EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0622

Cás T-622/22: Caingean arna tabhairt an 6 Deireadh Fómhair 2022 – RR v an Coimisiún

OJ C 441, 21.11.2022, p. 29–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 441/29


Caingean arna tabhairt an 6 Deireadh Fómhair 2022 – RR v an Coimisiún

(Cás T-622/22)

(2022/C 441/41)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: RR (ionadaí: F. Moyse, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh an 7 Iúil 2022 agus, a mhéid is gá, cinneadh an 15 Nollaig 2021 trínar dhiúltaigh an Coimisiún pinsean marthanóra a dheonú don iarratasóir a chur ar neamhní;

aitheantas a thabhairt don iarratasóir, dá bhrí sin, mar dhuine atá i dteideal pinsin marthanóra de bhun Airteagail 19 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne;

a ordú don Choimisiún, i gcás ar bith, na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin, lena n-éilítear pléadáil neamhdhleathachta maidir le hAirteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”) ar an bhforas go bhfuil sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe de réir fhad a caidrimh lena céile. Maíonn an t-iarratasóir, inter alia, nach mór an t-idirdhealú atá le bunú sa chás seo, eadhon go bhfuil an ceanglas a bhaineann le híostréimhse an phósta, sna cásanna a chumhdaítear in Airteagal 20 thuasluaite, i bhfad níos mó ná mar atá i gcásanna a chumhdaítear le hAirteagal 19 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, cé go bhfuil na cásanna sin go léir inchomparáide, a mheas mar idirdhealú treallach nó atá míchuí go follasach i bhfianaise an chuspóra, atá ag an dá fhoráil, atá á shaothrú ag an reachtóir.


Top