Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C/2024/02356

Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

PUB/2024/221

IO C, C/2024/2356, 21.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2356/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2356/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2356

21.3.2024

Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(C/2024/2356)

Image 1

Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an mBeilg

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009  (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: An Bheilg

Ábhar an chomórtha: Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Tuairisc ar an dearadh: Ar an dearadh léirítear ealta (fáinleoga), ar siombail í don chaoi a n-oibríonn an tAontas, trí bheith ag gluaiseacht le chéile mar ghrúpa ach an spás a bheith ag gach ball gluaiseacht ina aonair, rud a chruthaíonn aon eintiteas casta, dinimiciúil amháin. Seasann an grúpa don chur le chéile den chuid is mo, dá bhrí sin. Agus fáinleoga ag eitilt, bíonn ceann amháin i gcónaí a bhogann amach chun tosaigh agus a thugann an grúpa in éineacht leis, agus is í an Bheilg a bheidh sa ról sin sa chéad leath de 2024. Is siombail í na 27 n-éan ar líon iomlán na mBallstát freisin. Tá an cód tíre ‘BE’ suite i measc na n-éan, in uachtar ar thaobh na láimhe deise den dearadh. Sa spás folamh sa taobh íochtair, faoin ealta, tá an tuairisc ‘BELGIAN PRESIDENCY OF THE COUNCIL OF THE EU 2024’. Ar thaobh na láimhe clé ar fad tá inisealacha an dearthóra Iris Bruijns. Ós rud é gurb é Mionta Ríoga na hÍsiltíre a bhuailfidh na boinn, tá bachall Mhearcair, marc mionta Utrecht, suite ar thaobh na láimhe clé ar fad freisin, agus máistirmharc mhionta na Beilge, bláth astair os comhair fleasc Erlenmeyer amach, os a chionn. T

Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

An líon measta bonn atá le heisiúint: 2 128 500

Dáta eisiúna: An chéad ráithe de 2024


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2356/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top