This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0090
Case T-90/22: Action brought on 18 February 2022 — Kande Mupompa v Council
Cás T-90/22: Caingean arna tabhairt an 18 Feabhra 2022 – Kande Mupompa v an Chomhairle
Cás T-90/22: Caingean arna tabhairt an 18 Feabhra 2022 – Kande Mupompa v an Chomhairle
IO C 148, 4.4.2022, p. 41–42
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 148, 4.4.2022, p. 34–34
(GA)
4.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 148/34 |
Caingean arna tabhairt an 18 Feabhra 2022 – Kande Mupompa v an Chomhairle
(Cás T-90/22)
(2022/C 148/54)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Alex Kande Mupompa (Kinshasa, Poblacht Dhaonlathach an Chongó) (ionadaithe: T. Bontinck, P. De Wolf, A. Guillerme agus T. Payan, díodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh (CBES) 2021/2181 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 a neamhniú (1), a mhéid a choimeádtar leis an t-iarratasóir faoi Uimh. 7 den iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin; |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2177 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 (2) a neamhniú, a mhéid a choimeádtar leis an t-iarratasóir faoi Uimh. 7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin; |
— |
a ordú don Chomhairle na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena maítear go ndearnadh sárú ar chearta na cosanta. I ndáil leis sin, déanann an t-iarratasóir roinnt gearán maidir le sárú a chearta le linn na nósanna imeachta a raibh mar thoradh orthu gur ghlac an Chomhairle na bearta sriantacha ina choinne agus gur athnuaigh sí iad agus, go háirithe, sárú ar a cheart chun éisteacht a fháil faoi choinníollacha inghlactha. |
2. |
An dara saincheist dlí lena maítear go bhfuil earráid fhollasach measúnaithe déanta ag an gComhairle maidir le rannpháirtíocht an iarratasóra i ngníomhartha ar sáruithe tromchúiseacha iad ar chearta an duine i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. Cáineann an t-iarratasóir comhthéacs an athbhreithnithe roimh an athnuachan chonspóidte ar na bearta sriantacha agus conspóideann sé go bhfuil aon bhaint aige faoi láthair leis na fíorais ar a bhfuil an cinneadh chun é a áireamh ar liosta na ndaoine a chumhdaítear le Cinneadh 2010/788/CBES bunaithe. |
(1) Cinneadh (CBES) 2021/2181 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 75).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2177 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm i dtaca le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 3).