EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TB0053

Cás T-53/22 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 11 Feabhra 2022 – Collard v an Pharlaimint agus ID (Bearta eatramhacha – Dlí institiúideach – Feisire Parlaiminte – Feisire a chur ar fionraí agus a eisiamh óna ghrúpa polaitiúil – Iarratas ar bhac ar fhorghníomhú – Sárú ar cheanglais fhoirmiúla – Do-ghlacthacht)

IO C 148, 4.4.2022, p. 27–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 148, 4.4.2022, p. 21–21 (GA)

4.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 148/21


Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 11 Feabhra 2022 – Collard v an Pharlaimint agus ID

(Cás T-53/22 R)

(Bearta eatramhacha - Dlí institiúideach - Feisire Parlaiminte - Feisire a chur ar fionraí agus a eisiamh óna ghrúpa polaitiúil - Iarratas ar bhac ar fhorghníomhú - Sárú ar cheanglais fhoirmiúla - Do-ghlacthacht)

(2022/C 148/37)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Gilbert Collard (Vauvert, an Fhrainc) (ionadaí: B. Kuchukian, dlíodóir)

Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa, an Grúpa polaitiúil “Féiniúlacht agus Daonlathas” (ID)

Maidir le:

Iarratas bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE lena n-iarrtar bac a chur ar fhorghníomhú chinneadh bhiúró an ghrúpa pholaitiúil “Féiniúlacht agus Daonlathas” (ID) i bParlaimint na hEorpa an 21 Eanáir 2022 lenar cuireadh an t-iarratasóir ar fionraí ón ngrúpa sin agus chinneadh fheisirí ghrúpa pholaitiúil ID an 25 Eanáir 2022 lenar eisíodh é ón ngrúpa sin.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

2)

Forchoimeádtar na costais.


Top