EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52009AG0011

Comhsheasamh (CE) Uimh. 11/2009 an 9 Eanáir 2009 a ghlac an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinníollacha rochtana ar an líonra um mhalartuithe trasteorann sa leictreachas agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

OJ C 75E, 31.3.2009, p. 16–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

31.3.2009   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/16


COMHSHEASAMH (CE) Uimh. 11/2009

a ghlac an Chomhairle an 9 Eanáir 2009

chun go nglacfaí Rialachán …/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le coinníollacha rochtana ar an líonra um mhalartuithe trasteorann sa leictreachas agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(2009/C 75 E/02)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is éard is aidhm don mhargadh inmheánach sa leictreachas, margadh atá á chur chun feidhme de réir a chéile ó 1999 ar aghaidh, fíor-rogha a thabhairt do thomhaltóirí uile an Chomhphobail, cibé saoránaigh nó gnólachtaí iad, mar aon le deiseanna nua gnó agus tuilleadh trádála trasteorann a chothú, chun éifeachtúlacht a mhéadú, chun praghsanna iomaíocha agus caighdeáin arda seirbhíse a bhaint amach, agus chun cuidiú le slándáil an tsoláthair agus leis an inbhuanaitheacht.

(2)

Le Treoir 2003/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas (4) agus Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le coinníollacha rochtana ar an líonra um mhalartuithe trasteorann sa leictreachas (5), cuireadh go suntasach leis na hiarrachtaí chun an margadh inmheánach sin a chruthú san leictreachas.

(3)

Tá constaicí ann faoi láthair sa Chomhphobal, áfach, maidir le leictreachas a dhíol faoi choinníollacha comhionanna, gan idirdhealú gan mhíbhuntáiste. Go háirithe, níl rochtain neamh-idirdhealaitheach ar líonraí ann, agus níl leibhéal na maoirseachta rialúcháin chomh héifeachtach céanna go fóill, i ngach mBallstát.

(4)

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2007 dar teideal ‘Beartas Fuinnimh don Eoraip’, leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé an margadh inmheánach sa leictreachas a thabhairt chun críche agus cothrom na féinne a thabhairt do ghnóthais fuinnimh uile an Chomhphobail. Le Teachtaireachtaí an Choimisiúin an 10 Eanáir 2007 dar teideal ‘Ionchais an mhargaidh inmheánaigh sa ghás agus sa leictreachas’ agus ‘Fiosrúchán de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ar earnálacha an gháis agus an leictreachais san Eoraip (Tuarascáil Chríochnaitheach)’, léiríodh nach soláthraítear, leis na rialacha agus na bearta reatha, an réim is gá chun cuspóir an mhargaidh inmheánaigh a fheidhmíonn go maith a bhaint amach.

(5)

Chomh maith leis an réim rialúcháin atá ann a chur chun feidhme go críochnúil, ba cheart an réim rialúcháin don mhargadh inmheánach sa leictreachas a a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 í a chur in oiriúint, i gcomhréir leis na teachtaireachtaí sin.

(6)

Tá gá, go háirithe, le comhar agus comhordú níos fearr idir na hoibreoirí córais tarchurtha, chun cóid líonra a chruthú lena soláthrófar agus lena mbainisteofar rochtain éifeachtach ar na líonraí tarchurtha thar teorainneacha, agus chun pleanáil atá comhordaithe agus réamhbhreathnaitheach agus forás iontaofa teicniúil a áirithiú don chóras tarchurtha sa Chomhphobal, ag féachaint go cuí don chomhshaol. Ba cheart go mbeadh na cóid líonra sin i gcomhréir leis na treoirlínte réime neamhcheangailteacha a d'fhorbair an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. …/2009 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an Ghníomhaireacht’). Ba cheart go mbeidh ról ag an nGníomhaireacht in athbhreithniú na ndréachtchód líonra, lena n-áirítear cibé an gcomhlíonann siad na treoirlínte réime neamhcheangailteacha, agus ba cheart go dtabharfaí de chumhacht di a mholadh don Choimisiún iad a ghlacadh. Ba cheart go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar na modhnaithe a bheartaítear sna cóid líonra agus ba cheart go dtabharfaí de chumhacht di a mholadh don Choimisiún iad a ghlacadh. Ba cheart go n-oibreodh oibreoirí córais tarchurtha a líonraí i gcomhréir leis na cóid líonra sin.

(7)

Chun go n-áiritheofar bainistiú den chéad scoth ar an líonra tarchurtha leictreachais agus chun go mbeifear in ann trádáil a dhéanamh sa leictreachas agus é a sholáthar thar teorainneacha sa Chomhphobail, ba cheart Líonra Eorpach Oibreoirí na gCóras Tarchurtha don Leictreachas (‘an ENTSO don Leictreachas’ ) a bhunú. Ba cheart go gcuirfeadh an ENTSO don Leictreachas a chuid cúraimí i gcrích i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Chomhphobail. Ba cheart go mbeadh cúraimí an ENTSO don Leictreachas soiléir agus ba cheart gur de chineál é a mhodh oibre a d'áiritheodh éifeachtúlacht, a chineál ionadaíoch agus trédhearcacht. Na cóid líonra a ullmhaíonn an ENTSO don Leictreachas, ní cheaptar iad chun ionad na gcód líonra náisiúnta riachtanach a thógáil maidir le saincheisteanna nach saincheisteanna trasteorann iad. De bhrí go bhféadfaí dul chun cinn níos éifeachtaí a dhéanamh trí chur chuige ar an leibhéal réigiúnach, ba cheart d'oibreoirí córais tarchurtha struchtúir réigiúnacha a bhunú laistigh den struchtúr comhair ginearálta, agus go n-áireofaí ag an am céanna go mbeadh na torthaí ar an leibhéal réigiúnach comhoiriúnach le cóid líonra agus le pleananna forbartha líonra neamhcheangailteacha 10 mbliana ar leibhéal an Chomhphobail. Ní féidir comhar laistigh de struchtúir réigiúnacha den chineál sin a bheith ann mura ndéantar gníomhaíochtaí líonraí a dhíchuachadh go héifeachtach ó ghníomhaíochtaí giniúna agus soláthair. Cheal díchuachadh den sórt sin, d'fheadfadh sé gur iompraíocht fhrith-iomaíoch a bheadh mar thoradh ar chomhar réigiúnach idir na hoibreoirí córais tarchurtha.

(8)

Tá leas rannpháirtithe uile an mhargaidh i gceist san obair a bhfuiltear ag súil léi ón ENTSO don Leictreachas. Tá sé riachtanach mar sin go mbeadh próiseas comhairliúcháin éifeachtach ann agus na struchtúir a bunaíodh cheana féin chun an próiseas comhairliúcháin a éascú agus a shruthlíniú, amhail an tAontas um Chomhordú Tarchurtha Leictreachais, rialtóirí náisiúnta nó an Ghníomhaireacht, ba cheart go mbeadh ról tábhachtach acu.

(9)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go leagfaí síos bunphrionsabail maidir le praghsáil agus leithdháileadh acmhainne, agus ba cheart go bhforálfaí go nglacfar treoirlínte ina dtabharfar mionsonraí maidir le breis prionsabal agus modheolaíochtaí ábhartha, d'fhonn go bhféadfaí oiriúnú gasta a dhéanamh do chúinsí athraitheacha.

(10)

I margadh atá oscailte, iomaíoch, ba cheart go gcúiteofaí oibreoirí córais tarchurtha as na costais a tabhaíodh agus sreabha leictreachais trasteorann á n-óstáil acu ar a líonraí agus gurbh iad oibreoirí na gcóras tarchurtha ina dtionscnaítear na sreabha trasteorann sin agus na gcóras tarchurtha ina gcríochnaíonn siad a chúiteodh iad.

(11)

Íocaíochtaí agus fáltais a eascraíonn as cúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha, ba cheart iad a chur san áireamh agus taraifí náisiúnta líonra á socrú.

(12)

Féadfaidh an méid is iníoctha ar rochtain trasteorann ar an gcóras athrú go suntasach, ag brath ar an oibreoir córais tarchurtha lena mbaineann agus mar thoradh ar dhifríochtaí i struchtúr sna córais taraifithe a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit. Dá bhrí sin, tá leibhéal áirithe comhchuibhithe riachtanach chun saobhadh trádála a sheachaint.

(13)

Bheadh gá le córas cuí comharthaí suímh, ar bhonn an phrionsabail gur cheart go léireodh leibhéal na muirir do rochtain ar an líonra an comhardú idir giniúint agus tomhaltas sa réigiún lena mbaineann, ar an mbonn go ndéantar na muirir do rochtain ar an líonra a dhifreáil idir táirgeoirí agus/nó do thomhaltóirí.

(14)

Ní bheadh sé oiriúnach go gcuirfí taraifí achar-bhainteacha i bhfeidhm nó, ar choinníoll go mbeadh comharthaí suímh iomchuí i bhfeidhm, go mbeadh taraif shonrach ann nach n-íocfadh ach onnmhaireoirí nó allmhaireoirí amháin chomh maith leis an muirear ginearálta ar rochtain ar an líonra náisiúnta.

(15)

Is é an réamhchoinníoll d'iomaíocht éifeachtach sa mhargadh inmheánach sa leictreachas muirir neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha a bheith ann ar úsáid an líonra, lena n-áirítear línte idirnasctha sa chóras tarchurtha. Ba cheart an acmhainn atá ar fáil sna línte sin a shocrú ar na leibhéil is airde a bheidh i gcomhréir leis na caighdeáin sábháilteachta d'oibriú slán líonra.

(16)

Tá sé tábhachtach go seachnófar saobhadh iomaíochta a thiocfadh as caighdeáin éagsúla sábháilteachta, oibríochta agus pleanála a bheith in úsáid ag oibreoirí sna Ballstáit. Thairis sin, ba cheart go mbeadh trédhearcacht ann do rannpháirtithe sa mhargadh maidir leis an acmhainn inaistrithe atá ar fáil agus na caighdeáin slándála, pleanála agus oibríochta a mbeadh tionchar acu ar an acmhainn inaistrithe atá ar fáil.

(17)

Monatóireacht a rinne an Coimisiún agus na húdaráis rialúcháin náisiúnta ar an margadh le blianta beaga anuas, léiríonn sí nach leor na ceanglais reatha trédhearcachta agus na rialacha reatha um rochtain ar bhonneagar.

(18)

Tá gá le rochtain chothrom ar fhaisnéis maidir le stádas fisiceach an chórais ionas go mbeidh rannpháirtithe uile an mhargaidh in ann staid ghinearálta an éilimh agus an tsoláthair a mheasúnú agus go mbeidh siad in ann cúiseanna na n-athruithe sa phraghas mórdhíola a shainaithint. Áirítear leis seo, faisnéis níos cruinne ar ghiniúint, ar sholáthar agus ar éileamh leictreachais, lena n-áirítear réamhfhaisnéisí, acmhainn an líonra agus an idirnaisc, sreabha agus cothabháil, an cothromú agus an acmhainn cúltaca.

(19)

D'fhonn muinín sa mhargadh a dhaingniú, ní foláir do na rannpháirtithe bheith cinnte go bhféadfar iad sin a ghabhann d'iompar mí-úsáideach a chur faoi réir pionós. Ba cheart go gcuirfí ar chumas na n-údarás inniúil líomhaintí maidir le mí-úsáid sa mhargadh a fhiosrú go héifeachtach. Is gá, dá bharr sin, go mbeadh rochtain ag na húdaráis inniúla ar shonraí ina bhfuil faisnéis maidir le cinntí oibríochtúla a ghlacann gnóthais soláthair. Déanann na gineadóirí go leor cinntí ábhartha i margadh an leictreachais agus ba cheart dóibh an fhaisnéis sin a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla go ceann tréimhse socraithe. Ba cheart go mbeadh díolúine ón oibleagáid sin ag gineadóirí beaga nach bhfuil de chumas acu i ndáiríre an margadh a shaobhadh.

(20)

Ba cheart go mbeadh rialacha ann maidir le húsáid an ioncaim a eascraíonn ó nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú, seachas nuair a bheadh cineál sonrach an idirnascaire ina údar do dhíolúine ó na rialacha sin.

(21)

Ba cheart go gcuirfeadh bainistiú ar fhadhbanna an phlódaithe comharthaí eacnamaíocha cuí ar fáil d'oibreoirí córais tarchurtha agus do rannpháirtithe sa mhargadh agus ba cheart go mbeadh an bainistiú sin bunaithe ar mheicníochtaí an mhargaidh.

(22)

Ba cheart infheistíocht i mbonneagar mór nua a chur chun cinn go láidir agus feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas a áirithiú ag an am céanna. D'fhonn an dea-thionchar atá ag idirnascairí srutha dhírigh atá díolmhaithe ar iomaíocht agus ar chinnteacht soláthair a fheabhsú, ba cheart suim an mhargaidh a thástáil le linn chéim phleanála an tionscadail agus ba cheart rialacha maidir le bainistiú ar phlódú a ghlacadh. I gcás ina mbeidh idirnascairí srutha dhírigh suite ar chríoch níos mó ná Ballstát amháin, ba cheart don Ghníomhaireacht déileáil leis an iarraidh ar dhíolúine, mar rogha dheiridh, le go gcuirfí a himpleachtaí trasteorann san áireamh ar bhealach níos fearr agus chun an láimhseáil riaracháin a gheobhaidh sí a fheabhsú. Thairis sin, mar gheall ar an mbaol neamhghnách a bhaineann leis na mórthionscadail dhíolmhaithe sin a thógáil, gnóthais a bhfuil leasanna soláthair agus táirgthe acu, ba cheart go mbeadh siad in ann leas a bhaint as maolú sealadach ó na rialacha maidir le díchuachadh iomlán do na tionscadail lena mbaineann.

(23)

Chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas a áirithiú, ba cheart foráil a dhéanamh do nósanna imeachta lena gceadaítear cinntí agus treoirlínte maidir le inter alia, tairifiú agus leithdháileadh acmhainne an Choimisiún agus fós rannpháirtíocht údarás rialúcháin na mBallstát a áirithiú sa phróiseas sin, i gcás inarb iomchuí, tríd a gcomhlachas Eorpach. Tá ról tábhachtach ag na húdaráis rialúcháin, mar aon le húdaráis ábhartha eile sna Ballstáit, chun rannchuidiú le feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas.

(24)

Ba cheart go n-áiritheoidh na húdaráis rialúcháin náisiúnta go gcomhlíonfar na rialacha atá sa Rialachán seo agus na treoirlínte a ghlacfar ar bhonn an Rialacháin seo.

(25)

Ba cheart go mbeadh ceanglas ar na Ballstáit agus ar na húdaráis náisiúnta inniúla faisnéis ábhartha a chur ar fáil don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún faisnéis den sórt sin a choimeád faoi rún. I gcás inar gá, ba cheart go mbeadh deis ag an gCoimisiún faisnéis ábhartha a iarraidh ar na gnóthais lena mbaineann, ar choinníoll go gcuirfí na húdaráis náisiúnta inniúla ar an eolas.

(26)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i gcás ina ndéanfar sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór do na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(27)

Na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (7).

(28)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfai de chumhacht don Choimisiún na treoirlínte is gá a bhunú nó a ghlacadh d'fhonn an íosleibhéal comhchuibhithe is gá a sholáthar chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(29)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon réim comhchuibhithe a sholáthar do mhalartuithe trasteorann leictreachais, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(30)

Ag féachaint do raon na leasuithe atá á ndéanamh leis seo ar Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003, is inmhianaithe, ar mhaithe le soiléireacht agus le cuíchóiriú, na forálacha ábhartha a athmhúnlú trína mbailiú le chéile i dtéacs amháin i Rialachán nua,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Is é atá mar aidhm ag an Rialachán seo:

(a)

rialacha cothroma a leagan síos maidir le malartuithe trasteorann leictreachais, agus feabhas a chur, dá réir, ar iomaíocht sa mhargadh inmheánach sa leictreachas, agus saintréithe áirithe na margaí náisiúnta agus réigiúnacha á gcur san áireamh. Chuige sin, bunófar meicníocht cúitimh do shreabha trasteorann an leictreachais agus socrófar prionsabail chomhchuibhithe maidir le muirir tarchurtha trasteorann agus maidir le leithdháileadh acmhainne atá ar fáil ó na hidirnascairí idir córais tarchurtha náisiúnta;

(b)

margadh a bheidh trédhearcach agus a fheidhmeoidh go maith agus a mbeidh leibhéal ard slándála ag soláthar an leictreachais ann a éascú. Soláthraítear leis, meicníochtaí le go mbeifear in ann na rialacha do mhalartuithe trasteorann sa leictreachas a chomhchuibhiú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críche an Rialacháin seo, is iad na sainmhínithe atá in Airteagal 2 de Threoir 2009/…/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas (6) is infheidhme, ach amháin an sainmhíniú ar ‘idirnascaire’ a gcuirtear an méid seo a leanas ina ionad:

ciallaíonn ‘idirnascaire’ líne tarchurtha a théann trasna teorainn idir Ballstáit agus a nascann córais náisiúnta tarchurtha na mBallstát.

2.   Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘údaráis rialúcháin’ na húdaráis rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Threoir 2009/…/CE;

(b)

ciallaíonn ‘sreabh trasteorainn’ sreabh fisiceach leictreachais ar líonra tarchurtha a eascraíonn as tionchar gníomhaíochtaí na dtáirgeoirí agus/nó na gcustaiméirí, ar líonra tarchurtha lasmuigh den Bhallstát sin. Más cuid de bhloc rialaithe singil iad líonraí tarchurtha de chuid dhá Bhallstát nó níos mó, go hiomlán nó go páirteach, meastar gur cuid de líonra tarchurtha, chun críche meicníocht chúitimh na n-oibreoirí córais tarchurtha dá dtagraítear in Airteagal 13 amháin, de chuid ceann amháin de na Ballstáit lena mbaineann an bloc rialaithe ina iomláine, chun go seachnófar go measfaí sreabha laistigh den bhloc rialaithe céanna mar shreabha trasteorann agus chun go seachnófar go mbeadh íocaíochtaí cúitimh faoi Airteagal 13 mar thoradh air. Féadfaidh údaráis rialúcháin na mBallstát lena mbaineann socrú a dhéanamh cén Ballstát a measfar gur cuid den líonra tarchurtha é an bloc rialaithe ina iomláine;

(c)

ciallaíonn ‘plódú’ staid nuair nach féidir idirnasc a nascann líonraí tarchurtha náisiúnta freastal ar na sreabha fisiceacha uile a eascraíonn ó thrádáil idirnáisiúnta agus atá á n-iarraidh ag rannpháirtithe sa mhargadh, toisc go bhfuil easpa acmhainne sna hidirnascairí agus/nó sna córais líonra tarchurtha náisiúnta lena mbaineann;

(d)

ciallaíonn ‘onnmhairiú dearbhaithe’ seoladh leictreachais i mBallstát amháin ar bhonn socraithe chonarthaigh a chiallaíonn go mbeidh glacadh comhfhreagrach comhuaineach (allmhairiú dearbhaithe) leictreachais i mBallstát eile nó i dtríú tír;

(e)

ciallaíonn ‘idirthuras dearbhaithe’ staid nuair a tharlaíonn onnmhairiú dearbhaithe leictreachais agus ina mbaineann an bealach a ainmnítear don idirbheart le tír nach dtarlóidh an seoladh nó an glacadh comhfhreagrach comhuaineach leictreachais inti;

(f)

ciallaíonn ‘allmhairiú dearbhaithe’ leictreachas a ghlacadh i mBallstát nó i dtríú tír go comhuaineach le seoladh an leictreachais (onnmhairiú dearbhaithe) i mBallstát eile;

(g)

ciallaíonn ‘idirnascaire nua’ idirnascaire nach bhfuil críochnaithe faoi … (8).

Airteagal 3

Deimhniúchán oibreoirí córais tarchurtha

1.   Scrúdóidh an Coimisiún aon fhógra faoi chinneadh ar dheimhniúchán oibreora córais tarchurtha mar a leagtar síos é in Airteagal 10(6) de Threoir 2009/…/CE, a luaithe is a fhaightear é. Laistigh de dhá mhí ón lá a bhfaighfidh sé fógra den sórt sin, tabharfaidh an Coimisiún a thuairim don údarás rialúcháin náisiúnta ábhartha maidir lena chomhoiriúnacht le hAirteagal 10(2) nó le hAirteagal 11, agus le hAirteagal 9 de Threoir 2009/…/CE.

Agus an tuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír á hullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an nGníomhaireacht a tuairim a chur ar fáil ar chinneadh an údaráis rialúcháin náisiúnta maidir le deimhniúchán. I gcásanna mar sin, déanfar an tréimhse dhá mhí dá dtagraítear sa chéad fomhír a shíneadh dhá mhí eile.

In éagmais tuairime ón gCoimisiún laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhómhír agus sa dara fomhír, measfar nach bhfuil aon agóid ag an gCoimisiún i gcoinne chinneadh an údaráis ar dheimhniúchán.

2.   Nuair a gheobhaidh sé tuairim ón gCoimisiún, glacfaidh an t-údarás rialúcháin náisiúnta, laistigh de dhá mhí, a chinneadh deireanach maidir le deimhniúchán an oibreora córais tarchurtha, ag cur an tuairim sin go láidir san áireamh. Foilseofar cinneadh an údaráis rialúcháin agus tuairim an Choimisiúin in éineacht lena chéile.

3.   Féadfaidh na húdaráis rialúcháin agus/nó an Coimisiún, tráth ar bith le linn an nós imeachta, iarraidh ar oibreoir córais tarchurtha agus/nó ar ghnóthas a dhéanann feidhm ar bith giniúna nó soláthair, aon fhaisnéis atá ábhartha do chomhlíonadh a gcúraimí faoin Airteagal seo a sholáthar.

4.   Urramóidh na húdaráis rialúcháin agus an Coimisiún rúndacht aon fhaisnéise íogaire tráchtála.

5.   Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh lena leagtar amach sonraí an nós imeachta a bheidh le leanúint chun mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

6.   I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún fógra faoi chinneadh ar dheimhniúchán oibreora córais tarchurtha faoi Airteagal 9(10) de Threoir 2009/…/CE, glacfaidh sé cinneadh a bhaineann le deimhniúchán. Comhlíonfaidh an t-údarás rialúcháin cinneadh an Choimisiúin.

Airteagal 4

Líonra Eorpach na n-oibreoirí córais tarchurtha don leictreachas

Comhoibreoidh na hoibreoirí córais tarchurtha uile ar leibhéal an Chomhphobail tríd an ENTSO don Leictreachas d'fhonn comhlánú an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas a chur chun cinn agus bainistiú den chéad scoth agus éabhlóid theicniúil shlán an líonra tarchurtha don leictreachas a áirithiú.

Airteagal 5

Bunú ENTSO don leictreachas

1.   Faoin … (9) cuirfidh na hoibreoirí córais tarchurtha don leictreachasdréacht-reachtanna faoi bhráid an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta, chomh maith le liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta an ENTSO don Leictreachas a bheidh le bunú, lena n-áirítear rialacha nós imeachta a bhaineann leis an gcomhairliúchán a dhéanfar le geallsealbhóirí eile.

2.   Laistigh de dhá mhí ón lá a bhfaighfear iad, tar éis di dul i gcomhairle le heagraíochtaí atá mar ionadaithe do na geallsealbhóirí uile, cuirfidh an Ghníomhaireacht tuairim ar fáil don Choimisiún maidir leis na dréacht-reachtanna, maidir le liosta na gcomhaltaí agus maidir leis na dréacht-rialacha nós imeachta.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún tuairim uaidh maidir leis na dréacht-reachtanna, le liosta na gcomhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta tráth nach déanaí ná trí mhí ón lá a bhfaighfear tuairim ón nGníomhaireacht.

4.   Tráth nach déanaí ná trí mhí ón lá a bhfaighfear an tuairim ón gCoimisiún, bunóidh na hoibreoirí córais tarchurtha an ENTSO don Leictreachas, glacfaidh siad a reachtanna agus a rialacha nós imeachta agus foilseoidh siad iad.

Airteagal 6

Cóid líonra a bhunú

1.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, leis an ENTSO don Leictreachas agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile, bunóidh an Coimisiún liosta tosaíochta bliantúil lena n-aithneofar na réimsí a leagtar amach in Airteagal 8(6) a bheidh le cur san áireamh i bhforbairt na gcód líonra.

2.   Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an nGníomhaireacht dréacht-treoirlíne réime neamhcheangailteach a chur faoina bhráid laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná sé mhí, treoirlíne lena leagfar amach prionsabail a bheidh oibiachtúil agus soiléir, i gcomhréir le hAirteagal 8(7), d'fhorbairt cód líonra a bhaineann leis na réimsí a sainaithníodh sa liosta tosaíochta. Féachfaidh gach treoirlíne réime neamhcheangailteach le neamhidirdhealú, iomaíocht éifeachtach agus feidhmiú éifeachtach an mhargaidh a chur chun cinn. Ar iarraidh réasúnaithe ón nGníomhaireacht, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an tréimhse sin.

3.   Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis an ENTSO don Leictreachas agus le geallsealbhóirí ábhartha eile maidir leis an dréacht-treoirlíne réime neamhcheangailteach, le linn tréimhse nach lú ná dhá mhí, ar bhealach oscailte trédhearcach.

4.   Má mheasann an Coimisiún nach rannchuidíonn an dréacht-treoirlíne réime neamhcheangailteach le neamhidirdhealú, iomaíocht éifeachtach agus feidhmiú éifeachtach an mhargaidh, féadfaidh sé iarraidh ar an nGníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh ar an dréacht-treoirlíne réime neamhcheangailteach laistigh de thréimhse réasúnach agus í a athchur faoi bhráid an Coimisiún.

5.   Má mhainníonn an Ghníomhaireacht dréacht-treoirlíne réime neamhcheangailteach a chur faoi bhráid an Choimisiún nó a athchur faoina bhráid faoi mhír 2 nó faoi mhír 4, tarraingeoidh an Coimisiún an dréacht-treoirlíne réime neamhcheangailteach sin suas.

6.   Iarrfaidh an Coimisiún ar an ENTSO don Leictreachas cód líonra atá i gcomhréir leis an treoirlíne ábhartha réime neamh-cheangailteach a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta laistigh de thréimhse ama réasúnach nach faide ná 12 mhí.

7.   Laistigh de thréimhse thrí mhí ón lá a bhfaighfear cód líonra, tráth a bhféadfaidh an Ghníomhaireacht dul i gcomhairle go foirmiúil leis na geallsealbhóirí ábhartha, cuirfidh an Ghníomhaireacht tuairim réasúnaithe faoi bhráid an ENTSO don Leictreachas maidir leis an gcód líonra.

8.   Féadfaidh an ENTSO don Leictreachas an cód líonra a leasú i bhfianaise thuairim na Gníomhaireachta agus é a athchur faoi bhráid na Gníomhaireachta.

9.   A luaithe agus a bheidh an Ghníomhaireacht sásta go bhfuil an cód líonra i gcomhréir leis na treoirlínte ábhartha réime neamhcheangailteacha, cuirfidh an Ghníomhaireacht an cód líonra faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sí a mholadh go nglacfar é.

10.   I gcás inar mhainnigh an ENTSO don Leictreachas cód líonra a fhorbairt laistigh den thréimhse ama a leag an Coimisiún síos faoi mhír 6, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an nGníomhaireacht dréachtchód líonra a ullmhú ar bhonn na treoirlíne ábhartha réime neamh-cheangailtigh ábhartha. Féadfaidh an Ghníomhaireacht dul i mbun tuilleadh comhairliúcháin agus dréachtchód líonra á ullmhú aici faoin mír seo. Cuirfidh an Ghníomhaireacht dréachtchód líonra arna ullmhú faoin mír seo faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sí a mholadh go nglacfar é.

11.   Féadfaidh an Coimisiún cód líonra amháin nó níos mó sna réimsí a liostaítear in Airteagal 8(6) a ghlacadh, ar a thionscnamh féin, i gcás inar mhainnigh an ENTSO don Leictreachas cód líonra a fhorbairt nó inar mhainnigh an Ghníomhaireacht dréachtchód líonra dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo a ullmhú, nó ar mholadh ón nGníomhaireacht faoi mhír 9 den Airteagal seo.

I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún cód líonra a ghlacadh ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, leis an ENTSO don Leictreachas agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile maidir leis an dréachtchód líonra le linn tréimhse nach lú na dhá mhí.

Na bearta sin, gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

12.   Beidh an t-Airteagal seo gan dochar do cheart an Choimisiúin treoirlínte a ghlacadh agus a leasú mar atá leagtha síos in Airteagal 18.

Airteagal 7

Cóid Líonra a Mhodhnú

1.   Daoine ar dóigh dóibh leas a bheith acu sa chód líonra, lena n-áirítear an ENTSO don Leictreachas, oibreoirí córais tarchurtha, úsáideoirí córais agus tomhaltóirí, féadfaidh siad dréachtmhodhnuithe a mholadh don Ghníomhaireacht ar chód líonra ar bith a ghlactar faoi Airteagal 6. Ar a tionscnamh féin, féadfaidh an Ghníomhaireacht modhnuithe a mholadh freisin.

2.   Leagfaidh an Ghníomhaireacht síos, ina Rialacha Nós Imeachta, próisis éifeachtúla maidir le measúnú agus comhairliúchán críochnúil i dtaca le dréachtmhodhnuithe, lena n-áirítear comhairliúchán leis an ENTSO don Leictreachas agus le húsáideoirí córais. Tar éis an phróisis seo, féadfaidh an Ghníomhaireacht moltaí réasúnaithe le haghaidh modhnuithe a chur chuig an gCoimisiún, agus comhleanúnachas na moltaí sórt sin le cuspóirí na gcód líonra a leagtar amach in Airteagal 6(2) á mhíniú aici.

3.   Féadfaidh an Coimisiún modhnuithe a ghlacadh ar aon chód líonra arna ghlacadh faoi Airteagal 6, agus moltaí na Gníomhaireachta á cur san áireamh aige. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

4.   Agus na modhnuithe atá beartaithe ámbreithniú, ní mheasfar, faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 23(2), ní bhreithneofar ach amháin na gnéithe a bhaineann leis an modhnú atá beartaithe. Beidh na modhnuithe a mholtar gan dochar do mhodhnuithe eile a fhéadfaidh an Coimisiún a mholadh.

Airteagal 8

Cúraimí an ENTSO don Leictreachas

1.   Tarraingeoidh an ENSTO don Leictreachas suas cóid líonra sna réimsí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, ar iarradh ón gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 6(6).

2.   Féadfaidh an ENSTO don Leictreachas cóid líonra a tharraingt suas sna réimsí a leagtar amach i mír 6 i gcás nach mbainfidh na cóid sin le réimsí a chumhdaítear leis an iarraidh a dhíreoidh an Coimisiún chuige. Cuirfear na cóid líonra sin faoi bhráid na Gníomhaireachta le go dtabharfaidh sí tuairim uaithi.

3.   Glacfaidh an ENTSO don Leictreachas:

(a)

uirlisí coiteanna d'oibriú an líonra, lena n-áirítear scála coiteann chun teagmhais a aicmiú agus pleananna taighde;

(b)

plean forbartha líonra neamhcheangailteach 10 mbliana ar fud an Chomphobail (‘plean forbartha líonra’), lena n-áirítear tuar ar leorgacht giniúna Eorpach, gach dhá bhliain;

(c)

clár oibre bliantúil;

(d)

tuarascáil bhliantúil;

(e)

tuar bliantúil ar leorgacht giniúna an tsamhraidh agus an gheimhridh.

4.   Cumhdófar, leis an tuar ar leorgacht giniúna Eorpach dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3, leorgacht foriomlán an chórais leictreachais freastal ar éilimh reatha agus eílimh réamh-mheasta don leictreachas don tréimhse cúig bliana atá le teacht chomh maith leis an tréimhse idir cúig agus 15 bliana ó dháta an tuair sin. An tuar Eorpach ar leorgacht giniúna, tógfaidh sé ar na tuair náisiúnta ar leorgacht giniúna a ullmhaíonn gach oibreoir córais tarchurtha é féin.

5.   Is éard a bheidh sa chlár oibre bliantúil dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3 liosta de na cóid líonra atá le hullmhú agus cur síos orthu, plean maidir le comhordú oibriú an líonra agus gníomhaíochtaí taighde agus forbartha, a dhéanfar an bhliain sin, agus féilire táscach.

6.   Agus sainiúlachtaí réigiúnacha, más iomchuí, á gcur san áireamh, cumhdóidh na cóid líonra dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 na réimsí seo a leanas:

(a)

rialacha maidir le slándáil agus iontaofacht an líonra, lena n-áirítear rialacha i dtaca le tarchur teicniúil na hacmhainne cúltaca do shlándáil oibríochtúil an líonra;

(b)

rialacha maidir le nasc leis an ngréasán;

(c)

rialacha maidir le rochtain ag tríú páirtithe;

(d)

rialacha maidir le malartú sonraí agus le socrú sonraí;

(e)

rialacha idir-inoibritheachta;

(f)

nósanna imeachta oibríochtúla i gcás éigeandála;

(g)

rialacha maidir le leithdháileadh acmhainne agus maidir le bainistiú ar phlódú;

(h)

rialacha trádála a bhaineann le soláthar teicniúil agus oibríochtúil seirbhísí rochtana ar an líonra agus le comhardú an chórais;

(i)

rialacha trédhearcachta;

(j)

rialacha comhardaithe lena n-áirítear rialacha maidir le cumhacht cúltaca a bhaineann leis an líonra;

(k)

rialacha maidir le struchtúir chomhchuibhithe do tharaifí tarchurtha lena n-áirítear comharthaí suímh agus rialacha maidir le cúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha; agus

(l)

éifeachtúlacht an fhuinnimh i dtaca le líonraí leictreachais.

7.   Ní dhéanfar na cóid líonra a fhorbairt ach amháin maidir le gnéithe a bhaineann le líonraí trasteorann agus beidh siad gan dochar do cheart na mBallstát cóid náisiúnta a bhunú do shaincheisteanna nach mbaineann le líonraí trasteorann.

8.   Déanfaidh an ENTSO don Leictreachas monatóireacht agus anailís ar chur chun feidhme na gcód líonra agus na dtreoirlínte arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6(11), agus ar a n-éifeacht ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme arb é is aidhm dóibh comhthathú an mhargaidh a éascú. Cuirfidh an ENTSO don Leictreachas tuarascáil chuig an nGníomhaireacht maidir le torthaí a mhachnaimh agus áireofar inti torthaí na hanailíse a bheidh sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 3 den Airteagal seo.

9.   Cuirfidh an ENTSO don Leictreachas ar fáil an fhaisnéis uile atá riachtanach don Ghníomhaireacht chun a cúraimí a chomhlíonadh faoi Airteagal 9(1).

10.   Gach dhá bhliain, glacfaidh agus foilseoidh ENTSO don Leictreachas plean neamhcheangailteach forbartha líonra. Cuimseofar samhaltú an líonra chomhtháite, forbairt cásanna, tuar ar leorgacht giniúna Eorpaigh agus measúnú ar stóinseacht an chórais sa phlean infheistíochta.

Go háirithe, déanfaidh an plean forbartha líonra na nithe seo a leanas:

(a)

tógfaidh sé ar phleananna infheistíochta náisiúnta, ar phleananna infheistíochta réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 12 (1) agus, más iomchuí, ar na treoirlínte do Líonraí Fuinnimh Tras-Eorpacha i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE (10);

(b)

i réimse na n-idirnascairí trasteorann, tógfaidh sé ar riachtanais réasúnta úsáideoirí na gcóras éagsúil, agus déanfaidh sé gealltanais fhadtéarmacha ó infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 13 agus Airteagal 22 de Threoir 2009/…/CE a chomhtháthú;

(c)

aimseoidh sé bearnaí san infheistíocht, go háirithe maidir le acmhainn trasteorann.

11.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, tabharfaidh an ENTSO don Leictreachas a thuairimí don Choimisiún maidir leis na treoirlínte a ghlacadh mar atá leagtha síos in Airteagal 18.

Airteagal 9

An Ghníomhaireacht i mbun monatóireachta

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht monatóireacht ar chur i gcrích chúraimí an ENTSO don Leictreachas dá dtagraítear in Airteagal 8(1), (2) agus (3) agus tabharfaidh sí tuarascáil don Choimisiún.

Na cóid líonra a tarraingíodh suas faoi Airteagal 8(2) agus na cóid líonra a forbraíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(1) go dtí (10) ach nach bhfuil glactha ag an gCoimisiún faoi Airteagal 6(11), déanfaidh an Ghníomhaireacht monatóireacht ar an mbealach a chuireann an ENTSO don Leictreachas chun feidhme iad. I gcás inar mhainnigh an ENTSO don Leictreachas aon chód líonra den sórt sin a chur chun feidhme, tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim chuí-réasúnaithe don Choimisiún.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht monatóireacht agus anailís ar chur chun feidhme na gcód líonra agus na dtreoirlínte arna nglacadh ag an gCoimisiún mar a leagtar síos in Airteagal 6(11), agus ar a dtionchar ar chomhchuibheas na rialacha is infheidhme arb é is aidhm dóibh comhthathú margaidh a éascú agus ar neamh-idirdhealú, ar iomaíocht éifeachtach agus ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh, agus tabharfaidh sí tuarascáil don Choimisiún.

2.   Déanfaidh an ENTSO don Leictreachas an dréachtphlean forbartha líonra agus an dréachtchlár oibre bliantúil, lena n-áirítear an fhaisnéis maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin, a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta chun a tuairim a fháil.

I gcás ina measfaidh an Ghníomhaireacht, laistigh de thréimhse dhá mhí ón lá a bhfaighfear iad, nach rannchuideoidh an dréachtchlár oibre bliantúil nó an dréachtphlean forbartha líonra le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach nó le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh nó le leibhéal sásúil idirnaisc trasteorann a bheidh oscailte do rochtain tríú páirtithe, tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim chuí-réasúnaithe, chomh maith le moltaí, do ENTSO don Leictreachas agus don Choimisiún.

Airteagal 10

Comhairliúcháin

1.   Agus é ag ullmhú na gcód líonra, an dréachtphlean forbartha líonra agus an chláir oibre bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 8(1), (2) agus (3), seolfaidh an ENTSO don Leictreachas próiseas comhairliúcháin forleathan, go luath agus ar bhealach trédhearcach agus oscailte, ina n-áireofar na rannpháirtithe ábhartha go léir sa mhargadh, agus, go háirithe, na heagraíochtaí a dhéanann ionadaiocht do na geallsealbhóirí uile, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1). Áireofar sa chomhairliúchán sin na húdaráis rialúcháin náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile, gnóthais soláthair agus ghiniúna, custaiméirí, úsáideoirí córais, oibreoirí córais dáileacháin, lena n-áirítear na comhlachais tionsclaíocha ábhartha, comhlachtaí teicniúla agus grúpaí de gheallsealbhóirí. Is éard a bheidh mar aidhm aige tuairimí agus moltaí na bpáirtithe ábhartha uile a shainaithint i rith an phróisis cinnteoireachta.

2.   Poibleofar na doiciméid agus na miontuairiscí uile a bhaineann leis na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 1.

3.   Sula nglacfaidh sé an clár oibre bliantúil agus na cóid líonra dá dtagraítear in Airteagal 8(1), (2) agus (3), tabharfaidh an ENTSO don Leictreachas le fios cad iad na barúlacha a fuarthas le linn an chomhairliúcháin agus an tslí inar cuireadh iad san áireamh. I gcás nach mbeidh barúlacha curtha san áireamh, tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis sin.

Airteagal 11

Costais

Is iad na hoibreoirí córais tarchurtha a iompróidh na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí an ENTSO don Leictreachas dá dtagraítear in Airteagal 4 go hAirteagal 12, agus cuirfear na costais sin san áireamh le linn taraifí a ríomh. Ní dhéanfaidh údaráis rialúcháin na costais sin a fhormheas ach amháin má tá siad réasúnach agus comhréireach.

Airteagal 12

Comhar réigiúnach idir na hoibreoirí córais tarchurtha

1.   Bunóidh na hoibreoirí córais tarchurtha comhar réigiúnach laistigh den ENTSO don Leictreachas d'fhonn rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8(1), (2) agus (3). Foilseoidh siad, go háirithe, plean infheistíochta réigiúnach gach dara bliain, agus féadfaidh siad cinntí infheistíochta a ghlacadh a bheidh bunaithe ar an bplean infheistíochta réigiúnach sin.

2.   Cuirfidh oibreoirí córais tarchurtha socruithe oibríochtúla chun cinn d'fhonn an bainistiú is fearr ar an líonra a áirithiú agus cuirfidh siad chun cinn malartuithe leictreachais agus leithdháileadh acmhainne trasteorann trí réitigh neamh-idirdhealaitheacha margadh-bhunaithe, agus aird chuí á tabhairt acu ar fhiúntas sonrach na gceantanna intuigthe do leithdháileadh gearrthéarmach agus ar chomhtháthú na meicníochtaí um chomhardú agus um chumhacht chúltaca.

3.   Féadfaidh an Coimisiún an limistéar geografach a chumhdaíonn gach struchtúr comhair réigiúnaigh a shainiú, ag féachaint do na struchtúir comhair réigiúnaigh atá ann cheana féin. Ceadófar do gach Ballstát comhar a chur chun cinn i níos mó ná limistéar geografach amháin. An beart dá dtagraítear sa chéad abairt, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an ENTSO don Leictreachas agus leis an nGníomhaireacht.

Airteagal 13

Meicníocht um chúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha

1.   Gheobhaidh oibreoirí córais tarchurtha cúiteamh as costais a thabhaítear de thoradh sreabha leictreachais trasteorann a óstáil ar a líonraí.

2.   Is iad oibreoirí córas náisiúnta tarchurtha, ina dtionscnaítear sreabha trasteorann, agus oibreoirí na gcóras ina gcríochnaíonn na sreabha sin, a íocfaidh an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1.

3.   Déanfar íocaíochtaí cúitimh ar bhonn rialta maidir le tréimhse ar leith san am atá thart. Déanfar coigeartú ex post ar chúiteamh a íocadh nuair is gá sin chun na costais a tabhaíodh iarbhír a léiriú.

Cinnfear sna treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 18, an chéad tréimhse a ndéanfar íocaíochtaí cúitimh ina leith.

4.   Ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23(2), cinnfidh an Coimisiún méideanna na n-íocaíochtaí cúitimh a bheidh le híoc.

5.   Méid na sreabh trasteorann a óstáiltear agus méid na sreabh trasteorann a ainmnítear mar shreabha a thionscnaítear agus/nó a chríochnaíonn i gcórais náisiúnta tarchurtha, cinnfear í ar bhonn na sreabh fisiciúil leictreachais a thomhastar iarbhír le linn tréimhse ar leith.

6.   Na costais a thabhaítear de thoradh sreabha leictreachais trasteorann a óstáil, suífear iad ar bhonn meánchostas incriminteach, fadtréimhseach, réamhbhreathnaitheach, ag cur san áireamh caillteanais, infheistíocht i mbonneagar nua, agus cionmhaireacht iomchuí de chostas an bhonneagair atá ann cheana, a mhéid a úsáidtear an bonneagar sin chun sreabha trasteorann a tharchur, á chur san áireamh, go háirithe, a riachtanaí atá sé slándáil an tsoláthair a ráthú. Nuair a bheidh na costais a tabhaíodh á suí, úsáidfear modheolaíochtaí costála atá caighdeánach agus aitheanta. D'fhonn an cúiteamh a fuarthas a laghdú, cuirfear san áireamh sochair a fhaigheann líonra de thoradh sreabha trasteorann a óstáil.

Airteagal 14

Muirir ar rochtain ar líonraí

1.   Na muirir a ghearrfaidh oibreoirí líonra ar rochtain ar líonraí, beidh siad trédhearcach agus cuirfear san áireamh leo a riachtanaí atá slándáil líonra agus léireofar iontu na costais iarbhír a thabhaítear a mhéid a fhreagraíonn siad do chostais oibreora líonra atá éifeachtach agus a bhfuil struchtúr inchomparáide aige agus cuirfear na muirir sin i bhfeidhm ar mhodh neamh-idirdhealaitheach. Ní muirir achar-bhainteacha a bheidh sna muirir sin.

2.   Féadfar muirear a ghearradh ar tháirgeoirí agus ar thomhaltóirí (‘lód’) as rochtain ar líonraí. Beidh an chionmhaireacht de mhéid iomlán na muirear líonra a iompróidh táirgeoirí níos ísle ná an chionmhaireacht a iompróidh na tomhaltóirí, faoi réir an ghá atá le comharthaí iomchuí, éifeachtúla suímh a sholáthar. Le leibhéal na dtaraifí a ghearrfar ar tháirgeoirí agus/nó ar thomhaltóirí, soláthrófar comharthaí suímh ar leibhéal an Chomhphobail, más iomchuí, agus cuirfear san áireamh ann méid na gcaillteanas líonra agus an phlódaithe líonra, agus costais na hinfheistíochta sa bhonneagar. Ní choiscfidh sé seo ar Bhallstáit comharthaí suímh a sholáthar laistigh dá gcríocha nó meicníochtaí a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh na muirir ar rochtain ar líonra a thabhaíonn tomhaltóirí (lód) aonfhoirmeach ar fud a gcríoch.

3.   Nuair a bheidh na muirir ar rochtain ar líonra á socrú, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

íocaíochtaí agus fáltais a eascraíonn as an meicníocht um chúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha;

(b)

íocaíochtaí iarbhír a rinneadh agus a fuarthas mar aon le híocaíochtaí tuartha do thréimhsí ama sa todhchaí, agus a ndéantar meastachán orthu ar bhonn tréimhsí san am atá thart.

4.   Ar choinníoll go mbeidh comharthaí iomchuí, éifeachtúla suímh ann, i gcomhréir le mír 2, gearrfar ar tháirgeoirí agus ar thomhaltóirí muirir ar rochtain ar líonraí beag beann ar thíortha cinn scríbe agus ar thíortha tionscnaimh an leictreachais, faoi seach, mar a shonraítear sa bhunsocrú tráchtála. Beidh sé seo gan dochar do mhuirir ar onnmhairí dearbhaithe nó ar allmhairí dearbhaithe a eascraíonn ón mbainistiú ar phlódú dá dtagraítear in Airteagal 16.

5.   Ní bheidh aon mhuirear sonrach líonra ar idirbhearta leithleacha maidir le hidirthurais leictreachais a dhearbhaítear.

Airteagal 15

Faisnéis a chur ar fáil

1.   Cuirfidh oibreoirí córais tarchurtha meicníochtaí malartuithe faisnéise i bhfeidhm chun slándáil na líonraí a áirithiú i gcomhthéacs an bhainistithe ar phlódú.

2.   Foilseofar na caighdeáin sábháilteachta, oibríochtúla agus pleanála a úsáideann oibreoirí córais tarchurtha. Cuimseoidh an fhaisnéis a fhoilseofar scéim ghinearálta chun acmhainn iomlán an aistrithe agus lamháil iontaofachta na tarchurtha a ríomh ar bhonn ghnéithe leictreacha agus fisiciúla an líonra. Beidh scéimeanna den sórt sin faoi réir fhaomhadh na n-údarás rialúcháin.

3.   Foilseoidh oibreoirí córais tarchurtha meastacháin ar acmhainn inaistrithe atá ar fáil do gach lá, agus léireofar iontu aon acmhainn inaistrithe atá ar fáil agus atá curtha in áirithe cheana féin. Déanfar na foilseacháin sin ag eatraimh shonraithe roimh an lá iompair agus cuimseofar iontu, in aon chás, meastacháin a dhéanfar seachtain roimh ré agus mí roimh ré, mar aon le sonrú cainníochtúil maidir le hiontaofacht tuartha na hacmhainne atá ar fáil.

4.   Foilseoidh oibreoirí córais tarchurtha sonraí ábhartha maidir le réamhaisnéis chomhiomlánaithe agus éileamh iarbhír, maidir le hinfhaighteacht agus úsáid iarbhír na sócmhainní giniúna agus lóid, maidir le hinfhaighteacht agus úsáid na líonraí agus na n-idirnasc, agus maidir le cumhacht agus acmhainn chúltaca achomhardú. Féadfar sonraí comhiomlánaithe meastacháin a úsáid maidir le hinfhaighteacht agus úsáid iarbhír aonad beag giniúna agus lóid.

5.   Déanfaidh na rannpháirtithe margaidh lena mbaineann na sonraí ábhartha a thabhairt do na hoibreoirí córais tarchurtha.

6.   Gnóthais ghiniúna ar leo nó a oibríonn sócmhainní giniúna a bhfuil acmhainn shuiteáilte 250 MW ar a laghad ag ceann amháin díobh, coimeádfaidh siad ar fáil don údarás rialúcháin náisiúnta, don údarás iomaíochta náisiúnta agus don Choimisiún, go ceann cúig bliana, na sonraí in aghaidh na huaire uile don ghléasra is gá ionas go bhfíorófar na cinntí seolta oibríochtúla go léir, mar aon leis an iompar tairsceana i malartuithe fuinnimh, ceantanna idirnascairí, margaí na gcúltacaí agus margaí thar an gcuntar. An fhaisnéis in aghaidh an ghléasra agus in aghaidh na huaire atá le stóráil, cuimsíonn sí, ach ní gá gurb iad sin amháin a bheadh i gceist léi, sonraí maidir leis an acmhainn ghiniúna agus na cúltacaí geallta atá ar fáil, lena n-áirítear leithdháileadh na gcúltacaí sin in aghaidh an ghléasra, na tráthanna a dhéantar an tairiscint agus an ghiniúint.

Airteagal 16

Prionsabail ghinearálta an bhainistithe ar phlódú

1.   Tabharfar aghaidh ar fhadhbanna maidir le plódú líonra le réitigh neamh-idirdhealaitheacha margadh-bhunaithe agus a thabharfaidh comharthaí eacnamaíocha éifeachtúla do na rannpháirtithe sa mhargadh agus do na hoibreoirí córais tarchurtha lena mbaineann. Réiteofar fadhbanna an phlódaithe líonra, de rogha, trí mhodhanna a bheidh bunaithe ar neamh-idirbheart i.e. modhanna nach mbaineann le roghnú idir conarthaí rannpháirtithe leithleacha sa mhargadh.

2.   Ní úsáidfear nósanna imeachta um chiorrú idirbhirt ach amháin i staideanna éigeandála ina mbeadh ar an oibreoir córais tarchurtha gníomhú ar mhodh gasta agus nach mbeadh athsheoladh nó fritrádáil indéanta. Cuirfear aon nós imeachta den sórt sin i bhfeidhm ar mhodh neamh-idirdhealaitheach.

Déanfar rannpháirtithe sa mhargadh, dár leithdháileadh acmhainn, a chúiteamh as aon chiorrú, ach amháin i gcásanna force-majeure.

3.   Cuirfear ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh acmhainn uasta na n-idirnasc agus/nó na líonraí tarchurtha a bhfuil tionchar acu ar shreabha trasteorann, agus na caighdeáin sábháilteachta á gcomhlíonadh maidir le hoibriú líonra shláin.

4.   Cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh i bhfios do na hoibreoirí córais tarchurtha, tráth réasúnach roimh an tréimhse oibríochtúil ábhartha, an bhfuil sé ar intinn acu an acmhainn a leithdháileadh a úsáid. Aon acmhainn a leithdháilfear ach nach n-úsáidfear, athsheolfar isteach sa mhargadh í ar mhodh oscailte, trédhearcach agus neamhidirdhealaitheach.

5.   Déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha, a mhéid is indéanta é go teicniúil, cothromú ar riachtanais acmhainne na sreabh cumhachta leictreachais ag dul sa treo contrártha thar an líne idirnaisc phlódaithe, sa dóigh go n-úsáidfear an líne sin go huasmhéid a hacmhainne. Agus lánaird á tabhairt ar shlándáil líonra, ní dhiúltófar riamh d'aon idirbhearta a mhaolóidh an plódú.

6.   Aon ioncam a eascróidh as leithdháileadh idirnasc, úsáidfear é chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

infhaighteacht iarbhír na hacmhainne a leithdháileadh a ráthú; agus/nó

(b)

infheistíocht i líonraí a chothabhálann nó a mhéadaíonn acmhainn idirnasc, go háirithe trí idirnascairí nua.

Mura féidir an t-ioncam a úsáid go héifeachtúil chun na gcríoch a leagtar amach i bpointe (a) agus/nó i bpointe (b) den chéad fhomhír, féadfar é a úsáid faoi réir fhormheas údarás rialúcháin na mBallstát lena mbaineann, suas go méid uasta a chinnfidh na húdaráis rialúcháin sin, mar ioncam a chuirfidh na húdaráis rialúcháin san áireamh le linn dóibh an mhodheolaíocht a fhormheas chun taraifí líonraí a ríomh agus/nó a shocrú.

Cuirfear an chuid eile den ioncam ar líne leithleach inmheánach cuntais go dtí go bhféadfar é a chaitheamh chun na gcríoch a leagtar amach i bpointe (a) agus/nó i bpointe (b) den chéad fhomhír.

Airteagal 17

Idirnascairí nua

1.   Féadfaidh na húdaráis rialúcháin idirnascairí srutha dhírigh a dhíolmhú go gceann tréimhse teoranta, arna iarraidh sin, ó fhorálacha Airteagal 16(6) den Rialachán seo agus Airteagal 9, Airteagal 31(36), agus Airteagal 36(6) agus (8) de Threoir 2009/…/CE faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

feabhsaíonn an infheistíocht an iomaíocht i soláthair an leictreachais;

(b)

tá an leibhéal riosca a bhaineann leis an infheistíocht chomh mór sin nach ndéanfaí an infheistíocht mura dtabharfaí díolúine;

(c)

nach foláir go bhfuil an t-idirnascaire faoi úinéireacht duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh atá neamhspleách, ar a laghad ó thaobh a stádais dlí de, ó na hoibreoirí córais ar ina gcórais a thógfar an t-idirnascaire sin;

(d)

gearrfar costais ar úsáideoirí an idirnascaire sin;

(e)

ó bhí oscailt pháirteach an mhargaidh ann dá dtagraítear in Airteagal 19 de Threoir 96/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 1996 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas (11), ní dhearnadh aon chuid de chostais caipitil ná de chostais oibriúcháin an idirnascaire a aisghabháil ó aon chuid de na muirir a gearradh as úsáid na gcóras tarchurtha nó dáileacháin a nasctar le chéile leis an idirnascaire;

(f)

ní chun aimhleas na hiomaíochta ná chun aimhleas fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas atá an díolúine, ná chun aimhleasa fheidhmiú éifeachtúil an chórais atá á rialú a bhfuil an t-idirnascaire nasctha leis.

2.   Beidh feidhm freisin ag mír 1, i gcásanna eisceachtúla, maidir le hidirnascairí srutha ailtéarnaigh ar choinníoll go mbeidh an-chostas agus an-riosca ag baint leis an infheistíocht i gcomparáid leis na costais agus na rioscaí a thabhaítear de ghnáth nuair a dhéantar dhá chóras tarchurtha náisiúnta chomharsanacha a nascadh.

3.   Beidh feidhm freisin ag mír 1 maidir le méaduithe suntasacha acmhainne in idirnascairí atá ann cheana féin.

4.   Glacfaidh údaráis rialúcháin na mBallstát lena mbaineann an cinneadh maidir leis an díolúine dá dtagraítear faoi mhír 1, faoi mhír 2 agus faoi mhír 3, ar bhonn cás ar chás. Féadfar acmhainn iomlán nó cuid d'acmhainn an idirnascaire nua, nó acmhainn iomlán nó cuid d'acmhainn an idirnascaire atá ann cheana féin ach a bhfuil méadú suntasach curtha ar a acmhainn, a chumhdach le díolúine.

Agus cinneadh á dhéanamh díolúine a dheonú, breithneofar, ar bhonn cás ar chás, an gá atá le coinníollacha a fhorchur maidir le ré na díolúine agus maidir le rochtain neamhidirdhealaitheach ar an idirnascaire. Agus cinneadh á dhéanamh faoi na coinníollacha sin, cuirfear san áireamh, go háirithe, an acmhainn bhreise a bheidh le tógáil nó an modhnú a bheidh le déanamh ar an acmhainn atá ann cheana, fráma ama an tionscadail agus na dálaí náisiúnta.

Sula ndeonóidh siad díolúine, déanfaidh údaráis rialúcháin na mBallstát lena mbaineann cinneadh faoi na rialacha agus faoi na meicníochtaí a bheidh ann leis an acmhainn a bhainistiú agus a leithdháileadh. Áireofar leis na rialacha um bainistiú ar phlódú go mbeidh oibleagáid ann aon acmhainn neamhúsáidte a thairiscint ar an margadh agus go mbeidh úsáideoirí i dteideal a n-acmhainní conraithe a thrádáil ar an margadh tánaisteach. Agus measúnú á dhéanamh ar na critéir dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (f) de mhír 1 den Airteagal seo, cuirfear san áireamh torthaí an nós imeachta um leithdháileadh acmhainne.

Réasúnófar go cuí an cinneadh i dtaobh na díolúine, lena n-áirítear aon choinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, agus foilseofar é.

5.   Ní ghlacfaidh an Ghníomhaireacht na cinntí dá dtagraítear i mír 4 ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach raibh na húdaráis inniúla lena mbaineann in ann teacht ar chomhaontú laistigh de shé mhí ón dáta ar iarradh an díolúine os comhair an údaráis dheireanaigh de na húdaráis rialúcháin sin; nó

(b)

arna iarraidh sin do na húdaráis rialúcháin lena mbaineann, go comhpháirteach.

Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis rialúcháin lena mbaineann.

6.   Ainneoin mhír 4 agus mhír 5, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go gcuirfidh an t-údarás rialúcháin nó go gcuirfidh an Ghníomhaireacht, de réir mar a bheidh, a thuairim nó a tuairim maidir leis an iarraidh ar dhíolúine faoi bhráid an chomhlachta ábhartha sa Bhallstát, le cinneadh foirmiúil a fháil ina taobh. Foilseofar an tuairim sin mar aon leis an gcinneadh.

7.   Déanfaidh na húdaráis rialúcháin cóip de gach iarraidh ar dhíolúine a tharchur mar eolas chuig an nGníomhaireacht agus chuig an gCoimisiún, tráth a bhfaighfear í. Tabharfaidh na húdaráis rialúcháin lena mbaineann, nó an Ghníomhaireacht (‘na comhlachtaí a thugann fógra’), fógra don Choimisiún faoin gcinneadh, mar aon leis an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis an gcinneadh, gan mhoill. Féadfar an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin i bhfoirm chomhiomlán, rud a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin teacht ar chinneadh a mbeidh bonn maith faoi. Beidh an méid seo a leanas, go háirithe, san fhaisnéis sin:

(a)

na cúiseanna mionsonraithe ar ar a mbonn a deonaíodh an díolúine, lena n-áirítear an fhaisnéis airgeadais lena gcosnaítear an gá atá leis an díolúine;

(b)

an anailís a rinneadh ar an tionchar a bheidh ar an iomaíocht agus ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas, mar thoradh ar dheonú na díolúine;

(c)

na cúiseanna atá leis an tréimhse ama agus an sciar d'acmhainn iomlán an idirnascaire atá i gceist a bhfuil an díolúine á deonú ina leith;

(d)

toradh an chomhairliúcháin a rinneadh leis na húdarás rialúcháin lena mbaineann.

8.   Laistigh de thréimhse dhá mhí ón lá tar éis an dáta a gheofar an fógra faoi mhír 7, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh lena n-iarrfar ar na comhlachtaí a thugann fógra leasú a dhéanamh ar an gcinneadh díolúine a dheonú, nó an cinneadh sin a tharraingt siar. Féadfar síneadh dhá mhí a chur leis an tréimhse dhá mhí sin i gcás ina mbeidh faisnéis bhreise á lorg ag an gCoimisiún. Is ar an lá tar éis an dáta a gheofar an fhaisnéis bhreise ina hiomláine a thosóidh an tréimhse sin. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse tosaigh dhá mhí freisin le toiliú an Choimisiúin agus na gcomhlachtaí a thugann fógra araon.

Mura soláthrófar an fhaisnéis a iarradh laistigh den tréimhse a leagtar síos san iarraidh, measfar go mbeidh an fógra tarraingthe siar mura rud é, roimh dhul in éag don tréimshe sin, go gcuirfear síneadh leis an tréimhse le toiliú an Choimisiúin agus na gcomhlachtaí a thugann fógra araon, sin nó mura gcuirfidh na comhlachtaí a thugann fógra, i ráiteas cuí-réasúnaithe, in iúl don Choimisiún, go measann siad go bhfuil an fógra comhiomlán.

Comhlíonfaidh na comhlachtaí a thugann fógra cinneadh an Choimisiúin an cinneadh i leith díolúine a leasú nó a chúlghairm laistigh de mhí amháin agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

Caomhnóidh an Coimisiún rúndacht aon fhaisnéise tráchtála íogaire.

Faomhadh an Choimisiúin maidir le cinneadh i leith díolúine, rachaidh sé as feidhm dhá bhliain ón dáta ar ghlacadh é, i gcás nach mbeidh an obair tógála ar an idirnascaire tosaithe faoin dáta sin nó tar éis cúig bliana ó dháta a ghlactha mura mbeidh an t-idirnascaire ag feidhmiú faoin dáta sin.

9.   Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh d'fhonn na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm agus an nós imeachta a leagan amach a bheidh le leanúint d'fhonn mír 4, mír 7, agus mír 8 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

Airteagal 18

Treoirlínte

1.   I gcás inarb iomchuí, sonrófar an méid seo a leanas leis na treoirlínte a bhaineann leis an meicníocht um chúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 13 agus Airteagal 14:

(a)

sonraí an nós imeachta lena gcinntear cé acu d'oibreoirí na gcóras tarchurtha a dhlífidh cúiteamh a íoc as sreabha trasteorann, lena n-áirítear an scoilt idir oibreoirí na gcóras náisiúnta tarchurtha ina dtionscnaítear sreabha trasteorann agus oibreoirí na gcóras ina gcríochnaíonn na sreabha seo, i gcomhréir le hAirteagal 13(2);

(b)

sonraí an nós imeachta íocaíochta a bheidh le leanúint, lena n-áirítear an chéad tréimhse a n-íocfar cúiteamh ina leith a chinneadh, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 13(3);

(c)

sonraí na modheolaíochtaí lena gcinnfear na sreabha trasteorann a óstáiltear agus a n-íocfar cúiteamh ina leith faoi Airteagal 13, ó thaobh cainníochta sreabha agus ó thaobh cineáil sreabha araon, agus lena gcinnfear ainmniú méideanna na sreabh sin mar shreabha a thionscnaítear agus/nó a chríochnaíonn i gcórais tarchurtha na mBallstát aonair, i gcomhréir le hAirteagal 13(5);

(d)

sonraí na modheolaíochta lena gcinnfear na costais agus na sochair a thabhaítear mar gheall ar shreabha trasteorann a óstáil, i gcomhréir le hAirteagal 13(6);

(e)

sonraí na cóireála ar shreabha leictreachais a thionscnaítear nó a chríochnaíonn i dtíortha lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, é seo i gcomhthéacs na meicníochta um chúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha;

(f)

rannpháirtíocht na gcóras náisiúnta atá idirnasctha trí idirnascairí srutha dhírigh, i gcomhréir le hAirteagal 13.

2.   Féadfar, leis na treoirlínte, rialacha iomchuí a chinneadh freisin as a dtiocfaidh comhchuibhiú leanúnach na mbunphrionsabal lena socraítear muirir a ghearrtar ar tháirgeoirí agus ar thomhaltóirí (lód) faoi chórais taraifí náisiúnta, lena n-áirítear an mheicníocht um chúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha, a chur san áireamh sna muirir líonra náisiúnta, agus comharthaí suímh éifeachtúla agus ábhartha a sholáthar, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 14.

Leis na treoirlínte, forálfar go mbeidh comharthaí suímh comhchuibhithe, iomchuí, éifeachtúla ann ar leibhéal an Chomhphobail.

Ní chuirfear bac ar na Ballstáit, le haon chomhchuibhiú i ndáil leis seo, meicníochtaí a chur i bhfeidhm lena n-áiritheofar go mbeidh na muirir a bhíonn le hiompar ag custaiméirí (lód) inchomparáide ar fud a gcríche.

3.   I gcás inarb iomchuí, sonrófar an méid seo a leanas freisin leis na treoirlínte lena dtugtar an t-íosleibhéal comhchuibhithe is gá chun aidhm an Rialacháin seo a bhaint amach:

(a)

mionsonraí maidir le soláthar faisnéise, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 15;

(b)

mionsonraí i dtaca leis na rialacha maidir le trádáil leictreachais;

(c)

mionsonraí i dtaca leis na rialacha maidir le dreasacht na hinfheistíochta d'acmhainn idirnascairí, lena n-áirítear comharthaí suímh;

(d)

mionsonraí i dtaca leis na réimsí a liostaítear in Airteagal 8(6).

4.   Leagtar síos in Iarscríbhinn I treoirlínte maidir le bainistiú agus leithdháileadh acmhainn tarchurtha na n-idirnascairí atá ar fáil idir córais náisiúnta.

5.   Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh i ndáil leis na saincheisteanna a liostaítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo. Féadfaidh sé na treoirlínte dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a leasú, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 15 agus in Airteagal 16, ionas go gcuirfear san áireamh, go háirithe, treoirlínte mionsonraithe maidir leis na modheolaíochtaí uile um leithdháileadh acmhainne a chuirtear i bhfeidhm go praiticiúil, agus ionas go n-áiritheofar go bhforbrófar meicníochtaí um bainistiú ar phlódú ar bhealach a bheidh comhoiriúnach le spriocanna an mhargaidh inmheánaigh. I gcás inarb iomchuí, agus an leasú sin á dhéanamh, bunófar rialacha coiteanna maidir le híoschaighdeáin slándála agus oibriochta i dtaobh úsáid agus oibriú an líonra, dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

Agus treoirlínte á nglacadh nó á leasú aige, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfaidh siad an t-íosleibhéal comhchuibhithe is gá a sholáthar chun aidhmeanna an Rialacháin seo a bhaint amach agus nach dtéann siad thar a bhfuil riachtanach chun na críche sin.

Agus treoirlínte á nglacadh nó a leasú aige, léireoidh an Coimisiún na gníomhartha a rinne sé i ndáil le rialacha tríú tíortha, ar cuid de chóras leictreachais an Chomhphobail iad, a bheith ag comhlíonadh na dtreoirlínte atá i gceist.

Agus na treoirlínte sin á nglacadh den chéad uair, áiritheoidh an Coimisiún go gcumhdófar, le haon dréachtbheart amháin, ar a laghad na saincheisteanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (d) de mhír 1 agus i mír 2.

Airteagal 19

Údaráis rialúcháin

Agus a bhfreagrachtaí á bhfeidhmiú acu, áiritheoidh na húdaráis rialúcháin go gcomhlíonfar an Rialachán seo agus go gcomhlíonfar na treoirlínte a ghlacfar de bhun Airteagal 18. I gcás inarb iomchuí chun spriocanna an Rialacháin seo a chomhlíonadh, rachaidh siad i gcomhar le chéile, leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht i gcomhlíonadh Chaibidil IX de Threoir 2009/…/CE.

Airteagal 20

Faisnéis a chur ar fáil agus rúndacht

1.   Déanfaidh na Ballstáit agus na húdaráis rialúcháin an fhaisnéis go léir is gá chun críocha Airteagal 13(4) agus Airteagal 18, a chur ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin.

Go háirithe, chun críocha Airteagal 13(4) agus (6), soláthróidh na húdaráis rialúcháin, ar bhonn tráthrialta, faisnéis maidir le costais iarbhír a thabhaíonn na hoibreoirí náisiúnta córais tarchuir, mar aon le sonraí agus an fhaisnéis uile is ábhartha maidir leis an sreabhadh fisiciúil i líonraí na n-oibreoirí córais tarchurtha agus maidir le costas na líonraí.

Socróidh an Coimisiún teorainn ama réasúnta chun faisnéis a chur ar fáil, agus castacht na faisnéise is gá agus an phráinn a ghabhann leis an ngá sin á gcur san áireamh.

2.   Mura soláthraíonn an Ballstát ná an t-údarás rialúcháin lena mbaineann an fhaisnéis sin faoin teorainn ama a shocraítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis uile is gá chun críche Airteagal 13(4) agus Airteagal 18 a iarraidh go díreach ar na gnóthais lena mbaineann.

Agus iarraidh ar fhaisnéis á seoladh aige chuig gnóthas, seolfaidh an Coimisiún cóip den iarraidh, an tráth céanna, chuig údarás rialúcháin an Bhallstáit a bhfuil ceannoifig an ghnóthais suite ina chríoch.

3.   Ina iarraidh ar fhaisnéis, luafaidh an Coimisiún bonn dlíthiúil na hiarrata sin, an teorainn ama ar laistigh di is gá an fhaisnéis a chur ar fáil, cuspóir na hiarrata, agus na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 22(2) mar gheall ar fhaisnéis a chur ar fáil atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach. Socróidh an Coimisiún teorainn ama réasúnta, agus castacht na faisnéise is gá agus an phráinn a ghabhann leis an ngá sin á gcur san áireamh.

4.   Úinéirí na ngnóthas nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, na daoine a bhfuil údarú acu a bheith ina n-ionadaithe dóibh faoin dlí nó faoina n-ionstraim chorpraithe, cuirfidh siad ar fáil an fhaisnéis a iarrtar. Dlíodóirí atá údaraithe mar is cuí chun gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a chur ar fáil thar ceann a gcliant, ach beidh freagracht iomlán fós ar an gcliant i gcás ina mbeidh an fhaisnéis neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.   Mura soláthraíonn gnóthas an fhaisnéis a iarrtar faoin teorainn ama a shocraíonn an Coimisiún nó má sholáthraíonn sé faisnéis neamhiomlán, féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, a cheangal go soláthrófar an fhaisnéis. Sonrófar, leis an gcinneadh, an fhaisnéis a theastaítear agus socrófar teorainn ama iomchuí inar féidir í a chur ar fáil. Sonrófar leis, na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 22(2). Sonrófar leis freisin, an ceart atá ann go ndéanfadh Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach an cinneadh a athbhreithniú.

Seolfaidh an Coimisiún, an tráth céanna, cóip dá chinneadh chuig údaráis rialúcháin an Bhallstáit a bhfuil cónaí ar an duine ann nó a bhfuil ceannoifig an ghnóthais suite ina chríoch.

6.   An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, ní úsáidfear í ach amháin chun críocha Airteagal 13(4) agus Airteagal 18.

Ní nochtfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis a gheofar de bhun an Rialacháin seo is faisnéis de chineál a chumhdaítear faoi oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

Airteagal 21

Ceart na mBallstát foráil do bhearta níos mionsonraithe

Beidh an Rialachán seo gan dochar do chearta na mBallstát bearta a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach ina bhfuil forálacha níos mionsonraithe ná na forálacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 18.

Airteagal 22

Pionóis

1.   Gan dochar do mhír 2, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme na forálacha ain. Ní mór do na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha sin a chomhfhreagraíonn do na forálacha sin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 faoin 1 Iúil 2004 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha sin nach gcomhfhreagraíonn do na forálacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 faoin … (12) agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún faoi aon leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin agus a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, fíneálacha nach mó ná 1 % de láimhdeachas na bliana gnó roimhe sin a fhorchuir ar ghnóthais i gcás ina gcuirfidh siad, d'aonghnó nó go faillíoch, faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhítheorach ar fáil mar fhreagra ar iarraidh a rinneadh de bhun Airteagal 20(3) nó i gcás ina mainneoidh siad faisnéis a chur ar fáil taobh istigh den teorainn ama a socraíodh de bhun chéad fhomhír Airteagal 20(5).

Agus méid fíneála á shocrú, tugtar aird ar a thromchúisí is a bhí neamhchomhlíonadh cheanglais na chéad fhomhíre.

3.   Ní pionóis de chineál an dlí choiriúil a bheidh sna pionóis dá bhforáiltear de bhun mhír 1 agus ní cinntí de chineál an dlí choiriúil na cinntí a ghlacfar de bhun mhír 2.

Airteagal 23

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an coiste a chuirtear ar bun le hAirteagal 46 de Threoir 2009/…/CE cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go dtí (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 24

Tuarascáil an Choimisiúin

Déanfaidh an Coimisiún monatóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Ina thuairisc faoi Airteagal 47(6) de Threoir 2009/…/CE, tabharfaidh an Coimisiún tuairisc freisin faoin taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Scrúdófar, go háirithe, leis an tuarascáil, a mhéid a d'éirigh leis an Rialachán seo coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha agus costais-léiritheacha a áirithiú do rochtain ar an líonra do mhalartuithe trasteorann leictreachais, d'fhonn cur leis an rogha atá ag an gcustaiméir i margadh inmheánach sa leictreachas a fheidhmíonn go maith agus d'fhonn cur le slándáil fhadtéarmach an tsoláthair, agus cibé an bhfuil comharthaí éifeachtacha geografacha ann. Beidh tograí agus/nó moltaí iomchuí in éineacht leis an tuarascáil, más gá.

Airteagal 25

Aisghairm

Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 ón … (13). Tagairtí a dheánfar don Rialachán aisghairthe, forléireofar iad mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón … (13).

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa …

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 211, 19.8.2008, lch. 23.

(2)  IO C 172, 5.7.2008, lch. 55.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 9 Eanáir 2009 agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  IO L 176, 15.7.2003, lch. 37.

(5)  IO L 176, 15.7.2003, lch. 1.

(6)  IO L …

(7)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(8)  Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin aisghairthe (CE) Uimh. 1228/2003.

(9)  Dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i.e. 18 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(10)  Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 lena leagtar síos treoirlínte do líonraí tras-Eorpacha fuinnimh (IO L 262, 22.9.2006, lch. 1).

(11)  IO L 27, 30.1.1997, lch. 20.

(12)  Dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(13)  18 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.


IARSCRÍBHINN 1

TREOIRLÍNTE MAIDIR LE BAINISTIÚ AGUS LEITHDHÁILEADH NA HACMHAINNE INAISTRITHE ATÁ AR FÁIL SNA HIDIRNAISC IDIR CHÓRAIS NÁISIÚNTA

1.   Forálacha Ginearálta

1.1.

Déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha (OCTanna) a ndícheall glacadh leis na hidirbhearta tráchtála go léir, lena n-áirítear iad sin ina bhfuil trádáil trasteorann i gceist.

1.2.

Nuair nach mbeidh aon phlódú ann, ní chuirfear srian ar rochtain ar an idirnasc. I gcás inarb amhlaidh a bheidh de ghnáth, ní bheidh aon ghá le nós imeachta buan ginearálta um leithdháileadh maidir le rochtain ar sheirbhís trasteorann tarchurtha.

1.3.

I gcás nach mbeidh idirbhearta sceidealta tráchtála ag luí le hoibriú slán na líonraí, laghdóidh na OCTanna an plódú i gcomhlíonadh cheanglais slándála oibríochtúla an líonra, agus iad ag iarraidh a áirithiú go bhfanfaidh aon chostais ghaolmhara ar leibhéal éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. Beartófar athsheoladh nó fritrádáil leasúcháin i gcás nach bhféadfar bearta is lú costas a chur i bhfeidhm.

1.4.

Má thagann plódú struchtúrach chun cinn, cuirfidh na OCTanna chun feidhme láithreach rialacha agus socruithe iomchuí maidir le bainistiú ar phlódú, a bheidh réamhshainithe agus réamh-chomhaontaithe. Áiritheofar leis na modhanna um bainistiú ar phlódú go gcomhlíonfaidh na sreabha fisiciúla cumhachta a bhaineann leis an acmhainn tarchurtha ar fad a leithdháilfear, na caighdeáin slándála do líonraí.

1.5.

Na modhanna a ghlacfar chun plódú a bhainistiú, tabharfaidh siad comharthaí eacnamaíocha éifeachtúla do rannpháirtithe sa mhargadh agus d'OCTanna, cuirfidh siad iomaíocht chun cinn agus beidh siad oiriúnach lena gcur i bhfeidhm ar bhonn réigiúnach agus ar fud an Chomhphobail.

1.6.

Ní dhéanfar idirdhealú a bheidh bunaithe ar idirbheart i mbainistiú ar phlódú. Ní dhiúltófar d'iarraidh ar leith ar sheirbhís tarchurtha ach amháin nuair a chomhlíonfar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

go gciallóidh sreabha fisiciúla incriminteacha cumhachta a eascróidh ó ghlacadh leis an iarraidh seo nach bhféadfar oibriú slán an chórais cumhachta a ráthú a thuilleadh, agus

(b)

go mbeidh an luach airgeadaíochta a ghabhann leis an iarraidh seo sa nós imeachta um bainistiú ar phlódú níos ísle ná na hiarrataí eile go léir a mbeartaítear glacadh leo don tseirbhís chéanna agus ar na coinníollacha céanna.

1.7.

Nuair a bheidh réimsí iomchuí na líonraí á sainiú arb iontu, agus arb eatarthu, a bheidh feidhm ag an mbainistiú ar phlódú, beidh de threoir ag OCTanna prionsabail na héifeachtachta costais agus na prionsabail um íoslaghdú iarmhairtí diúltacha ar an margadh inmheánach sa leictreachas. Ní bheidh na OCTanna, go sonrach, in ann srian a chur ar acmhainn na n-idirnasc d'fhonn plódú laistigh dá réimse rialaithe féin a réiteach, ach amháin ar na cúiseanna thuasluaite nó ar chúiseanna slándála oibríochtúla (1). Má tharlaíonn sé sin, tabharfaidh na OCTanna cur síos air agus cuirfidh siad in iúl é go trédhearcach do na húsáideoirí córas go léir. Ní fhéadfar glacadh le staid den sórt sin ach amháin go dtí go dtiocfar ar réiteach fadtéarmach. Tabharfaidh na OCTanna cur síos ar an modheolaíocht agus ar na tionscadail chun an réiteach fadtéarmach a bhaint amach agus cuirfidh siad faoi bhráid na n-úsáideoirí córas go léir iad ar bhealach trédhearcach.

1.8.

Nuair a bheidh an líonra á chomhardú laistigh den réimse rialaithe trí bhearta oibríochtúla sa líonra agus trí athsheoladh, tabharfaidh an OCT aird ar éifeacht na mbeart sin ar na réimsí rialaithe máguaird.

1.9.

Faoin 1 Eanáir 2008, bunófar meicníochtaí, ar bhealach comhordaithe agus faoi choinníollacha slána oibríochtúla, chun bainistiú san aon lá amháin a dhéanamh ar phlódú acmhainne idirnascaire, d'fhonn deiseanna trádála a uasmhéadú agus d'fhonn foráil a dhéanamh do chomhardú trasteorann.

1.10.

Déanfaidh na húdaráis rialúcháin náisiúnta measúnú go rialta ar na modhanna um bainistiú ar phlódú, agus aird ar leith á tabhairt acu ar chomhlíonadh na bprionsabal agus na rialacha a bhunaítear sa Rialachán seo agus sna treoirlínte seo agus ar chomhlíonadh na dtéarmaí agus na gcoinníollacha arna socrú ag na húdaráis rialúcháin iad féin faoi na prionsabail agus na rialacha seo. Cuimseoidh an measúnú sin comhairliúchán leis na rannpháirtithe uile sa mhargadh agus staidéir thiomnaithe.

2.   Modhanna bainistithe ar phlódú

2.1.

Beidh na modhanna bainistithe ar phlódú bunaithe ar an margadh d'fhonn trádáil éifeachtúil trasteorann a éascú. Chun na críche sin, ní dhéanfar acmhainn a leithdháileadh ach amháin trí cheantanna follasacha (acmhainn) nó trí cheantanna intuigthe (acmhainn agus fuinneamh). Féadfaidh an dá mhodh a bheith i gceist leis an idirnasc céanna ag an am céanna. Féadfar trádáil leanúnach a úsáid maidir le trádáil san aon lá amháin.

2.2.

Ag brath ar na coinníollacha iomaíochta, féadfaidh sé gur gá, leis na meicníochtaí um bainistiú ar phlódú, go gceadófar leithdháileadh fadtéarmach agus gearrthéarmach ar acmhainn tarchurtha.

2.3.

Le gach nós imeachta um leithdháileadh acmhainne, leithdháilfear codán forordaithe den acmhainn idirnaisc atá ar fáil móide aon acmhainn a bheidh fágtha agus nach mbeidh leithdháilte cheana agus aon acmhainn a scaoilfidh sealbhóirí acmhainne ó leithdháiltí roimhe sin.

2.4.

Déanfaidh na OCTanna daingne acmhainne a bharrfheabhsú, ag cur san áireamh oibleagáidí agus cearta na nOCTanna lena mbaineann agus oibleagáidí agus cearta na rannpháirtithe sa mhargadh d'fhonn iomaíocht éifeachtach agus éifeachtúil a éascú. Féadfar codán réasúnach den acmhainn a thairiscint don mhargadh ar leibhéal laghdaithe daingne, ach cuirfear coinníollacha cruinne an iompair thar línte trasteorann in iúl do na rannpháirtithe sa mhargadh i gcónaí.

2.5.

Cearta chun acmhainne daingne tarchurtha a bheidh sna cearta rochtana ar leithdháiltí fadtéarmacha agus meántéarmacha. Beidh siad faoi réir na bprionsabal ‘mura n-úsáidfear, caillfear í’ nó ‘mura n-úsáidfear, díoltar í’, tráth an ainmnithe.

2.6.

Saineoidh na OCTanna struchtúr iomchuí chun acmhainn a leithdháileadh idir frámaí ama éagsúla. D'fhéadfadh go gcuimseodh sé seo rogha chun céatadán íosta acmhainn idirnaisc a chur in áirithe lena leithdháileadh go laethúil nó san aon lá amháin. Beidh struchtúr um leithdháileadh den sórt sin faoi réir athbhreithniú ag na húdaráis rialúcháin iomchuí. Le linn a dtograí a bheith á ndréachtú acu, cuirfidh na OCTanna na nithe seo san áireamh:

(a)

tréithe na margaí,

(b)

na coinníollacha oibríochtúla, amhail na himpleachtaí a bheadh ag comhardú na sceideal a dearbhaíodh go daingean,

(c)

leibhéal comhchuibhithe na gcéatadán agus na bhfrámaí ama a ghlacfar do na meicníochtaí éagsúla leithdháilte acmhainne atá ann.

2.7.

Ní fhéadfar, leis an leithdháileadh acmhainne, idirdhealú a dhéanamh idir rannpháirtithe sa mhargadh ar mian leo a gcearta a úsáid chun conarthaí déthaobhacha soláthair a úsáid nó chun tairiscintí a dhéanamh ar mhalartuithe fuinnimh. Glacfar na tairiscintí is airde luach, bíodh siad intuigthe nó follasach, in aon fráma ama ar leith.

2.8.

I réigiúin ina bhfuil margaí leictreachais réamh-airgeadais dea-fhorbartha a bhfuil a n-éifeachtúlacht léirithe acu, féadfar an acmhainn idirnaisc uile a leithdháileadh trí cheantanna intuigthe.

2.9.

Seachas i gcás idirnascairí nua a thairbheoidh de dhíolúine faoi Airteagal 7 den Rialachán seo, ní cheadófar praghsanna cúltaca a bhunú i modhanna leithdháilte acmhainne.

2.10.

I bprionsabal, ceadófar do gach rannpháirtí ionchasach sa mhargadh a bheith rannpháirteach gan srian i bpróiseas an leithdháilte. Chun go seachnófar fadhbanna agus chun nach gcuirfear le fadhbanna a bhaineann le húsáid ionchasach cheannasachta aon rannpháirtí sa mhargadh, féadfaidh na húdaráis ábhartha rialúcháin agus/nó iomaíochta srianta a fhorchur i gcoitinne nó ar chuideachta aonair mar gheall ar cheannasacht sa mhargadh, nuair is iomchuí.

2.11.

Déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh an úsáid a bhainfidh siad as an acmhainn a ainmniú go daingean do na OCTanna faoi spriocdháta a bheidh sainithe do gach fráma ama. Socrófar an spriocdháta sin ar dhóigh go mbeidh OCTanna in ann acmhainn nár úsáideadh a ath-shannadh lena hath-leithdháileadh sa chéad fráma ama ábhartha eile — lena n-áirítear seisiúin san aon lá amháin.

2.12.

Déanfar an acmhainn a thrádáil ar bhonn tánaisteach gan bhac, ar choinníoll go gcuirfear an OCT ar an eolas luath go leor roimh ré. I gcás ina ndiúltóidh an OCT d'aon trádáil thánaisteach (idirbheart), ní mór don OCT é sin a chur in iúl go soiléir do na rannpháirtithe sa mhargadh agus é a chur i bhfios don údarás rialúcháin.

2.13.

Na hiarmhairtí airgeadais a bheadh le mainneachtain oibleagáidí a urramú maidir le hacmhainn a leithdháileadh, cuirfear iad i leith iad siúd atá freagrach as an mainneachtain sin. I gcás ina mainneoidh rannpháirtithe sa mhargadh an acmhainn a gheall siad a úsáid a úsáid, nó i gcás acmhainn a cheantáiltear go follasach, go mainneoidh rannpháirtithe trádáil ar bhonn tánaisteach nó acmhainn a thabhairt ar ais in am trátha, caillfidh siad na cearta don acmhainn sin agus íocfaidh siad muirear costas-léiritheach. Aon mhuirir chostas-léiritheacha i leith neamhúsáide acmhainne, beidh údar maith leo agus beidh siad comhréireach. Ar an gcuma chéanna, mura gcomhlíonann OCT a chuid oibleagáidí, dlífidh sé cúiteamh a thabhairt don rannpháirtí sa mhargadh as cailliúint a cheart acmhainne. Ní chuirfear aon chaillteanais iarmhartacha san áireamh chuige sin. Na heochair-choincheapa agus na modhanna chun na dliteanais a chinneadh a fhabhróidh mar thoradh ar mhainneachtain oibleagáidí a urramú, leagfar amach iad roimh ré i leith na n-iarmhairtí airgeadais, agus beidh siad faoi réir a n-athbhreithnithe ag an údarás rialúcháin náisiúnta ábhartha nó ag na húdaráis rialúcháin náisiúnta ábhartha.

3.   Comhordú

3.1.

Na OCTanna lena mbaineann, déanfaidh siad leithdháileadh acmhainne ag idirnascaire a chomhordú agus a chur chun feidhme trí na nósanna imeachta coiteanna leithdháilte. I gcásanna ina mbeifí ag súil go ndéanfadh malartuithe idir dhá thír (OCTanna) difear suntasach do na coinníollacha maidir le sreabhadh fisiceach in aon tríú tír (OCT), déanfar comhordú ar mhodhanna bainistithe ar phlódú idir na OCTanna go léir a ndearnadh difear dóibh amhlaidh trí nós imeachta comhchoiteann um bainistiú ar phlódú. Áiritheoidh údaráis rialúcháin náisiúnta agus OCTanna nach ndéanfar aon nós imeachta a mbeidh tionchair shuntasacha aige ar sreabha cumhachta leictreacha fisiceacha a tharraingeofar suas go haontaobhach.

3.2.

Déanfar modh comhordaithe coiteann um bainistiú ar phlódú agus nós imeachta leithdháilte acmhainne ar an margadh a chur i bhfeidhm ar a laghad go bliantúil, go míosúil agus lá roimh ré, faoin 1 Eanáir 2007, idir tíortha sna réigiúin seo a leanas:

(a)

Tuaisceart na hEorpa (i.e. an Danmhairg, an tSualainn, an Fhionlainn, an Ghearmáin agus an Pholainn),

(b)

Iarthuaisceart na hEorpa (i.e. Benelux, an Ghearmáin agus an Fhrainc),

(c)

an Iodáil (i.e. an Iodáil, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ostair, an tSlóivéin agus an Ghréig),

(d)

Meánoirthear na hEorpa (i.e. an Ghearmáin, an Pholainn, Poblacht na Seice, an tSlóvaic, an Ungáir, an Ostair agus an tSlóivéin),

(e)

Iarthuaisceart na hEorpa (i.e. Benelux, an Ghearmáin agus an Fhrainc),

(f)

UK, Éire agus an Fhrainc,

(g)

na Stáit Bhaltacha (i.e. an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin).

San idirnasc lena mbeidh tíortha i gceist a mbeidh baint acu le níos mó ná réigiún amháin, féadfaidh an modh um bainistiú ar phlódú a chuirfear i bhfeidhm a bheith éagsúil d'fhonn go mbeadh na modhanna a chuirfear i bhfeidhm ag luí leis na modhanna a chuirtear i bhfeidhm sna réigiúin lena mbaineann na tíortha sin. Sa chás sin, molfaidh na OCTanna lena mbaineann an modh, a bheidh faoi réir athbhreithnithe ag na húdaráis rialúcháin ábhartha.

3.3.

Na réigiúin dá dtagraítear i bpointe 2.8, féadfaidh siad an acmhainn idirnaisc ar fad a leithdháileadh trí leithdháileadh a dhéanamh lá roimh ré.

3.4.

Saineofar nósanna imeachta comhoiriúnacha um bainistiú ar phlódú sna seacht réigiún sin ar fad d'fhonn margadh inmheánach sa leictreachas atá fíor-chomhtháite a fhoirmiú. Ní thiocfaidh córais réigiúnacha neamh-chomhoiriúnacha sa bhealach ar rannpháirtithe sa mhargadh.

3.5.

D'fhonn iomaíocht chothrom agus éifeachtach agus trádáil trasteorann a chothú, áireofar sa chomhordú idir na OCTanna laistigh de na réigiúin a leagtar amach i bpointe 3.2 na céimeanna uile ó ríomh acmhainne agus barrfheabhsú an leithdháilte go hoibriú slán an líonra, céimeanna a mbeadh sannadh soiléir freagrachta ag gabháil leo. Áireofar leis an gcomhordú sin go háirithe:

(a)

samhail choiteann tarchurtha a úsáid a bheadh ag déileáil go héifeachtach le lúbshreabha fisiceacha idirspleácha agus ag féachaint do neamhréireachtaí idir sreabha fisiceacha agus tráchtála,

(b)

an acmhainn a leithdháileadh agus a ainmniú chun déileáil go héifeachtach le lúbshreabha fisiceacha idirspleácha,

(c)

oibleagáidí comhionanna ar shealbhóirí acmhainne i dtaca le faisnéis a chur ar fáil maidir leis an úsáid atá beartaithe acu don acmhainn, i.e. úsáid na hacmhainne (do cheantanna follasacha),

(d)

tráthchláir chomhionanna agus spriocdhátaí comhionanna,

(e)

struchtúr comhionann maidir le hacmhainn a leithdháileadh idir frámaí ama éagsúla (e.g. 1 lá, 3 huaire, 1 seachtain, etc.) agus maidir le bloic acmhainne a dhíoltar (an méid cumhachta i MW, MWh, etc.),

(f)

réim conarthach comhsheasmhach le rannpháirtithe sa mhargadh,

(g)

sreabha a fhíorú d'fhonn na ceanglais slándála do líonraí maidir le pleanáil oibríochtúil agus maidir le hoibríochtaí fíorama a chomhlíonadh,

(h)

cuntasaíocht agus socrú na ngníomhaíochtaí um bainistiú ar phlódú.

3.6.

Áireofar sa chomhordú freisin an malartú faisnéise idir na OCTanna. Beidh nádúr, am agus minicíocht na malartuithe faisnéise ag luí leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach i bpointe 3.5 agus ag luí le feidhmiú na margaí leictreachais. Leis an malartú faisnéise sin, cuirfear, go háirithe, ar chumas na OCTanna an réamhaisnéis is fearr a d'fhéadfaí a chur ar fáil i leith staid an líonra dhomhanda a dhéanamh d'fhonn na sreabha ina líonra agus na hacmhainní idirnaisc a bheidh ar fáil a mheasúnú. Aon OCT a bheidh ag bailiú faisnéise ar son OCTanna eile, tabharfaidh sé ar ais chuig na OCTanna rannpháirteacha na torthaí maidir leis an mbailiú sonraí.

4.   An tráthchlár maidir le hoibríochtaí sa mhargadh

4.1.

Déanfar leithdháileadh na hacmhainne tarchurtha luath go leor roimh ré. Déanfaidh na OCTanna lena mbaineann, roimh gach leithdháileadh, an acmhainn a bheidh le leithdháileadh a fhoilsiú go comhpháirteach, lena gcuirfí san áireamh, i gcás inarb iomchuí, an acmhainn a scaoilfear ó aon chearta daingne tarchurtha agus, i gcás inarb ábhartha, ainmniúcháin chothromaithe ghaolmhara, mar aon le haon tréimhsí ama ina laghdófar an acmhainn nó nach mbeidh sí ar fáil (chun críche cothabhála, mar shampla).

4.2.

Agus lánaird á tabhairt ar shlándáil líonra, déanfar ainmniúchán na gceart tarchurtha luath a dhóthain roimh ré, roimh sheisiúin lá roimh ré na margaí eagraithe ábhartha uile agus roimh fhoilsiú na hacmhainne a bheidh le leithdháileadh faoin meicníocht um leithdháileadh sa lá roimh ré nó san aon lá amháin. Déanfar ainmniúcháin na gceart tarchurtha sa mhalairt treo a chur sa líonra chun úsáid éifeachtach a bhaint as an idirnasc.

4.3.

Déanfar leithdháiltí leanúnacha san aon lá amháin den acmhainn tarchurtha atá ar fáil do lá D ar lá D – 1 agus ar lá D, tar éis na sceidil sonraithe um tháirgeadh don lá roimh ré nó na sceidil iarbhír don lá roimh ré a eisiúint.

4.4.

Agus an oibríocht líonra lá roimh ré á hullmhú acu, déanfaidh na OCTanna faisnéis a mhalartú le OCTanna comharsanacha, lena n-áirítear an toipeolaíocht réamh-mheasta líonra, infhaighteacht agus táirgeadh réamh-mheasta na n-aonad giniúna, agus na lódsreabha chun úsáid an líonra fhoriomláin a bharrfheabhsú trí bhearta oibríochtúla i gcomhlíonadh na rialacha maidir le hoibriú slán an líonra.

5.   Trédhearcacht

5.1.

Foilseoidh na OCTanna na sonraí ábhartha uile maidir le hinfhaighteacht an líonra, rochtain ar an líonra agus úsáid an líonra, lena n-áirítear tuarascáil ar cén áit agus cén fáth arb ann don phlódú, na modhanna a úsáidtear chun an plódú a bhainistiú agus na pleananna chun an plódú a bhainistiú amach anseo.

5.2.

Foilseoidh OCTanna cur síos ginearálta ar an modh um bainistiú ar phlódú a chuirtear i bhfeidhm faoi chúinsí éagsúla chun an acmhainn a bheidh ar fáil don mhargadh a uasmhéadú, agus scéim ghinearálta chun an acmhainn idirnaisc do frámaí ama éagsúla a ríomh, a bheidh bunaithe ar fhíorghnéithe leictreacha agus fisiceacha an líonra. Beidh scéim den sórt sin faoi réir a athbhreithnithe ag údaráis rialúcháin na mBallstát lena mbaineann.

5.3.

Na nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú agus na nósanna imeachta um leithdháileadh acmhainne a bheidh in úsáid, mar aon leis na hamanna agus na nósanna imeachta iarratais ar acmhainn, cur síos ar na táirgí a thairgtear agus oibleagáidí agus cearta na OCTanna agus an pháirtí a gheobhaidh an acmhainn araon, lena n-áirítear na dliteanais a fhabhróidh mar thoradh ar mhainneachtain oibleagáidí a urramú, déanfaidh OCTanna cur síos mionsonraithe orthu agus cuirfidh siad ar fáil ar bhealach trédhearcach iad d'úsáideoirí ionchasacha uile an líonra.

5.4.

Beidh na caighdeáin oibríochtúla agus na caighdeáin um pleanáil mar dhlúthchuid den fhaisnéis a fhoilseoidh na OCTanna i ndoiciméad oscailte agus poiblí. Beidh an doiciméad sin freisin faoi réir a athbhreithnithe ag na húdaráis rialúcháin náisiúnta.

5.5.

Foilseoidh na OCTanna an fhaisnéis ábhartha uile maidir le trádáil trasteorann ar bhonn na réamhaisnéise is fearr a d'fhéadfaí a chur ar fáil. D'fhonn an oibleagáid sin a chomhlíonadh, cuirfidh na rannpháirtithe lena mbaineann sa mhargadh na sonraí ábhartha ar fáil do na OCTanna. Beidh an bealach ina ndéanfar an t-eolas sin a fhoilsiú faoi réir a athbhreithnithe ag na húdaráis rialúcháin. Foilseoidh OCTanna ar a laghad:

(a)

go bliantúil: faisnéis ar éabhlóid fhadtéarmach an bhonneagair tharchurtha agus ar a thionchar ar an acmhainn tarchurtha trasteorann;

(b)

go míosúil: réamhaisnéisí a bheadh mí roimh ré agus bliain roimh ré maidir leis an acmhainn tarchurtha a bheidh ar fáil don mhargadh, agus an fhaisnéis uile a bheidh ar fáil don OCT tráth a ndéanfaí an ríomh réamhaisnéise (e.g. tionchar shéasúir an tsamhraidh agus an gheimhridh maidir le hacmhainn na línte, cothabháil ar an líonra, infhaighteacht na n-aonad um tháirgeadh, etc.);

(c)

go seachtainiúil: réamhaisnéisí a bheadh seachtain roimh ré maidir leis an acmhainn tarchurtha a bheidh ar fáil don mhargadh, lena gcuirfí san áireamh an fhaisnéis uile a bheidh ar fáil don OCT tráth a ríomhfaí an réamhaisnéis, amhail réamhaisnéis na haimsire, na hoibreacha cothabhála a bheadh pleanáilte don líonra, infhaighteacht na n-aonad um tháirgeadh, etc.;

(d)

go laethúil: an acmhainn tarchurtha a bheadh ar fáil don mhargadh lá roimh ré nó san aon lá amháin maidir le gach aonad ama sa mhargadh, lena gcuirfí san áireamh na hainmniúcháin chothromaithe uile lá roimh ré, na sceidil um tháirgeadh lá roimh ré, na réamhaisnéisí ar éileamh agus na hoibreacha cothabhála a bheadh pleanáilte don líonra;

(e)

an acmhainn iomlán a leithdháileadh cheana féin, in aonaid ama an mhargaidh, agus na coinníollacha ábhartha uile lena bhféadfar an acmhainn a úsáid (e.g. praghas díolta ag an gceant, oibleagáidí maidir leis an acmhainn a úsáid, etc.) ionas go ndéanfar aon acmhainn a bheidh fágtha a shainaithint;

(f)

an acmhainn a leithdháileadh, a luaithe is féidir tar éis gach leithdháileadh a dhéanamh, chomh maith le cuntas ar na praghsanna a íocadh;

(g)

an acmhainn iomlán a úsáideadh, in aonaid ama an mhargaidh, díreach i ndiaidh ainmniúcháin;

(h)

a ghaire is féidir don fhíoram: sreabha comhiomlánaithe réadaithe tráchtála agus fisiciúla, in aonaid ama an mhargaidh, lena n-áirítear cur síos ar thionchar aon ghníomhartha ceartaitheacha a dhéanfadh OCTanna (amhail ciorrú) chun fadhbanna a réiteach sa líonra nó sa chóras;

(i)

faisnéis ex ante faoi bhristeacha pleanáilte agus faisnéis ex post don lá roimh ré faoi bhristeacha pleanáilte agus neamhphleanáilte na n-aonad giniúna is mó ná 100 MW.

5.6.

Beidh an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil don mhargadh in am cuí chun gach idirbheart a chabidliú (amhail tráth chaibidliú na gconarthaí soláthair bliantúla do chustaiméirí tionsclaíocha nó an tráth a gcaithfear tairiscintí a chur chuig margaí eagraithe).

5.7.

Foilseoidh an OCT an fhaisnéis ábhartha faoin éileamh a thuartar agus faoin nginiúint de réir na bhfrámaí ama dá dtagraítear i bpointe 5.5 agus i bpointe 5.6. Foilseoidh an OCT freisin an fhaisnéis ábhartha is gá don mhargadh trasteorann umchomhardú.

5.8.

Nuair a dhéanfar na réamhaisnéisí a fhoilsiú, déanfar na luachanna ex post réadaithe don fhaisnéis a tuaradh a fhoilsiú freisin i rith na tréimhse i ndiaidh na tréimhse ama a mbaineann an réamhaisnéis léi nó ar a dhéanaí an lá dár gcionn (L + 1).

5.9.

Déanfar an fhaisnéis go léir a fhoilsíonn na OCTanna a chur ar fáil gan bhacainn i bhfoirm a bheidh inrochtana. Beidh rochtain freisin ar na sonraí go léir trí mheáin leordhóthanacha chaighdeánaithe malartuithe faisnéise, a shaineofar i ndlúthchomhar le rannpháirtithe sa mhargadh. Áireofar leis na sonraí sin faisnéis faoi thréimhsí ama atá thart nach lú ná dhá bhliain iad ionas go mbeidh rochtain ag iontrálaithe nua sa mhargadh ar na sonraí sin.

5.10.

Malartóidh OCTanna, go tráthrialta, tacar sonraí leorchruinne maidir leis an líonra agus maidir le lód na sreibhe chun go bhféadfar lód na sreibhe a ríomh do gach OCT ina limistéar ábhartha. Déanfar an tacar sonraí céanna a chur ar fáil do na húdaráis rialúcháin agus don Choimisiún arna iarraidh sin. Áiritheoidh na húdaráis rialúcháin agus an Coimisiún go láimhseálfaidh siad an tacar sonraí sin go rúnda agus gurb amhlaidh a dhéanfaidh aon chomhairleoir a mbeidh obair anailíse á déanamh aige ar a son ar bhonn na sonraí sin.

6.   Úsáid an ioncaim ó phlódú

6.1.

Nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú a bhaineann le fráma ama réamhshonraithe, ní fhéadfar ioncam a ghiniúint leo ach amháin i gcás ina dtarlóidh plódú i dtaca leis an bhfráma ama sin, seachas i gcás idirnascairí nua a thairbhíonn de dhíolúine faoi Airteagal 7 den Rialachán seo. Beidh an nós imeachta chun an t-ioncam sin a leithdháileadh faoi réir a athbhreithnithe ag na húdaráis rialúcháin agus ní dhéanfar leis an nós imeachta um leithdháileadh a shaobhadh i bhfabhar aon pháirtí a iarrfaidh acmhainn nó fuinneamh ná ní díspreagadh a bheidh ann do laghdú an phlódaithe.

6.2.

Beidh na húdaráis rialúcháin náisiúnta trédhearcach maidir le húsáid an ioncaim a thiocfaidh ó leithdháileadh na hacmhainne idirnaisc.

6.3.

Déanfar an t-ioncam ó phlódú a roinnt idir na OCTanna lena mbaineann i gcomhréir leis na critéar a chomhaontóidh na OCTanna lena mbaineann agus a dhéanfaidh na húdaráis rialúcháin ábhartha a athbhreithniú.

6.4.

Déanfaidh na OCTanna an úsáid a bhainfidh siad as aon ioncam a fhéadfaidh siad a fháil ó phlódú a leagan síos go soiléir roimh ré agus déanfaidh siad tuarascáil ar úsáid iarbhír an ioncaim. Fíoróidh na húdaráis rialúcháin go gcomhlíonfaidh úsáid den sórt sin an Rialachán seo agus na treoirlínte seo agus go ndéanfar méid iomlán an ioncaim ó phlódú a thiocfaidh as leithdháileadh na hacmhainne idirnaisc a chaitheamh ar cheann nó níos mó den trí chríoch a leagtar amach in Airteagal 16(6) den Rialachán seo.

6.5.

Déanfaidh na húdaráis rialúcháin, ar bhonn bliantúil agus faoin 31 Iúil gach bliain, tuarascáil a fhoilsiú lena leagfar amach méid an ioncaim a bailíodh i rith na tréimhse 12 mhí suas go dtí an 30 Meitheamh den bhliain chéanna agus an úsáid a baineadh as an ioncam sin, agus fíoróidh siad gur chomhlíon an úsáid sin an Rialachán seo agus na treoirlínte seo agus gur caitheadh méid iomlán an ioncaim ó phlódú ar cheann amháin nó níos mó den trí chríoch a fhorordaítear.

6.6.

Úsáid an ioncaim ó phlódú le haghaidh infheistíochta chun acmhainn idirnaisc a choinneáil mar atá sí nó a mhéadú, déanfar í a shannadh de rogha do thionscnaimh shonracha réamhshainithe, lena rannchuideofar le fuascailt an phlódaithe atá ann cheana agus a fhéadfar freisin a chur chun feidhme laistigh de thréimhse réasúnach, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an nós imeachta um údarú.


(1)  Ciallaíonn slándáil oibríochtúil ‘an córas tarchurtha a choinneáil laistigh de theorainneacha comhaontaithe slándála’.


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 3

Airteagal 13

Airteagal 4

Airteagal 14

Airteagal 5

Airteagal 15

Airteagal 6

Airteagal 16

Airteagal 7

Airteagal 17

Airteagal 8

Airteagal 18

Airteagal 9

Airteagal 19

Airteagal 10

Airteagal 20

Airteagal 11

Airteagal 21

Airteagal 12

Airteagal 22

Airteagal 13

Airteagal 23

Airteagal 14

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 15

Airteagal 26

Iarscríbhinn

Iarscríbhinn I


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

1.

An 19 Meán Fómhair 2007, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtain ar mhalartuithe trasteorann sa leictreachas, bunaithe ar Airteagal 95 den Chonradh, mar aon le pacáiste ina raibh ceithre cinn eile de thograí a bhain le margadh inmheánach an fhuinnimh.

2.

Thug Coiste na Réigiún agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a dtuairimí maidir leis an bpacáiste iomlán an 10 (1) agus an 22 Aibreán 2008 (2) faoi seach.

3.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a Tuairim (3) ar an gcéad léamh an 18 Meitheamh 2008, agus d'fhormheas sí 32 leasú. Níor thíolaic an Coimisiún togra modhnaithe.

4.

An 9 Eanáir 2009, ghlac an Chomhairle a Comhsheasamh i gcomhréir le hAirteagal 251 den Chonradh, i bhfoirm Rialacháin athmhúnlaithe.

II.   CUSPÓIRÍ AN TOGRA

5.

Is cuid den tríú pacáiste maidir le margadh inmheánach an fhuinnimh é an togra, mar aon leis an Treoir maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas, an Rialachán maidir le coinníollacha le haghaidh rochtain ar na líonraí tarchuradóireachta gáis nádúrtha, an Treoir maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha, agus an Rialachán lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh. Tá sé d'aidhm aige rannchuidiú leis an gcuspóir margadh inmheánach a bheadh ag feidhmiú go maith a bhaint amach tríd an méid seo a leanas go háirithe a thabhairt isteach:

forálacha a bhfuil sé d'aidhm acu comhar breise agus comhordú breise a bhunú idir oibreoirí na gcóras tarchuradóireachta, inter alia, trí Líonra Eorpach Oibreoirí na gCóras Tarchuradóireachta don Leictreachas (ENTSO don Leictreachas) a bhunú;

ceanglais fheabhsaithe maidir le trédhearcacht.

III.   ANAILÍS AR AN gCOMHSHEASAMH

6.   Barúlacha Ginearálta

6.1.

Mheas an Chomhairle gurbh éifeachtaí agus gur thrédhearcaí an mhaise di athmhúnlú a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin, gur mhó a bheadh an Rialachán ar comhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003, agus gurbh fhusa é a léamh dá ndéanfaí amhlaidh.Agus an méid sin á dhéanamh aici, áfach, tá an togra leasaitheach ón gCoimisiún á urramú go hiomlán ag an gComhairle mar phrionsabal ginearálta, sa mhéid nár theagmhaigh sí le haon fhoráil eile nár chuid den togra ón gCoimisiún í, murar rud é go raibh gá le hathruithe de bharr na n-athruithe a rinne an Chomhairle ar an togra, nó de bharr na dtagairtí a bhí le hathrú mar go ndearnadh athuimhriú ar na hAirteagail etc. A mhéid a d'fhéad sí, lean an Chomhairle cur chuige an Choimisiúin maidir leis na gcóir cheannann chéanna a chur ar earnáil an leictreachais agus a chuirtear ar earnáil an gháis.

Ghlac an Coimisiún leis na hathruithe ar fad a rinne an Chomhairle ar an togra uaidh.

6.2.

Maidir leis na 32 leasú a ghlac Parlaimint na hEorpa lena n-áirítear leasú amháin ó bhéal, lean an Chomhairle an Coimisiún sa mhéid go ndearna sí an méid seo a leanas:

ghlac sí leis na seacht leasú seo a leanas

go hiomlán: 12;

go páirteach/i bprionsabal: 11, 15, 18, 24, 29 agus 32;

agus

níor ghlac sí na sé leasú seo a leanas: 5, 13, 19, 26, 27 agus 30, ar fhorais a bhain le substaint, le comhréireacht nó le foirm.

6.3.

D'imigh an Chomhairle ón seasamh a bhí ag an gCoimisiúin sa mhéid seo a leanas:

ghlac sí le leasú amháin: 23 (go páirteach)

agus

níor ghlac sí na 18 leasú seo a leanas: 1, 2, 3, 4, 6, 7, 8, 9, 10, 14, 17, 20, 21, 22, 25, 28, 31, agus an leasú ó bhéal.

7.   Barúlacha Sonracha

7.1.

Maidir leis na leasuithe ó PE nuair a d'imigh an Chomhairle ón seasamh a bhí ag an gCoimisiún:

(a)

Ghlac an Chomhairle go páirteach le leasú 23 toisc go measann sí gur cheart go bhféadfaí ioncam ó phlódú a chur san áireamh, ar choinníollacha áirithe agus faoi theorainneacha áirithe, nuair a bheidh taraifí líonra á ríomh.

(b)

Níor ghlac an Chomhairle leis na 18 leasú a liostaítear thuas (pointe 6.3.) ar na forais seo a leanas:

(i)

Níl gá leis na leasuithe ná ní bhaineann breisluach leo toisc go bhfolaítear na saincheisteanna go páirteach/go leordhóthanach le codanna eile den téacs nó toisc gur leor an friotal a mhol an Coimisiún: leasuithe 1, 2, 3, 4; níl gá le leasú 7 ná le leasú 8; folaítear an cheist maidir leis an leasú ó bhéal le hAirt. 8 (8 + 9).

(ii)

Leis an leasú, tugtar isteach téacs nach bhfuil iomchuí maidir le ról na n-údarás rialúcháin, i.a. toisc go socraítear cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás seo sa Treoir maidir le leictreachas: leasú 9; leasú 10 (ina theannta sin, d'aistrigh an Chomhairle an tAirteagal maidir le margaí miondíola chuig an Treoir maidir le leictreachas); leasú 20, 31.

(iii)

Leasú 6, toisc nach faoin gCoimisiún atá sé pleananna oibre a dhréachtú maidir leis an líonra tarchuradóireachta.

(iv)

Le leasú 14 agus le leasú 21, tugtar isteach téacs nach bhfreagraíonn don ról atá á thabhairt ag an gComhairle don Ghníomhaireacht; thairis sin, níl sé iomchuí, ar chúiseanna dlíthiúla, go nglacfadh ná go bhformheasfadh an Ghníomhaireacht cóid líonra ná go nglacfadh sí cinntí a mbeadh raon ginearálta acu.

(v)

Leasú 17 toisc gur cheart do ENTSO dul i mbun na gcomhairliúchán (Airt. 10); le hAirteagal 6, cumhdaítear an comhairliúchán a bheidh le déanamh ag an nGníomhaireacht.

(vi)

Níl leasú 22 iomchuí toisc gur cheart an ró-rialáil a sheachaint.

(vi)

Leasú 25 toisc gur cheart comhthreomhaireacht a choinneáil leis an nós imeachta díolúine dá bhforáiltear do ghás (Airt. 35 den Treoir maidir le gás).

(vii)

Téann leasú 28 thar raon feidhme an Rialacháin agus cuireann sé cúraimí ar Bhallstáit ar cheart gur churaimí OCTanna iad.

7.2.

Maidir leis an togra ón gCoimisiún, thug an Chomhairle isteach modhnuithe áirithe eile (a bhaineann le substaint agus/nó foirm); leagtar amach na príomh-mhodhnuithe thíos.

(a)

Deimhniúchán na nOCTanna

Mheas an Chomhairle gurbh iomchuí an chuid den nós imeachta deimhniúcháin lena leagtar amach ról an Choimisiúin sa nós imeachta seo, a aistriú ón Treoir maidir le leictreachas chuig Airteagal 3 nua den Rialachán seo.

(b)

Cóid líonra a bhunú agus a mhodhnú

Mheas an Chomhairle gurbh iomchuí an nós imeachta maidir le cóid líonra a bhunú (Airt. 6) agus nós imeachta eile — ba ghiorra — maidir le cóid líonra a mhodhnú (Airt. 7) a leagan amach go mion. Ghabh na hAirteagail seo ionad Airt. 2e den togra ón gCoimisiún. Thug an Chomhairle ról soiléir don Ghníomhaireacht agus ba cheart don Ghníomhaireacht treoirlínte réime neamhcheangailteacha a fhorbairt mar bhonn do na cóid líonra a bhunóidh ENTSO, dréachtchóid líonra a athbhreithniú agus modhnuithe atá beartaithe ar na cóid líonra a mheas. Más gá, féadfaidh an Coimisiún na cóid sin a ghlacadh tríd an nós imeachta coiste chun go mbeidh siad ceangailteach (féach freisin aithris 6).

(c)

An Mhonatóireacht a dhéanfadh an Ghníomhaireacht

Thug an Chomhairle isteach dhá mhír ina leagtar amach an ról a bheidh ag an nGníomhaireacht maidir le monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcód líonra ag ENTSO (Airt. 9 (1) (fomhír 2 + fomhír 3)).

(d)

Díolúintí d'idirnascairí nua

Maidir le díolúintí a dheonú d'idirnascairí nua idir Bhallstáit (Airt. 17), mheas an Chomhairle gurbh iomchuí nach mbeadh baint ag an nGníomhaireacht ach leis na cásanna sin ina dteipfeadh ar na húdaráis náisiúnta rialúcháin lena mbaineann teacht ar chomhaontú nó ina dtíolacfaidís iarratas comhpháirteach don Ghníomhaireacht (mír 5). Thairis sin, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit foráil a dhéanamh, dá mba mhian leo é, go nglacfadh comhlacht ábhartha eile de chuid an Bhallstáit an cinneadh foirmiúil maidir leis an díolúine, ar bhonn na tuairime ón rialálaí (mír 6).

(e)

Margaí miondíola

Mheas an Chomhairle gurbh iomchuí go ndéanfaí athdhréachtadh ar an Airteagal maidir le margaí miondíola, agus i.a. an tagairt trasteorann a thógáil amach, agus í a aistriú ón Rialachán (Airt. 7a den togra ón gCoimisiún) go dtí an Treoir maidir le leictreachas (Airteagal 40 nua).

(f)

Pointí eile

Mheas an Chomhairle gurbh iomchuí an téarma ‘plean forbartha líonra’ a úsáid in ionad ‘plean infheistíochta’ agus gurbh iomchuí a shoiléiriú go bhfuil na pleananna seo neamhcheangailteach (Airt. 8(3)(b)).

I gcomhréir leis an bhformáid athmhúnlaithe, thug an Chomhairle isteach Airteagal nua leis an ngníomh reachtach reatha (Airt. 25) a chúlghairm.


(1)  IO C 172, 5.7.2008, lch. 55.

(2)  IO C 211, 19.8.2008, lch. 23.

(3)  Nár foilíodh fós san Iris Oifigiúil.


Top