This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TB0518
Case T-518/21: Order of the General Court of 15 September 2022 — European Paper Packaging Alliance v Commission (Action for annulment — Environment — Commission Guidelines on single-use plastic products — Directive (EU) 2019/904 — Reduction of the impact of certain plastic products on the environment — Act not open to challenge — Inadmissibility)
Cás T-518/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 15 Meán Fómhair 2022 – European Paper Packaging Alliance v an Coimisiún (Caingean le haghaidh neamhniú – Comhshaol – Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le táirgí plaisteacha aonúsáide – Treoir (AE) 2019/904 – Tionchar táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol a laghdú – Acht nach bhfuil faoi réir achomhairc – Do-ghlacthacht)
Cás T-518/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 15 Meán Fómhair 2022 – European Paper Packaging Alliance v an Coimisiún (Caingean le haghaidh neamhniú – Comhshaol – Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le táirgí plaisteacha aonúsáide – Treoir (AE) 2019/904 – Tionchar táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol a laghdú – Acht nach bhfuil faoi réir achomhairc – Do-ghlacthacht)
IO C 463, 5.12.2022, p. 45–46
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
5.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 463/45 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 15 Meán Fómhair 2022 – European Paper Packaging Alliance v an Coimisiún
(Cás T-518/21) (1)
(Caingean le haghaidh neamhniú - Comhshaol - Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le táirgí plaisteacha aonúsáide - Treoir (AE) 2019/904 - Tionchar táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol a laghdú - Acht nach bhfuil faoi réir achomhairc - Do-ghlacthacht)
(2022/C 463/65)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: European Paper Packaging Alliance (Háig, an Ísiltír) (ionadaithe: F. Di Gianni agus A. Scalini, Dlíodóirí)
Cosantóir(í): Coimisiún Eorpach (ionadaí: L. Haasbeek, i gcáil Gníomhaire)
Maidir le:
Trína chaingean faoi bhun Airteagal 263 CFAE, tá an t-iarratasóir, an Comhaontas Eorpach um Pacáistiú Páipéir, ag iarraidh go ndéanfaí pointí 2.1.2 agus 2.2.1 agus Táblaí 4-2 agus 4-8 de threoirlínte an Choimisiúin maidir le táirgí plaisteacha aonúsáide a chur ar neamhní i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tionchar táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol a laghdú (IO 2021 C 216, lch. 1) (“na treoirlínte a chonspóidtear”).
An chuid oibríochtúil
1. |
Déantar an chaingean a dhíbhe mar chaingean do-ghlactha. |
2. |
Ní gá rialú a dhéanamh ar na hiarratais ar idiragairt a dhéanfaidh Ríocht na hÍsiltíre, Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh. |
3. |
Íocfaidh European Paper Packaging Alliance a chostais féin agus íocfaidh sé na costais a thabhóidh an Coimisiún Eorpach ach amháin na costais a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt. |
4. |
Íocfaidh European Paper Packaging Alliance, an Coimisiún, Ríocht na hÍsiltíre, an Pharlaimint agus an Chomhairle faoi seach a gcostas féin a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt. |