This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0405
Case C-405/21: Judgment of the Court (Tenth Chamber) of 13 October 2022 (request for a preliminary ruling from the Višje sodišče v Mariboru — Slovenia) — FV v NOVA KREDITNA BANKA MARIBOR d.d. (Reference for a preliminary ruling — Consumer protection — Directive 93/13/EEC — Unfair terms in consumer contracts — Article 3(1) and Article 8 — Criteria for assessing the unfairness of a contractual term — Significant imbalance between the parties’ rights and obligations under the contract — Requirement of good faith on the part of the seller or supplier — Possibility of ensuring a higher level of protection than that provided for in the directive)
Cás C-405/21: Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 13 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Višje sodišče v Mariboru — an tSlóivéin) – FV v NOVA KREDITNA BANKA MARIBOR d.d. (Tarchur chun réamhrialú – Cosaint tomhaltóirí – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Airteagal 3(1) agus Airteagal 8 – Critéir mheasúnaithe maidir le nádúr éagórach téarma chonarthaigh – Éagothroime shuntasach a chruthú idir cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe a eascraíonn as an gconradh – Ceanglas de mheon macánta an díoltóra nó an tsoláthróra – An fhéidearthacht leibhéal cosanta níos airde a áirithiú ná an leibhéal dá bhforáiltear sa treoir)

IO C 463, 5.12.2022, p. 11–11
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
5.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 463/11 |
Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 13 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Višje sodišče v Mariboru — an tSlóivéin) – FV v NOVA KREDITNA BANKA MARIBOR d.d.
(Cás C-405/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint tomhaltóirí - Treoir 93/13/CEE - Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra - Airteagal 3(1) agus Airteagal 8 - Critéir mheasúnaithe maidir le nádúr éagórach téarma chonarthaigh - Éagothroime shuntasach a chruthú idir cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe a eascraíonn as an gconradh - Ceanglas de mheon macánta an díoltóra nó an tsoláthróra - An fhéidearthacht leibhéal cosanta níos airde a áirithiú ná an leibhéal dá bhforáiltear sa treoir)
(2022/C 463/13)
Teanga an cháis: an tSlóivéinis
An chúirt a rinne an tarchur
Višje sodišče v Mariboru
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: FV
Cosantóir: NOVA KREDITNA BANKA MARIBOR d.d.
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 3(1) agus Airteagal 8 de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní chuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear nádúr éagórach téarma chonarthaigh a chinneadh i gcás ina gcruthaíonn sé, chun dochair don tomhaltóir, éagothroime shuntasach idir cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe a eascraíonn as an gconradh gan scrúdú a dhéanamh, áfach, i gcás den sórt sin, ar an gceanglas maidir le “meon macánta” de réir bhrí Airteagal 3(1).