Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2023/116/12

    Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht 2023/C 116/12

    PUB/2023/396

    IO C 116, 31.3.2023, p. 31–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    31.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 116/31


    Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

    (2023/C 116/12)

    Image 1

    Aghaidh náisiúnta an bhoinn comórtha nua 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an bhFrainc

    Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.

    Tír is eisitheoir: An Fhrainc

    Ábhar an chomórtha: Cluichí Oilimpeacha Pháras 2024

    Tuairisc ar an dearadh: 100 bliain atá imithe thart ó bhí príomhchathair na Fraince ina hóstach ar Chluichí Oilimpeacha Pháras in 1924, agus is i bPáras na Fraince arís a bheidh na Cluichí Samhraidh in 2024. Bliain amháin roimh sheoladh na gCluichí Oilimpeacha, tá Monnaie de Paris ag leanúint den cheiliúradh, agus na laethanta á gcomhaireamh aige go dtí tús na gCluichí, trí aird a tharraingt ar a oidhreacht agus ar oidhreacht Pháras féin. Is imeacht é a bhfuil a lorg le sonrú ar fud an domhain agus a gcuirtear dlús leis de réir a chéile le linn na mblianta díreach roimhe, agus tá roinnt mhaith bonn comórtha 2 euro tiomnaithe do na Cluichí Oilimpeacha cheana féin le blianta beaga anuas.

    Is léiriú é dearadh an bhoinn ar La Semeuse (an Síoladóir), pearsa náisiúnta agus samhail de mhoneolaíocht na Fraince, ag cleachtadh na dornálaíochta, an spórt ar a dtugtaí pugilism sular tháinig dornálaíocht an lae inniu chun cinn, mar chomhartha aitheantais do na Sean-Chluichí Oilimpeacha. Tá a scáthchruth chun tosaigh os comhair Pont-Neuf agus an áit thart timpeall air, a shamhlaítear le ceantar Île de la Cité, atá ina phríomhghné de thírdhreach Pháras. Sa chúlra, léirítear raon lúthchleasaíochta ina bhfuil suaitheantas Pháras 2024 greanta ar thaobh na láimhe deise. Tá an dáta bliana, an lua RF agus na marcanna mionta curtha isteach faoin áirse, ar ráille an droichid agus sa Seine.

    Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

    An líon measta bonn atá le heisiúint: 260 000

    Dáta eisiúna: Mí Eanáir 2023


    (1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

    (2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).


    Top