Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0018

    Cás C-18/21: Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 15 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof – an Ostair) – Uniqa Versicherungen AG v VU (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta – Rialachán Uimh. 1896/2006 – Airteagal 16(2) – Teorann ama 30 lá inar féidir ráiteas freasúra a thaisceadh in aghaidh an ordaithe íocaíochta Eorpaigh – Airteagal 20 – Nós imeachta athbhreithniúcháin – Airteagal 26 – Cur i bhfeidhm an dlí náisiúnta le haghaidh cúrsaí nós imeachta nach gclúdaítear iad leis an Rialachán seo – Paindéim COVID-19 – Rialachán náisiúnta lena bhforáiltear do chúpla sheachtain mar shos i dteorainn ama do nós imeachta in ábhair shibhialta)

    IO C 418, 31.10.2022, p. 6–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    31.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 418/6


    Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 15 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof – an Ostair) – Uniqa Versicherungen AG v VU

    (Cás C-18/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta - Rialachán Uimh. 1896/2006 - Airteagal 16(2) - Teorann ama 30 lá inar féidir ráiteas freasúra a thaisceadh in aghaidh an ordaithe íocaíochta Eorpaigh - Airteagal 20 - Nós imeachta athbhreithniúcháin - Airteagal 26 - Cur i bhfeidhm an dlí náisiúnta le haghaidh cúrsaí nós imeachta nach gclúdaítear iad leis an Rialachán seo - Paindéim COVID-19 - Rialachán náisiúnta lena bhforáiltear do chúpla sheachtain mar shos i dteorainn ama do nós imeachta in ábhair shibhialta)

    (2022/C 418/07)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Oberster Gerichtshof

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Uniqa Versicherungen AG

    Cosantóir: VU

    An chuid oibríochtúil

    Maidir le hAirteagail 16, 20 agus 26 de Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta, arna leasú le Rialachán (AE) 2015/2421 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:ní chuirtear bac leo ar chur i bhfeidhm rialachán náisiúnta, arna ghlacadh tráth ráig phandéim COVID-19 agus lena cuireadh isteach ar na teoireannacha ama do nósanna imeachta i gcúrsaí sibhialta ar feadh cúig seachtaine nó mar sin de, i leith teorainn ama 30 lá inar féidir leis an gcosantóir ráiteas freasúra a thaisceadh in aghaidh ordaithe íocaíochta Eorpaigh de bhonn Airteagal 16(2) den Rialachán sin.


    (1)  IO C 128, 12.04.2021.


    Top