Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TB0624

    Cás T-624/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Meán Fómhair 2022 – Primagran v EUIPO – Primagaz (prımagran) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “prımagran” – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “PRIMA” roimhe seo – Forais choibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mhearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Airteagal 95(1) de Rialachán 2017/1001 – Toirmeasc ar reformatio in pejus – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

    IO C 463, 5.12.2022, p. 46–46 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    5.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 463/46


    Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Meán Fómhair 2022 – Primagran v EUIPO – Primagaz (prımagran)

    (Cás T-624/21) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “prımagran” - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “PRIMA” roimhe seo - Forais choibhneasta le diúltú - Dóchúlacht mhearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Airteagal 95(1) de Rialachán 2017/1001 - Toirmeasc ar reformatio in pejus - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

    (2022/C 463/66)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Primagran sp. z o.o. (Stegna, an Pholainn) (ionadaí: E. Jaroszyńska-Kozłowska, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Palmero Cabezas, J. Crespo Carrillo agus V. Ruzek, Gníomhairí)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Compagnie des gaz de pétrole Primagaz (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: S. Herrburger, Dlíodóir)

    Ábhar

    Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní cinneadh an Cheathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 28 Iúil 2021 (Cás R 2486/2020-4).

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Diúltaítear don chaingean.

    2.

    Ordaítear do Primagran sp. z o.o. a chostais féin a íoc, chomh maith le costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus ag Compagnie des gaz de pétrole Primagaz


    (1)  IO C 481, 29.11.2021.


    Top