This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0622
Case T-622/22: Action brought on 6 October 2022 — Van Oosterwijck v Commission
Cás T-622/22: Caingean arna tabhairt an 6 Deireadh Fómhair 2022 – RR v an Coimisiún
Cás T-622/22: Caingean arna tabhairt an 6 Deireadh Fómhair 2022 – RR v an Coimisiún
IO C 441, 21.11.2022, p. 29–30
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
21.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 441/29 |
Caingean arna tabhairt an 6 Deireadh Fómhair 2022 – RR v an Coimisiún
(Cás T-622/22)
(2022/C 441/41)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: RR (ionadaí: F. Moyse, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
cinneadh an 7 Iúil 2022 agus, a mhéid is gá, cinneadh an 15 Nollaig 2021 trínar dhiúltaigh an Coimisiún pinsean marthanóra a dheonú don iarratasóir a chur ar neamhní; |
— |
aitheantas a thabhairt don iarratasóir, dá bhrí sin, mar dhuine atá i dteideal pinsin marthanóra de bhun Airteagail 19 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne; |
— |
a ordú don Choimisiún, i gcás ar bith, na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin, lena n-éilítear pléadáil neamhdhleathachta maidir le hAirteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”) ar an bhforas go bhfuil sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe de réir fhad a caidrimh lena céile. Maíonn an t-iarratasóir, inter alia, nach mór an t-idirdhealú atá le bunú sa chás seo, eadhon go bhfuil an ceanglas a bhaineann le híostréimhse an phósta, sna cásanna a chumhdaítear in Airteagal 20 thuasluaite, i bhfad níos mó ná mar atá i gcásanna a chumhdaítear le hAirteagal 19 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, cé go bhfuil na cásanna sin go léir inchomparáide, a mheas mar idirdhealú treallach nó atá míchuí go follasach i bhfianaise an chuspóra, atá ag an dá fhoráil, atá á shaothrú ag an reachtóir.