This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0656
Case C-656/21: Judgment of the Court (Fifth Chamber) of 22 December 2022 (request for a preliminary ruling from the Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa — CAAD) — Portugal) — IM Gestão de Ativos (IMGA) — Sociedade Gestora de Organismos de Investimento Coletivo SA and Others v Autoridade Tributária e Aduaneira (Reference for a preliminary ruling — Directive 2008/7/EC — Article 5(2)(a) — Indirect taxes on the raising of capital — Stamp duty on services relating to the marketing of shares in undertakings for collective investment in transferable securities)
Cás C-656/21: Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD) – an Phortaingéil) – IM Gestão de Ativos (IMGA) – Sociedade Gestora de Organismos de Investimento Coletivo SA agus páirtithe eile v Autoridade Tributária e Aduaneira (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2008/7/CE – Airteagal 5(2)(a) – Cánacha indíreacha ar chruinniú caipitil – Dleacht stampa ar sheirbhísí margaíochta ar iontaobhais aonad i ngnóthais chomhinfheistíochta in urrúis inaistrithe le caipiteal inathraithe)
Cás C-656/21: Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD) – an Phortaingéil) – IM Gestão de Ativos (IMGA) – Sociedade Gestora de Organismos de Investimento Coletivo SA agus páirtithe eile v Autoridade Tributária e Aduaneira (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2008/7/CE – Airteagal 5(2)(a) – Cánacha indíreacha ar chruinniú caipitil – Dleacht stampa ar sheirbhísí margaíochta ar iontaobhais aonad i ngnóthais chomhinfheistíochta in urrúis inaistrithe le caipiteal inathraithe)
IO C 63, 20.2.2023, p. 8–9
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
20.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 63/8 |
Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD) – an Phortaingéil) – IM Gestão de Ativos (IMGA) – Sociedade Gestora de Organismos de Investimento Coletivo SA agus páirtithe eile v Autoridade Tributária e Aduaneira
(Cás C-656/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2008/7/CE - Airteagal 5(2)(a) - Cánacha indíreacha ar chruinniú caipitil - Dleacht stampa ar sheirbhísí margaíochta ar iontaobhais aonad i ngnóthais chomhinfheistíochta in urrúis inaistrithe le caipiteal inathraithe)
(2023/C 63/10)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: IM Gestão de Ativos (IMGA) – Sociedade Gestora de Organismos de Investimento Coletivo SA, IMGA Rendimento Semestral, IMGA Ações Portugal Cat A, IMGA Ações América Cat A, IMGA Mercados Emergentes, IMGA Eurofinanceiras, IMGA Eurocarteira, IMGA Rendimento Mais, IMGA Investimento PPR, IMGA Alocação Moderada Cat A, IMGA Alocação Dinâmica Cat A, IMGA Global Equities Selection Cat A, IMGA Liquidez Cat A, IMGA Money Market Cat A, IMGA Euro Taxa Variável Cat A, IMGA Dívida Pública Europeia, IMGA Retorno Global Cat A, IMGA Poupança PPR, IMGA Alocação Conservadora Cat A, IMGA Iberia Equities ESG Cat A, IMGA Iberia Fixed Income ESG Cat A, IMGA Alternativo, CA Curto Prazo, IMGA Ações Europa, IMGA Flexível Cat A, CA Monetário, CA Rendimento, Eurobic PPR/OICVM Ciclo Vida 35-44, Eurobic PPR/OICVM Ciclo Vida 45-54, Eurobic PPR/OICVM Ciclo Vida + 55, Eurobic Seleção Top, IMGA European Equities Cat A
Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 5(2)(a) de Threoir 2008/7/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 maidir le cánacha indíreacha ar chruinniú caipitil,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
cuirtear cosc léi ar reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar foráil maidir le dleacht stampa a fhorchur, ar an gcéad dul síos, ar an luach saothair a fhaigheann institiúid airgeadais ó chuideachta bainistíochta ar iontaobhais aonad chun seirbhísí margaíochta a sholáthar chun críocha ranníocaíochtaí caipitil nua chun scaireanna nua-eisithe i gcistí a shuibscríobh agus, ar an dara dul síos, ar na méideanna a fhaigheann an chuideachta bainistíochta sin ó iontaobhais aonad sa mhéid go n-áirítear leis na méideanna sin an luach saothair a d’íoc an chuideachta bainistíochta sin le hinstitiúidí airgeadais i leith na seirbhísí margaíochta sin.