena n-áirítear trí scéimeanna faoin Ráthaíocht don Aos Óg. Agus iad ag obair ar bhonn na ngníomhaíochtaí a bhfuil an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg ag tacú leo le linn chlárthréimhse 2014 go 2020 faoi Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) atá dírithe ar dhaoine aonair agus ar bhonn na gceachtanna atá foghlamtha, ba cheart do na Ballstáit tuilleadh tacaíochta a thabhairt don fhostaíocht ardcháilíochta agus do chonairí chun an ath-lánpháirtithe san oideachas agus infheistíocht a dhéanamh i luathchosc agus i bhfor-rochtain éifeachtach trí thosaíocht a thabhairt, i gcás inarb ábhartha, do dhaoine óga atá dífhostaithe go fadtéarmach, atá neamhghníomhach agus atá faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear trí obair óige. Ina theannta sin ba cheart do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i mbearta arb é is aidhm dóibh an t-aistriú ón scoil go dtí an obair a éascú agus in acmhainní leordhóthanacha le haghaidh seirbhísí dífhostaíochta chun tacaíocht shaincheaptha iomlánaíoch agus tairiscintí a bheidh spriocdhírithe níos fearr a thabhairt do dhaoine óga. Tríd an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg a chomhtháthú go hiomlán le CSE+, beidh soláthar gníomhaíochtaí spriocdhírithe maidir le fostaíocht le haghaidh daoine óga níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla agus leathnófar an raon feidhme chun bearta struchtúracha agus athchóirithe a chuimsiú agus, ar an gcaoi sin, áiritheofar go mbeidh comhoiriúnú níos fearr ann idir tacaíocht ó chistiú an Aontais agus cur chun feidhme na ráthaíochta don aos óg daingnithe.

    Ba cheart uasghrádú scileanna agus fáil scileanna nua agus scileanna éagsúla cuidiú le daoine óga breith ar na deiseanna in earnálacha a bhfuil fás fúthu agus ullmhófar iad d'athraitheacht na hoibre agus, san am céanna, bainfear leas dá bharr as na deiseanna a eascróidh ón aistriú digiteach agus ón aistriú glas agus ó chlaochlú éiceachórais thionsclaíocha an Aontais. Dá bhrí sin, na Ballstáit ag a raibh ráta daoine óga idir 15 agus 29 mbliana d'aois nach raibh i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna don tréimhse idir 2017 agus 2019 os cionn mheán an Aontais don tréimhse chéanna, ar bhonn shonraí Eurostat, ba cheart dóibh 12,5 % ar a laghad dá n-acmhainní de shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí sin.

    (27)

    I gcomhréir le hAirteagal 349 CFAE agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 maidir le forálacha speisialta do Chuspóir 6 faoi chuimsiú na gCistí Struchtúracha san Fhionlainn, san Iorua agus sa tSualainn a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994 (25), tá na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin thuaisceartacha is lú daonra i dteideal bearta sonracha faoi chomhbheartais agus faoi chláir an Aontais. I ngeall ar shrianta buana, amhail dídhaonrú, tá gá ag na réigiúin sin le tacaíocht shonrach.

    (28)

    Braitheann cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na ngníomhaíochtaí lena dtacaíonn CSE+ ar dhea-rialachas agus ar chomhpháirtíocht idir na gníomhaithe ar fad ar na leibhéil chríochacha is ábhartha agus na gníomhaithe socheacnamaíocha, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, go leithdháileann na Ballstáit méid iomchuí dá n-acmhainní de shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte chun rannpháirtíocht fhóinteach na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcur chun feidhme CSE+ faoi bhainistíocht roinnte a áirithiú. Ba cheart a áireamh sa rannpháirtíocht sin comhlachtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar ceann na sochaí sibhialta, amhail comhpháirtithe comhshaoil, eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus comhlachtaí atá freagrach as cuimsiú sóisialta, cearta bunúsacha, cearta na ndaoine faoi mhíchumas, comhionannas inscne agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn. Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil moladh tírshonrach acu maidir le fothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta 0,25 % dá acmhainní faoi shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte ar a laghad a leithdháileadh chun na críche sin i ngeall ar na riachtanais shonracha atá acu sa réimse sin.

    (29)

    D'fhonn beartais a dhéanamh níos freagrúla d'athruithe sa tsochaí agus réitigh nuálacha a spreagadh agus a chothú, tá tacaíocht don nuálaíocht shóisialta ríthábhachtach. Go háirithe, trí réitigh nuálacha a thriail agus a mheasúnú sula gcuirtear i bhfeidhm ar scála níos mó iad, cuirtear feabhas ar éifeachtúlacht na mbeartas agus, dá bharr sin, tugtar údar le tacaíocht shonrach ó CSE+. D'fhéadfadh ról lárnach a bheith ag fiontair an gheilleagair shóisialta ról lárnach maidir le nuálaíocht shóisialta a bhaint amach agus maidir le rannchuidiú le hathléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta. Ba cheart an sainmhíniú ar fhiontar geilleagair shóisialta a bheith i gcomhréir leis na sainmhínithe a sholáthraítear sa dlí náisiúnta agus sna Conclúidí ón gComhairle an 7 Nollaig 2015 maidir leis an ngeilleagar sóisialta a chur chun cinn mar phríomhspreagadh don fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta san Eoraip. Thairis sin, d'fhonn foghlaim fhrithpháirteach agus malartú eolais agus cleachtas a fheabhsú, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun leanúint dá ngníomhaíochtaí comhair thrasnáisiúnta faoi bhainistíocht roinnte i réimsí na fostaíochta, an oideachais agus na hoiliúna, agus an chuimsithe shóisialta i gcomhréir le cuspóirí sonracha CSE+.

    (30)

    Ba cheart do Bhallstáit agus don Choimisiún a áirithiú go bhfuil CSE+ ag rannchuidiú le cur chun cinn an chomhionannais idir fir agus mná i gcomhréir le hAirteagal 8 CFAE chun cóir chomhionann agus deiseanna comhionanna idir fir agus mná i ngach réimse a chothú, lena n-áirítear rannpháirtíocht sa mhargadh saothair, téarmaí agus coinníollacha fostaíochta, agus dul chun cinn gairme beatha. Le CSE+, ba cheart dóibh a áirithiú, freisin, go gcuirtear chun cinn comhionannas deiseanna do chách, gan aon idirdhealú, i gcomhréir le hAirteagal 10 CFAE, go gcuirtear chun cinn cuimsiú daoine faoi mhíchumas sa tsochaí ar aon bhonn le daoine eile, agus go rannchuidítear le cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas a glacadh an 13 Nollaig 2006 i Nua-Eabhrac. Le CSE+, ba cheart rannchuidiú le hinrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a chur chun cinn d'fhonn lánpháirtiú san fhostaíocht, san oideachas agus san oiliúint a fheabhsú agus, ar an gcaoi sin, á gcuimsiú i ngach réimse den saol a fheabhsú. Ba cheart cur chun cinn na rochtana sin a chur san áireamh i ngach gné agus i ngach céim d'ullmhú, d'fhaireachán, de chur chun feidhme agus de mheastóireacht clár, ar dhóigh thráthúil chomhsheasmhach agus, san am céanna, deimhin a dhéanamh de go ndéantar gníomhaíochtaí sonracha chun an comhionannas inscne agus comhionannas deiseanna a chur cinn. Ina theannta sin, le CSE+, ba cheart an t-aistriú ó chúram cónaithe nó institiúideach go cúram teaghlaigh agus pobalbhunaithe a chur chun cinn, go háirithe i gcás iad sin a chaithfidh aghaidh a thabhairt ar idirdhealuithe iomadúla. Níor cheart do CSE+ tacaíocht a thabhairt d'aon ghníomhaíocht a chuireann le hidirdheighilt ná le heisiamh sóisialta. Foráiltear le Rialachán (AE) 2021/1060 gur ar an leibhéal náisiúnta atá rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais le bunú, agus eisceachtaí áirithe ann ar gá forálacha sonracha a leagadh síos ina leith i ndáil leis an tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte.

    (31)

    Ba cheart gach oibríocht a roghnú agus a chur chun feidhme agus urraim á tabhairt do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”). Ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar measúnú tráthúil ar ghearáin, lena n-áirítear gearáin a bhaineann le sáruithe ar an gCairt, agus ba cheart dó toradh a mheasúnaithe a chur in iúl don ghearánach i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Eanáir 2017 dar teideal EU Law: Better results through better application [Dlí AE: Torthaí níos fearr trí chur i bhfeidhm níos fearr].

    (32)

    Chun an t-ualach riaracháin a bhaineann le bailiú sonraí a laghdú, ba cheart na ceanglais tuairiscithe a choimeád chomh simplí agus is féidir. I gcás ina mbeidh na sonraí sin ar fáil i gcláir, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a cheadú d'údaráis bhainistíochta sonraí a bhailiú ó chláir.

    (33)

    Maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) ba cheart do rialaitheoirí sonraí náisiúnta a gcuid cúraimí a dhéanamh chun críocha an Rialacháin seo. Ba cheart dínit agus urraim phríobháideachas na bhfaighteoirí deiridh maidir le hoibríochtaí faoin gcuspóir sonrach “aghaidh a thabhairt ar an díth ábhartha trí bhia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a thabhairt do na daoine is díothaí, leanaí san áireamh, agus bearta tionlacain a thacóidh lena lánpháirtiú sóisialta a chur ar fáil” a ráthú. Chun aon stiogmatú a sheachaint, níor cheart é a bheith de cheangal ar na daoine a fhaigheann bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach iad féin a shainaithint agus iad ag fáil na tacaíochta agus páirt á glacadh acu i suirbhéanna ar na daoine is díothaí a bhain tairbhe as CSE+.

    (34)

    Is éard atá sa tástáil shóisialta ná tástáil tionscadal ar scála beag lenar féidir fianaise ar indéantacht nuálaíochtaí sóisialta a bhailiú. Ba cheart é a bheith indéanta smaointe a thástáil ar an leibhéal áitiúil, agus ba cheart sin a spreagadh, agus na smaointe atá inchurtha i ngníomh a shaothrú ar scála níos leithne, i gcás inarb iomchuí, nó iad a aistriú chuig comhthéacsanna eile i réigiúin nó i mBallstáit éagsúla le tacaíocht airgeadais ó CSE+ nó i gcomhcheangal le foinsí eile.

    (35)

    Le CSE+, leagtar síos forálacha arb é is aidhm dóibh saorghluaiseacht d'oibrithe a bhaint amach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach trí dhlúthchomhar a áirithiú idir seirbhísí fostaíochta poiblí na mBallstát, an Choimisiúin agus na gcomhpháirtithe sóisialta. Le líonra Eorpach na seirbhísí fostaíochta, ba cheart dea-fheidhmiú na margaí saothair a chur chun cinn, trí shoghluaisteacht thrasteorann oibrithe a éascú, go háirithe trí chomhpháirtíochtaí trasteorann, agus trédhearcacht faisnéise níos fearr maidir leis na margaí saothair a chothú. Faoi raon feidhme CSE+, ba cheart a áireamh an tacaíocht a thugtar do scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe agus an fhorbairt a dhéantar ar scéimeanna den saghas sin, d'fhonn folúntais a líonadh aon áit sa mhargadh saothair inar sainaithníodh easnaimh.

    (36)

    Tá easpa rochtana ar mhaoiniú do mhicrifhiontair, d'fhiontair shóisialta agus don gheilleagar sóisialta ar cheann de na príomhbhacainní atá roimh chruthú gnó, go háirithe i measc na ndaoine is faide ón margadh saothair. Faoi shraith EaSI, ba cheart forálacha a leagan síos leis an Rialachán seo chun éiceachóras margaidh a chruthú chun cur leis an maoiniú a sholáthraítear d'fhiontair shóisialta agus a rochtain ar an maoiniú sin a mhéadú, mar aon le riar ar éileamh iad sin is mó a bhfuil gá acu le maoiniú, go háirithe daoine dífhostaithe, mná agus daoine leochaileacha ar mian leo micrifhiontar a thionscnamh nó a fhorbairt. Déanfar an cuspóir sin a shaothrú le hionstraimí airgeadais agus le ráthaíochtaí buiséadacha faoi réimse bheartais infheistíochta sóisialta agus scileanna chiste InvestEU. Ba cheart a mheas gur fiontair shóisialta iad fiontair an gheilleagair shóisialta, i gcás ina sainítear iad faoin dlí náisiúnta, i gcomhthéacs shraith EaSI, gan beann ar a stádas dlíthiúil, a mhéid a thagann na fiontair sin faoi chuimsiú an tsainmhínithe ar fhiontar sóisialta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

    (37)

    D'fhéadfadh ról fíorthábhachtach a bheith ag gníomhaithe margaidh, gníomhaithe daonchairdis san áireamh, ó thaobh cuspóirí áirithe de chuid CSE+ a shroicheadh, de bharr go mbíonn maoiniú le tabhairt acu agus gur dóigheanna nuálacha comhlántacha na dóigheanna atá acu chun an t-eisiamh sóisialta agus an bhochtaineacht a chomhrac, an dífhostaíocht a laghdú agus rannchuidiú le baint amach SDGanna. Dá bhrí sin, ba cheart gníomhaithe daonchairdis amhail fondúireachtaí agus deonaithe a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí de chuid CSE+, mar is iomchuí, agus ar choinníoll nach bhfuil clár oibre polaitiúil ná sóisialta acu atá i gcoinbhleacht le hidéil an Aontais, go háirithe na gníomhaíochtaí sin arb é is aidhm dóibh éiceachóras margaidh na hinfheistíochta sóisialta a fhorbairt.

    (38)

    Tá gá le treoir faoi shraith EaSI maidir le bonneagair shóisialta agus seirbhísí gaolmhara a fhorbairt, go háirithe maidir le tithíocht shóisialta, cúram leanaí agus oideachas, cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, lena n-áirítear saoráidí chun cabhrú le haistrithe ó sheirbhísí institiúide go seirbhísí cúraim pobalbhunaithe agus teaghlaigh agus ceanglais inrochtaineachta do dhaoine faoi mhíchumas á gcur san áireamh.

    (39)

    Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras a chur chun feidhme, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (27), agus SDGanna, leis an Rialachán seo, rannchuideofar leis na gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus le sprioc fhoriomlán a bhaint amach, 30 % de chaiteachas buiséadach an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn chéim an ullmhaithe agus an chur chun feidhme, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin mar chuid den mheastóireacht mheántéarmach.

    (40)

    De bhun Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (28), tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear le bheith incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí shraith EaSI agus faoi réir aon socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann na tíortha nó na críocha ábhartha thar lear.

    (41)

    Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (29), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme na gclár le cinneadh de bhun an chomhaontaithe sin. Féadfaidh tríú tíortha páirt a ghlacadh de bhun ionstraimí dlí eile freisin. Ba cheart foráil shonrach a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach.

    (42)

    Is iomchuí na príomhtháscairí a leagan síos chun críoch tuairiscithe faoi shraith EaSI. Ba cheart na táscairí sin a bheith bunaithe ar aschur, oibiachtúil, éasca le haisghabháil, agus comhréireach le sciar shraith EaSI laistigh de CSE+ ina iomláine. Leis na táscairí, ba cheart na cuspóirí oibríochtúla agus na gníomhaíochtaí cistiúcháin faoi shraith EaSI a chumhdach, gan gá le spriocanna comhfhreagracha a leagan síos.

    (43)

    I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (31), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (32) agus (AE) 2017/1939 (33) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí, a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag OLAF imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

    Tugtar de chumhacht d'Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34) a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

    (44)

    Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, duaiseanna, soláthar, agus bainistíocht indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

    (45)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon feabhas a chur ar éifeachtacht na margaí saothair agus rochtain chothrom ar fhostaíocht ardcháilíochta a chur chun cinn, feabhas a chur ar an rochtain ar oideachas agus ar oiliúint, agus ar cháilíocht na nithe sin, cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a dhíothú, chomh maith leis na cuspóirí a shaothraítear faoi shraith EaSI, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (46)

    Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hiarscríbhinní maidir leis na táscairí a leasú agus a fhorlíonadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (35). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (47)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann leis an tsamhail don suirbhé struchtúrtha ar fhaighteoirí deiridh, ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36), i ngeall ar chineál na samhla sin.

    (48)

    Chun gur féidir mearfhreagairt a thabhairt ar imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha dá dtagraítear sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus a d'fhéadfadh teacht chun cinn le linn na clárthréimhse, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun bearta sealadacha a ghlacadh chun úsáid na tacaíochta ó CSE+ a éascú mar fhreagairt ar na himthosca sin, agus uasteorainn ama 18 mí a bheith i gceist leis sin. Ba cheart don Choimisiún na bearta is iomchuí a ghlacadh i bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha atá ag Ballstát agus, san am céanna, cuspóirí CSE+ á gcaomhnú ach níor cheart go n-áireofaí leis sin leasuithe ar na ceanglais maidir le díriú téamach. Anuas air sin, ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann leis na bearta sealadacha le haghaidh úsáid tacaíocht ó CSE+ mar fhreagra ar imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha a thabhairt don Choimisiún gan nósanna imeachta coiste, ós rud é gur leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a shocraítear raon feidhme chur i bhfeidhm na mbeart sin agus go bhfuil sé teoranta do na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart sealadach agus measúnú a dhéanamh ar a n-oiriúnacht. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur gá an Rialachán seo a leasú de bharr imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha, níor cheart go n-áireofaí i raon feidhme an leasaithe na ceanglais maidir le díriú téamach a bhaineann le fostaíocht le haghaidh daoine óga ná tacaíocht do na daoine is díothaí ós rud é gurb iad daoine óga agus na daoine is díothaí is mó a ndéantar dochar dóibh mar gheall ar chásanna géarchéime den chineál sin. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go leanfaidh na spriocghrúpaí sin de mhéid leordhóthanach tacaíochta a fháil.

    (49)

    Agus CSE+ á riar, ba cheart do Choiste dá bhforáiltear in Airteagal 163 CFAE (Coiste CSE+) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Ionas go mbeidh Coiste CSE+ in ann an fhaisnéis uile is gá a bheith ar fáil dó agus raon leathan tuairimí a fháil ó gheallsealbhóirí ábhartha, ba cheart do Choiste CSE+ a bheith in ann cuireadh a thabhairt d'ionadaithe nach bhfuil ceart vótála acu ar choinníoll go bhfuil gá lena rannpháirtíocht i dtaca le clár oibre an chruinnithe, lena n-áirítear ionadaithe de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus an Chiste Eorpaigh Infheistíochta agus eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta.

    (50)

    Chun a áirithiú go leanfar d'aghaidh a thabhairt ar na sainiúlachtaí ag gach ceann de shraitheanna de CSE+, ba cheart do Choiste CSE+ meithleacha a bhunú do gach ceann de shraith CSE+. Déanfaidh Coiste CSE+ comhdhéanamh agus cúraimí na meithleacha sin a bhunú. Ba cheart an deis a bheith ag na meithleacha cuireadh a thabhairt d'ionadaithe na sochaí sibhialta mar aon le geallsealbhóirí eile teacht chuig a gcruinnithe. Ar na cúraimí a bheidh ar na meithleacha, féadfar comhordú agus comhar idir údaráis na mBallstát agus an Coimisiún a áirithiú maidir le cur chun feidhme CSE+ a bheith san áireamh, lena n-áirítear comhairliúchán faoi chlár oibre shraith EaSI, faireachán ar chur chun feidhme gach sraith CSE+, taithí agus dea-chleachtas a mhalartú thar agus laistigh de shraitheanna CSE+ agus sineirgí féideartha a chothú le cláir eile an Aontais.

    (51)

    Chun trédhearcacht níos fearr a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún na naisc riachtanacha a bhunú leis na coistí beartais ábhartha atá gníomhach sa réimse sóisialta agus fostaíochta, amhail an Coiste um Fhostaíocht agus um Chosaint Shóisialta nó an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair.

    (52)

    I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain i gcomhair gníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, níl na costais arna dtabhú roimh an dáta a chuirfear isteach an t-iarratas ar dheontas incháilithe, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun aon chur isteach ar thacaíocht ón Aontas a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais a sheachaint, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann foráil a dhéanamh sa chinneadh maoiniúcháin, le linn tréimhse theoranta ama ag tús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021 go 2027, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus sna cásanna sin amháin, d'incháilitheacht gníomhaíochtaí agus costas ó thús na bliana airgeadais 2021, fiú más rud é gur cuireadh chun feidhme agus gur tabhaíodh iad sular cuireadh isteach an t-iarratas ar dheontas.

    (53)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 a aisghairm.

    (54)

    Chun leanúnachas a áirithiú i ndáil le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun go bhféadfar an cur chun feidhme a dhéanamh amhail ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021 go 2027, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus ba cheart feidhm a bheith aige le héifeacht chúlghabhálach i ndáil le sraith EaSI, ón 1 Eanáir 2021,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CLÁR NA nÁBHAR

    Cuid I

    Forálacha ginearálta

    Airteagal 1

    Ábhar

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Airteagal 3

    Cuspóirí ginearálta CSE+ agus modhanna cur chun feidhme

    Airteagal 4

    Cuspóirí sonracha CSE+

    Airteagal 5

    An buiséad

    Airteagal 6

    Comhionannas inscne, comhionannas deiseanna agus neamh-idirdhealú

    Cuid II

    Cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte

    Caibidil I

    Forálacha coiteanna maidir le clársceidealú

    Airteagal 7

    Comhsheasmhacht agus díriú téamach

    Airteagal 8

    Urraim don Chairt

    Airteagal 9

    Comhpháirtíocht

    Airteagal 10

    Tacaíocht do na daoine is díothaí

    Airteagal 11

    Tacaíocht d'fhostaíocht le haghaidh daoine óga

    Airteagal 12

    Tacaíocht do mholtaí tírshonracha ábhartha

    Caibidil II

    Tacaíocht ghinearálta ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte

    Airteagal 13

    Raon feidhme

    Airteagal 14

    Gníomhaíochtaí nuálacha sóisialta

    Airteagal 15

    Comhar trasnáisiúnta

    Airteagal 16

    Incháilitheacht

    Airteagal 17

    Táscairí agus tuairisciú

    Caibidil III

    Tacaíocht ó CSE+ chun aghaidh a thabhairt ar dhíth ábhartha

    Airteagal 18

    Raon feidhme

    Airteagal 19

    Prionsabail

    Airteagal 20

    Ábhar na tosaíochta

    Airteagal 21

    Incháilitheacht oibríochtaí

    Airteagal 22

    Incháilitheacht caiteachais

    Airteagal 23

    Táscairí agus tuairisciú

    Airteagal 24

    Iniúchadh

    Cuid III

    Cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach

    Caibidil I

    Cuspóirí oibríochtúla

    Airteagal 25

    Cuspóirí oibríochtúla

    Caibidil II

    Incháilitheacht

    Airteagal 26

    Gníomhaíochtaí incháilithe

    Airteagal 27

    Eintitis incháilithe

    Airteagal 28

    Prionsabail ghinearálta

    Airteagal 29

    Rannpháirtíocht tríú tíortha

    Caibidil III

    Forálacha ginearálta

    Airteagal 30

    Foirmeacha chistiú an Aontais agus modhanna cur chun feidhme

    Airteagal 31

    Clár oibre

    Airteagal 32

    Faireachán agus tuairisciú

    Airteagal 33

    Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

    Airteagal 34

    Meastóireacht

    Airteagal 35

    Iniúchtaí

    Airteagal 36

    Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

    CUID IV

    Forálacha críochnaitheacha

    Airteagal 37

    An tarmligean a fheidhmiú

    Airteagal 38

    An nós imeachta coiste maidir le sraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte

    Airteagal 39

    Coiste arna bhunú faoi Airteagal 163 CFAE

    Airteagal 40

    Forálacha idirthréimhseacha do shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte

    Airteagal 41

    Forálacha idirthréimhseacha do shraith EaSI

    Airteagal 42

    Teacht i bhfeidhm

    IARSCRÍBHINN I

    Comhtháscairí maidir le tacaíocht ghinearálta ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte

    IARSCRÍBHINN II

    Comhtháscairí maidir le gníomhaíochtaí CSE+ lena ndírítear ar chuimsiú sóisialta na ndaoine is díothaí faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (l), i gcomhréir le hAirteagal 7(5), an chéad fhomhír

    IARSCRÍBHINN III

    Comhtháscairí maidir le tacaíocht ó CSE+ chun aghaidh a thabhairt ar dhíth ábhartha

    IARSCRÍBHINN IV

    Táscairí maidir le sraith EaSI

    CUID I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Rialachán seo, bunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), ina bhfuil dhá shraith: an tsraith atá faoi bhainistíocht roinnte (sraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte) agus an tsraith maidir le Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta (sraith EaSI).

    Leagtar síos leis an Rialachán seo cuspóirí CSE+, a bhuiséad don tréimhse 2021 go 2027, na modhanna cur chun feidhme, foirmeacha chistiú an Aontais agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn “foghlaim ar feadh an tsaoil” foghlaim i ngach foirm, eadhon, foghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, a tharlaíonn ag gach céim den saol agus as a dtagann feabhas nó nuashonrú ar eolas, scileanna, inniúlachtaí agus dearcthaí nó rannpháirtíocht sa tsochaí ó thaobh pearsanta, sibhialta, cultúrtha, sóisialta nó fostaíochta de, lena n-áirítear seirbhísí comhairliúcháin agus treorach a chur ar fáil; airítear leis sin oideachas agus cúram na luath-óige, oideachas ginearálta, gairmoideachas agus gairmoiliúint, ardoideachas, agus oideachas aosach, obair óige agus dálaí foghlama eile a tharlaíonn lasmuigh d'oideachas agus d'oiliúint fhoirmiúil agus go hiondúil cuireann sé comhar trasearnála agus conair foghlama solúbtha chun cinn;

    (2)

    ciallaíonn “náisiúnach tríú tír” duine nach saoránach den Aontas é nó í, lena n-áirítear daoine gan stát agus daoine nach bhfuil a náisiúntacht chinntithe acu;

    (3)

    ciallaíonn “cúnamh ábhartha bunúsach” earraí a riarann ar riachtanais bhunúsacha duine ionas go bhféadfaidh an duine sin a bheatha nó a beatha a chaitheamh go díniteach, amhail éadach, earraí sláinteachais, lena n-áirítear táirgí sláinteachais do mhná, ábhar scoile;

    (4)

    ciallaíonn “grúpa faoi mhíbhuntáiste” grúpa daoine i gcásanna leochaileacha, lena n-áirítear daoine atá buailte leis an mbochtaineacht nó i mbaol na bochtaineachta, an eisiaimh shóisialta nó an idirdhealaithe ina n-ilghnéithe;

    (5)

    ciallaíonn “príomhinniúlachtaí” an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí a bhfuil gá ag gach duine leo, i gcéim ar bith den saol, dá sásamh pearsanta agus dá bhforbairt phearsanta, fostaíochta, cuimsiú sóisialta agus saoránacht ghníomhach, eadhon, an litearthacht; an t-ilteangachas; matamaitic, eolaíocht, teicneolaíocht, na healaíona agus innealtóireacht; scileanna digiteacha; scileanna sna meáin; gnóthaí pearsanta, gnóthaí sóisialta agus foghlaim chun scileanna a fhoghlaim; scileanna gníomhacha saoránachta; an fhiontraíocht; feasacht agus léiriú cultúrtha agus idirchultúrtha; agus smaointeoireacht chriticiúil;

    (6)

    ciallaíonn “na daoine is díothaí” daoine nádúrtha, cibé acu daoine aonair, teaghlaigh nó grúpaí de na daoine sin iad, lena n-áirítear leanaí i gcásanna leochaileacha agus daoine gan dídean, ar suíodh a ngá le cúnamh de réir na gcritéar oibiachtúil a leag na húdaráis inniúla náisiúnta síos i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, agus coinbhleachtaí leasa á seachaint, agus a bhféadfaidh eilimintí a bheith ar áireamh iontu lena gceadófar díriú ar na daoine is díothaí i limistéir gheografacha ar leith;

    (7)

    ciallaíonn “faighteoir deiridh” na daoine is díothaí a fhaigheann tacaíocht mar a shainítear in Airteagal 4, pointe (m);

    (8)

    ciallaíonn “nuálaíocht shóisialta” gníomhaíocht atá sóisialta ó thaobh a cuspóra agus a riachtanas de araon, go háirithe aon ghníomhaíocht a bhaineann le forbairt agus le cur chun feidhme smaointe nua maidir le táirgí, seirbhísí, cleachtais agus samhlacha a riarann ar riachtanais shóisialta agus, san am céanna, a chruthaíonn saghsanna nua caidrimh nó comhair shóisialta nua idir eagraíochtaí poiblí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus/nó eagraíochtaí príobháideacha agus, dá bharr sin, a dhéanann leas na sochaí agus a threisíonn freisin cumas na sochaí chun gníomhú;

    (9)

    ciallaíonn “beart tionlacain” gníomhaíocht a dhéantar sa bhreis ar dháileadh bia agus/nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh agus é mar aidhm acu aghaidh a thabhairt ar an eisiamh sóisialta agus rannchuidiú leis an mbochtaineacht a dhíothú, amhail tarchuir chuig nó seirbhísí sóisialta agus sláinte a sholáthar, tacaíocht shíceolaíoch san áireamh, agus daoine a chur ar aghaidh chucu, faisnéis ábhartha a sholáthar faoi sheirbhísí poiblí nó comhairle faoi bhuiséad teaghlaigh a bhainistiú;

    (10)

    ciallaíonn “tástáil shóisialta” idirghabháil bheartais arb é is aidhm dóibh freagairt nuálach a thabhairt ar riachtanais shóisialta agus a chuirtear chun feidhme ar scála beag agus i ndálaí a fhágann gur féidir a tionchar a thomhas sula gcuirtear chun feidhme i gcomhthéacsanna eile í, lena n-áirítear comhthéacsanna geografacha nó earnálacha, nó curtha chun feidhme ar scála níos mó, má bhíonn na torthaí dearfach;

    (11)

    ciallaíonn “comhpháirtíocht trasteorann” struchtúr comhair idir seirbhísí poiblí fostaíochta, na comhpháirtithe sóisialta nó an tsochaí shibhialta atá lonnaithe in dhá Bhallstát ar a laghad;

    (12)

    ciallaíonn “micrifhiontar” fiontar ag a bhfuil níos lú ná 10 bhfostaí agus ar lú ná EUR 2 000 000 a láimhdeachas bliantúil nó a chlár comhardaithe bliantúil;

    (13)

    ciallaíonn “fiontar sóisialta” gnóthas, gan beann ar a fhoirm dhlí, lena n-áirítear fiontair an gheilleagair shóisialta nó duine nádúrtha:

    (a)

    arb é is príomhaidhm shóisialta dó, i gcomhréir lena airteagail chomhlachais, lena reachtanna nó le haon doiciméad dlíthiúil eile lenar bunaíodh an gnó agus a bhféadfadh dliteanas teacht as de réir dhlíthe an Bhallstáit ina bhfuil fiontar sóisialta lonnaithe, tionchair shóisialta dhearfacha intomhaiste a bhaint amach, tionchair ar an gcomhshaol ina measc, seachas brabús a ghiniúint chun críoch eile, agus a sholáthraíonn seirbhísí nó earraí lena ngintear sochar sóisialta, agus/nó a úsáideann modhanna táirgthe earraí nó seirbhísí lena gcuimsítear cuspóirí sóisialta;

    (b)

    a úsáideann a chuid brabús go príomha chun a phríomhaidhm shóisialta a bhaint amach agus a bhfuil nósanna imeachta agus rialacha réamhshainithe lena n-áirithítear nach dtagann dáileadh brabús den sórt sin salach ar an bpríomhaidhm shóisialta;

    (c)

    a bhainistítear ar dhóigh fhiontraíoch, rannpháirtíoch, chuntasach agus thrédhearcach, go háirithe trí ról a thabhairt d'oibrithe, do chustaiméirí agus do gheallsealbhóirí a mbíonn tionchar ag a chuid gníomhaíochtaí gnó orthu;

    (14)

    ciallaíonn “luach tagartha” luach a úsáidtear chun spriocanna a leagan síos do chomhtháscairí toraidh agus do tháscairí toraidh clárshonracha, agus atá bunaithe ar idirghabhálacha comhchosúla atá ann nó a bhí ann;

    (15)

    ciallaíonn “costais a bhaineann le bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a cheannach” na costais iarbhír don tairbhí a bhaineann le bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a cheannach, agus gan sin teoranta do phraghas an bhia agus/nó an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh;

    (16)

    áirítear le “micreamhaoiniú” ráthaíochtaí, micrichreidmheas, cothromas agus cuasachothromas, in éineacht le seirbhísí forbartha gnó tionlacain, amhail na seirbhísí sin arna soláthar i bhfoirm comhairleoireacht, oiliúint agus meantóireacht aonair do dhaoine agus do mhicrifhiontair ar doiligh dóibh creidmheas a rochtain chun críche gníomhaíochtaí gairmiúla agus gníomhaíochtaí ginte ioncaim;

    (17)

    ciallaíonn “oibríocht mheasctha” gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráid mheasctha nó ardán measctha de bhun Airteagal 2, pointe (6) den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-iníoctha tacaíochta nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais d'fhoirmeacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

    (18)

    ciallaíonn “eintiteas dlítheanach” aon duine nádúrtha, nó aon duine dlítheanach a chruthaítear agus a aithnítear amhlaidh faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais, faoin dlí náisiúnta, nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a bhfuil sé de chumas aige a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas gan phearsantacht dlí dá dtagraítear in i gcomhréir le hAirteagal 197(2), pointe (c), den Rialachán Airgeadais;

    (19)

    ciallaíonn “comhtháscairí toraidh láithreacha” comhtháscairí toraidh lena léirítear éifeachtaí laistigh de 4 seachtaine ón lá a bhfuil an oibríocht fágtha ag an rannpháirtí;

    (20)

    ciallaíonn “comhtháscairí toraidh is fadtéarmaí” táscaire toraidh lena léirítear éifeachtaí 6 mhí tar éis don rannpháirtí an oibríocht a fhágáil.

    2.   Na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1060, beidh feidhm acu freisin maidir le sraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte.

    Airteagal 3

    Cuspóirí ginearálta CSE+ agus modhanna cur chun feidhme

    1.   Tá sé d'aidhm ag CSE+ tacú leis na Ballstáit agus leis na réigiúin ardleibhéil fostaíochta agus cosaint shóisialta chothrom a bhaint amach agus lucht saothair oilte athléimneach a bheith acu a bheidh ullamh don saol oibre atá le teacht, chomh maith le sochaithe cuimsitheacha, comhtháite arb é is aidhm dóibh díothú na bochtaineachta agus gnóthú na bprionsabal a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta.

    2.   Le CSE+, déanfar beartais na mBallstát a thacú agus a comhlánú agus cuirfear luach leo chun comhionannas deiseanna, rochtain chomhionann ar an margadh saothair, dálaí oibre córa ardcháilíochta, cosaint agus cuimsiú sóisialta, ag díriú go háirithe ar oideachas agus oiliúint ardcháilíochta agus uilechuimsitheach, foghlaim ar feadh an tsaoil, infheistíocht i leanaí agus daoine óga agus rochtain ar sheirbhísí bunúsacha, a áirithiú.

    3.   Cuirfear CSE+ chun feidhme:

    (a)

    faoi bhainistíocht roinnte, i gcás na coda sin den chúnamh a fhreagraíonn do na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1) (sraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte); agus

    (b)

    faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, i gcás na coda sin den chúnamh a fhreagraíonn do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus Airteagal 25 (sraith EaSI).

    Airteagal 4

    Cuspóirí sonracha CSE+

    1.   Le CSE+, tacófar leis na cuspóirí sonracha seo a leanas i réimsí beartais na fostaíochta agus soghluaisteachta lucht saothair, an oideachais, an chuimsithe shóisialta, lena n-áirítear rannchuidiú le díothú na bochtaineachta, agus sa chaoi sin, rannchuideofar freisin leis an gcuspóir beartais “Eoraip níos sóisialta agus níos cuimsithe – Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme” dá dtagraítear in Airteagal 5, pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/1060:

    (a)

    an fhostaíocht agus bearta gníomhachtúcháin a dhéanamh níos inrochtana do gach cuardaitheoir poist, go háirithe do dhaoine óga atá dífhostaithe, tríd an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme go speisialta, agus do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach mar aon le grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh an mhargaidh saothair de, agus do dhaoine neamhghníomhacha, chomh maith leis an bhféinfhostaíocht agus an geilleagar sóisialta a chur chun cinn;

    (b)

    institiúidí agus seirbhísí an mhargaidh saothair a nuachóiriú chun riachtanais scileanna a mheasúnú agus chun na riachtanais sin a thuar agus chun cúnamh agus tacaíocht thráthúil shaincheaptha a áirithiú don chomhoiriúnú sa mhargadh saothair, d'aistrithe agus do shoghluaisteacht;

    (c)

    rannpháirtíocht sa mhargadh saothair atá cothrom ó thaobh inscne de, dálaí oibre comhionanna, agus cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a chur chun cinn, lena n-áirítear trí rochtain ar chúram leanaí inacmhainne, agus ar chúram do dhaoine spleácha;

    (d)

    oiriúnú oibrithe, fiontar agus fiontraithe d'athrú a chur chun cinn mar aon le haosú gníomhach folláin agus timpeallacht oibre shláintiúil dhea-oiriúnaithe ina dtugtar aghaidh ar rioscaí sláinte;

    (e)

    feabhas a chur ar chórais oideachais agus oiliúna ó thaobh cáilíochta, cuimsitheachta, éifeachtachta agus ábharthachta don mhargadh saothair, lena n-áirítear trí fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú, chun sealbhú príomhinniúlachtaí a éascú, scileanna fiontraíochta agus digiteacha san áireamh, agus trí thabhairt isteach córas dé-oiliúna agus printíseachtaí a chur chun cinn;

    (f)

    rochtain chomhionann ar oideachas agus ar oiliúint ardcháilíochta chuimsitheach a chur chun cinn, go háirithe do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, agus go gcríochnódh daoine an t-oideachas agus an oiliúint sin, ó chéim an oideachais agus an chúraim luathóige go dtí céim an oideachais ghinearálta agus an ghairmoideachais agus, go dtí céim an oideachais tríú leibhéal, mar aon leis an oideachas agus leis an bhfoghlaim d'aosaigh, lena n-áirítear soghluaisteacht foghlama do chách agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumais a éascú;

    (g)

    an fhoghlaim feadh an tsaoil, go háirithe deiseanna solúbtha uas-scilithe agus athscilithe do chách, a chur chun cinn agus scileanna fiontraíochta agus digiteacha á gcur san áireamh, athruithe agus riachtanais nua scileanna a thuar ar dhóigh níos cruinne ar bhonn riachtanais an mhargaidh saothair, aistrithe gairme beatha a éascú agus an tsoghluaisteacht ghairmiúil a chur chun cinn;

    (h)

    cuimsiú gníomhach a chothú d'fhonn comhionannas deiseanna, neamh-idirdhealú agus rannpháirtíocht ghníomhach a chur chun cinn agus an infhostaitheacht a fheabhsú, go háirithe do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste;

    (i)

    lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír, lena n-áirítear imircigh, a chur chun cinn;

    (j)

    lánpháirtiú socheacnamaíoch pobal imeallaithe, amhail Romaigh, a chur chun cinn;

    (k)

    feabhas a chur ar rochtain chomhionann thráthúil ar sheirbhísí ardcháilíochta, inbhuanaithe, agus inacmhainne, lena n-áirítear seirbhísí a chuireann chun cinn rochtain ar thithíocht agus ar chúram sláinte atá duineláraithe, lena n-áirítear cúram sláinte; córais cosanta sóisialta a nuachóiriú, lena n-áirítear rochtain ar chosaint shóisialta a chur chun cinn, agus béim ar leith á leagan ar leanaí agus ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste; feabhas a chur ar inrochtaineacht lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas, ar éifeachtacht agus ar athléimneacht córas sláinte agus seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh;

    (l)

    lánpháirtiú sóisialta daoine atá i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta a chur chun cinn, na daoine is díothaí agus leanaí san áireamh;

    (m)

    aghaidh a thabhairt ar an díth ábhartha trí bhia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a thabhairt do na daoine is díothaí, leanaí san áireamh, agus bearta tionlacain a thacóidh lena lánpháirtiú sóisialta a chur ar fáil.

    2.   Leis na gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme faoin tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte chun na cuspóirí sonracha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bhaint amach, beidh sé d'aidhm ag CSE+ rannchuidiú leis na cuspóirí eile beartais a liostaítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/1060, go háirithe na cuspóirí sin a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    Eoraip níos cliste a bhaint amach, trí scileanna do speisialú cliste a fhorbairt, scileanna do na príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin, aistriú tionsclaíoch, comhar earnálach i leith scileanna agus fiontraíochta, oiliúint taighdeoirí, gníomhaíochtaí líonrúcháin agus comhpháirtíochtaí idir institiúidí ardoideachais, institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna, mar aon le lárionaid, fiontair agus braislí taighde agus teicneolaíochta, agus tacaíocht do mhicrifhiontair, d'fhiontair bheaga, d'fhiontair mheánmhéide agus don gheilleagar sóisialta;

    (b)

    Eoraip níos glaise agus ar bheagán carbóin a bhaint amach, trí fheabhas a chur ar na córais oideachais agus oiliúna is gá chun scileanna agus cáilíochtaí a oiriúnú, gach duine a uas-sciliú, lucht saothair san áireamh, poist nua a chruthú in earnálacha a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an aeráid, le fuinneamh, leis an ngeilleagar ciorclach agus leis an mbithgheilleagar.

    3.   I gcás inar gá mar bheart sealadach chun freagairt ar imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2021/1060, agus teoranta do thréimhse 18 mí, le CSE+, féadfar tacú leis an méid a leanas:

    (a)

    scéimeanna oibre gearr-ama a mhaoiniú gan an ceanglas gur cheart iad a chomhcheangal le bearta gníomhacha;

    (b)

    rochtain ar chúram sláinte lena n-áirítear do dhaoine nach mbaineann leochaileacht shoch-eacnamaíoch láithreach leo.

    4.   I gcás, ar iarraidh a bheith tíolactha ag na Ballstáit lena mbaineann, ina gcinnfidh an Coimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos i mír 3, glacfaidh sé cinneadh cur chun feidhme ina sonrófar an tréimhse a n-údaraítear an tacaíocht shealadach bhreise ó CSE+ lena linn.

    5.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme mhír 3 den Airteagal seo agus déanfaidh sé measúnú an leor an tacaíocht shealadach bhreise ó CSE+ chun úsáid na tacaíochta ó CSE+ a éascú mar fhreagairt ar na himthosca eisceachtúla nó neamhghnácha. Ar bhonn a mheasúnaithe, molfaidh an Coimisiún leasuithe, i gcás inarb iomchuí, ar an Rialachán seo, lena n-áirítear maidir leis na ceanglais um dhíriú téamach a leagtar amach in Airteagal 7, seachas an ceanglas um dhíriú téamach in Airteagal 7(5) agus (6).

    Airteagal 5

    An buiséad

    1.   EUR 87 995 063 417 i bpraghsanna 2018 a bheidh san imchlúdach airgeadais iomlán do chur chun feidhme CSE+ don tréimhse 2021 go 2027.

    2.   EUR 87 319 331 844 i bpraghsanna 2018, a bheidh sa chuid sin den imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte chun rannchuidiú leis an sprioc arb í infheistíocht le haghaidh post agus fáis i mBallstáit agus i réigiúin dá tagraítear in Airteagal 5(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/1060, agus de sin leithdháilfear EUR 175 000 000 do chomhar trasnáisiúnta chun dlús a chur le haistriú réiteach nuálach agus uas-scálú na réiteach nuálach a éascú, dá dtagraítear in Airteagal 25, pointe (i), den Rialachán seo, agus leithdháilfear EUR 472 980 447, i bpraghsanna 2018, ina chistiú breise do na réigiúin is forimeallaí arna sainaithint in Airteagal 349 CFAE agus do réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhlíonann na critéir atá leagtha síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 maidir le forálacha speisialta do Chuspóir 6 faoi chuimsiú na gCistí Struchtúracha san Fhionlainn, san Iorua agus sa tSualainn a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994 (Prótacal Uimh. 6).

    3.   EUR 675 731 573 i bpraghsanna 2018 a bheidh sa chuid sin den imchlúdach airgeadais do shraith EaSI don tréimhse 2021 go 2027.

    4.   Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 3 a úsáid freisin le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin chun sraith EaSI a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha san áireamh.

    Airteagal 6

    Comhionannas inscne, comhionannas deiseanna agus neamh-idirdhealú

    Tacóidh Ballstáit agus an Coimisiún le gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun na prionsabail chothrománacha dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus in Airteagal 28 den Rialachán seo a chur chun cinn faoi chuimsiú aon cheann de chuspóirí CSE+. Ar na gníomhaíochtaí sin, féadfar gníomhaíochtaí a áireamh lena n-áiritheofaí inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear ó thaobh teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide de, agus gníomhaíochtaí chun an t-aistriú ó chúram cónaitheach nó institiúideach go cúram teaghlaigh agus pobalbhunaithe a chur chun cinn.

    Trí CSE+, beidh sé d'aidhm freisin ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún rannpháirtíocht na mban san fhostaíocht a mhéadú chomh maith le comhréiteach idir an saol oibre agus an saol pearsanta, baineannú na bochtaineachta agus an idirdhealaithe ar bhonn inscne i margadh an tsaothair, san oideachas agus san oiliúint a chomhrac.

    CUID II

    CUR CHUN FEIDHME FAOI BHAINISTÍOCHT ROINNTE

    CAIBIDIL I

    Forálacha coiteanna maidir le clársceidealú

    Airteagal 7

    Comhsheasmhacht agus díriú téamach

    1.   Déanfaidh na Ballstáit a n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte a chlársceidealú trí thosaíocht a thabhairt d'idirghabhálacha lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin a shainaithnítear sa Seimeastar Eorpach, lena n-áirítear ina gclár náisiúnta um athchóiriú agus, ina theannta sin, sna moltaí tírshonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) CFAE, agus cuirfidh siad san áireamh na prionsabail agus na cearta a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta agus sna straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha atá ábhartha do chuspóirí CSE+ agus, ar an gcaoi sin, rannchuideoidh siad leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 174 CFAE.

    Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún freisin, sineirgí a chothú agus comhordú, comhlántacht agus comhleanúnachas a áirithiú idir CSE+ agus cistí, cláir agus ionstraimí eile an Aontais le linn chéim na pleanála agus chéim an chur chun feidhme araon. Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún freisin, sásraí comhordúcháin a optamú chun dúbailt saothar a sheachaint agus dlúthchomhar a áirithiú idir na heintitis atá freagrach as cur chun feidhme le go ndéanfar gníomhaíochtaí tacaíochta a bheidh comhleanúnach cuíchóirithe.

    2.   Leithdháilfidh na Ballstáit méid iomchuí dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a shainaithnítear sna moltaí tírshonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) CFAE agus sa Seimeastar Eorpach a thagann faoi raon feidhme chuspóirí sonracha CSE+ a leagtar amach in Airteagal 4(1) den Rialachán seo iad.

    3.   Leithdháilfidh na Ballstáit méid iomchuí dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte ar an Ráthaíocht don Leanbh trí bhíthin gníomhaíochtaí spriocdhírithe agus athchóirithe struchtúracha chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (f) agus (h) go (l).

    Déanfaidh na Ballstáit sin ag a raibh an meánráta leanaí faoi bhun 18 mbliana a bhí i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta don tréimhse idir 2017 agus 2019 os cionn mheán an Aontais don tréimhse chéanna, ar bhonn shonraí Eurostat, 5 % ar a laghad dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte a leithdháileadh chun tacú leis na gníomhaíochtaí spriocdhírithe agus na hathchóirithe struchtúracha chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí mar a leagtar amach sa chéad fhomhír iad.

    4.   Leithdháilfidh na Ballstáit 25 % ar a laghad dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte ar na cuspóirí sonracha maidir le réimse beartais an chuimsithe shóisialta a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (h) go (l), lena n-áirítear lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír a chur chun cinn.

    5.   Leithdháilfidh na Ballstáit 3 % ar a laghad dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte chun tacú leis na daoine is díothaí faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe in Airteagal 4(1), pointe (m), nó, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, an sprioc shonrach a leagtar mach in Airteagal 4(1), pointe (l), nó an dá chuspóir sonrach sin.

    Ní chuirfear na hacmhainní sin san áireamh agus comhlíonadh na leithdháiltí íosta a leagtar amach i míreanna 3 agus 4 á fhíorú.

    6.   Leithdháilfidh na Ballstáit méid iomchuí dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte ar ghníomhaíochtaí spriocdhírithe agus ar athchóirithe struchtúracha chun tacú le fostaíocht le haghaidh daoine óga, le gairmoideachas agus gairmoiliúint, go háirithe printíseachtaí, agus leis an aistriú ón scoil go dtí an obair, le conairí chun ath-lánpháirtiú san oideachas nó san oiliúint agus le hoideachas an dara deis, go háirithe i gcomhthéacs cur chun feidhme scéimeanna faoin Ráthaíocht don Aos Óg.

    Déanfaidh na Ballstáit sin ag a raibh an meánráta daoine óga idir 15 bliana agus 29 mbliana nach raibh i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna don tréimhse idir 2017 agus 2019 os cionn mheán an Aontais don tréimhse chéanna, ar bhonn shonraí Eurostat, 12,5 % ar a laghad dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte do na blianta idir 2021 agus 2027, a leithdháileadh chun tacú leis na hathchóirithe struchtúracha agus na gníomhaíochtaí spriocdhírithe mar a leagtar amach sa chéad fhomhír iad.

    Na réigiúin is forimeallaí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír, leithdháilfidh siad 12,5 % ar a laghad dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte ina gcuid clár ar na gníomhaíochtaí spriocdhírithe agus na hathchóirithe struchtúracha a leagtar amach sa chéad fhomhír. Nuair is infheidhme, cuirfear an leithdháileadh sin san áireamh chun comhlíonadh an íoschéatadáin ar an leibhéal náisiúnta a leagtar amach sa dara fomhír a fhíorú.

    Agus na gníomhaíochtaí spriocdhírithe agus na hathchóirithe struchtúracha dá dtagraítear sa mhír seo á gcur chun feidhme acu, tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do dhaoine óga atá neamhghníomhach agus dífhostaithe go fadtéarmach agus cuirfidh siad bearta for-rochtana spriocdhírithe ar bun.

    7.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 go 6 den Airteagal seo maidir leis an leithdháileadh breise sonrach a fhaigheann na réigiúin is forimeallaí agus réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6.

    8.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 6 maidir le cúnamh teicniúil.

    Airteagal 8

    Urraim don Chairt

    1.   Déanfar gach oibríocht a roghnú agus a chur chun feidhme agus urraim á tabhairt do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”) agus i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/1060.

    2.   I gcomhréir le hAirteagal 69(7) de Rialachán (AE) 2021/1060, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gearáin a scrúdú go héifeachtach. Beidh an méid sin gan dochar don fhéidearthacht atá ag saoránaigh agus geallsealbhóirí i gcoitinne gearáin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear gearáin maidir le sáruithe ar an gCairt.

    3.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go ndearnadh sárú ar an gCairt, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tromchúis an tsáraithe ina chinneadh maidir leis na bearta ceartaitheacha atá le cur i bhfeidhm i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/1060.

    Airteagal 9

    Comhpháirtíocht

    1.   Cinnteoidh na Ballstáit rannpháirtíocht fhóinteach na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta i gcur i bhfeidhm beartas fostaíochta, oideachais agus cuimsithe shóisialta a dtacaíonn sraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte leo.

    2.   Leithdháilfidh na Ballstáit méid iomchuí dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte i ngach clár ar fhothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta, lena n-áirítear i bhfoirm oiliúna, bearta líonrúcháin, neartú an idirphlé shóisialta agus ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh go comhpháirteach ag na comhpháirtithe sóisialta.

    I gcás ina sainaithnítear fothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta le moladh tírshonrach ábhartha arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) CFAE, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann méid iomchuí de 0,25 % dá acmhainní shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte ar a laghad a leithdháileadh chun na críche sin.

    Airteagal 10

    Tacaíocht do na daoine is díothaí

    Na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 7(5) faoi chuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (l) agus (m), clársceidealófar iad faoi thosaíocht nó faoi chlár tiomnaithe. Is é 90 % a bheidh sa ráta cómhaoinithe don tosaíocht nó don chlár sin.

    Airteagal 11

    Tacaíocht d'fhostaíocht le haghaidh daoine óga

    I gcomhréir leis an dara agus an tríú fomhír d’Airteagal 7(6), déanfar an tacaíocht a chlársceidealú faoi thosaíocht nó faoi chlár tiomnaithe agus áireofar, ar a laghad, tacaíocht lena rannchuidítear leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a) agus féadfar a áireamh leis tacaíocht lena rannchuidítear leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (f) agus (l).

    Airteagal 12

    Tacaíocht do mholtaí tírshonracha ábhartha

    Na gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin a shainaithnítear sna moltaí tírshonracha ábhartha agus sa Seimeastar Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 7(2), clársceidealófar iad faoi aon cheann de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal (4)1 chun tacú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus faoi thosaíocht amháin nó níos mó, a d'fhéadfadh a bheith ina thosaíocht ilchiste.

    CAIBIDIL II

    Tacaíocht ghinearálta ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte

    Airteagal 13

    Raon feidhme

    Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le tacaíocht ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte lena rannchuidítear le cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (a) go (l) (tacaíocht ghinearálta ó shraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte).

    Airteagal 14

    Gníomhaíochtaí nuálacha sóisialta

    1.   Tacóidh na Ballstáit le gníomhaíochtaí nuálacha sóisialta agus le tástáil shóisialta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhfuil comhpháirt shoch-chultúrtha ag baint leo, nó lena dtreisítear cuir chuige a fheidhmíonn ó bhun aníos agus atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí idir údaráis phoiblí, na comhpháirtithe sóisialta, fiontair shóisialta, an earnáil príobháideach agus an tsochaí shibhialta.

    2.   Féadfaidh na Ballstáit tacú le huas-scálú na gcur chuige nuálacha a tástáladh ar scála beag agus a forbraíodh faoi shraith EaSI agus faoi chláir eile an Aontais.

    3.   Is féidir gníomhaíochtaí agus cuir chuige nuálacha a chlársceidealú faoi aon cheann de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (a) go (l).

    4.   Díreoidh na Ballstáit tosaíocht amháin ar a laghad ar chur chun feidhme mhír 1 nó 2, nó an dá cheann acu. Féadfar uasráta cómhaoinithe na dtosaíochtaí sin a mhéadú go 95 % chun an t-uasmhéid 5 % d’acmhainní náisiúnta faoi shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte.

    5.   Déanfaidh na Ballstáit a shainaithint, ina gcláir nó ag céim níos déanaí le linn an chur chun feidhme, réimsí le haghaidh nuálaíocht shóisialta agus tástáil shóisialta, ar réimsí iad a chomhfhreagraíonn do riachtanais shonracha Ballstát.

    6.   Déanfaidh an Coimisiún fothú acmhainneachta le haghaidh nuálaíocht shóisialta a éascú, go háirithe trí thacú le foghlaim fhrithpháirteach, le bunú líonraí agus le scaipeadh agus le cur chun cinn dea-chleachtas agus modheolaíochtaí.

    Airteagal 15

    Comhar trasnáisiúnta

    Féadfaidh na Ballstáit tacú le gníomhaíochtaí comhair trasnáisiúnta faoi aon cheann de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (a) go (l).

    Airteagal 16

    Incháilitheacht

    1.   Sa bhreis ar na costais neamh-incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2021/1060, ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe faoi thacaíocht ghinearálta ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte:

    (a)

    ceannach talún agus réadmhaoine, chomh maith le ceannach bonneagair; agus

    (b)

    ceannach troscáin, trealaimh, agus feithiclí ach amháin i gcás ina bhfuil ceannach den sórt sin riachtanach chun cuspóir na hoibríochta a bhaint amach, nó i gcás ina bhfuil na nithe sin go hiomlán dímheasta le linn na hoibríochta, nó i gcás inarb é ceannach na nithe sin an rogha is eacnamaíche.

    2.   Ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm liúntas nó tuarastal arna n-íoc ag tríú páirtí chun leasa rannpháirtithe oibríochta, féadfaidh siad a bheith incháilithe do ranníocaíochtaí ó thacaíocht ghinearálta ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte ar choinníoll gur i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, lena n-áirítear rialacha cuntasaíochta, a thabhaítear na ranníocaíochtaí comhchineáil agus nach mó iad ná an costas a bhí ar an tríú páirtí.

    3.   An leithdháileadh breise sonrach a fhaigheann na réigiúin is forimeallaí agus réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6, úsáidfear é chun tacú le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1).

    4.   Beidh costais foirne dhíreacha incháilithe do ranníocaíocht ó thacaíocht ghinearálta ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte má tá siad i gcomhréir le gnáthchleachtais luacha saothair an tairbhí don chatagóir feidhme lena mbaineann nó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, le comhaontuithe comhchoiteanna nó le staidreamh oifigiúil.

    Airteagal 17

    Táscairí agus tuairisciú

    1.   Maidir le cláir a thairbhíonn de thacaíocht ghinearálta ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte, úsáidfear comhtháscairí aschuir agus toraidh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn sa chur chun feidhme. Féadfar táscairí clárshonracha a úsáid sna cláir sin freisin.

    2.   I gcás ina leithdháilfidh Ballstát a acmhainní ar an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (l), chun díriú ar na daoine is díothaí, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 7(5), beidh feidhm ag na comhtháscairí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II iad.

    3.   Nialas an bhonnlíne a shocrófar do chomhtháscairí aschuir agus do tháscairí aschuir clárshonracha. I gcás ina bhfuil sé ábhartha do chineál na n-oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht, is i ndearbhuimhreacha a shloinnfear clocha míle agus spriocluachanna cainníochtaithe carnacha. I ndearbhuimhreacha a shloinnfear luachanna tuairiscithe na dtáscairí aschuir.

    4.   Maidir le luach tagartha na gcomhtháscairí toraidh agus na dtáscairí toraidh clárshonracha ar socraíodh dóibh spriocluach do 2029, socrófar é trí úsáid a bhaint as na sonraí is déanaí atá ar fáil nó as foinsí faisnéise eile a bhaineann le hábhar. Is i ndearbhuimhreacha nó i gcéatadán a shloinnfear spriocanna na gcomhtháscairí aschuir. Féadfar táscairí toraidh clárshonracha agus spriocanna gaolmhara a shloinneadh i dtéarmaí cainníochtúla nó cáilíochtúla. Is i ndearbhuimhreacha a shloinnfear luachanna tuairiscithe na gcomhtháscairí toraidh.

    5.   Ní dhéanfar sonraí faoi tháscairí maidir le rannpháirtithe a tharchur go dtí go mbeidh gach sonra a cheanglaítear faoi phointe 1.1 d'Iarscríbhinn I faoin rannpháirtí i gceist ar fáil.

    6.   I gcás ina bhfuil sonraí ar fáil i gcláir nó i bhfoinsí coibhéiseacha, féadfaidh na Ballstáit a chur ar a gcumas d’údaráis bhainistíochta agus comhlachtaí eile a bhfuil sé de chúram orthu sonraí a bhailiú is gá chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thacaíocht ghinearálta ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte, na sonraí sin a fháil ó chláir sonraí nó ó fhoinsí coibhéiseacha, i gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointí (c) agus (e), de Rialachán (AE) 2016/679.

    7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun na táscairí in Iarscríbhinní I agus II a leasú i gcás ina measfar gur gá sin chun measúnú éifeachtach a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na gclár. Beidh leasuithe den sórt sin comhréireach agus an t-ualach riaracháin ar Bhallstáit agus ar thairbhithe á chur san áireamh. Ní dhéanfaidh gníomhartha tarmligthe i gcomhréir leis an mír seo athrú ar an modheolaíocht i ndáil le bailiú sonraí mar a leagtar síos in Iarscríbhinní I agus in II.

    CAIBIDIL III

    Tacaíocht ó CSE+ chun aghaidh a thabhairt ar dhíth ábhartha

    Airteagal 18

    Raon feidhme

    Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le tacaíocht ó CSE+ lena rannchuidítear leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (m).

    Airteagal 19

    Prionsabail

    1.   An tacaíocht ó CSE+ a thabharfar chun aghaidh a thabhairt ar dhíth ábhartha, ní fhéadfar í a úsáid ach chun tacú le dáileadh bia agus earraí atá i gcomhréir le dlíthe an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais.

    2.   Is ar bhonn critéir oibiachtúla a bhaineann le riachtanais na ndaoine is díothaí a roghnóidh na Ballstáit agus na tairbhithe an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach atá le tabhairt. Cuirfear gnéithe a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol san áireamh chomh maith sna critéir roghnúcháin don bhia agus, i gcás inarb iomchuí, d'earraí, go háirithe d'fhonn cur amú bia agus plaistigh aon úsáide a laghdú. I gcás inarb iomchuí, roghnófar cineál na dtáirgí bia a bheidh le dáileadh tar éis breithniú a dhéanamh ar an dóigh a rannchuideoidh na táirgí sin aiste bia chothrom a bheith ag na daoine is díothaí.

    Is féidir an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar go díreach do na daoine is díothaí nó go hindíreach, mar shampla, trí dhearbháin nó cártaí, i bhfoirm leictreonach nó eile, ar choinníoll nach féidir iad a fhuascailt ach amháin i gcomhair bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach. Beidh tacaíocht do na daoine is díothaí sa bhreis ar aon sochar sóisialta a d'fhéadfaí a sholáthar d'fhaighteoirí deiridh ag córais shóisialta náisiúnta nó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

    Féadfar an bia do na daoine is díothaí a fháil ó úsáid, ó phróiseáil nó ó dhíol na dtáirgí arna ndiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37), ar choinníoll gurb é sin an rogha is fearr ó thaobh airgid agus nach gcuirtear rómhoill ar sheachadadh an bhia ar na daoine is díothaí dá thoradh.

    Aon mhéid a ghnóthófar as idirbheart dá leithéid, úsáidfear é chun leas na ndaoine is díothaí a dhéanamh, sa bhreis ar na méideanna atá ar fáil tríd an gclár.

    3.   Maidir leis an gcabhair a sholáthraítear faoi chuimsiú na tacaíochta ó CSE+ chun aghaidh a thabhairt ar dhíth ábhartha, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go ndéanfar dínit na ndaoine is díothaí a urramú leis agus go gcoscfar stiogmatú na ndaoine sin.

    4.   Déanfaidh na Ballstáit seachadadh bia agus/nó cúnaimh ábhartha a chomhlánú trí bhearta tionlacain, amhail tarchuir chuig seirbhísí inniúla, faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (m) nó trí lánpháirtiú sóisialta na ndaoine is díothaí a chur chun cinn faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (l).

    Airteagal 20

    Ábhar na tosaíochta

    1.   I dtosaíocht i ndáil le tacaíocht lena rannchuidítear leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (m) leagfar amach an méid seo a leanas:

    (a)

    cineál na tacaíochta;

    (b)

    na príomh-spriocghrúpaí; agus

    (c)

    tuairisc ar na scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha tacaíochta.

    2.   I gcás cláir atá teoranta do thacaíocht faoi mar a thagraítear di i mír 1 agus i gcás na tacaíochta teicniúla gaolmhaire, beidh na critéir maidir le roghnú oibríochtaí ar áireamh sa tosaíocht.

    Airteagal 21

    Incháilitheacht oibríochtaí

    1.   An bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthraítear do na daoine is díothaí, féadfaidh an tairbhí é a cheannach, féadfar é a cheannach thar cheann an tairbhí, nó féadfar é a chur ar fáil saor in aisce don tairbhí.

    2.   Déanfar an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach a dháileadh saor in aisce ar na daoine is díothaí.

    Airteagal 22

    Incháilitheacht caiteachais

    1.   Is iad seo a leanas costais incháilithe thacaíocht CSE+ chun aghaidh a thabhairt ar dhíth ábhartha:

    (a)

    an costas a bhaineann le bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a cheannach, lena n-áirítear na costais a bhaineann le bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a iompar chuig na tairbhithe atá ag seachadadh an bia nó an chúnaimh bhunúsaigh do na faighteoirí deiridh;

    (b)

    i gcás nach bhfuil iompar an bhia agus/nó an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh chuig na tairbhithe a dháileann iad ar na faighteoirí deiridh cumhdaithe ag pointe (a), na costais a sheasann comhlacht an cheannaigh a bhaineann le bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a iompar chuig an iosta stórála /nó chuig na tairbhithe, agus costais stórála ar ráta comhréidh 1 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a) nó, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, na costais a tabhaíodh agus a íocadh iarbhír;

    (c)

    na costais riaracháin, iompair, stórála agus ullmhúcháin a sheasann na tairbhithe a dhéanann cúram de dháileadh an bhia agus/nó an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh ar na daoine is díothaí ar ráta comhréidh 7 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a) nó 7 % de chostais an bhia arna ndiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

    (d)

    an costas a bhaineann le bailiú, iompar, stóráil agus dáileadh deonachán bia agus le gníomhaíochtaí ardaithe feasachta a bhfuil baint dhíreach acu leo sin; agus

    (e)

    na costais a bhaineann le beart tionlacain a dhéanann na tairbhithe nó a dhéantar thar ceann na dtairbhithe agus arna ndearbhú ag na tairbhithe a dháileann an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach ar na daoine is díothaí ar ráta comhréidh 7 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a).

    2.   Tá na costais a bhaineann le scéimeanna dearbhán nó cártaí a ullmhú i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirm eile, agus costais oibriúcháin chomhfhreagracha incháilithe faoi chúnamh teicniúil ar choinníoll gurb é an t-údarás bainistíochta nó comhlacht poiblí eile nach tairbhí é a dháileann na dearbháin nó na cártaí ar fhaighteoirí deiridh, nó ar choinníoll nach gcumhdaítear iad leis na costais a leagtar amach i mír 1, pointe (c).

    3.   Má thagann laghdú ar na costais incháilithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 toisc nár chomhlíon an comhlacht atá freagrach as an mbia agus/nó as an gcúnamh ábhartha bunúsach a cheannach an dlí is infheidhme, ní thiocfaidh de sin laghdú ar na costais incháilithe a leagtar amach sa mhír sin, pointí (c) agus (e).

    4.   Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe:

    (a)

    ús ar fhiacha;

    (b)

    bonneagar a cheannach; agus

    (c)

    costais earraí athláimhe.

    Airteagal 23

    Táscairí agus tuairisciú

    1.   Chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme tosaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar dhíth ábhartha, úsáidfear comhtháscairí aschuir agus toraidh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Leis an tosaíochtaí sin, féadfar úsáid a bhaint as táscairí clárshonracha freisin.

    2.   Bunófar luachanna tagartha na gcomhtháscairí toraidh agus na dtáscairí toraidh clárshonracha.

    3.   Cuirfidh na húdaráis bhainistíochta in iúl don Choimisiún faoi dhó torthaí suirbhé struchtúrtha ar fhaighteoirí deiridh maidir le tacaíocht a fuarthas ó CSE+ agus ag díriú chomh maith ar a ndálaí maireachtála agus cineál a ndíthe ábhartha, a rinneadh an bhliain roimhe sin. Beidh an suirbhé sin bunaithe ar an tsamhail a bhunóidh an Coimisiún le gníomh cur chun feidhme. Déanfar an chéad tuairisciú den sórt sin faoin 30 Meitheamh 2025 agus an dara ceann faoin 30 Meitheamh 2028.

    4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunófar an tsamhail a bheidh le húsáid don suirbhé struchtúrtha ar fhaighteoirí deiridh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 38(2) chun coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Airteagail seo a áirithiú.

    5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun na táscairí in Iarscríbhinní III a leasú i gcás ina measfar gur gá sin chun measúnú éifeachtach a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na gclár. Beidh leasuithe den sórt sin comhréireach agus an t-ualach riaracháin ar Bhallstáit agus ar thairbhithe á chur san áireamh. Ní dhéanfaidh gníomhartha tarmligthe i gcomhréir leis an mír seo athrú ar an modheolaíocht i ndáil le bailiú sonraí mar a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

    Airteagal 24

    Iniúchadh

    Le hiniúchadh oibríochta, féadfar gach céim dá gcur chun feidhme agus gach leibhéal den slabhra dáilte a chuimsiú, cé is moite de rialú na bhfaighteoirí deiridh, ach amháin má shuitear le measúnú riosca go bhfuil riosca sonrach neamhrialtachta nó calaoise ann.

    CUID III

    CUR CHUN FEIDHME FAOI BHAINISTÍOCHT DHÍREACH AGUS INDÍREACH

    CAIBIDIL I

    Cuspóirí oibríochtúla

    Airteagal 25

    Cuspóirí oibríochtúla

    Beidh na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas ag sraith EaSI:

    (a)

    eolas ardcháilíochta anailíseach comparáideach a fhorbairt chun a áirithiú go bhfuil na beartais arb é is aidhm dóibh na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1) a bhaint amach bunaithe ar fhianaise fhónta agus go bhfuil siad ábhartha do riachtanais, do dhúshláin, agus do dhálaí áitiúla;

    (b)

    éascaíocht a dhéanamh do chomhroinnt faisnéise éifeachtaí agus cuimsithí, d'fhoghlaim fhrithpháirteach, d'athbhreithnithe piaraí agus d'idirphlé i leith beartas sna réimsí beartais a leagtar amach in Airteagal 4(1) chun cuidiú le bearta beartais iomchuí a cheapadh;

    (c)

    tacú le tástáil shóisialta sna réimsí beartais a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus acmhainneacht na ngeallsealbhóirí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil a mhéadú chun na nuálaíochtaí i mbeartas sóisialta a tástáladh a ullmhú, a dhearadh agus a chur chun feidhme, a aistriú nó a uas-scálú, go háirithe i dtaca le tionscadail arna n-uas-scálú ag geallsealbhóirí áitiúla i réimse an lánpháirtithe shocheacnamaíoch náisiúnach tríú tír;

    (d)

    soghluaisteacht gheografach dheonach oibrithe a éascú agus deiseanna fostaíochta a mhéadú trí sheirbhísí tacaíochta sonracha a sholáthar d'fhostóirí agus do chuardaitheoirí poist d'fhonn margaí saothair Eorpacha comhtháite a fhorbairt, mar atá seirbhísí ullmhúchán ag an gcéim réamhearcaíochta go cúnamh i ndiaidh an tsocrúcháin, chun folúntais a líonadh i gcás earnálacha, gairmeacha beatha, tíortha, réigiúin teorann nó na seirbhísí sin a sholáthar do ghrúpaí áirithe (amhail daoine i gcúinsí leochaileacha);

    (e)

    tacú le forbairt an éiceachórais mhargaidh lena soláthraítear micreamhaoiniú do mhicrifhiontair atá i gcéim an tionscnaimh agus i gcéim na forbartha, go háirithe iad siúd a chruthaigh daoine leochaileacha nó ag a bhfuil daoine leochaileacha fostaithe;

    (f)

    tacú le líonrú ar leibhéal an Aontais agus le hidirphlé le geallsealbhóirí ábhartha agus i measc na ngeallsealbhóirí sin sna réimsí beartais a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus rannchuidiú le hacmhainneacht institiúideach na ngeallsealbhóirí rannpháirteacha a fhorbairt, lena n-áirítear na seirbhísí poiblí fostaíochta, institiúidí poiblí slándála sóisialta agus árachais sláinte, an tsochaí shibhialta, institiúidí micreamhaoiniúcháin agus institiúidí a sholáthraíonn maoiniú d'fhiontair shóisialta agus don gheilleagar sóisialta;

    (g)

    tacú le forbairt fiontar sóisialta agus le teacht chun cinn margaidh infheistíochta sóisialta agus, dá bharr sin, éascaíocht a dhéanamh d'idirghníomhaíochtaí poiblí agus príobháideacha agus do rannpháirtíocht fondúireachtaí agus gníomhaithe daonchairdis sa mhargadh sin;

    (h)

    treoraíocht a thabhairt faoi fhorbairt bonneagair shóisialta is gá chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme;

    (i)

    tacú le comhar trasnáisiúnta chun dlús a chur le haistriú réiteach nuálacha, agus chun uas-scálú na réiteach nuálach a éascú, go háirithe maidir le réimsí beartais a leagtar amach in Airteagal 4(1); agus

    (j)

    tacú le cur chun feidhme caighdeán ábhartha idirnáisiúnta sóisialta agus saothair i gcomhthéacs leas a bhaint as an domhandú agus as an ngné sheachtrach de bheartais an Aontais sna réimsí beartais a leagtar amach in Airteagal 4(1).

    CAIBIDIL II

    Incháilitheacht

    Airteagal 26

    Gníomhaíochtaí incháilithe

    1.   Ní bheidh incháilithe chun cistiú a fháil ach gníomhaíochtaí lena saothraítear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 3(1) agus (2), Airteagal 4(1) agus Airteagal 25.

    2.   Féadfar tacú leis na gníomhaíochtaí seo a leanas le sraith EaSI:

    (a)

    gníomhaíochtaí anailíseacha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le tríú tíortha, go háirithe:

    (i)

    suirbhéanna, staidéir, sonraí staitistiúla, modheolaíochtaí, aicmithe, micrea-ionsamhlaithe, táscairí agus tacaíocht d'fhaireachlanna agus do thagarmharcanna ar an leibhéal Eorpach;

    (ii)

    tástáil shóisialta lena measúnaítear nuálaíochtaí sóisialta;

    (iii)

    faireachán agus measúnú ar thrasuí agus ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais;

    (b)

    cur chun feidhme beartas, go háirithe:

    (i)

    comhpháirtíochtaí trasteorann, go háirithe idir na seirbhísí fostaíochta poiblí, na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta, , agus seirbhísí tacaíochta i réigiúin trasteorann;

    (ii)

    scéim soghluaisteachta spriocdhírithe uile-Aontais do lucht saothair, ar leibhéal an Aontais, chun folúntais a líonadh in áiteanna ar sainaithníodh easnamh ar an margadh;

    (iii)

    tacaíocht d’institiúidí mhicreamhaoiniúcháin agus d’institiúidí a sholáthraíonn maoiniú d'fhiontair shóisialta, lena n-áirítear trí oibríochtaí measctha amhail comhroinnt riosca neamhshiméadrach nó laghdú costas idirbheart, mar aon le tacaíocht chun bonneagar sóisialta agus scileanna a fhorbairt;

    (iv)

    tacaíocht do chomhar trasnáisiúnta agus do chomhpháirtíochtaí d'fhonn réitigh nuálacha a aistriú agus a uas-scálú;

    (c)

    fothú acmhainneachta, go háirithe:

    (i)

    líonraí ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis na réimsí beartais a leagtar amach in Airteagal 4(1);

    (ii)

    pointí teagmhála náisiúnta a thugann treoraíocht, faisnéis agus cúnamh a bhaineann le cur chun feidhme shraith EaSI;

    (iii)

    riaracháin, institiúidí slándála sóisialta agus seirbhísí fostaíochta atá freagrach as soghluaisteacht lucht saothair a chur chun cinn, institiúidí micreamhaoiniúcháin agus institiúidí a sholáthraíonn maoiniú d'fhiontair shóisialta nó do ghníomhaithe infheistíochta sóisialta eile, agus líonrú freisin i mBallstáit nó tríú tíortha atá comhlachaithe le sraith EaSI de bhun Airteagal 29;

    (iv)

    geallsealbhóirí, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, d'fhonn comhair thrasnáisiúnta;

    (d)

    gníomhaíochtaí cumarsáide agus craobhscaoilte, go háirithe:

    (i)

    foghlaim fhrithpháirteach trí mhalartú dea-chleachtas, cuir chuige nuálacha, torthaí gníomhaíochtaí anailíseacha, athbhreithnithe piaraí agus tagarmharcanna;

    (ii)

    treoracha, tuarascálacha, ábhar faisnéiseach, agus clúdach sna meáin a bhain leis na réimsí beartais a leagtar amach in Airteagal 4(1);

    (iii)

    córais faisnéise lena scaiptear fianaise a bhaineann leis na réimsí beartais a leagtar amach in Airteagal 4(1);

    (iv)

    imeachtaí Uachtaránacht na Comhairle agus comhdhálacha, seimineáir agus gníomhaíochta múscailte feasachta.

    Airteagal 27

    Eintitis incháilithe

    1.   Faoi réir na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir seo a leanas maidir le hincháilitheacht eintiteas:

    (a)

    eintitis dhlítheanacha atá bunaithe in aon cheann de na tíortha nó na críocha seo a leanas:

    (i)

    Ballstát, nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

    (ii)

    tríú tír atá comhlachaithe le sraith EaSI de bhun Airteagal 29;

    (iii)

    tríú tír a liostaítear sa chlár oibre faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo;

    (b)

    aon eintiteas dlítheanacha a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta.

    2.   Go heisceachtúil, eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe le sraith EaSI, de bhun Airteagal 29 beidh siad incháilithe chun páirt a ghlacadh i gcás ina bhfuil sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach.

    3.   I bprionsabal, seasfaidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe le sraith EaSI de bhun Airteagal 29, costas a rannpháirtíochta.

    Airteagal 28

    Prionsabail ghinearálta

    1.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar comhionannas inscne, príomhshruthú inscne agus comhtháthú ghné na hinscne a chur san áireamh agus a chur chun cinn le linn ullmhú, chur chun feidhme, fhaireachán, thuairisciú agus mheastóireacht na n-oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó shraith EaSI.

    2.   Glacfaidh an Coimisiún céimeanna iomchuí chun aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a chosc le linn ullmhú, chur chun feidhme, fhaireachán, thuairisciú agus mheastóireacht na n-oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó shraith EaSI. Go háirithe, déanfar inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a chur san áireamh i rith ullmhú agus chur chun feidhme shraith EaSI.

    Airteagal 29

    Rannpháirtíocht tríú tíortha

    Beidh sraith EaSI oscailte do rannpháirtíocht na dtríú tíortha seo a leanas trí bhíthin chomhaontú leis an Aontas:

    (a)

    comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

    (b)

    tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

    (c)

    tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht na dtríú tíortha sin i sraith EaSI, ar choinníoll:

    (i)

    go n-áirithítear leis an gcomhaontú sin cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá páirteach i gcláir an Aontais;

    (ii)

    go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair nó le sraitheanna clár agus a gcostais riaracháin;

    (iii)

    nach dtugtar leis an gcomhaontú an chumhacht don tríú tír cinntí a dhéanamh maidir le sraith EaSI;

    (iv)

    go ráthaítear leis an gcomhaontú sin cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

    Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí sin dá dtagraítear san Airteagal seo, an chéad fhomhír, pointe (c)(ii).

    CAIBIDIL III

    Forálacha ginearálta

    Airteagal 30

    Foirmeacha chistiú an Aontais agus modhanna cur chun feidhme

    1.   Faoi shraith EaSI, féadfar cistiú a thabhairt in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais maidir le ranníocaíochtaí airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna, soláthar agus íocaíochtaí deonacha le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina bhall díobh nó a nglacann an tAontas páirt ina gcuid oibre.

    2.   Cuirfear sraith EaSI chun feidhme go díreach mar a fhoráiltear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), den Rialachán sin.

    Agus deontais á ndámhachtain, féadfaidh an coiste meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 150 den Rialachán Airgeadais a bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha.

    3.   Déanfar oibríochtaí measctha faoin shraith EaSI a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán (AE) 2021/523 agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

    Airteagal 31

    Clár oibre

    1.   Is ar bhonn na gclár oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear sraith EaSI chun feidhme. Bunófar ábhar na gclár oibre i gcomhréir leis na cuspóirí oibríochtúla a leagtar amach in Airteagal 25 den Rialachán seo agus leis na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 26 den Rialachán seo. Leagfar amach leis na cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.

    2.   Tiomsóidh an Coimisiún saineolas ar ullmhú na gclár oibre trí dhul i gcomhairle leis an meitheal dá dtagraítear in Airteagal 39(8).

    3.   Déanfaidh an Coimisiún sineirgí a chothú agus comhordú níos éifeachtaí a áirithiú idir CSE+ agus ionstraimí ábhartha eile an Aontais agus idir sraitheanna CSE+ freisin.

    Airteagal 32

    Faireachán agus tuairisciú

    Leagfar amach in Iarscríbhinn IV táscairí chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn shraith EaSI maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus baint amach na gcuspóirí oibríochtúla a leagtar amach in Airteagal 25.

    Áiritheofar leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta go mbaileofar ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ar thorthaí shraith EaSI.

    Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, ar Bhallstáit.

    Airteagal 33

    Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

    I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach i sraith EaSI trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta, nó ar bhonn aon ionstraim dhlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áiritheofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

    Airteagal 34

    Meastóireacht

    1.   Déanfar na meastóireachtaí ar dhóigh atá tráthúil chun fónamh don phróiseas cinnteoireachta.

    2.   Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma ar shraith EaSI, ar bhonn faisnéis leordhóthanach ar fáil faoina cur chun feidhme.

    Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fheidhmíocht an chláir, de bhun Airteagal 34 den Rialachán Airgeadais, agus go háirithe a éifeachtacht, a éifeachtúlacht, a chomhleanúnachas, a ábharthacht agus breisluach an Aontais, lena n-áirítear vis-à-vis na prionsabail chothrománacha dá dtagraítear in Airteagal 28 den Rialachán seo, agus tomhaisfear, ar bhonn cáilíochtúil agus cainníochtúil, an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí shraith EaSI a bhaint amach.

    Bunófar an mheastóireacht mheántéarma ar an bhfaisnéis arna giniúint ag na socruithe faireacháin agus ag na táscairí a bhunaítear de bhun Airteagal 32, d'fhonn aon choigeartuithe is gá a dhéanamh ar na tosaíochtaí beartais agus cistiúcháin.

    3.   Faoin 31 Nollaig 2031, ag deireadh na tréimhse cur chun feidhme déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar shraith EaSI.

    4.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí meántéarma agus críochnaitheacha chomh maith lena bharúlacha féin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

    Airteagal 35

    Iniúchtaí

    Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n-áirítear daoine nó eintitis nach bhfuil sainordú acu ó institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais, sin é an bonn a bheidh leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

    Airteagal 36

    Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

    1.   Tabharfaidh faighteoirí chistiú an Aontais aitheantas d'fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistiúcháin, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis chomhleanúnach, éifeachtach agus spriocdhírithe a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le sraith EaSI, gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun shraith EaSI agus de bhun na dtorthaí a baineadh amach.

    Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar shraith EaSI ina gcuidiú freisin maidir le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2), Airteagal 4(1) agus Airteagal 25.

    CUID IV

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 37

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 17(7) agus Airteagal 23(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 1 Iúil 2021.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17(7) agus Airteagal 23(5) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 17(7) nó Airteagal 23(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 38

    An nós imeachta coiste maidir le sraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte

    1.   Tabharfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 115(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 39

    Coiste arna bhunú faoi Airteagal 163 CFAE

    1.   Déanfaidh an Coiste arna chur ar bun faoi Airteagal 163 CFAE (Coiste CSE+) cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

    2.   Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí amháin ón rialtas, ionadaí amháin ó eagraíochtaí na n-oibrithe, ionadaí amháin ó eagraíochtaí na bhfostóirí agus ionadaí malartach do gach comhalta ar feadh uastréimhse 7 mbliana. Mura mbeidh an comhalta i láthair, beidh an t-ionadaí malartach i dteideal go huathoibríoch páirt a ghlacadh sna himeachtaí.

    3.   Ar Choiste CSE+ beidh ionadaí amháin ó gach eagraíocht lena ndéantar ionadaíocht ar eagraíochtaí na n-oibrithe agus ar eagraíochtaí na bhfostóirí ar leibhéal an Aontais.

    4.   Féadfaidh Coiste CSE+, lena n-áirítear na meithleacha dá dtagraítear i mír 7, cuireadh a thabhairt d'ionadaithe geallsealbhóirí, nach mbeidh ceart vótála acu, freastal ar a chruinnithe. Féadfaidh ionadaithe de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus an Chiste Eorpaigh Infheistíochta mar aon le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta a bheith san áireamh leis sin.

    5.   Rachfar i gcomhairle le Coiste CSE+ maidir leis an úsáid a bheartaítear a bhaint as cúnamh teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/1060 i gcás tacaíochta ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte agus maidir le saincheisteanna eile a mbeidh tionchar acu ar straitéisí a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais atá ábhartha do CSE+;

    6.   Féadfaidh Coiste CSE+ tuairimí a thabhairt maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    ceisteanna a bhaineann le rannchuidiú CSE+ le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear moltaí tírshonracha agus tosaíochtaí a bhaineann leis an Seimeastar Eorpach, amhail na cláir náisiúnta um athchóiriú;

    (b)

    saincheisteanna a bhaineann le Rialachán (AE) 2021/1060 atá ábhartha do CSE+;

    (c)

    ceisteanna maidir le CSE+ a chuirfidh an Coimisiún faoina bhráid seachas na ceisteanna sin dá dtagraítear i mír 5.

    Is le tromlach glan na vótaí a caitheadh go bailí a ghlacfar tuairimí Choiste CSE+, agus cuirfear in iúl iad, chun críche faisnéise, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún. Cuirfidh an Coimisiún Coiste CSE+ ar an eolas, i scríbhinn, faoin gcaoi ar chuir sé tuairimí an Choiste san áireamh.

    7.   Déanfaidh Coiste CSE+ meithleacha a bhunú do gach ceann de shraith CSE+.

    8.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an meitheal a bhíonn ag déileáil le sraith EaSI maidir leis an gclár oibre. Cuirfidh an Coimisiún an mheitheal sin ar an eolas faoin gcaoi ar chuir sé torthaí an chomhairliúcháin sin san áireamh. Áiritheoidh an mheitheal go rachfar i gcomhairle leis na geallsealbhóirí, lena n-áirítear le hionadaithe na sochaí sibhialta, maidir leis an gclár oibre.

    Airteagal 40

    Forálacha idirthréimhseacha do shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte

    Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, nó aon ghníomh arna ghlacadh faoi na Rialacháin sin, leanfaidh siad d'fheidhm a bheith acu le linn na clárthréimhse 2014-2020, maidir le cláir agus oibríochtaí a dtacaíonn na Rialacháin sin leo.

    Airteagal 41

    Forálacha idirthréimhseacha do shraith EaSI

    1.   Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021. Déanfar aon tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

    2.   Féadfaidh imchlúdach airgeadais le haghaidh cur chun feidhme shraith EaSI na speansais a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach is gá freisin chun an t-aistriú idir CSE+ agus na bearta a glacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 a áirithiú.

    3.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 5(4) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

    4.   Déanfar aisíocaíochtaí ó ionstraimí airgeadais a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 a infheistiú sna hionstraimí airgeadais atá i réimse bheartais na hinfheistíochta sóisialta agus scileanna dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/523.

    5.   I gcomhréir le hAirteagal 193(2), an dara fomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a shonraítear sa chinneadh maoiniúcháin agus ar feadh tréimhse theoranta, féadfar a mheas go bhfuil gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin Rialachán seo agus na costais bhunúsacha incháilithe ón 1 Eanáir 2021, fiú má cuireadh chun feidhme iad agus má tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

    Airteagal 42

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021 i ndáil le sraith EaSI.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2021.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. P. ZACARIAS


    (1)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 245.

    (2)  IO C 86, 7.3.2019, lch. 84.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2019 (IO C 411, 27.11.2020, lch. 324) agus cinneadh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 27 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (4)  Rialachán (AE) 2021/1058. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe (Féach leathanach 60 den Iris Oifigiúil seo).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

    (6)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

    (7)  Cinneadh (AE) 2020/1512 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (IO L 344, 19.10.2020, lch. 22).

    (8)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Bhainistiú Teorainneacha agus do Bheartas Víosaí (Féach leathanach 159 den Iris Oifigiúil seo).

    (9)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

    (10)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (11)  Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1).

    (12)  Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (“EaSI”) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 238).

    (13)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

    (14)  Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear “Erasmus+”: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 1).

    (15)  Moladh ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 maidir le Conairí Breisoiliúna: Deiseanna Nua do Dhaoine Fásta (IO C 484, 24.12.2016, lch. 1).

    (16)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

    (17)  Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (“Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).

    (18)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

    (19)  Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 48).

    (20)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

    (21)  Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 34).

    (22)  Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014 (IO L 202, 8.6.2021, lch. 32).

    (23)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

    (24)  Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 470).

    (25)  IO C 241, 29.8.1994, lch. 9.

    (26)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (27)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

    (28)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (“an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear”) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

    (29)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

    (30)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

    (31)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

    (32)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

    (33)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

    (34)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

    (35)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (36)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (37)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).


    IARSCRÍBHINN I

    COMHTHÁSCAIRÍ MAIDIR LE TACAÍOCHT GHINEARÁLTA Ó SHRAITH CSE+ ATÁ FAOI BHAINISTÍOCHT ROINNTE

    Tá sonraí pearsanta le miondealú de réir inscne (baineann, fireann, duine neamhdhénártha (1)).

    Má tá torthaí áirithe ann nach bhfuil intugtha, ní gá sonraí i leith na dtorthaí sin a bhailiú nó a thuairisciú.

    I gcás inarb iomchuí, is féidir comhtháscairí aschuir a thuairisciú bunaithe ar spriocghrúpa na hoibríochta.

    1.

    Comhtháscairí aschuir a bhaineann le hoibríochtaí arb iad daoine a sprioc

    1.1.

    Comhtháscairí aschuir maidir le rannpháirtithe:

    daoine dífhostaithe, lena n-áirítear daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach (*1),

    daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach (*1),

    daoine neamhghníomhacha (*1),

    daoine fostaithe, lena n-áirítear daoine féinfhostaithe (*1),

    líon na bpáistí faoi bhun 18 mbliana d'aois (*1),

    líon na ndaoine óga idir 18 agus 29 mbliana d'aois (*1),

    líon na rannpháirtithe atá 55 bliana d'aois nó os a chionn (*1),

    daoine ag a bhfuil oideachas meánscoile íochtaraí nó níos lú ná sin (ISCED 0-2) (*1),

    daoine a bhfuil oideachas meánscoile uachtaraí (ISCED 3) nó oideachas iar-mheánscoile (ISCED 4) acu (*1),

    daoine a bhfuil oideachas treasach (ISCED 5 nó 8) acu (*1),

    líon iomlán na rannpháirtithe (2).

    Níl feidhm ag an táscairí a liostaítear faoin bpointe seo maidir le tacaíocht ó CSE+ lena rannchuidítear leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (1), seachas na táscairí seo a leanas: “líon na bpáistí faoi bhun 18 mbliana d'aois”, “daoine óga idir 18 agus 29 mbliana d’aois”, “líon na rannpháirtithe atá 55 bliana d'aois nó os a chionn” agus “líon iomlán na rannpháirtithe”.

    I gcás sonraí a bailíodh ó chláir nó foinsí coibhéiseacha, féadfaidh na Ballstáit sainmhínithe náisiúnta a úsáid.

    1.2.

    Is iad seo na comhtháscairí aschuir eile maidir le rannpháirtithe:

    rannpháirtithe faoi mhíchumas (*2),

    náisiúnaigh tríú tír (*1),

    rannpháirtithe de chúlra eachtrach (*1),

    mionlaigh (lena n-áirítear pobal imeallaithe amhail na Romaigh) (*2),

    daoine gan dídean nó thíos le heisiamh tithíochta (*1),

    rannpháirtithe as ceantair thuaithe (*1) (3).

    Ní gá sonraí a bhailiú ach amháin i gcásanna inarb infheidhme agus inarb ábhartha.

    Féadfar luachanna na dtáscairí a liostaítear faoi phointe 1.2 a ríomh ar bhonn meastacháin fheasacha arna gcur ar fáil ag an tairbhí.

    Maidir le táscairí a liostaítear faoi phointe 1.2, féadfaidh na Ballstáit sainmhínithe náisiúnta a chur i bhfeidhm, seachas i gcás na dtáscairí seo a leanas: “náisiúnaigh tríu tír” agus “rannpháirtithe as ceantair tuaithe”.

    2.

    Comhtháscairí aschuir maidir le heintitis

    Is iad seo comhtháscairí aschuir maidir le heintitis:

    an líon riarachán poiblí nó seirbhísí poiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, a bhfuil tacaíocht á fáil acu,

    an líon micreaghnóthas, gnóthas beag agus meánmhéide (lena n-áirítear fiontair chomhair agus fiontair shóisialta) a bhfuil tacaíocht á fáil acu.

    I gcás sonraí a bailíodh ó chláir nó foinsí coibhéiseacha, féadfaidh na Ballstáit sainmhínithe náisiúnta a úsáid.

    3.

    Comhtháscairí toraidh láithreacha maidir le rannpháirtithe

    Is iad seo na comhtháscairí toraidh láithreacha maidir le rannpháirtithe:

    rannpháirtithe atá ag lorg poist i ndiaidh na rannpháirtíochta (*1),

    rannpháirtithe in oideachas/oiliúint i ndiaidh na rannpháirtíochta (*1),

    rannpháirtithe a fuair cáilíocht i ndiaidh na rannpháirtíochta (*1),

    rannpháirtithe i bhfostaíocht, lena n-áirítear féinfhostaíocht, i ndiaidh na rannpháirtíochta (*1).

    Níl feidhm ag na táscairí a liostaítear faoin bpointe seo le tacaíocht ó CSE+ lena rannchuidítear leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (l).

    I gcás sonraí a bailíodh ó chláir nó foinsí coibhéiseacha, féadfaidh na Ballstáit sainmhínithe náisiúnta a úsáid.

    4.

    Comhtháscairí toraidh fadtéarmacha maidir le rannpháirtithe

    Is iad seo na comhtháscairí toraidh fadtéarmacha maidir le rannpháirtithe:

    rannpháirtithe i bhfostaíocht, lena n-áirítear féinfhostaíocht, 6 mhí i ndiaidh na rannpháirtíochta (*1),

    rannpháirtithe i staid níos fearr i margadh an tsaothair 6 mhí i ndiaidh na rannpháirtíochta (*1).

    Níl feidhm ag na táscairí a liostaítear faoin bpointe seo le tacaíocht ó CSE+ lena rannchuidítear leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (l).

    I gcás sonraí a bailíodh ó chláir nó foinsí coibhéiseacha, féadfaidh na Ballstáit sainmhínithe náisiúnta a úsáid.

    Tuairisceofar comhtháscairí toraidh fadtéarmacha maidir le rannpháirtithe faoin 31 Eanáir 2026 i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus sa tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 43 den Rialachán sin.

    Mar íoscheanglas, beidh comhtháscairí toraidh fadtéarmacha maidir le rannpháirtithe bunaithe ar shampla ionadaíoch de na rannpháirtithe laistigh de chuspóirí sonracha a leagtar am in Airteagal 4(1), pointí (a) go (k). Tá bailíocht inmheánach an tsampla le háirithiú i gcaoi go bhféadfar na sonraí a ghinearálú ar leibhéal an chuspóra shonraigh.


    (1)  De réir an dlí náisiúnta.

    (*1)  Is sonraí pearsanta iad na sonraí a thuairiscítear de réir Airteagal 4 (1) de Rialachán (AE) 2016/679.

    (2)  Ríomhfar an táscaire seo go huathoibríoch ar bhonn na gcomhtháscairí aschuir a bhaineann le stádas fostaíochta, cé is moite de thacaíocht ó CSE+ lena rannchuidítear leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (l), sa chás sin tá líon iomlán na rannpháirtithe le tuairisciú.

    (*2)  Is catagóir speisialta sonraí pearsanta iad na sonraí a thuairiscítear faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679.

    (3)  Níl feidhm ag an táscaire seo maidir le tacaíocht ó CSE+ lena rannchuidítear leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (l).


    IARSCRÍBHINN II

    COMHTHÁSCAIRÍ MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ CSE+ LENA nDÍRÍTEAR AR CHUIMSIÚ SÓISIALTA NA nDAOINE IS DÍOTHAÍ FAOIN gCUSPÓIR SONRACH A LEAGTAR AMACH IN AIRTEAGAL 4(1), POINTE (L), I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 7(5), AN CHÉAD FHOMHÍR

    Tá gach sonra pearsanta le miondealú de réir inscne (mná, fir, daoine neamhdhénártha (1)).

    1.

    Comhtháscairí aschuir a bhaineann le hoibríochtaí arb iad daoine a sprioc

    1.1.

    Is iad comhtháscairí aschuir maidir le rannpháirtithe:

    líon iomlán na rannpháirtithe,

    líon na bpáistí faoi bhun 18 mbliana d'aois (*1),

    líon na ndaoine óga idir 18 agus 29 mbliana d'aois (*1),

    líon na rannpháirtithe atá 65 bliana d'aois nó os a chionn (*1).

    Féadfar luachanna na dtáscairí a liostaítear faoi phointe 1.1 a ríomh ar bhonn meastacháin fheasacha arna gcur ar fáil ag an tairbhí.

    1.2.

    Is iad seo comhtháscairí aschuir eile:

    rannpháirtithe faoi mhíchumas (*2),

    náisiúnaigh tríú tír (*1),

    líon na rannpháirtithe de chúlra iasachta (*1), mionlaigh (lena n-áirítear pobail imeallaithe amhail na Romaigh) (*2),

    daoine gan dídean nó thíos le heisiamh tithíochta (*1).

    Ní gá sonraí a bhailiú ach amháin i gcásanna inarb infheidhme agus inarb ábhartha.

    Is féidir luachanna na dtáscairí a liostaítear faoi phointe 1.2 a chinneadh bunaithe ar mheastacháin fheasacha arna gcur ar fáil ag an tairbhí.


    (1)  De réir an dlí náisiúnta.

    (*1)  Is sonraí pearsanta iad na sonraí a thuairiscítear de réir Airteagal 4 (1) de Rialachán (AE) 2016/679.

    (*2)  Is catagóir speisialta sonraí pearsanta iad na sonraí a thuairiscítear faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679.


    IARSCRÍBHINN III

    COMHTHÁSCAIRÍ MAIDIR LE TACAÍOCHT Ó CSE+ CHUN AGHAIDH A THABHAIRT AR DHÍTH ÁBHARTHA

    1.

    Táscairí aschuir

    1.1.

    Luach airgeadúil iomlán an bhia agus na n-earraí arna ndáileadh:

    1.1.1.

    luach iomlán na tacaíochta bia (1);

    1.1.1.1.

    luach airgeadúil iomlán an bhia do dhaoine gan dídean;

    1.1.1.2.

    luach airgeadúil iomlán an bhia do spriocghrúpaí eile;

    1.1.2.

    luach iomlán na n-earraí arna ndáileadh (2);

    1.1.2.1.

    luach airgeadúil iomlán na n-earraí do pháistí;

    1.1.2.2.

    luach airgeadúil iomlán na n-earraí do dhaoine gan dídean;

    1.1.2.3.

    luach airgeadúil iomlán na n-earraí do spriocghrúpaí eile.

    1.2.

    Cainníocht iomlán na tacaíochta bia arna dáileadh (i dtonnaí) (3):

    1.2.1.

    an sciar den bhia nár íocadh ach a iompar, a dháileadh agus a stóráil leis an gclár (in %);

    1.2.2.

    an sciar de mhéid iomlán an bhia arna dháileadh ag na tairbhithe ar táirgí bia iad a cómhaoiníodh le CSE+ (in %).

    Déanfar luachanna na dtáscairí a liostaítear faoi phointí 1.2.1 agus 1.2.2 a ríomh ar bhonn meastacháin fheasacha arna gcur ar fáil ag an tairbhí.

    2.

    Comhtháscairí toraidh

    2.1

    Líon na bhfaighteoirí deiridh atá ag fáil tacaíocht bia

    líon na bpáistí faoi bhun 18 mbliana d'aois,

    líon na ndaoine óga idir 18 agus 29 mbliana d'aois,

    líon na mban,

    líon na bhfaighteoirí deiridh atá 65 bliana d'aois nó os a chionn,

    líon na bhfaighteoirí deiridh faoi mhíchumas (*1),

    líon na náisiúnach tríú tír (*1),

    líon na bhfaighteoirí deiridh de chúlra eachtrach agus mionlaigh (lena n-áirítear pobail imeallaithe amhail na Romaigh) (*1),

    líon na bhfaighteoirí deiridh atá gan dídean nó atá thíos le heisiamh tithíochta (*1).

    2.2.

    Líon na bhfaighteoirí deiridh atá ag fáil tacaíocht ábhartha

    líon na bpáistí faoi bhun 18 mbliana d'aois,

    líon na ndaoine óga idir 18 agus 29 mbliana d'aois,

    líon na mban,

    líon na bhfaighteoirí deiridh atá 65 bliana d'aois nó os a chionn,

    líon na bhfaighteoirí deiridh faoi mhíchumas (*1),

    líon na náisiúnach tríú tír (*1),

    líon na bhfaighteoirí deiridh de chúlra eachtrach agus mionlaigh (lena n-áirítear pobail imeallaithe amhail na Romaigh) (*1),

    líon na bhfaighteoirí deiridh atá gan dídean nó atá thíos le heisiamh tithíochta (*1).

    2.3.

    Líon na bhfaighteoirí deiridh a thairbhíonn de dhearbháin nó cártaí

    líon na bpáistí faoi bhun 18 mbliana d'aois,

    líon na ndaoine óga idir 18 agus 29 mbliana d'aois,

    líon na bhfaighteoirí deiridh atá 65 bliana d'aois agus os a chionn,

    líon na mban,

    líon na bhfaighteoirí deiridh faoi mhíchumas (*1),

    líon na náisiúnach tríú tír (*1),

    líon na bhfaighteoirí deiridh de chúlra eachtrach agus mionlaigh (lena n-áirítear pobail imeallaithe amhail na Romaigh) (*1),

    líon na bhfaighteoirí deiridh atá gan dídean nó atá thíos le heisiamh tithíochta (*1).

    Déanfar luachanna na dtáscairí a liostaítear faoi phointe 2 a ríomh ar bhonn meastacháin fheasacha arna gcur ar fáil ag an tairbhí.


    (1)  Níl feidhm ag na táscairí seo maidir le cúnamh bia a sholáthraítear go hindíreach le dearbháin nó le cártaí.

    (2)  Níl feidhm ag na táscairí seo maidir le hearraí a sholáthraítear go hindíreach le dearbháin nó le cártaí.

    (3)  Níl feidhm ag na táscairí seo maidir le cúnamh bia a sholáthraítear go hindíreach le dearbháin nó cártaí.

    (*1)  Féadfar sainmhínithe naisiúnta a úsáid.


    IARSCRÍBHINN IV

    TÁSCAIRÍ MAIDIR LE SRAITH EaSI

    Táscairí maidir le sraith EaSI

    líon na ngníomhaíochtaí anailíseacha,

    líon na ngníomhaíochtaí comhroinnte faisnéise agus foghlama frithpháirtí,

    líon na tástála sóisialta,

    líon na ngníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus líonraithe,

    líon na socrúchán fostaíochta faoi na scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe.

    Ní bhaileofar sonraí don táscaire “líon na socrúchán fostaíochta faoi scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe” ach gach dara bliain.


    Top