Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (Coinbhinsiún Aarhus)

 

ACHOIMRE AR:

Coinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (Coinbhinsiún Aarhus)

Cinneadh 2005/370/CE — tabhairt chun críche Choinbhinsiún Aarhus

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN AGUS LEIS AN GCINNEADH?

Le Coinbhinsiún Aarhus tugtar an ceart do bhaill an phobail (daoine aonair agus eagraíochtaí a ndéanann ionadaíocht ar a son) faisnéis faoi chúrsaí comhshaoil a rochtain agus páirt a ghlacadh i gcinntí a dhéantar maidir le cúrsaí comhshaoil, chomh maith le cúiteamh a lorg mura dtugtar urramú do na cearta sin.

Faomhtar Coinbhinsiún Aarhus leis an gcinneadh (arna shíniú ag an gComhphobal Eorpach — an tAontas Eorpach (AE) anois agus tíortha AE in 1998) thar ceann AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá an coinbhinsiún, atá i bhfeidhm ón 30 Deireadh Fómhair 2001, bunaithe ar an tuiscint go gcuirfear feabhas ar chosaint an chomhshaoil le feasacht níos fearr ag an bpobal ar chúrsaí comhshaoil agus rannpháirtíocht phoiblí níos mó i gcúrsaí comhshaoil. Tá sé ceaptha chun ceart gach uile dhuine den ghlúin seo agus de na glúnta amach anseo maireachtáil i dtimpeallacht a oireann dá sláinte agus dá bhfolláine. Chun na críche sin, déantar soláthar sa choinbhinsiún le haghaidh gnímh i 3 réimse:

  • rochtain an phobail ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol arna sealbhú ag na húdaráis phoiblí a chinntiú;
  • rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht a bhaineann leis an gcomhshaol a chothú;
  • na coinníollacha maidir le rochtain ar cheartas ar chúrsaí comhshaoil a fhairsingiú.

Tá institiúidí AE cumhdaithe faoin sainmhíniú ar údarás poiblí laistigh de bhrí an choinbhinsiúin, ar aon bhonn le húdaráis náisiúnta nó áitiúla.

Chomhaontaigh na páirtithe a shínigh an coinbhinsiún na cearta agus na hoibleagáidí atá liostaithe a chur i bhfeidhm:

  • na bearta riachtanacha reachtacha, rialála agus bearta eile a dhéanamh;
  • a chur ar chumas oifigeach agus údarás poiblí cuidiú leis an bpobal agus comhairle a thabhairt dóibh maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas;
  • oideachas faoin gcomhshaol agus feasacht faoin gcomhshaol a chur chun cinn i measc an phobail;
  • soláthar a dhéanamh d’aithint cumann, eagraíochtaí nó grúpaí a chuireann cosaint an chomhshaoil chun cinn agus tacaíocht a thabhairt dóibh.

Rochtain phoiblí ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol

Leagtar síos sa choinbhinsiún na cearta agus dualgais bheachta maidir le rochtain ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol, lena n-áirítear spriocdhátaí le haghaidh faisnéis a chur ar fáil agus na forais lenar féidir le húdaráis phoiblí rochtain ar chineálacha áirithe faisnéise a dhiúltú.

Féadfar rochtain a dhiúltú i 3 chás:

  • níl an fhaisnéis a iarradh i seilbh an údaráis phoiblí;
  • is léir go bhfuil an t-iarratas míréasúnta nó gur ceapadh ar bhealach róghinearálta é;
  • baineann an t-iarratas le hábhar atá á thabhairt chun críche.

Féadfar iarratais a dhiúltú chomh maith ar fhorais rúndacht imeachtaí údarás poiblí, na cosanta náisiúnta agus na slándála poiblí, chun cúrsa an cheartais a chur chun cinn nó chun urramú a thabhairt do:

  • fhaisnéis tráchtála agus thionsclaíoch;
  • cearta maoine intleachtúla;
  • sonraí pearsanta; agus
  • leasanna tríú páirtí a nocht an fhaisnéis.

Toisc go bhféadfadh sé go mbeadh an nochtadh faisnéise ar mhaithe le leas an phobail, ní mór na forais sin go léir do dhiúltú a léirmhíniú ar bhealach sriantach.

Le cinneadh rochtain a dhiúltú ní mór na cúiseanna leis an diúltú a shonrú agus na cineálacha achomhairc atá ar fáil don iarratasóir a léiriú.

Ní mór do na húdaráis phoiblí an fhaisnéis a shealbhaíonn siad a choinneáil cothrom le dáta, agus chun na críche sin liostaí, cláir agus comhaid a mbeidh rochtain ag an bpobal orthu a bhunú. Maidir leis sin, spreagtar na comhlachtaí sin chun úsáid de réir a chéile a bhaint as bunachair shonraí leictreonacha ina bhfuil tuarascálacha maidir le staid an chomhshaoil, reachtaíocht, pleananna agus beartais náisiúnta agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta.

In 2003, ghlac tíortha AE Treoir 2003/4/CE maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil. Bhí sé le corprú sa dlí náisiúnta faoin 14 Feabhra 2005.

In 2006, ghlac AE Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 lena gceanglaítear ar institiúidí agus ar chomhlachtaí AE na hoibleagáidí arna gcuimsiú i gCoinbhinsiún Aarhus a chur chun feidhme.

Rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht faoi chúrsaí comhshaoil

Baineann an dara leath den choinbhinsiún le rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht. Ní mór é sin a áirithiú tríd an nós imeachta údaraithe le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha áirithe (de chineál tionsclaíoch go príomha) atá liostaithe in Iarscríbhinn I leis an gCoinbhinsiún. Sa chinneadh deiridh chun an ghníomhaíocht a údarú ní mór aird chuí a thabhairt ar thoradh na rannpháirtíochta poiblí.

Ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl don phobal, ag céim luath sa nós imeachta cinnteoireachta:

  • an t-ábhar ar a bhfuil an cinneadh le déanamh;
  • cineál an chinnidh;
  • an t-údarás atá freagrach;
  • an nós imeachta a úsáidfear, lena n-áirítear sonraí praiticiúla an nós imeachta comhairliúcháin;
  • an nós imeachta maidir le measúnacht tionchair timpeallachta (más ann dó).

Ba cheart go n-éascódh na hachair ama nós imeachta fíor-rannpháirtíocht phoiblí.

Cuireadh nós imeachta athchóirithe ar bun chun pleananna agus cláir maidir leis an gcomhshaoil a cheapadh.

Iarrtar sa choinbhinsiún chomh maith ar shínitheoirí rannpháirtíocht phoiblí a chur chun cinn in ullmhú beartas maidir leis an gcomhshaol chomh maith le caighdeáin agus reachtaíocht a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar an gcomhshaol.

In 2003, ghlac tíortha AE Treoir 2003/35/CE maidir le rannpháirtíocht phoiblí i ndáil le pleananna agus cláir áirithe a cheapadh a bhaineann leis an gcomhshaol.

In 2006, cuireadh san áireamh i gCinneadh 2006/957/CE ón gComhairle leasú ar an gcoinbhinsiún lena méadaítear an rannpháirtíocht phoiblí i gcinntí a bhaineann le scaoileadh OGManna d’aon turas isteach sa chomhshaol. Ar leibhéal AE, tá an ceanglas sin comhlíonta cheana le hairteagail áirithe i dTreoir 2001/18/CE maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol agus i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe.

Tá rialacha i roinnt eile de Threoracha AE maidir leis an gcomhshaol ar rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht faoin gcomhshaol. Áirítear leo sin Treoir 2001/42/CE agus an Chreat-treoir Uisce (Treoir 2000/60/CE).

Rochtain ar cheart i gcúrsaí comhshaoil

Maidir le gach duine a cheapann gur cuireadh isteach ar a gcearta ar rochtain ar fhaisnéis (e.g. go ndearnadh neamhaird ar iarratas ar fhaisnéis, gur diúltaíodh go héagórach é nó nár tugadh freagra imleor air) ní foláir nó go mbeidh rochtain acu, sna cúinsí iomchuí, ar nós imeachta athbhreithnithe faoin reachtaíocht náisiúnta.

Cinntítear rochtain ar cheartas chomh maith i gcás go sáraítear nós imeachta rannpháirtíochta an choinbhinsiúin. Ceadaítear rochtain ar cheartas chomh maith le haghaidh réiteach díospóidí a bhaineann le gníomhartha nó neamhghníomhartha daoine príobháideacha agus údarás poiblí lena sáraítear na rialacha náisiúnta a bhaineann leis an gcomhshaol.

Tá forálacha i dTreoir 2003/4/CE agus i dTreoir 2003/35/CE maidir le rochtain ar cheartas. Aistarraingíodh togra 2003 le haghaidh treorach maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil in 2014 mar chuid de sheiceáil oiriúnachta an Choimisiúin Eorpaigh ar dhlí AE (dá ngairtear REFIT (Clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála)).

I mí Aibreáin 2017, ghlac an Coimisiún doiciméad treorach maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil. Leis sin soiléirítear an dóigh ar féidir le daoine aonair agus cumainn cur i gcoinne cinntí, gníomhartha agus neamhghníomhartha a dhéanann údaráis phoiblí a bhaineann le dlí AE um chomhshaol os comhair cúirteanna náisiúnta.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHOINBHINSIÚIN AGUS AN CHINNIDH?

Tá an coinbhinsiún i bhfeidhm ón 30 Deireadh Fómhair 2001. Tá an cinneadh i bhfeidhm ón 17 Feabhra 2005.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle an 17 Feabhra 2005 maidir le tabhairt chun críche, thar ceann an Chomhphobail, an Choinbhinsiúin maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireachta agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (IO L 124, 17.5.2005, lgh. 1-3)

Coinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (IO L 124, 17.5.2005, lgh. 4-20)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2017 — Fógra ón gCoimisiún maidir le Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (C(2017) 2616 críochnaitheach, 28.4.2017)

Cinneadh 2006/957/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le tabhairt chun críche, thar ceann an Chomhphobail, an Choinbhinsiúin maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (IO L 386, 29.12.2006, lgh. 46-49)

Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lgh. 13-19)

Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (IO L 268, 18.10.2003, lgh. 1-23)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lgh. 26-32)

Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag pleananna agus cláir áirithe ar an gcomhshaol (IO L 197, 21.7.2001, lgh. 30-37)

Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle — Dearbhú ón gCoimisiún (IO L 106, 17.4.2001, lgh. 1-39)

Féach an leagan comhdhlúite

Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat i gcomhair gnímh ag an gComhphobal sa réimse a bhaineann le beartas uisce (IO L 327, 22.12.2000, lgh 1-73)

Féach an leagan comhdhlúite

Nuashonraithe 05.03.2018

Top