EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TA0046

Cás T-46/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – Esedra v an Pharlaimint (Conradh seirbhíse poiblí – Nós imeachta tairisceana – Bainistiú iomlán ar ionad luath-óige na Parlaiminte sa Bhruiséil – Diúltú do thairiscint an tairgeora – Tairiscint thar a bheith íseal – Comhréireacht tairisceana leis na coinníollacha atá leagtha síos sna sonraíochtaí tairisceana – Oibleagáid cúiseanna a lua – Earráidí follasacha measúnaithe)

IO C 63, 20.2.2023, p. 44–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/44


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – Esedra v an Pharlaimint

(Cás T-46/22) (1)

(Conradh seirbhíse poiblí - Nós imeachta tairisceana - Bainistiú iomlán ar ionad luath-óige na Parlaiminte sa Bhruiséil - Diúltú do thairiscint an tairgeora - Tairiscint thar a bheith íseal - Comhréireacht tairisceana leis na coinníollacha atá leagtha síos sna sonraíochtaí tairisceana - Oibleagáid cúiseanna a lua - Earráidí follasacha measúnaithe)

(2023/C 63/56)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Esedra (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí: M. Vastmans, Dlíodóir)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: M. Pencheva agus M. Kazek, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, de bhun Airteagal 263 CFAE, go ndéanfar an cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2021 dar teideal “Nós imeachta soláthair phoiblí PE PERS 2021 027 – Bainistiú iomlán ar ionad luath-óige Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil, atá suite ar Rue Wayenberg”, lena ndiúltaítear don tairiscint a chuir an t-iarratasóir isteach i gcomhthéacs an éilimh ar thairiscintí agus lena mbronntar an conradh ar thairgeoir eile, a chur ar neamhní, agus, ar an dara dul síos, de bhun Airteagal 268 CFAE, cúiteamh as an damáiste a mhaíonn sé a tharla dó mar gheall ar an gcinneadh sin.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Esedra, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag Parlaimint na hEorpa, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis na himeachtaí le haghaidh bearta idirlinne, a íoc.


(1)  IO C 109, 7.3.2022.


Top