EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0383

Cásanna uamtha C-383/21 agus C-384/21: Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d'État – an Bheilg) – Sambre & Biesme SCRL (C-383/21), Commune de Farciennes (C-384/21) v Société wallonne du logement (Tarchur chun réamhrialú – Soláthar poiblí – Treoir 2014/24/AE – Dámhachtain an chonartha phoiblí gan nós imeachta tairisceana – Conarthaí poiblí arna dtabhairt i gcrích idir eintitis ar leis an earnáil phoiblí iad – Airteagal 12(3) – Conarthaí poiblí arna ndámhachtain go hinmheánach – Coincheap “faireachán analógach” – Coinníollacha – Ionadaíocht na n-údarás conarthach rannpháirteach go léir – Airteagal 12(4) – Conradh idir údaráis chonarthacha a shaothraíonn comhchuspóirí ar mhaithe le leas an phobail – Coincheap “comhar” – Coinníollacha – Teip trasuímh laistigh de na teorainneacha ama – Éifeacht dhíreach)

IO C 63, 20.2.2023, p. 5–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/5


Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d'État – an Bheilg) – Sambre & Biesme SCRL (C-383/21), Commune de Farciennes (C-384/21) v Société wallonne du logement

(Cásanna uamtha C-383/21 agus C-384/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Soláthar poiblí - Treoir 2014/24/AE - Dámhachtain an chonartha phoiblí gan nós imeachta tairisceana - Conarthaí poiblí arna dtabhairt i gcrích idir eintitis ar leis an earnáil phoiblí iad - Airteagal 12(3) - Conarthaí poiblí arna ndámhachtain go hinmheánach - Coincheap “faireachán analógach” - Coinníollacha - Ionadaíocht na n-údarás conarthach rannpháirteach go léir - Airteagal 12(4) - Conradh idir údaráis chonarthacha a shaothraíonn comhchuspóirí ar mhaithe le leas an phobail - Coincheap “comhar” - Coinníollacha - Teip trasuímh laistigh de na teorainneacha ama - Éifeacht dhíreach)

(2023/C 63/06)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Conseil d'État

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Sambre & Biesme SCRL (C-383/21), Commune de Farciennes (C-384/21)

Cosantóir: Société wallonne du logement

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 12(3) agus (4) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014, maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE,

ní mór léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin mar seo a leanas:

bíonn éifeachtaí díreacha aici in imeachtaí idir daoine dlítheanacha a rialaítear leis an dlí poiblí maidir le dámhachtain dhíreach conarthaí poiblí, cé gur mhainnigh an Ballstát lena mbaineann an Treoir sin a thrasuí sa dlí náisiúnta laistigh den tréimhse fhorordaithe.

2)

Maidir le fomhír (i) den dara mír d’ Airteagal 12(3) de Threoir 2014/24

ní mór léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin mar seo a leanas:

chun a shuí go ndéanann údarás conarthach, i gcomhpháirt le húdaráis chonarthacha eile, rialú ar an duine dlítheanach conarthach a fheidhmiú cosúil leis an rialú a fheidhmíonn siad ar a gcuid seirbhísí féin, níl an ceanglas a leagtar síos san fhoráil sin, a bhaineann le hionadaíocht a bheith á dhéanamh ar údarás conarthach i gcomhlachtaí cinnteoireachta an duine dhlítheanaigh rialaithe, sásta ar an bhforas amháin go bhfuil suíomh ionadaí údaráis chonarthaigh eile, atá ina chomhalta de bhord stiúrthóirí an chéad údaráis chonarthaigh freisin, ar bhord stiúrthóirí an duine dhlítheanaigh sin.

3)

Maidir le hAirteagal 12(4) de Threoir 2014/24

ní mór léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin mar seo a leanas:

ní bhíonn conradh poiblí lena gcuirtear cúraimí seirbhíse poiblí de chúram ar údarás conarthach, ar cuid iad de chaidreamh comhoibritheach idir údaráis chonarthacha eile eisiata ó raon feidhme na Treorach sin i gcás nach bhféachann an t-údarás conarthach ar cuireadh na cúraimí sin air, trí chúraimí den sórt sin a chur i gcrích, le cuspóirí a roinneann sé leis na húdaráis chonarthacha eile a bhaint amach, ach tá sé teoranta do rannchuidiú le cuspóirí nach bhfuil i gcoiteann acu ach ag na húdaráis chonarthacha eile sin a bhaint amach.


(1)  IO C 357, 6.9.2021


Top