EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0279

Cás C-279/21: Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Østre Landsret – an Danmhairg) – X v Udlændingenævnet (Tarchur chun réamhrialú – an Comhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc – Airteagal 9 – Cinneadh Uimh. 1/80 – Airteagal 10(1) – Airteagal 13 – Forálacha neamhghníomhaíochta – Athaontú teaghlaigh – Reachtaíocht náisiúnta lena dtugtar isteach coinníollacha nua níos sriantaí maidir le hathaontú teaghlaigh le haghaidh céilí náisiúnach na Tuirce a bhfuil cead buanchónaithe acu sa Bhallstát lena mbaineann – Ceanglas a fhorchur ar oibrí Turcach pas a fháil i scrúdú lena bhfianaítear leibhéal áirithe eolais ar theanga oifigiúil an Bhallstáit sin – Réasúnú – Cuspóir lena gcinntear comhtháthú rathúil)

IO C 63, 20.2.2023, p. 2–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/2


Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Østre Landsret – an Danmhairg) – X v Udlændingenævnet

(Cás C-279/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - an Comhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc - Airteagal 9 - Cinneadh Uimh. 1/80 - Airteagal 10(1) - Airteagal 13 - Forálacha neamhghníomhaíochta - Athaontú teaghlaigh - Reachtaíocht náisiúnta lena dtugtar isteach coinníollacha nua níos sriantaí maidir le hathaontú teaghlaigh le haghaidh céilí náisiúnach na Tuirce a bhfuil cead buanchónaithe acu sa Bhallstát lena mbaineann - Ceanglas a fhorchur ar oibrí Turcach pas a fháil i scrúdú lena bhfianaítear leibhéal áirithe eolais ar theanga oifigiúil an Bhallstáit sin - Réasúnú - Cuspóir lena gcinntear comhtháthú rathúil)

(2023/C 63/03)

Teanga an cháis: an Danmhairgis

An chúirt a rinne an tarchur

Østre Landsret

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: X

Cosantóir: Udlændingenævnet

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80 ón gComhairle Comhlachais an 19 Meán Fómhair 1980, maidir le forbairt an chomhlachais idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Tuirc,

ní mór léiriú a dhéanamh mar a leanas:

is ionann reachtaíocht náisiúnta arna thabhairt isteach tar éis teacht i bhfeidhm an chinnidh seo sa Bhallstát lena mbaineann, a chuireann athaontú teaghlaigh idir oibrí Turcach a bhfuil cónaí air go dleathach sa Bhallstát sin agus a chéilí faoi réir an choinníll go n-éireoidh leis an oibrí sin i scrúdú lena bhfianaítear leibhéal áirithe eolais ar theanga oifigiúil an Bhallstáit sin, agus “srian nua” de réir bhrí na forála seo. Ní féidir le cuspóir comhtháthú rathúil an chéile sin a chinntiú údar a thabhairt le srian den sórt sin, ós rud é nach gceadaítear leis an reachtaíocht do na húdaráis inniúla cumas an chéile féin comhtháthú ná fachtóirí, seachas scrúdú den sórt sin a rith, lena bhfianaítear comhtháthú éifeachtach an oibrí sin sa Bhallstát lena mbaineann, agus dá bhrí sin, a chumas chun cabhrú lena chéile comhtháthú sa Bhallstát sin, a chur san áireamh.


(1)  IO C 278, 12.7.2021


Top