EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0312

Cás T-312/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – SY v an Coimisiún (Seirbhís Shibhialta – Earcaíocht – Fógra comórtais – Comórtas oscailte EPSO/AD/374/19 – Cinneadh gan ainm an iarratasóra a chur ar an liosta ionadaithe don chomórtas – Caingean le haghaidh neamhniú – Leasú ar an bhfógra comórtais tar éis na tástálacha iontrála a reáchtáil go páirteach – Easpa bunús dlí – Ionchais dhlisteanacha – Deimhneacht dhlíthiúil – Force majeure – Cóir chomhionann – Teideal chun socruithe speisialta – Eagraíocht na dtrialacha go cianda – Ráta ard pas na n-iarrthóirí inmheánacha – Caingean a bhaineann le mainneachtain gníomhú)

IO C 63, 20.2.2023, p. 38–39 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/38


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – SY v an Coimisiún

(Cás T-312/21) (1)

(Seirbhís Shibhialta - Earcaíocht - Fógra comórtais - Comórtas oscailte EPSO/AD/374/19 - Cinneadh gan ainm an iarratasóra a chur ar an liosta ionadaithe don chomórtas - Caingean le haghaidh neamhniú - Leasú ar an bhfógra comórtais tar éis na tástálacha iontrála a reáchtáil go páirteach - Easpa bunús dlí - Ionchais dhlisteanacha - Deimhneacht dhlíthiúil - Force majeure - Cóir chomhionann - Teideal chun socruithe speisialta - Eagraíocht na dtrialacha go cianda - Ráta ard pas na n-iarrthóirí inmheánacha - Caingean a bhaineann le mainneachtain gníomhú)

(2023/C 63/47)

Teanga an cháis: an Gearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: SY (ionadaí: T. Walberer, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Hohenecker, T. Lilamand agus D. Milanowska, Gníomhairí)

Maidir le

Trína chaingean faoi Airteagal 270 CFAE agus Airteagal 91 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, iarrann an t-iarratasóir, go bunúsach, go gcuirfear ar neamhní, ar dtús, an t-aguisín a ghabhann leis an bhfógra comórtais oscailte EPSO/AD/374/19 (IO 2020 C 374 A, lch. 3), lenar leasaíodh na rialacha maidir leis na tástálacha sa chomórtas sin mar gheall ar ráig phaindéim COVID-19, an cuireadh ón gCoimisiún Eorpach an 20 Samhain 2020 tástáil a dhéanamh, an liosta ionadaithe arna tharraingt suas ag deireadh an chomórtais sin i réimse dhlí na hiomaíochta, agus na cinntí maidir le hearcú iarrthóirí ar bhonn an liosta ionadaithe sin agus cinneadh athbhreithnithe an bhoird roghnúcháin lena ndearbhaítear an cinneadh gan a ainm a chur ar an liosta. Ar an dara dul síos, mar mhalairt air sin, iarrann sé go sonróidh an Chúirt sa bhreithiúnas a thabharfar na ceanglais shonracha atá le comhlíonadh ag an gCoimisiún chun an t-iarratasóir a thabhairt ar ais chuig an seasamh dlíthiúil ina raibh sé roimh an neamhdhleathacht a rinne an bord roghnúcháin sin, d’fhonn a chur ar a chumas a ainm a chur ar an liosta ionadaithe. Ar an tríú dul síos, iarrann sé go gcinnfidh an Chúirt Ghinearálta gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 265 CFAE, toisc gur theip air cinneadh a eisiúint maidir le gearán riaracháin an iarratasóra an 17 Eanáir 2021.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do SY a chostais féin chomh maith le leath na gcostas arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.

3)

Íocfaidh an Coimisiún leath dá chostais féin.


(1)  IO C 310, 2.8.2021.


Top