Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TA0640

Cás T-640/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Márta 2024 – Westpole Belgium v an Pharlaimint

IO C, C/2024/2946, 6.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2946/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2946/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2946

6.5.2024

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Márta 2024 – Westpole Belgium v an Pharlaimint

(Cás T-640/22)  (1)

(Conarthaí soláthair phoiblí - Nós imeachta tairisceana - Seirbhísí TF a sholáthar go seachtrach - Diúltú tairiscint tairgeora agus dámhachtain do thairgeoirí eile - Critéir eisiaimh - Gan breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach lena gcruthaítear sárú ar dhlí na hiomaíochta - Tairiscint thar a bheith íseal)

(C/2024/2946)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Westpole Belgium (Vilvoorde, an Bheilg) (ionadaí: A. Vercruysse, Dlíodóir)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: K. Wójcik agus E. Taneva, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinntí ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Deireadh Fómhair 2022 chun baisc Uimh. 7 den chonradh dar teideal ‘PE/ITEC ITS 19 – External Provision of IT Services’ (Seirbhísí TF a sholáthar go seachtrach) a bhronnadh ar thrí thairgeoir agus gan an bhaisc sin a bhronnadh ar chuibhreannas ar comhalta é de agus sula ndéanfar cinneadh, doiciméid a bhaineann le scrúdú na dtairiscintí ag údarás conarthach a thabhairt ar aird maidir le ‘staid eisiaimh fhéideartha’ agus na praghsanna atá beartaithe araon, ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Díbhtear an chaingean.

2)

Ordaítear do Westpole Belgium a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Parlaimint na hEorpa, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann leis na himeachtaí le haghaidh bearta eatramhacha, a íoc.


(1)   IO C 451, 28.11.2022.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2946/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top