This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024CJ0147
Judgment of the Court (Grand Chamber) of 4 June 2026.#V v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid.#Reference for a preliminary ruling – Article 20 TFEU – Citizenship of the Union – Directive 2008/115/EC – Return of illegally staying third-country nationals – Article 5(a) and (b) – Obligation to take account of the best interests of the child and of family life – Article 6(2) – Decision of the competent authority of the host Member State refusing to grant a derived right of residence on its territory to the third-country national, who is the parent of a minor child who is a Union citizen, and ordering that third-country national to go immediately to another Member State – Interference with the exercise by a Union citizen of his or her right of free movement and residence within the territory of the Member States – Child having never resided in a Member State other than that of which he or she is a national – Derived right of residence of the parent, who is a third-country national, in the Member State of which the child is a national and in which that child resides – Right of residence of that parent in another Member State – Article 7 of the Charter of Fundamental Rights of the European Union – Right to respect for private and family life – Article 24(2) and (3) of the Charter of Fundamental Rights – Best interests of the child.#Case C-147/24.
Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2026 Meitheamh 4.
V v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid.
Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 20 CFAE – Saoránacht an Aontais – Treoir 2008/115/CE – Filleadh náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go mídhleathach – Airteagal 5(a) agus (b) – Oibleagáid barr leasa an linbh agus an saol teaghlaigh a chur san áireamh – Airteagal 6(2) – Cinneadh ó údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh lena ndiúltaítear ceart cónaithe díorthaithe ina chríoch a dheonú do náisiúnach tríú tír, ar tuismitheoir linbh mhionaoisigh ar saoránach den Aontas é, agus lena n‑ordaítear dó dul láithreach chuig Ballstát eile – Cur isteach ar an gceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát – Leanbh nach raibh cónaí air riamh i mBallstát seachas an Ballstát ar náisiúnach de é – Ceart cónaithe díorthaithe an tuismitheora ar náisiúnach tríú tír é sa Bhallstát ar saoránach de a leanbh agus ina bhfuil cónaí ar an leanbh – Ceart cónaithe an tuismitheora sin i mBallstát eile – Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – An ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh – Airteagail 24(2) agus (3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Barr leasa an linbh.
Cás C-147/24.
Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2026 Meitheamh 4.
V v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid.
Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 20 CFAE – Saoránacht an Aontais – Treoir 2008/115/CE – Filleadh náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go mídhleathach – Airteagal 5(a) agus (b) – Oibleagáid barr leasa an linbh agus an saol teaghlaigh a chur san áireamh – Airteagal 6(2) – Cinneadh ó údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh lena ndiúltaítear ceart cónaithe díorthaithe ina chríoch a dheonú do náisiúnach tríú tír, ar tuismitheoir linbh mhionaoisigh ar saoránach den Aontas é, agus lena n‑ordaítear dó dul láithreach chuig Ballstát eile – Cur isteach ar an gceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát – Leanbh nach raibh cónaí air riamh i mBallstát seachas an Ballstát ar náisiúnach de é – Ceart cónaithe díorthaithe an tuismitheora ar náisiúnach tríú tír é sa Bhallstát ar saoránach de a leanbh agus ina bhfuil cónaí ar an leanbh – Ceart cónaithe an tuismitheora sin i mBallstát eile – Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – An ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh – Airteagail 24(2) agus (3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Barr leasa an linbh.
Cás C-147/24.
Court reports – general
ECLI identifier: ECLI:EU:C:2026:442
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)
4 Meitheamh 2026 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 20 CFAE – Saoránacht an Aontais – Treoir 2008/115/CE – Filleadh náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go mídhleathach – Airteagal 5(a) agus (b) – Oibleagáid barr leasa an linbh agus an saol teaghlaigh a chur san áireamh – Airteagal 6(2) – Cinneadh ó údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh lena ndiúltaítear ceart cónaithe díorthaithe ina chríoch a dheonú do náisiúnach tríú tír, ar tuismitheoir linbh mhionaoisigh ar saoránach den Aontas é, agus lena n‑ordaítear dó dul láithreach chuig Ballstát eile – Cur isteach ar an gceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát – Leanbh nach raibh cónaí air riamh i mBallstát seachas an Ballstát ar náisiúnach de é – Ceart cónaithe díorthaithe an tuismitheora ar náisiúnach tríú tír é sa Bhallstát ar saoránach de a leanbh agus ina bhfuil cónaí ar an leanbh – Ceart cónaithe an tuismitheora sin i mBallstát eile – Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – An ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh – Airteagail 24(2) agus (3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Barr leasa an linbh)
I gCás C‑147/24 [Safi] ( i ),
IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Rechtbank Den Haag (Cúirt Dúiche na Háige, an Ísiltír), trí chinneadh an 26 Feabhra 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 26 Feabhra 2024, in imeachtaí idir
V
v
Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid,
tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, T. von Danwitz, Leas-Uachtarán, K. Jürimäe, C. Lycourgos, I. Jarukaitis, I. Ziemele, J. Passer, O. Spineanu-Matei agus F. Schalin, Uachtaráin Dlísheomra, E. Regan (Rapóirtéir), N. Piçarra, A. Kumin, N. Jääskinen, B. Smulders agus S. Gervasoni, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: T. Ćapeta,
Cláraitheoir: A. Lamote, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 25 Márta 2025,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
V, ag P. Krämer-Ograjensek agus A. C. M. Nederveen, advocaten, |
|
– |
Rialtas na hÍsiltíre, ag M. K. Bulterman agus J. M. Hoogveld, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Danmhairge, ag M. P. Brøchner Jespersen, D. Elkan, C. A.-S. Maertens agus J. Sandvik Loft, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag N. Cambien, A. Katsimerou agus E. Montaguti, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 4 Meán Fómhair 2025,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú leis an léiriú atá le déanamh ar Airteagal 20 CFAE, mar aon le hAirteagal 5(a) agus (b) agus Airteagal 6(2) de Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO 2008 L 348, lch. 98). |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir V, náisiúnach tríú tír, agus an Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (An Rúnaí Stáit um Dhlí agus Ceart agus Slándáil, an Ísiltír) (‘an Rúnaí Stáit’) maidir le diúltú an Rúnaí Stáit ceart cónaithe díorthaithe a dheonú di san Ísiltír, áit a bhfuil cónaí uirthi lena leanbh mionaoiseach ar náisiúnach den Bhallstát sin é. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
Conradh FAE
|
3 |
Foráiltear mar a leanas in Airteagal 20 CFAE: ‘1. Tionscnaítear leis seo saoránacht den Aontas. Is saoránach den Aontas é gach duine a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit aige. Beidh saoránacht an Aontais ann de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a hionad. 2. Beidh ag saoránaigh an Aontais na cearta dá bhforáiltear sna Conarthaí, agus beidh siad faoi réir na ndualgas dá bhforáiltear iontu. Beidh acu, inter alia:
[...] Feidhmeofar na cearta sin faoi na coinníollacha agus na teorainneacha a shainítear leis na Conarthaí agus leis na bearta arna nglacadh dá mbun.’ |
An Chairt
|
4 |
Seo a leanas foclaíocht Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), dar teideal ‘Meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh’: ‘Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus a shaol nó a saol teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú.’ |
|
5 |
Foráiltear mar a leanas i míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 24 den Chairt, dar teideal ‘Cearta an linbh’: ‘2. I ngach gníomh a bhaineann le leanaí, bíodh sé á ghlacadh ag údaráis phoiblí nó ag institiúidí príobháideacha, ní mór [barr leasa] an linbh a bheith ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh. 3. Beidh ag gach leanbh an ceart chun caidreamh pearsanta agus teagmháil dhíreach a bheith aige nó aici go tráthrialta lena bheirt nó lena beirt thuismitheoirí mura rud é go bhfuil sé sin contrártha le leasanna an linbh.’ |
Treoir 2004/38/CE
|
6 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 7(1) de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO 2004 L 158 lch. 77, agus Ceartúchán IO 2004 L 229 lch. 35), dar teideal ‘Cead fanachta de bhreis is 3 mhí’: ‘Beidh ceart cónaithe ag gach saoránach den Aontas ar chríoch Ballstáit eile ar feadh tréimhse níos faide ná 3 mhí más rud é:
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Treoir 2008/115
|
7 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 5 de Threoir 2008/115 dar teideal ‘Non‑refoulement, barr leasa an linbh, saol teaghlaigh agus staid sláinte: ‘Agus an Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a chur san áireamh:
[...]’’ |
|
8 |
Foráiltear mar a leanas i míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 6 den Treoir sin, dar teideal ‘Cinneadh um fhilleadh’: ‘1. Eiseoidh na Ballstáit cinneadh um fhilleadh d’aon náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a gcríoch, gan dochar do na heisceachtaí dá dtagraítear i míreanna 2 go 5. 2. Ceanglófar ar náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch Bhallstáit agus a bhfuil cead cónaithe bailí nó údarú bailí eile acu lena dtugtar ceart fanachta dóibh, arna eisiúint ag Ballstát eile dul go críoch an Bhallstáit eile sin láithreach. I gcás nach gcomhlíonann an náisiúnach tríú tír lena mbaineann an ceanglas seo, nó i gcás gur gá don náisiúnach tríú tír imeacht láithreach ar chúiseanna a bhaineann leis an mbeartas poiblí nó leis an tslándáil náisiúnta, beidh feidhm ag mír 1.’ |
Dlí na hÍsiltíre
|
9 |
Foráiltear mar a leanas in Airteagal 8 den Vreemdelingenwet (Vreemdelingenwet 2000) (Dlí um eachtrannaigh, 2000), an 23 Samhain 2000 (Stb. 2000, Uimh. 495), sa leagan is infheidhme sna príomhimeachtaí: ‘[...]
[...]’ |
|
10 |
Tá an méid seo go háirithe in Alt B10/2.2 den Vreemdelingencirculaire 2000 (Ciorclán ar Eachtrannaigh 2000), an 2 Márta 2001, (Stcrt. 2001, Uimh. 64) sa leagan is infheidhme sna príomhimeachtaí: ‘[...] Tá cónaí dleathach ar náisiúnach eachtrach de réir bhrí Airteagal 8 initio agus (e) den Dlí maidir le heachtrannaigh 2000 má chomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas go léir:
[...] Soláthraíonn [Immigratie- en Naturalisatiedienst (Oifig Inimirce agus Eadóirseachta, an Ísiltír)] eachtrannach a bhfuil sé ar intinn aige cónaí mar thuismitheoir a thugann aire do mhionaoiseach Ollannach, díreach tar éis an t‑iarratas ar scrúdú faoi dhlí an Aontais a chur isteach, leis an lipéad greamaitheach ar chead cónaithe do náisiúnaigh [an Aontais]) (iarscríbhinn 7h [den Voorschrift Vreemdelingen (Rialachán 2000 um Eachtrannaigh), an 18 Nollaig 2000 (Stcrt. 2001, Uimh 10, “VV”)]) agus léiriú ann go bhfuil an ball teaghlaigh údaraithe chun obair a dhéanamh. Sna cásanna seo a leanas, ní eisítear aon ghreamán ceada cónaithe do lucht cónaithe [an Aontais] (Iarscríbhinn 7h, [VV]), ach eisítear lipéad greamhaitheach um chead cónaithe ginearálta ina ionad sin (Iarscríbhinn 7 g, [VV]): [...] Tá ceart cónaithe ag an eachtrannach i mBallstát eile den [Aontas]; [...]’ |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna le haghaidh réamhrialú
|
11 |
Rugadh an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí, V, i Maracó in 1979 agus tá náisiúntacht Mharacach aici. Ó 1999 go 2014, bhí cónaí uirthi sa Spáinn ar bhonn ceart cónaithe a deonaíodh, faoi dhlí na Spáinne, mar gheall ar a gníomhaíocht eacnamaíoch sa Bhallstát sin. Phós sí i Maracó an 23 Meán Fómhair 2014. Ó pósadh í, tá cónaí uirthi lena céile – a rugadh san Ísiltír in 1975 agus a bhfuil náisiúntacht Mharacach agus de chuid na hÍsiltíre aige – san Ísiltír, cé is moite de roinnt laethanta saoire gearrthéarmacha i Maracó agus sa Spáinn. Iontráladh a bpósadh i gclár sibhialta bhardas na hÍsiltíre ina bhfuil cónaí orthu. D’ainneoin sin, níl cead cónaithe ar chríoch na hÍsiltíre ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí. |
|
12 |
Rugadh mac don lánúin san Ísiltír ar an 6 Eanáir 2015; nach bhfuil aige ach náisiúntacht Ísiltíreach agus is iad an bheirt tuismitheoirí a thugann aire dó. |
|
13 |
Tá deacrachtaí foghraíochta agus urlabhraíochta ag an leanbh seo agus níor labhair sé go dtí 5 bliana d’aois. De bharr na moille sin ina chuid forbartha, tá sé cláraithe in institiúid a chuireann oideachas ar fáil do dhaltaí a bhfuil tacaíocht shonrach de dhíth orthu nach bhfuil an t‑oideachas príomhshrutha in ann a chur ar fáil. Chomh maith leis sin, baineann sé tairbhe as seirbhís iompair atá oiriúnaithe dá thurais idir a áit chónaithe agus an bhunaíocht sin. Go dtí seo, ní raibh cónaí riamh air i mBallstát seachas an Ballstát ar náisiúnach de é. |
|
14 |
Ní fhaigheann céile an iarratasóra sna príomhimeachtaí aon ioncam gairmiúil mar gheall ar a staid sláinte agus, ar an mbonn sin, tá sé díolmhaithe go páirteach ón oibleagáid obair a dhéanamh. Ar an taobh eile, faigheann sé sochair cúnaimh shóisialta. |
|
15 |
An 13 Samhain 2020, rinne an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí iarratas san Ísiltír ar cheart cónaithe díorthaithe faoi Airteagal 20 CFAE chun cónaí lena mac mionaoiseach. Mar thaca leis an iarratas sin, chuir sí isteach doiciméad lena ndeimhnítear go bhfuil ceart cónaithe aici sa Spáinn. |
|
16 |
An 11 Samhain 2021, dhiúltaigh an Rúnaí Stáit don iarratas sin, agus é den tuairim, inter alia, nach bhféadfadh an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí ceart cónaithe a dhíorthú ó Airteagal 20 CFAE ós rud é go bhfuil ceart cónaithe aici sa Spáinn. Ina mheasúnú, scrúdaigh sé ar cheart cead cónaithe a dheonú don iarratasóir sin ar bhonn Airteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950. Chinn sé go raibh saol teaghlaigh ag an iarratasóir, ag a céile agus ag a mac agus go raibh saol príobháideach aici san Ísiltír. Mar sin féin, chinn an chúirt, go bunúsach, go raibh tús áite ag an leas poiblí a bhí á shaothrú ag údaráis na hÍsiltíre thar leasanna pearsanta an iarratasóra, a céile Ísiltíreach agus a mac. Dá bhrí sin, mheas an Rúnaí Stáit, ar an gcéad dul síos, go raibh cothromú na leasanna neamhfhabhrach don iarratasóir sna príomhimeachtaí agus, ar an dara dul síos, go raibh sé d’éifeacht ag diúltú dá hiarratas ar cheart cónaithe san Ísiltír go mbainfí a cónaí dlíthiúil di sa Bhallstát sin. Dá bhrí sin, d’ordaigh sí don iarratasóir sin taisteal láithreach go dtí an Spáinn, ag cur in iúl, mura gcomhlíonfadh sí an t‑ordú sin, go n‑eiseofaí cinneadh um fhilleadh ina coinne. |
|
17 |
Tar éis gur diúltaíodh dá hiarratas ar cheart cónaithe díorthaithe a dheonú san Ísiltír faoi Airteagal 20 CFAE, d’iarr an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí ar údaráis na Spáinne a dheimhniú gur tharscaoil sí a ceart cónaithe i gcríoch an Bhallstáit sin. Tar éis taighde a rinneadh ina leith sin, bhí an Rúnaí Stáit den tuairim go bhfuil ceart cónaithe fós ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí sa Spáinn, ar ceart buanchónaithe é faoi reachtaíocht na Spáinne agus atá bunaithe ar ghníomhaíocht ghairmiúil a fheidhmiú. |
|
18 |
Le cinneadh an 20 Meitheamh 2022, dhearbhaigh an Rúnaí Stáit go raibh an gearán a thaisc an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí i gcoinne an diúltaithe sin gan bhunús go follasach. |
|
19 |
Thug an chúirt sin caingean i gcoinne an chinnidh sin os comhair an rechtbank Den Haag (Cúirt Dúiche na Háige, an Ísiltír), arb í an chúirt a rinne an tarchur í. |
|
20 |
Os comhair na cúirte sin, maíonn an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí go bhfuil ceart cónaithe díorthaithe aici san Ísiltír faoi Airteagal 20 CFAE, ós rud é go bhfuil a mac mionaoiseach ag brath uirthi. Cuireann an Rúnaí Stáit ina choinne gurb ann do cheart den sórt sin, ar an bhforas go bhfuil ceart cónaithe aici sa Spáinn cheana féin. Dar leis, a mhéid a d’fhéadfadh an leanbh mionaoiseach dul in éineacht lena mháthair chuig an mBallstát sin, níl sé d’éifeacht ag an diúltú ceart cónaithe díorthaithe a dheonú di san Ísiltír ar bhonn Airteagal 20 iallach a chur ar an leanbh sin críoch an Aontais ina hiomláine a fhágáil. |
|
21 |
Dá bhrí sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, an féidir diúltú d’iarratas an iarratasóra sna príomhimeachtaí lena n‑iarrtar ceart cónaithe díorthaithe a dheonú san Ísiltír faoi Airteagal 20 CFAE ar an bhforas amháin go bhfuil ceart cónaithe aici i mBallstát eile. I ndáil leis sin, tugann an chúirt sin dá haire, gur fíor go gciallaíonn ceart cónaithe a bheith ann sa Spáinn, i gcás go ndiúltaítear ceart cónaithe díorthaithe san Ísiltír, nach gceanglófaí ar an iarratasóir sna príomhimeachtaí ná ar a leanbh mionaoiseach críoch an Aontais ina hiomláine a fhágáil. Mar sin féin, i bhfianaise an chaidrimh cleithiúnais idir an leanbh sin agus a mháthair, tá sé d’oibleagáid air a cheart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát a fheidhmiú chun dul in éineacht lena mháthair chun na Spáinne. Sna himthosca sin, fiafraíonn an chúirt sin, i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar cheart cónaithe díorthaithe a bheith ag an máthair faoi Airteagal 20 CFAE, an gá scrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar bharr leasa an linbh agus ar an gceart chun saol an teaghlaigh. Cuireann sí in iúl sa chomhthéacs sin nach ndearna an Rúnaí Stáit measúnú ar chaidreamh cleithiúnais a bheith ann idir an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí agus a leanbh mionaoiseach, ná scrúdú ar cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh a saol teaghlaigh leanúint ar aghaidh sa Spáinn. |
|
22 |
Ar an dara dul síos, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur an bhfuil an an raon feidhme céanna ag an oibleagáid, a leagtar síos in Airteagal 5(a) agus (b) de Threoir 2008/115, ar dá réir nach mór do na Ballstáit aird chuí a thabhairt, agus an Treoir sin á cur chun feidhme acu, ar bharr leasa an linbh agus ar shaol an teaghlaigh nuair a ordaíonn Ballstát do náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a chríoch dul láithreach chuig críoch Ballstáit eile, i gcomhréir le hAirteagal 6(2) den Treoir sin, agus nuair a ghlacann Ballstát cinneadh um fhilleadh faoi Airteagal 6(1) den Treoir sin. I gcás gurb iomchuí, fiafraíonn an chúirt sin an bhfuil oibleagáid chomhchosúil ar na Ballstáit nuair a thugtar iarratas os a gcomhair ar cheart cónaithe díorthaithe a dheonú ar bhonn Airteagal 20 CFAE, agus an ceart go n‑urramófaí saol an teaghlaigh, a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt, agus cearta an linbh, a ráthaítear in Airteagal 24(2) agus (3) di, á gcur san áireamh freisin. |
|
23 |
Ba faoi na coinníollacha sin a chuir rechtbank Den Haag (Cúirt Dúiche na Háige) bac ar na príomhimeachtaí agus tharchuir sé na ceisteanna seo a leanas chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú
|
24 |
Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú, de réir chásdlí socair na Cúirte, sa nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, lena bhforáiltear do chomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, gur faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt don chúirt náisiúnta a bheidh úsáideach di agus lena gcuirfear ar a cumas cinneadh a dhéanamh sa díospóid atá roimpi. Chuige sin, is féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais, i gcás gurb iomchuí, foclaíocht eile ar chur ar na ceisteanna a chuirtear faoina bráid. Is faoin gCúirt atá sé, i ndáil leis sin, pointí dhlí an Aontais ar a n‑éilítear léiriú a bhaint as an bhfaisnéis go léir a chuir an chúirt náisiúnta ar fáil, go háirithe as forais an ordaithe tarchuir, i bhfianaise ábhar na díospóide (breithiúnais an 29 Samhain 1978, Redmond, 83/78, EU:C:1978:214, mír 26, agus an 2 Nollaig 2025, Russmedia Digital agus Inform Media Press, C‑492/23, EU:C:2025:935, mír 44). |
|
25 |
Sa chás seo, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur maidir le léiriú Airteagal 20 CFAE agus Airteagal 5(a) agus (b) agus Airteagal 6(2) de Threoir 2008/115 araon. Mínítear a cuid ceisteanna a bhaineann leis an Treoir sin ar an mbonn gur chinn an Rúnaí Stáit – tar éis don chúirt diúltú d’iarratas an iarratasóra sna príomhimeachtaí ar cheart cónaithe díorthaithe a dheonú faoi Airteagal 20 CFAE chun cónaí san Ísiltír lena mac mionaoiseach, ar náisiúnach Ísiltíreach é – go raibh a fanacht ar chríoch na hÍsiltíre neamhdhleathach agus d’ordaigh di, faoi Airteagal 6(2) CFAE, dul láithreach chun na Spáinne. |
|
26 |
Is léir ón bhforáil dheireanach sin nach mór cead a thabhairt do náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch Ballstáit ach a bhfuil ceart cónaithe aige i mBallstát eile dul chuig an mBallstát deireanach sin seachas cinneadh um fhilleadh a ghlacadh ina leith láithreach, ach amháin má cheanglaítear amhlaidh leis an mbeartas poiblí nó leis an tslándáil náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Eanáir 2018, E, C‑240/17, EU:C:2018:8, mír 46, agus an 24 Feabhra 2021, M agus páirtithe eile (Aistriú chuig Ballstát), C‑673/19, EU:C:2021:127, mír 35). |
|
27 |
Sa chomhthéacs sin, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur maidir le hábharthacht Airteagal 5(a) agus (b) de Threoir 2008/115, chun an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach, faoina dtabharfaidh na Ballstáit, agus an Treoir sin á cur chun feidhme acu, aird chuí ar bharr leasa an linbh agus ar shaol an teaghlaigh. |
|
28 |
É sin ráite, is léir ó léamh foriomlán na hiarrata ar réamhrialú, cé go luann an chúirt a rinne an tarchur go sainráite an oibleagáid a eascraíonn as Airteagal 5(a) agus (b) de Threoir 2008/115, go bhféachann sí, ar deireadh, le soiléiriú a fháil i dtaobh an mbaintear ceart cónaithe díorthaithe den iarratasóir sna príomhimeachtaí, san Ísiltír, faoi Airteagal 20 CFAE ar an bhforas amháin go bhfuil ceart cónaithe aici cheana féin sa Spáinn. Ina theannta sin, féachann an chúirt sin lena fháil amach, i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar iarratas an iarratasóra sin ar cheart cónaithe díorthaithe den sórt sin a dheonú, an gceanglaítear ar an Rúnaí Stáit, ar an gcéad dul síos, a fhíorú an bhféadfaidh saol an teaghlaigh atá ag an leanbh mionaoiseach, saoránach den Aontas, lena bheirt thuismitheoirí leanúint ar aghaidh sa Spáinn agus, ar an dara dul síos, barr leasa an linbh sin a chur san áireamh. |
|
29 |
Is cásdlí socair é nach mbaineann na caighdeáin choiteanna agus na nósanna imeachta coiteanna a bhunaítear leis an Treoir sin ach le cinntí um fhilleadh a ghlacadh agus leis na cinntí sin a fhorfheidhmiú, gan rialáil a dhéanamh, áfach, ar an gceist a bhaineann le ceart cónaithe a dheonú do náisiúnaigh tríú tír (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Samhain 2022, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Aistriú – Cannabas teiripeach), C‑69/21, EU:C:2022:913, mír 84 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
30 |
Mar sin féin, mar a thug an chúirt a rinne an tarchur faoi deara freisin, cumhdaítear an ceart go n‑urramófaí saol an teaghlaigh in Airteagal 7 den Chairt, a chaithfear a léamh i gcomhar le hAirteagal 24 di, a bhaineann le cearta an linbh. Go háirithe, leagtar síos i míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 24, faoi seach, an oibleagáid leas an linbh agus ceart gach linbh caidreamh pearsanta agus teagmháil dhíreach a choinneáil ar bhonn rialta leis an mbeirt tuismitheoirí a chur san áireamh, mura rud é go bhfuil sé sin i gcontrárthacht lena leas. |
|
31 |
Sna cúinsí sin, ní mór a mheas, lena dhá ceist, ar cheart iad a scrúdú le chéile, go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 20 CFAE, arna léamh i bhfianaise Airteagal 7 agus Airteagal 24(2) agus (3) den Chairt, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh cinneadh a ghlacadh lena ndiúltaítear ceart cónaithe díorthaithe ar a chríoch a dheonú do náisiúnach tríú tír, do thuismitheoir linbh mhionaoisigh, do shaoránach den Aontas nach raibh cónaí air riamh i mBallstát seachas an Ballstát ar náisiúnach de é, ar an bhforas go bhfuil ceart cónaithe ag an náisiúnach tríú tír sin i mBallstát eile, i gcás nár fhíoraigh an t‑údarás sin roimh ré an bhféadfadh an saol teaghlaigh a bhfuil ag an leanbh sin lena bheirt thuismitheoirí, a bhfuil sé ina gcleithiúnas, leanúint ar aghaidh sa Bhallstát eile sin agus an mbeadh aistriú an linbh sin chuig an mBallstát sin i gcontrárthacht dá leas. |
|
32 |
I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, de réir cásdlí socair, go mbronntar ar gach duine a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit aige le hAirteagal 20 CFAE stádas mar shaoránach den Aontas, arb ionann é agus stádas bunúsach náisiúnaigh na mBallstát (féach, chuige sin, breithiúnais an 20 Meán Fómhair 2001, Grzelczyk, C‑184/99, EU:C:2001:458, mír 31; agus an 29 Aibreán 2025, an Coimisiún v Málta (Saoránacht trí infheistíocht), C‑181/23, EU:C:2025:283, mír 92, agus an 25 Samhain 2025, Wojewoda Mazowiecki, C‑713/23, EU:C:2025:917, mír 40). |
|
33 |
Tugtar le saoránacht an Aontais, inter alia, ceart bunúsach agus aonair do gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na srianta a leagtar síos in CFAE agus faoi réir na mbeart arna nglacadh lena gcur chun feidhme (breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2010, Lassal, C‑162/09, EU:C:2010:592, mír 29; an 13 Meán Fómhair 2016, Rendón Marín, C‑165/14, EU:C:2016:675, mír 70, agus an 22 Meitheamh 2023, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Mionaoiseach de chuid na hÍsiltíre ar Téalannach í an Mháthair), C‑459/20, EU:C:2023:499, mír 21). |
|
34 |
Chinn an Chúirt go gcuirtear cosc le hAirteagal 20 CFAE ar bhearta náisiúnta, lena n‑áirítear cinntí lena ndiúltaítear an ceart cónaithe do bhaill teaghlaigh shaoránach an Aontais, a bhfuil sé d’éifeacht acu fíor-thairbhiú shubstaint na gceart a thugtar de bhua a stádais a bhaint de shaoránaigh an Aontais (breithiúnais an 8 Márta 2011, Ruiz Zambrano, C‑34/09, EU:C:2011:124, mír 42; an 6 Nollaig 2012, O agus páirtithe eile, C‑356/11 agus C‑357/11, EU:C:2012:776, mír 45, agus an 10 Bealtaine 2017, Chavez-Vilchez agus páirtithe eile, C‑133/15, EU:C:2017:354, mír 61). |
|
35 |
Os a choinne sin, ní thugann forálacha an chonartha maidir le saoránacht an Aontais aon cheart uathrialach do náisiúnaigh tríú tír. Go bunúsach, ní cearta de chuid na náisiúnach féin na cearta a thugtar dóibh ach cearta a dhíorthaítear ó na cearta sin atá ag an saoránach den Aontas. Tá cuspóir agus údar cuí na gceart sin bunaithe ar thoimhde gur dócha go ndéanfaidh diúltú a n‑aitheantais dochar do shaoirse gluaiseachta agus cónaithe shaoránach an Aontais ar chríoch an Aontais (féach chuige sin, breithiúnais an 8 Samhain 2012, Iida, C‑40/11, EU:C:2012:691, míreanna 66 go 68; an 10 Bealtaine 2017, Chavez-Vilchez agus páirtithe eile, C‑133/15, EU:C:2017:354, mír 62, mar aon leis an 27 Feabhra 2020, Subdelegación del Gobierno en Ciudad Real (Céile saoránaigh den Aontas), C‑836/18, EU:C:2020:119, mír 38). |
|
36 |
Sa chás seo, tá comhthuiscint ann go bhféadfaidh leanbh mionaoiseach an iarratasóra sna príomhimeachtaí, mar náisiúnach de Bhallstát, brath, lena n‑áirítear i gcoinne an Bhallstáit ar náisiúnach de é, ar na cearta a ghabhann lena stádas mar shaoránach den Aontas, a thugtar dó le hAirteagal 20 CFAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Bealtaine 2017, Chavez-Vilchez agus páirtithe eile, C‑133/15, EU:C:2017:354, mír 60 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
37 |
Ina theannta sin, is léir ón ordú tarchuir go dtugann an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí agus a céile, a bhfuil náisiúntacht na hÍsiltíre aige, cosúil lena leanbh, aire don leanbh sin agus go gcónaíonn siad le chéile mar theaghlach san Ísiltír. Dá bhrí sin, choinnigh sé caidreamh pearsanta agus teagmháil dhíreach lena bheirt thuismitheoirí go leanúnach ó rugadh é. |
|
38 |
Is léir freisin ón ordú sin gur dhiúltaigh an Rúnaí Stáit ceart cónaithe díorthaithe san Ísiltír a dheonú don iarratasóir sna príomhimeachtaí, máthair an linbh sin, ar an bhforas go bhfuil ceart cónaithe aici sa Spáinn, faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin. Dá bhrí sin, d’ordaigh sí don iarratasóir sna príomhimeachtaí taisteal chuig críoch an Bhallstáit sin. Ina theannta sin, bhí sí den tuairim, ós rud é go bhfuil leanbh mionaoiseach, saoránach den Aontas nach raibh cónaí air riamh i mBallstát seachas an Ballstát ar náisiúnach de é, in ann dul in éineacht lena mháthair chun na Spáinne, nach bhfuil sé d’éifeacht ag diúltú ceart cónaithe díorthaithe a dheonú di san Ísiltír faoi Airteagal 20 CFAE go gcuirfí iallach ar an leanbh sin críoch an Aontais Eorpaigh ina hiomláine a fhágáil. |
|
39 |
Cé gur bhraith an chúirt a rinne an tarchur, ina ceisteanna, ar an mbonn go bhfuil ceart cónaithe sa Spáinn ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí, d’áitigh sí os comhair na Cúirte, ina barúlacha i scríbhinn agus ag an éisteacht araon, gur tharscaoil sí an ceart cónaithe sin idir an dá linn agus, dá bhrí sin, nach bhfuil aon cheart cónaithe aici sa Bhallstát sin a thuilleadh. |
|
40 |
I ndeireadh na dála, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a mheas an bhfuil ceart cónaithe fós ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí sa Spáinn. Ach mar sin féin, d’fhonn freagra a thabhairt a bheidh úsáideach don chúirt sin, i ngach cás, chun an díospóid atá os a comhair a réiteach, tabharfaidh an Chúirt aghaidh freisin ar an gcás nach bhfuil aon cheart cónaithe den sórt sin ann. |
Ón toimhde nach bhfuil ceart cónaithe ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí sa Spáinn a thuilleadh
|
41 |
Chuige sin, caithfear a thabhairt chun cuimhne go bhfuil cásanna an‑sonrach ann inarb amhlaidh – d’ainneoin nach bhfuil feidhm ag an dlí tánaisteach maidir le ceart cónaithe náisiúnach tríú tír agus d’ainneoin nár bhain an saoránach den Aontas lena mbaineann úsáid as saoirse gluaiseachta agus cónaithe – go gcaithfear ceart cónaithe a eascraíonn as Airteagal 20 CFAE a dheonú mar sin féin do náisiúnach tríú tír ar ball teaghlaigh an tsaoránaigh sin den Aontas é, ós rud é go mbainfí an bonn d’éifeachtacht shaoránacht an Aontais murach sin dá mba rud é, mar thoradh ar dhiúltú ceada den sórt sin, go mbeadh sé d’oibleagáid ar an saoránach sin, sa chleachtas, críoch an Aontais Eorpaigh ina iomláine a fhágáil, rud a bhainfeadh fíor-thairbhiú shubstaint na gceart a thugtar leis an stádas sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Bealtaine 2017, Chavez-Vilchez agus páirtithe eile, C‑133/15, EU:C:2017:354, mír 63; an 8 Bealtaine 2018, K. A. agus páirtithe eile (Athaontú teaghlaigh sa Bheilg), C‑82/16, EU:C:2018:308, mír 51, mar aon leis an 27 Feabhra 2020, Subdelegación del Gobierno en Ciudad Real (Céile saoránaigh den Aontas), C‑836/18, EU:C:2020:119, mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
42 |
Is saintréith de na cásanna dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, cé go rialaítear iad le rialacha a thagann a priori faoi inniúlacht na mBallstát, eadhon na rialacha sin a bhaineann le ceart iontrála agus cónaithe náisiúnach tríú tír lasmuigh de raon feidhme fhorálacha dhlí tánaisteach an Aontais, lena bhforáiltear, faoi choinníollacha áirithe, do cheart den sórt sin a dheonú, go bhfuil nasc intreach ag na cásanna sin, mar sin féin, le saoirse gluaiseachta agus cónaithe shaoránaigh an Aontais, rud a chuireann cosc ar dhiúltú an chirt iontrála agus cónaithe sin do na náisiúnaigh sin sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an saoránach sin, ionas nach sárófar an tsaoirse sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Bealtaine 2017, Chavez-Vilchez agus páirtithe eile, C‑133/15, EU:C:2017:354, mír 64 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 22 Meitheamh 2023, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid(Mionaoiseach de chuid na hÍsiltíre ar Téalannach í an Mháthair), C‑459/20, EU:C:2023:499, mír 25). |
|
43 |
Mar sin féin, ní fhéadfadh diúltú ceart cónaithe a dheonú do náisiúnach tríú tír amhras a chaitheamh ar éifeachtacht shaoránacht an Aontais ach amháin má tá caidreamh cleithiúnais den sórt sin idir an náisiúnach tríú tír sin agus an saoránach den Aontas ar ball teaghlaigh é, a d’fhágfadh go gcuirfí iallach ar an saoránach den Aontas dul in éineacht leis an náisiúnach tríú tír atá i gceist agus críoch an Aontais ina hiomláine a fhágáil (breithiúnais an 8 Márta 2011, Ruiz Zambrano, C‑34/09, EU:C:2011:124, míreanna 43 go 45; an 10 Bealtaine 2017, Chavez-Vilchez agus páirtithe eile, C‑133/15, EU:C:2017:354, mír 69, agus an 22 Meitheamh 2023, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Mionaoiseach de chuid na hÍsiltíre ar Téalannach í an Mháthair), C‑459/20, EU:C:2023:499, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
44 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach mór imthosca uile an cháis agus, go háirithe, an cheist maidir le coimeád an linbh sin agus an nglacann an tuismitheoir náisiúnta tríú tír freagracht dhlíthiúil, airgeadais nó mhothúchánach as an leanbh sin a chur san áireamh sa mheasúnú ar chaidreamh spleáchais a bheith ann idir an náisiúnach tríú tír lena mbaineann agus a leanbh mionaoiseach, saoránach den Aontas, chun críocha aitheantas a thabhairt, b’fhéidir, do cheart cónaithe díorthaithe faoi Airteagal 20 CFAE. Féadfaidh aois an linbh sin, a fhorbairt fhisiciúil agus mhothúchánach, méid a chaidrimh mhothúchánaigh leis an tuismitheoir ar saoránach den Aontas é agus leis an tuismitheoir ar náisiúnach tríú tír é, agus an riosca go gcruthódh scaradh ón náisiúnach tríú tír sin do chothromaíocht an linbh sin a bheith ina n‑imthosca ábhartha (féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Bealtaine 2017, Chavez-Vilchez agus páirtithe eile, C‑133/15, EU:C:2017:354, míreanna 70 agus 71; an 5 Bealtaine 2022, Subdelegación del Gobierno en Toledo (Cónaí baill teaghlaigh – Acmhainní neamhleora), C‑451/19 agus C‑532/19, EU:C:2022:354, mír 67, mar aon leis an 7 Meán Fómhair 2022, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid(Cineál an chirt cónaithe de bhun Airteagal 20 CFAE), C‑624/20, EU:C:2022:639, míreanna 38 agus 39). |
|
45 |
Dá bhrí sin, chun críocha an mheasúnaithe sin, is toisc ábhartha é go bhfuil an tuismitheoir eile, saoránach den Aontas, in ann agus toilteanach freagracht aonair a ghlacadh as cúram laethúil iarbhír an linbh, ach ní leor ann féin é chun tacú le cinneadh nach bhfuil aon chaidreamh cleithiúnais idir an tuismitheoir náisiúnta tríú tír agus an leanbh sa chaoi go gcuirfí iallach ar an leanbh críoch an Aontais Eorpaigh a fhágáil dá ndiúltófaí ceart cónaithe don náisiúnach tríú tír sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Bealtaine 2017, Chavez-Vilchez agus páirtithe eile, C‑133/15, EU:C:2017:354, mír 71; an 5 Bealtaine 2022, Subdelegación del Gobierno en Toledo (Cónaí baill teaghlaigh – Acmhainní neamhleora), C‑451/19 agus C‑532/19, EU:C:2022:354, mír 67). |
|
46 |
I gcomhthéacs an mheasúnaithe sin, ní mór do na húdaráis inniúla an ceart go n‑urramófaí saol an teaghlaigh a chur san áireamh, mar a leagtar amach in Airteagal 7 den Chairt, arna léamh i gcomhar leis an oibleagáid leas an linbh a chur san áireamh, mar phríomhthosaíocht i ngach gníomh a bhaineann le leanaí, a aithnítear in Airteagal 24(2) den Chairt, agus ceart an linbh sin caidreamh pearsanta agus teagmháil dhíreach a choinneáil ar bhonn rialta lena bheirt thuismitheoirí, a chumhdaítear in Airteagal 24(3) den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Bealtaine 2017, Chavez-Vilchez agus páirtithe eile, C‑133/15, EU:C:2017:354, mír 70; an 5 Bealtaine 2022, Subdelegación del Gobierno en Toledo (Cónaí baill teaghlaigh – Acmhainní neamhleora), C‑451/19 agus C‑532/19, EU:C:2022:354, mír 66). |
|
47 |
I ndáil leis sin, i gcás go bhfuil an saoránach mionaoiseach den Aontas ina chónaí ar bhonn cobhsaí lena thuismitheoirí nó lena tuismitheoirí agus, dá bhrí sin, go gcomhroinneann an bheirt tuismitheoirí sin coimeád an linbh sin agus freagracht dhlíthiúil, mhothúchánach agus airgeadais an linbh sin ar bhonn laethúil, féadfar a thoimhdiú go hinfhrisnéise go bhfuil caidreamh cleithiúnais idir an saoránach mionaoiseach sin den Aontas agus a thuismitheoir nó a tuismitheoir náisiúnta tríú tír, gan beann ar an bhfíoras go bhfuil ceart neamhchoinníollach ag tuismitheoir eile an linbh sin, mar náisiúnach den Bhallstát ina bhfuil an teaghlach sin bunaithe, fanacht ar chríoch an Bhallstáit sin (breithiúnas an 5 Bealtaine 2022, Subdelegación del Gobierno en Toledo (Cónaí baill teaghlaigh) – Acmhainní neamhleora), C‑451/19 agus C‑532/19, EU:C:2022:354, mír 69). |
|
48 |
Sa chás seo, dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, tá caidreamh cleithiúnais idir an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí agus a mac mionaoiseach, saoránach de chuid an Aontais, de réir bhrí an chásdlí a leagtar amach i míreanna 43 go 47 den bhreithiúnas seo. |
|
49 |
Dá bhrí sin, i gcás go gcinntear nach bhfuil ceart cónaithe ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí sa Spáinn a thuilleadh, ní mór teacht ar an gconclúid, i bhfianaise an chaidrimh cleithiúnais sin idir an t-iarratasóir agus a leanbh mionaoiseach, go mbeadh ar shaoránach den Aontas dul in éineacht lena mháthair agus, dá bhrí sin, críoch an Aontais Eorpaigh a fhágáil, arna glacadh ina hiomláine, dá ndiúltófaí ceart cónaithe díorthaithe di san Ísiltír ar bhonn Airteagal 20 CFAE. Mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 41 den bhreithiúnas seo, bheadh sé d’éifeacht ag imeacht den sórt sin ó chríoch an Aontais go mbainfí den leanbh sin fíor-thairbhiú shubstaint na gceart a thugtar de bhua a stádais mar shaoránach den Aontas agus go mbainfí an bonn d’éifeachtacht an stádais sin. I gcás den sórt sin, ba cheart, dá bhrí sin, ceart cónaithe díorthaithe faoi Airteagal 20 CFAE a dheonú dá mháthair. |
Ón toimhde go bhfuil ceart cónaithe ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí sa Spáinn fós
|
50 |
Fiú má shuitear go bhfuil ceart cónaithe fós ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí sa Spáinn, ní féidir leis sin, ann féin, cosc a chur ar an iarratasóir sin ceart cónaithe díorthaithe a bheith aige san Ísiltír faoi Airteagal 20 CFAE. |
|
51 |
Is léir ón ordú tarchuir, i bhfianaise an chaidrimh cleithiúnais idir an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí agus a leanbh mionaoiseach, saoránach de chuid an Aontais, go mbeadh sé d’oibleagáid ar an saoránach sin, i ndáiríre, dul in éineacht lena mháthair chun na Spáinne agus, dá bhrí sin, críoch na hÍsiltíre ar náisiúnach di é a fhágáil, dá ndiúltófaí ceart cónaithe díorthaithe di sa Bhallstát sin ar bhonn Airteagal 20 CFAE. |
|
52 |
Mar a mhíníonn an chúirt a rinne an tarchur, d’fhéadfadh aistriú éigeantach den sórt sin an linbh mhionaoisigh, saoránach den Aontas, chuig an Spáinn cuid dá chearta bunúsacha a shárú, go háirithe an ceart go n‑urramófaí saol an teaghlaigh agus cearta an linbh, a ráthaítear, faoi seach, in Airteagail 7 agus 24(2) agus (3) den Chairt. |
|
53 |
I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, faoi Airteagal 51(1) di, nach ndírítear forálacha na Treorach sin chuig na Ballstáit ach amháin agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu. |
|
54 |
Is amhlaidh atá i gcás amhail an cás dá dtagraítear i mír 51 den bhreithiúnas seo. Faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha agus na dteorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht thánaisteach ábhartha an Aontais, áirítear ar na cearta a eascraíonn as saoránacht an Aontais atá ag gach náisiúnach de Bhallstát, de réir Airteagal 20(2)(a) CFAE, an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát. I gcás go gcuirtear iallach de facto ar shaoránach den Aontas a Bhallstát cónaithe nó a Ballstát cónaithe, ar náisiúnach de é, a fhágáil chun é féin a bhunú i mBallstát eile, is cur isteach ar fheidhmiú an chirt sin go deimhin atá i gceist. |
|
55 |
Dá bhrí sin, is ionann an cinneadh lena ndiúltaítear iarratas ar cheart cónaithe díorthaithe a dheonú faoi Airteagal 20 CFAE i gcás amhail an cás dá dtagraítear i mír 51 den bhreithiúnas seo agus cur chun feidhme dhlí an Aontais, de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt, agus nach féidir leis na húdaráis náisiúnta inniúla, agus cinneadh den sórt sin á ghlacadh acu, neamhaird a thabhairt ar mheasúnú ar chomhlíonadh na gceart bunúsach mar a ráthaítear leis an gCairt sin. |
|
56 |
Ar an gcéad dul síos, maidir leis an gceart go n‑urramófaí saol an teaghlaigh a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt, ní mór an ceart sin a léamh i gcomhar le hAirteagal 24(3) di, ar dá réir atá sé de cheart ag gach leanbh caidreamh pearsanta agus teagmháil dhíreach a choinneáil ar bhonn rialta lena bheirt thuismitheoirí, mura rud é go bhfuil sé sin contrártha dá leasanna. |
|
57 |
Is léir ón bhfaisnéis a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, sa chás seo, go bhfuil an leanbh mionaoiseach, ar saoránach den Aontas é, i gcleithiúnas a thuismitheora ar náisiúnach tríú tír é agus i gcleithiúnas a thuismitheora ar saoránach den Aontas é. Mar sin féin, de réir na faisnéise céanna, dhiúltaigh an Rúnaí Stáit don iarratas ar cheart cónaithe díorthaithe a chuir an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí isteach faoi Airteagal 20 CFAE, gan a fhíorú ar dtús an bhféadfaí leanúint de shaol an teaghlaigh atá ag an leanbh sin leis an mbeirt tuismitheoirí sin san Ísiltír sa Spáinn. |
|
58 |
Go háirithe, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl nár fhíoraigh an Rúnaí Stáit cineál an chirt cónaithe atá ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí sa Spáinn ná aon choinníollacha arna bhforchur ag údaráis na Spáinne ar a céile agus ar a leanbh mionaoiseach, saoránach den Aontas, chun bheith in ann cónaí, más gá, go buan le chéile ar chríoch an Bhallstáit sin. Sa chomhthéacs sin, tugann sí faoi deara gur luaigh an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí nach bhfuil sí i bhfostaíocht shochrach agus nach bhfuil a céile in ann ioncam a fháil, agus mar thoradh air sin nach bhfuil sé cinnte go gcomhlíonann sé na coinníollacha is gá chun leas a bhaint as ceart buanchónaithe sa Spáinn faoi dhlí an Aontais, go háirithe faoi Airteagal 7(1) de Threoir 2004/38. |
|
59 |
Dá bhrí sin, tugann an chúirt sin faoi deara, ós rud é go mbeadh ar an leanbh mionaoiseach, mar gheall ar dhéine an chaidrimh cleithiúnais lena mháthair, í a thionlacan go dtí an Spáinn i gcás go ndiúltaítear ceart cónaithe díorthaithe a dheonú don iarratasóir sna príomhimeachtaí ar bhonn Airteagal 20 CFAE, go bhfuil baol nithiúil ann go ndéanfaí an leanbh sin a scaradh óna athair, a mhéid a d’fhéadfadh sé a bheith dodhéanta an ceart chun cónaí go buan ar chríoch na Spáinne a fháil agus, dá bhrí sin, leanúint den saol teaghlaigh atá á shaothrú faoi láthair san Ísiltír sa chríoch sin. |
|
60 |
Sna himthosca sin, agus faoi réir fíorú atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur ar deireadh, ní mór a mheas go mbainfeadh an cinneadh lena ndiúltaítear ceart cónaithe díorthaithe a dheonú do mháthair an linbh mhionaoisigh, ar saoránach den Aontas é, an bonn d’aontacht an teaghlaigh sa mhéid is go mbainfeadh sé den leanbh sin an deis a bhí aige, ó rugadh é, caidreamh pearsanta agus teagmháil rialta a choinneáil ar bhonn rialta lena bheirt thuismitheoirí, de shárú ar Airteagal 7 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 24(3) di. Dá gcinnfí sárú den sórt sin a bheith ann, chaithfí ceart cónaithe díorthaithe san Ísiltír a dheonú ansin do mháthair an linbh sin faoi Airteagal 20 CFAE. |
|
61 |
Sa dara háit, maidir le hAirteagal 24(2) den Chairt, ar dá réir, i ngach gníomh a bhaineann le leanaí, arna dhéanamh ag údaráis phoiblí nó ag institiúidí príobháideacha, nach mór barr leasa an linbh a bheith ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, dar leis an iarratasóir sna príomhimeachtaí, go mbeadh aistriú éigeantach a linbh chun na Spáinne i gcontrárthacht dá leas. |
|
62 |
I ndáil leis sin, cuireann an chúirt sin in iúl, sa chás seo, nach Spáinnis, ach Ollainnis a labhraíonn an leanbh lena mbaineann, a bhí 10 mbliana d’aois tráth a rinneadh an iarraidh seo ar réamhrialú. Ina theannta sin, ní raibh an leanbh sin ag labhairt go dtí gur shlánaigh sé 5 bliana d’aois agus tá deacrachtaí foghraíochta agus urlabhraíochta aige, rud a fhágann go leanann sé oideachas speisialta san Ísiltír do dhaltaí a bhfuil tacaíocht shonrach de dhíth orthu nach bhfuil an t‑oideachas príomhshrutha in ann a chur ar fáil. |
|
63 |
Faoi réir fíorú atá le déanamh ar deireadh ag an gcúirt a rinne an tarchur, is cosúil go bhfuil imthosca den sórt sin in ann, ar a laghad, a léiriú gur chun leasa an linbh mhionaoisigh lena mbaineann é leanúint de bheith ina chónaí san Ísiltír agus, dá bhrí sin, go mbeadh a aistriú éigeantach, i ndáiríre, chuig an Spáinn i gcontrárthacht leis an leas sin. |
|
64 |
I gcás go suitear gurb amhlaidh atá, ba cheart, dá bhrí sin, ceart cónaithe díorthaithe a dheonú dá mháthair faoi Airteagal 20 CFAE, arna léamh i bhfianaise Airteagal 24(2) den Chairt. |
|
65 |
I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar na ceisteanna a tharchuirtear ná go gcaithfear Airteagal 20 CFAE, arna léamh i bhfianaise Airteagal 7 agus Airteagal 24(2) agus (3) den Chairt, a léiriú mar a leanas:
|
Costais
|
66 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas: |
|
Maidir le hAirteagal 20 CFAE, arna léamh i bhfianaise Airteagal 7 agus Airteagal 24(2) agus (3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, |
|
ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas: |
|
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Ollainnis.
( i ) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.